Triú Domhnach den Charghas (A) 23 Márta 2014

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Eacsadas 17:3-7). Tabhair dúinn uisce le hól.

Ina chomhthéacs sa Bhíobla tharla an eachtra seo i Refídím, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fhásach roimh Sliabh Sinai. Ní raibh aon uisce le hól ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. Téama na léachta seo, agus téama i roinnt mhaith áiteanna eile sa Pheintiteoch, ná monabhar, nó casaoid, an phobail san fhásach. Easpa uisce a bhí ag cur as dóibh an babhta seo. Bhí Día le miorúilt a dhéanamh dóibh ag an carraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geallúint dá leithéid de mhiorúilt atá anseo, geallúint de uisce ina shlaoda. Tá seo ag dul le soiscéal an lae inniu ina gheallann Íosa tobar uisce don té a chreideann ann. Tá cur síos ar an eachtra chéanna in Uimhreacha 20:1-13, áit a deirtear go dtáinig an t-uisce amach as an gcarraig ina thuile. As na tagairtí éagsúla do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d’fhás traidisiún in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fhásach le ól a thabhairt dóibh, tradisisún a bhfuil tagairt dó ag Pól (1 Coraintigh 10:4). Samhail de Chríost ab ea an charraig sin. Tugtar dhá ainmneacha samhhailchomharthacha ar an áit a rinneadh an mhiorúilt sin: Massa, “promhadh” san Eabhrais, agus Meribah¸ “iomarbhá”, casaoid san Eabhrais.

Salm le Freagra (Sal 94[95]). Á, dá n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: “Ná calcaigí bhur gcroí”.

Dara Léacht (Rómhánaigh 5:1-2, 5-8). Tá ár gcroí lionta de ghrá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.

Tá teachtaireachtaí doimhne sa léacht seo dúinn. I dtosach báire meabhraíotar dúinn an fhírinne bhunúsach gur trín gcreideamh in Íosa Críost, agus ní trínár n-oibreacha féin, atáimid fíréanaithe, agus i ngrásta Dé. Tugann an cairdeas sin le Dia brontannas na síochána dúinn, an tsíocháin a gheall Íosa, síocháin anama nach rud daonna í, ach feidhmiú an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bhí Pól go nimhneach i gcoinne bheith ag maoímh, ag déanamh mórtais, as ghníomhartha daonna mar luach saothair i láthair Dé. Is trí ghrásta Dé, agus ní trí ghníomhartha daonna, a tháinig an slánú. Ach tá ábhar mórála, mórtais, ann ag Críostaíthe, agus is é sin an dóchas go bhfuil glóir in ndán dúinn. Tá tús curtha leis an ghlóir sin cheana féin leis an fhíréantacht, le grásta Dé sa bhaisteadh agus sa saol mar Chríostaíthe. Ní rud daonna (dóchúlacht) an dóchas sin. Is deimhin é. Ní chliseann sé orainn, mar is brontannas ó Dhia é, suáilce dhiaga a thugann cinnteacht. Tá an dóchas agus agus an chinnteacht sin nascaithe le grá Dé agus grá Íosa dúinn, a thaispeaineadh trí bhás Chríost do pheacaigh.

An Soiscéal (Eoin 4:5-42). Tobar uisce ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.

Léacht fhada atá anseo, a bhfuil téamaí éagsúla inti. Lár-théamaí ann ná an tSamáireach mná, tobar agus uisce. Sa tráth sin bhí naimhdeas domhain idir na Giúdaigh agus na Samáirigh, ar fhéach na Giúdaigh orthu mar eiricigh, nárb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is dócha. Bhí naimhdeas ann idir ríocht an tuaiscirt (an tSamáire i slí) agus ríocht Iúda. Nuair a dibhríodh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chríost tugadh pagánaigh isteach agus pobal meascaithe a bhí ann ina dhiaidh sin. Ach d’fhéach an Samáirigh orthu féin mar chuid de chlann an phaitriairc Iácób agus bhíodar ag feitheamh le meisias de shaghas éigin. Bhí tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisiún siúd leis an uasalathair Iácób. Tá eachtra na léachta seo ag feidhmiú ar dhá leibhéal – cúrsaí an tsaoil seo thíos agus saol, réaltacht, eile gur samhail dó na cúrsaí sin. Uisce an tobair sin, is samhail é den uisce a thabharfaidh Íosa dá lucht leanúna, brontannas an Spioraid ag treorú chun na beatha síoraí. Tugann adhradh na Samáireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nGíudach sa Teampall, deis lena mheabhrú nach mbeidh áit ag ceachtar acu i ré nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fhírinne. Tugann ocras Íosa deis dó an t-ocras agus an cíocras a bhí air an obair a thug an tAthair dó a chur i gcrích, le síolchur agus fomhar.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.

Sna saolta seo is coitianta amhras i gcúrsaí creidimh – amhras faoi phointí de theagasc morálta, faoi fhírinní an chreidimh, fiú féin faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fhealsúnacht áirithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairmíocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athraíonn ó aois go haois.

Déanann aoráid dá leithéid deacrachtaí do chleachtadh an chreidimh. Tá a leithéid de amhras glan in éadan teagasc an chreidimh ar na fírinní bunúsacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, fós le teacht. Tá an cur síos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dtéacs nach éasca ar fad a aistriú: “Is é is creideamh ann ná bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear”. Tá dhá théarma thábhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte. Ní deimhneacht nó cinnteacht shiceolaíoch, a a bhfuil a préamha san aigne dhaonna, atá i gceist anseo, ach suáilce dhiaga an dóchais, brontannas ó Dhia, a thugann cinnteacht atá thar achmainn an nádúir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht í a bhfuil síocháin ag ghabháil lei, an tsíocháin sin a bhronnann Íosa ar na creidmhigh agus nach féidir le haoinne í a thógaint uathu.

Recommended Articles

Leave A Comment