Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glór Dé bheo; glór fáidhiúil na hEaglaise; seachain an peaca; aithrí; cuireadh chun faoistíne
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Exodus 3:1-8, 13-15). An Té Atá is é a sheol chugaibh mé. Téacs bunaidh é seo don chaidreamh idir Dhia agus Iosrael mar phobal. Thaispeáin Dia é féin don na Patrairc, a nAithreacha, Abrahám, Íosác agus Iacób mar dhaoine aonair, agus stair teaghlaigh, réamhstair an phobail, a bheadh ansin. Ní raibh aon ainm faoi leith, ainm pearsanta, do Dhia ann. Uaireanta, deireadh glúine níos déanaí “Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib”, nó “Dia na nAithreacha”. Ainm Eabhraise eile do Dhia sa tseanré ná “Seaddai” (nach fios a bhunbhrí), aistrithe sa leagan Gréigise agus Gaeilge mar “Dia na gCumhacht”. Labhraíonn Iacób faoi Dhia a Athar Íosác mar “Eagla (nó: Gaol) Íosác”, agus tugtar “Neach Tréan Iacóib” ar Dhia Iacóib in Genesis 49:24.

            Ansin tar éis Iacóib tagann tréimhse clann Iacóib san Éigipt, agus ba fhada an seal é, ceithre chéad bliain dar le háireamh amháin. Sa tréimhse sin d’fhásadar ó theaghlach go pobal líonmhar, agus bhíodar sa deireadh faoi chruatan. Bhí ar Mhaois teitheadh ón Éigipt go tír Midián, áit ar phós sé iníon le Ietró, sagart Midián. Sa léacht seo inniu beidh Dia ag coimisiniú Maois don saothar atá roimhe. Tá cuntas na gairme a fhaigheann sé ó Dhia cosúil le gairm na bhfáithe, amhail Íseáia agus Irimiá, agus taoisigh amhail Gideón. Is fáidh agus taoiseach é Maois ina dhiaidh. Coinne seo Mhaois le Dia is eispéaras rúndiamhrach, creathnach é, duine daonna i láthair naofacht Dé. Ní féidir cur síos ar láithreacht Dé go litriúil, ach le pictiúirí. Nuair a chuirtear síos ar Dhia ag teacht i slíte sofheicthe i sleachta mar sin chun breithiúnas nó slánú a thabhairt, tugann scoláirí teofanaíocht air. Tagann Maois go Horeb sliabh Dé. An sliabh ina dhéanann Dia foilsiú le hIosrael tugtar Horeb air i bhfoinse amháin sa Bhíobla, Sinai i bhfoinse eile, ar uairibh Sliabh Dé. I measc na bhfeiniméan ina leithéid de theofanaíocht is gnáthach tine, toirneach agus feiniméin nádúir eile. Go minic ní luaitear go díreach Dia, an Tiarna, a bheith i láthair. Ina ionad baintear feidhm as “aingeal an Tiarna”, mar a dhéantar anseo, ach ina dhiaidh sin as “Dia” nó “an Tiarna”. Bhí Dia i láthair sa tor. Bhí naofacht ag baint leis, agus mar a dhéanann Giúdaigh, Muslamaigh agus Búdaígh go fóill, bhain Maois a bhróga de. Ina dhiaidh sin, i véarsaí fágtha ar lár sa léacht seo, deir Dia le Maois go raibh sé lena sheoladh go Fáró rí na hÉigipte lena phobal a scaoileadh saor. Gabhann Maois a leithscéal agus tugann Dia uchtach dó á rá go mbeidh sé leis. Tá sé le hiad a threorú go Tír Tairngire. Cuireann Dia é féin i láthair i dtús báire do Mhaois mar Dhia a n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác agus Dia Iacóib. Do cheist ó Mhaois faoina ainm dílis féin, d’fhreagair Dia: “Is Mé an Té Atá”, nó “An Té Atá”, as Eabhrais. Ehyeh agus yihyeh¸ nó, sa bhfoirm ársa taobh thiar de, Yahweh. Dúirt Dia chomh maith gurbh é Yahweh as sin amach a ainm ar feadh na síoraíochta agus gur mar sin a bheadh a ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. Le meas don ainm naofa sin níor luaigh na Giúdaigh i ghlúine níos déanaí, agus dúradar “an Tiarna” ina áit, agus is mar sin a aistrítear go minic é sna haistriúcháin. Is é Dia An Té Atá le bheith i gcabhair lena mhuintir i gcónaí, á dtreorú chun a leasa.

