Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
- Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:
- Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.
An Chéad Léacht (1 Samuél 26:2, 7-9. 12-13, 22-23). Chuir an Tiarna thú isteach i mo láimh, ach ní shínfinn mo lámh amach i d’aghaidh. Fear taghdach, teasaí, ab ea Sól céad rí treabhanna Iosrael, treabhanna an Tuaiscirt. Bhí sé i gcaismirt go minic leis na Filistínigh agus bhí éad air le Dáiví as treabh Iúda an deiscirt a raibh ag éirí níos fearr leis i gcoinne na bhFilistíneach ná é féin, Bhí amhras ar Sól chomh maith go mbainfeadh Dáiví a ríocht de nó dá mhac agus oidhre Iónátán agus bheartaigh sé Dáiví a chur chun báis. Theith Dáiví agus a bhuíon trodairí go dtí na sléibhte Zif in Iúda ar an dtaobh thiar den Mhuir Mharbh. Sceith duine de mhuintir Zif le Sól cá raibh Dáiví, agus tháinig Sól lena bhuíon armtha le Dáiví a ghabháil. Tháinig Dáiví ar an eolas faoi sin agus tháinig sé le Abisai, a nia, mac a dheartháir, cara dilis dó agus páirt aige ina bhuíon troda, tháinig siad trí arm Shól san oíche go campa an rí féin. Le bheith sabhálta bhí Sól i gcroí láir a airm chosanta, agus a shleá, comhartha a chumhachta mar rí, sáite sa talamh aige in aice lena cheann. Bhí Abner, ceannaire arm Shóil, agus na saighdiúirí mór timpeall ar Shól. Bhí an deis anois ag Dáiví a namhaid Sól a mharú, ach bhí sé déanta soiléir cheana aige nach mbeadh sé ciontach lámh a leagan ar an rí, ungthach an Tiarna, D’fhágfadh sé bás an rí faoi Dhia féin, cúinsí nádúrtha nó naimhde an rí. D’iarr Abisai de Dháiví ligint dó Sól a ghreamú den talamh le buille amháin de shleá Shóil féin, ach fuair sé an freagra céanna ó Dháiví. Ina ionad sin thóg Dáiví an tsleá agus an cruiscín uisce agus d’imigh sé leis go háit shábhálta ar bharr chnoic agus ghlaoigh sé ar dhuine de shaighdiúirí an rí teacht agus an tsleá a bhailiú agus a chur in iúl don re faoi mar ar shabháil Dáiví a bheatha.
Taispeáineann an sliocht seo dúinn faoi mar a nocht duine, Dáiví, ón tSeantiomna trócaire dá namhaid, agus tugann seo le fios an fáth gur roghnaíodh an mhír seo de tSeantiomna le dul le léacht an tSoiscéil inniu ina léiríonn Íosa cé chomh riachtanach is atá sé bheith trócaireach faoi mar atá Dia an tAthair grámhar trócaireach.
Salm le Freagra (Salm 102[103]). Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
An Dara Léacht (1 Corantaigh15:45-49). Faoi mar a cuireadh cló an duine thalmhaí orainn, cuirfear cló an duine neamhaí orainn mar an gcéanna. Sa léacht seo tá Pól ag druidim le deireadh a bhfuil le rá aige ar aiséirí na marbh agus aiséirí na colainne sa todhchaí. Tá dhá fhírinne nach mór dó aire a thabhairt dóibh: an corp tadhail sa saol seo a fhaigheann bás (a chuirtear [sa chré, a shíolaítear mar a chuireann sé é), sin an corp nádúrtha agus an corp osnádúrtha, spioradálta ar neamh. Cuireann sé síos ar an fhadhb tamall beag i ndiaidh na léachta seo (véarsa 50): “Is é atá a rá libh, a bhráithre agus a shiúracha, nach féidir do fhuil agus d’fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir rud somhillte an domhillteacht a shealbhú”. Agus pas beag roimh an léacht seo scríobh sé faoin samhail idir adhlacadh (cur i gcré) and choirp agus an aiséirí. Cuirtear (i gcré, síolaítear) i somhillteacht, éireofar i ndomhilteacht; cuirtear in easonóir, éireofar i nglóir; cuirtear i laige, éireofar i neart. Cuirtear ina chorp nádúrtha, éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann tá corp osnádúrtha ann chomh maith. Tá “anam” sa chorp nádúrtha; tá “spiorad”, spiorad Dé b’fhéidir, sa chorp osnádúrtha.