Salm le Freagra (Salm 102[103]). Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

Dara Léacht (1 Corantaigh 10:1-6, 10-12). Beatha na ndaoine a bhí in éineacht le Maois san fhásach, scríobhadh cuntas uirthi mar rabhadh dúinne. Rabhadh is éirim den léacht seo, rabhadh d’Eaglais Choraint an peaca a sheachaint agus a leas féin a dhéanamh. Is coimhlint laethiúil cleachtadh na beatha Críostaí agus ní mór bheith san airdeall i gcónaí. Is leanúint ar aghaidh an léacht seo ar a raibh á rá ag Pól faoin chathú a sheachaint díreach roimh an téacs seo. An baol ar tharraing sé aird air ansin ná gnáthú na dteampall paganácha agus baol an íoladhartha. Bhí taithí ag muintir Choraint ar na Cluichí Ismiacha a bhíodh ann go rialta i gCoraint. Baineann Pól samplaí as dhá cheann díobh sin, an rás agus dornálaíocht, agus tugann moladh as a thaithí ina bheatha phearsanta: “I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar a bheinn ag bualadh an aeir é. Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé, go mbainfí mo cháilíocht díom, tar éis a bheith ag fógairt do dhaoine eile” (1 Corantaigh 9:26-27). Tá an rabhadh céanna aige do chách ag deireadh na léachta seo: “An té a shíleann go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé”.

            Ní foláir ná go raibh scéal an exodus, an imeacht, ón Éigipt agus an tráth san fhásach ar eolas go maith ag baill na hEaglaise i gCoraint. D’fhéach Pól agus an luatheaglais ar an ghlúin sin mar a “n-aithreacha”, agus i mórán slíte mar eiseamláir don Eaglais, gurbh í exodus nua an tslánaithe trí rúndamhair bhás, aiséirí agus deascabháil Íosa – an exodus faoi stiúir Mhaois, agus na pointí móra a bhain leis, amhail an néal, dul trasna na mara, an bia (mana), an t-uisce. Agus maidir leis an uisce de, luaitear sa Bhíobla míorúilt an uisce níos mó ná uair amhain agus in ionaid éagsúla. As sin d’éirigh traidisiún Giúdach (nach bhfuil sa Bhíobla) gur lean tobar uisce i bfoirm carraige an pobal san fhásach. Is don traidisiún sin a dhéanann Pól tagairt. Ach meabhraíonn an Bíobla chomh maith gur pheacaigh an pobal san fhásach i slíte éagsúla agus gur ghearr Dia pionós orthu dá mbarr. Ba cheacht don Eaglais é sin go léir, don luatheaglais agus do phobal Dé i ngach glúin.

            Is tráthúil an léacht seo do thráth seo an Charghais.

An Soiscéal (Lúcás 13:1-9). Millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh. Ní minic a léimid sna Soiscéil faoi imeachtaí comhaimsire sa Ghailíl nó in Iarúsailéim in aimsir Íosa, ach tá dhá shampla de sin againn i léacht an lae inniu. In ócáid éigin agus Íosa i gcomhrá tháinig daoine á insint dó faoin slad a rinne Pioláit, an gobharnóir Rómhánach, in Iarúsailéim, ar Ghailíligh, agus an tuairim acu, b’fhéidir gur de dheasca a bpeacaí a tharla sin. Bheadh an tuairim ag roinnt mhaith gur lean timpist nó slad mar phionos ó Dhia mar gheall ar pheacaí. Tá fianaise againn gur dhoirt Pioláit, nó saighdiúirí na Róimhe faoi, roinnt mhaith fola in Iarúsailéim, ach níl tagairt don cheann seo i bhfoinsí eile. B’fhéidir go raibh amhras ag Pioláit fúthu gurb réabhlóidithe iad na Gailíligh sin, ach ní dhéanfadh Íosa tagairt do cheist phoilitíochta. A fhreagra ná nach raibh aon nasc idir an slad agus a bpeacai. Níorb mhó de pheacaigh iad ná Gailíligh eile, ar a leanann an nath faoin aithrí, téama ar geal le hÍosa de réir Lúcáis: “Mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna”. Ina dhiaidh sin tugann Íosa sampla dá chuid féin ar an ábhar céanna faoi thimpiste inar maraíodh ochtar déag nuair a thit túr ag linn Siolóam in Iarúsailéim orthu. Níor mhó de fheichiúnaithe (i bhfiacha) ná an chuid eile d’áitritheoirí Iarúsailéim iad, ar a leanann ó Íosa an nath céanna faoi aithrí. (Sa teanga Airimise a labhair Íosa b’íonann “feichiúnaithe” agus “peacaigh”, mar atá san Ár nAthair: “Maith dúinn ár bhfiacha [=peacaí] mar a mhaithimidne dár bhfeichiúnaithe féin”). Go minic sna Soiscéil ionann glaoch chun aithrí agus creidiuint sa Soiscéal, ach anseo dealraíonn sé gur iompú ón bpeaca atá i gceist.

            I ndiaidh na samplai sin thug Íosa parabal faoi fhear a raibh crann fíge i bhfíonghort aige nár thug toradh, agus a dúirt leis an curadóir a bhí ag tabhairt aire dó é ghearradh anuas. Ach mhol an curadóir bliain eile a thabhairt dó agus cúram a dhéanamh de, agus mura dtabharfadh sé toradh ansin é a ghearradh anuas. Sampla é is dócha de fhoighne Dé ag feitheamh le haithrí an pheacaigh, ach foighne theoranta. Ach toisc gur gur íomhánna de Iosrael crann fíge agus fíonghort b’fhéidir go bhfuil tagairt ann don bhaol atá ann d’Iosrael mura dhéanann sé aithrí agus glacadh le hÍosa agus an Soiscéal.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glór Dé beo; glór fáidhiúil na hEaglaise; seachain an peaca; aithrí; cuireadh chun faoistíne.

Is grá agus an trócaire ann féin é Dia, agus na laethanta seo leagtar an bhéim ar thrócaire Dé. Leag Íosa féin an bhéim ar sin chomh maith, rud nach gá a lua de bhrí go bhfuil an bhéim sin chomh tréan. Ach is í an fhírinne féin é Íosa chomh maith agus labhair sé go hoscailte faoi hábhair a bhain le toil Dé a dhéanamh. Bhí guth fáidhiúil aige agus d’fhág sé sin mar oidhreacht ag an Eaglais, a dhéanann é choimeád beo sa liotuirge i rith na bliana, agus i slí faoi leith sa Charghas ag leagan béime ar fhírinní nach gean go minic le pobal an lae inniu aird a thabhairt orthu. Ach is cuma faoi sin. Is é sin cuid de theachtaireacht an fháidh. Nuair a bhí Dia ag seoladh an fháidh Ezicéal chuig Iosrael dúirt sé leis: “Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidis nó ná héistidis; tabharfar le fios dóibh go bhfuil fáidh ina measc” (feic Ezicéal 2:4-7). An Domhnach áirithe seo tá glór Dé beo ag fógairt go láidir trí bhriatha an Scrioptúir ag tabhairt rabhadh an peaca a sheachaint agus aithrí a dhéanamh, agus tá an Eaglais ag glaoch ar Chaitlicigh sacraimint na haithrí, an fhaoistín, a ghnáthú aris, mar a dhéanfaidis tráth le fianaise a thabhairt go gcreideann siad gur ann don pheaca.

            Bíonn agallamh ann idir an Bhíobla agus domhan mór ár lae féin má tugtar aird ar a ndeireann téacs an Bhíobla, guth Dé; má cloistear gan aird dó éisteacht gan agallamh atá atá ann. Ag pobal an Aifrinn seans go n-airdeoidh teacs áirithe an Bhíobla ceisteanna in aigne roinnt dá bhfuil i láthair. Tús agllaimh a bheadh ansin. Feicimis anois díreach ar roinnt de théacsanna na liotúirge ag labhairt linn inniu.

Dia, an Té Atá ag labhairt de shíor. D’fhoilsigh an Tiarna Dia a ainm dílis féin do Mhaois mar “An Té Atá”, an Té a bhí ann i gcónaí, atá an anois agus a bheidh ann go bráth, agus ní mar Neach teibí scartha amach on domhan ach i gcaidreamh, ag caint leis. Tá a ghlór le cloisint acu siúd a bhfuil creideamh acu chuige sin. Ag machnamh ar Iosrael san fhásach agus a gcuid fhaillí ar Dhia dúirt an salmaire níos déaní (Salm 95[94]):7-8): “Á, dá n-éisfeadh sibh inniu lena ghlór: Ná cruaigí bhur gcroí”. Mheabhraigh údar na litreach chuig na hEabhraigh an téacs céanna do Chríostaithe níos déanaí. Bhí glór Dé fós ag caint: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, na cruaigí bhúr gcroí” (Eabhraigh 4:7). Tá an glór céanna le cloisint gach uair a léitear téacs den Scrioptúr i liotúirge na hEaglaise. Tá Íosa ansin ag fógairt an tSoiscéil.