I léacht an lae inniu tugann sé a mhíniú, nó soléieriú, ar sin tríd an chuntas ar mhúnlú an chéad fhir, an chéad Ádhaimh, as chré na talún, le corp so-mharaithe agus Íosa, an Dara Ádhamh, a bhfuil an Spiorad beo aige. Protatíopanna iad de den re nua le Críost. Mar a deir Pól i léacht an lae inniu: “Faoi mar a cuireadh cló an duine thalmhaí orainn, cuirfear cló an duine neamhaí orainn mar an gcéanna”. Ádhamh an clo talmhaí, Íosa an cló eile.
Soiscéal (Lúcás 6:27-38). Bígí sibhse atruach mar atá bhur nAthair atruach. An Domhnach seo caite léadh na Biáide de réir Lúcáis. Díreach ina dhiaidh sin tagann an tSeanmóir de réir Lúcáis, gan í ar an Sliabh mar a bhí ag Matha ach ar thalamh réidh, agus tá tús na Seanmóra sin á léamh san Aifreann inniu. Tá leagan Lúcáis den tSeanmóir gairid. Tosaíonn sé inniu le béim láidir ar ghrá dá naimhide, agus ina dhiaidh sin sliocht faoi gan breithiúnas a thabhairt. Tá sort parabail ag gabháil leis seo, leis an teachtaireacht gan breith a thabhairt a shoiléiriú, a léifear an Domhnach seo chugainn. Ina dhaidh sin tá sliocht ar chrann agus a thorthaí, idir mhaith agus olc. Is siombail den phearsa dhaonna an crann, agus luaitear gurb é croí an duine is foinse den mhaitheas agus den olc. Cuirtear críoch leis an tSeanmóir le rabhadh ó Íosa dá dheiseabail faoina theagasc a chur i ngníomh: “Cad chuige a ghlaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?”, agus le freagra ar sin ag déanamh comparáid le freagra i ngníomh dá bhriathra nó a mhalairt le teach tógtha ar charraig nó ar thalamh gan bonn faoi.
Tugann léacht an lae inniu glaoch ar dóigh ó Íosa dá chuid deisceabail bheith trócaireach, atruach, truachroích as miosúr, grá a thabhairt dá naimhde, bheith go maith dóibh sin a bhfuil fuath acu dóibh, beannacht dóibh siúd a thugann mallacht orthu, guí orthu siúd a thugann droc-íde doibh, iasacht a thabhairt gan súil le rud a fháil ar ais, sa tslí seo le bheith ina chlann don Athair, don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine diomuíocha agus drochdhaoine. Tá modh seo maireachtála le bheith thar mar a bheifi ag dréim leis ó dhaoine eile. An tSeanmóir, mar a thugann Lúcás dúinn í, tugann sí dúinn léargas ar a mhisean féin mar a bhí sé ina aigne ag Íosa, is é sin le rá go mbeadh a dheisceabail dílis dá theagasc agus dá ngairm féin uaidh mar fhinéithe don domhan mór don fhís a bhí aige do chine daonna úr.
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Gairm na Seanmóra do phobal na gcreidmheach; a tionchar sa tsochai shiabhualta agus saolta.
Ní gá mórán a rá faoi theachtaireacht na Seanmóra do Eaglais, do phobal na gcreidmheach san Eaglais, is é sin maireacháil dairíre de réir an tSoiscéil agus spiorad na Seanmóra, mar a mheabhraíonn Comhairle na Vatacáine dúinn.
Is cuid de theachtaireacht na Seanmóra léargas roinnt mhaith de mheon phobail an lae inniu, maithiúnas seachas díoltas, fiú sna priosúin. Rud lárnach dínit an duine aonair.
Ábhar di Mhachnamh é seo go léir, ach ní hí seo an áit a thuilleadh a rá faoi.