An peaca: An ann dó go fóill? Tá feasacht ar pheaca lárnach do theachtaireacht Íosa agus do theagasc an Tiomna Nua. Le linn a bheatha mhaith Íosa peacaí. Ghlaoigh sé chun aithrí agus spreag peacaigh gan peaca a dhéanamh a thuilleadh. Dhoirt sé a chuid fola chun peacaí a mhaitheamh, agus fógraítear sin i ngach Eocairist. Go minic ní shonraítear cad go beacht an peaca i gceist. Ach ba pheaca gach rud a bhí in éadan theagasc an tSoiscéil, na Biáidí agus an an Seanmóir ar an Sliabh agus a thuilleadh eile. Ní bheadh fáilte ag Iarthar Domhain an lae inniu roimh agallamh faoin bpeaca, agus tá roinnt mhaith Caitliceach, go háirithe den aos óg, nach spéis leo cur síos air. Cúis amháin leis sin, b’fhéidir, ná gurbh ionann peacaí ina dtraidisiún agus peacaí na colainne, peacaí gnéis. Ach is iomaí sin peaca mór agus go háirithe éadrom ann, le smaoineamh, briathar, gníomh agus faillí, mar shampla i gcoinne muintearais, a anam (agus corp) a chailliúint le ró-dhúil san airgead, éirí anairde, uabhar agus a thuilleadh mór fós. Leiríonn Críost naofacht Dé; lonraíonn sé mar sholas agus tugann peaca beag agus mór chun solais, ní chun sinn a dhamnú agus le sinn a shaoradh.

Seachain an peaca agus ócaidí an pheaca. Leag Pól béim ar sin sa dara léacht inniu: “An té a shíleann go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé”. Tá sé tábhachtach bheith feasach ar thrócaire dochreidte Dé, ach is baolach an laige dhaonna a ligean i ndearmad. Mar a mheabhraigh Pól in áit eile: tá seoid luachmar chreideamh Chríost i gcoimeád againn i bprócaí cré, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.

Déanaigí aithrí. Dúirt Íosa sin arís agus arís eile, aithrí a dhéanamh agus iompú ar an soiscéal, agus aithrí agus droim láimhe a thabhairt do pheaca. Leagann an Eaglais béim ar an dteachtaireacht chéanna i rith an Charghais.

Sacraimint na hAithrí, an athmhuintearais, an Fhaoistín, a ghnáthú. Ba mhór mar a ghnáthíodh muintir na hÉireann sacraimint na hAithrí, an Fhaoistín, go háirithe i rith an Charghais. Agus ansin go tobann tháinig deireadh leis, idir óg agus aosta. Na laethanta seo tá an Eaglais ag moladh dá baill filleadh ar dhul ar fhaoistín arís. Is admháil ar bheith ann don pheaca an cleachtadh, peaca idir bheag agus mhór, go bhfuair Íosa bás in éiric ár bpeacaí, agus go neartaíonn na sacramaintí inár gcreideamh sinn.

Don Domhnach seo mar mhalairt léachtaí is féidir léachtaí an Domhnaigh seo ó Bhliain A a roghnú

Triú Domhnach den Charghas (A)

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Eacsadas 17:3-7). Tabhair dúinn uisce le hól. Ina chomhthéacs sa Bhíobla tharla an eachtra seo i Refídím, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fhásach roimh Sliabh Sinai. Ní raibh aon uisce le hól ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. Téama na léachta seo, agus téama i roinnt mhaith áiteanna eile sa Pheintiteoch, ná monabhar, nó casaoid, an phobail san fhásach. Easpa uisce a bhí ag cur as dóibh an babhta seo. Bhí Día le miorúilt a dhéanamh dóibh ag an carraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geallúint dá leithéid de mhiorúilt atá anseo, geallúint de uisce ina shlaoda. Tá seo ag dul le soiscéal an lae inniu ina gheallann Íosa tobar uisce don té a chreideann ann. Tá cur síos ar an eachtra chéanna in Uimhreacha 20:1-13, áit a deirtear go dtáinig an t-uisce amach as an gcarraig ina thuile. As na tagairtí éagsúla do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d’fhás traidisiún in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fhásach le ól a thabhairt dóibh, tradisisún a bhfuil tagairt dó ag Pól (1 Coraintigh 10:4). Samhail de Chríost ab ea an charraig sin. Tugtar dhá ainmneacha samhhailchomharthacha ar an áit a rinneadh an mhiorúilt sin: Massa, “promhadh” san Eabhrais, agus Meribah¸ “iomarbhá”, “casaoid” san Eabhrais.

Salm le Freagra (Sal 94[95]). Á, dá n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: “Ná calcaigí bhur gcroí”.

Dara Léacht (Rómhánaigh 5:1-2, 5-8). Tá ár gcroí lionta de ghrá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Tá teachtaireachtaí doimhne sa léacht seo dúinn. I dtosach báire meabhraítear dúinn an fhírinne bhunúsach gur tríd an gcreideamh in Íosa Críost, agus ní trínár n-oibreacha féin, atáimid fíréanaithe, agus i ngrásta Dé. Tugann an cairdeas sin le Dia bronntanas na síochána dúinn, an tsíocháin a gheall Íosa, síocháin anama nach rud daonna í, ach feidhmiú an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bhí Pól go nimhneach i gcoinne bheith ag maoímh, ag déanamh mórtais, as ghníomhartha daonna mar luach saothair i láthair Dé. Is trí ghrásta Dé, agus ní trí ghníomhartha daonna, a tháinig an slánú. Ach tá ábhar mórála, mórtais, ann ag Críostaithe, agus is é sin an dóchas go bhfuil glóir in ndán dúinn. Tá tús curtha leis an ghlóir sin cheana féin leis an fhíréantacht, le grásta Dé sa bhaisteadh agus sa saol mar Chríostaíthe. Ní rud daonna (dóchúlacht) an dóchas sin. Is deimhin é. Ní chliseann sé orainn, mar is bronntanas ó Dhia é, suáilce dhiaga a thugann cinnteacht. Tá an dóchas agus agus an chinnteacht sin nasctha le grá Dé agus grá Íosa dúinn, a taispeáineadh trí bhás Chríost do pheacaigh.

An Soiscéal (Eoin 4:5-42). Tobar uisce ag brúchtaíl chun na beatha síoraí. Léacht fhada atá anseo, a bhfuil téamaí éagsúla inti. Lár-théamaí ann ná an tSamáireach mná, tobar agus uisce. Sa tráth sin bhí naimhdeas domhain idir na Giúdaigh agus na Samáirigh, ar fhéach na Giúdaigh orthu mar eiricigh, nárb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is dócha. Bhí naimhdeas ann idir ríocht an tuaiscirt (an tSamáire i slí) agus ríocht Iúda. Nuair a dibhríodh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chríost tugadh pagánaigh isteach agus pobal meascaithe a bhí ann ina dhiaidh sin. Ach d’fhéach an Samáirigh orthu féin mar chuid de chlann an phatrairc Iácób agus bhíodar ag feitheamh le meisias de shaghas éigin. Bhí tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisiún siúd leis an uasalathair Iácób. Tá eachtra na léachta seo ag feidhmiú ar dhá leibhéal – cúrsaí an tsaoil seo thíos agus saol, réaltacht, eile gur samhail dó na cúrsaí sin. Uisce an tobair sin, is samhail é den uisce a thabharfaidh Íosa dá lucht leanúna, bronntanas an Spioraid ag treorú chun na beatha síoraí. Tugann adhradh na Samáireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nGíudach sa Teampall, deis lena mheabhrú nach mbeidh áit ag ceachtar acu i ré nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fhírinne. Tugann ocras Íosa deis dó an t-ocras agus an cíocras a bhí air an obair a thug an tAthair dó a chur i gcrích, le síolchur agus fomhar.

  1. C.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.

Sna saolta seo is coitianta amhras i gcúrsaí creidimh – amhras faoi phointí de theagasc morálta, faoi fhírinní an chreidimh, fiú féin faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fhealsúnacht áirithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairmíocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athraíonn ó aois go haois.

            Déanann aoráid dá leithéid deacrachtaí do chleachtadh an chreidimh. Tá a leithéid de amhras glan in éadan teagasc an chreidimh ar na fírinní bunúsacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, fós le teacht. Tá an cur síos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dtéacs nach éasca ar fad a aistriú: “Is é is creideamh ann ná bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear”. Tá dhá théarma thábhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith cinnte.

                           Ní deimhneacht nó cinnteacht shiceolaíoch, a bhfuil a préamha san aigne dhaonna, atá i gceist anseo, ach suáilce dhiaga an dóchais, bronntanas ó Dhia, a thugann cinnteacht atá thar achmainn an nádúir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht í a bhfuil síocháin ag ghabháil lei, an tsíocháin sin a bhronnann Íosa ar na creidmhigh agus nach féidir le haoinne í a thógaint uathu.

Recommended Articles