Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Aithne ar ár n-oidhreacht Chríostaí agus mórálach aisti

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Deotranaimí 30:10-14). Tá an Briathar an-ghar duit le comhlíonadh. Léacht an lae inniu is í an mhír dheiridh í de aitheasc Mhaois ar Dhlí Dé do phobal Iosrael. A bhfuil fágtha de Leabhar Deotranaimí tar éis an aithisc,  eachtraí deiridh de shaol Mhaois atá ann. Níos luaithe ina aitheasc seo do phobal Iosrael mheabhraigh Maois dóibh an onóir a bhronn Dia orthu nuair a fhoilsigh sé é féin dóibh agus gur rinne sé pobal ar leith díobh i measc náisiún an domhain. Is fiú briathra sin Mhaois a thabhairt anseo (Deotranaimí 4:5-8):“Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d’aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air. Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’ Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air? Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?”. Ag deireadh a aithisc filleann Maois ar an dtéama céanna. Tugann a aitheasc le fios nach raibh an pobal dílis don Dlí agus tugann sé cuireadh dóibh filleadh air. Lárphointe a bhfuil le rá aige anseo ná go bhfuil ar a gcumas an Dlí a chleachtadh agus go bhfuil an Dlí, an Briathar, ar eolas acu, go bhfuil teacht acu air. Ní rud i bhfad i gcéin é, suas ar neamh ná thar lear. Tá sé an-ghar do gach duine acu, ina bhéal, ina chroi, “le comhlíonadh”. Ach rud amháin eolas ar an mBriathar, ar Dhlí, rud eile an neart sin a chur i gcrích. Is eol do Leabhar Deotranaimí gur theip ar Iosrael an Dlí, an conradh, a chomhlíonadh agus gur tháinig díbheirg Dé orthu dá bharr le scrios na cathrach naofa agus an deoraíocht. Ach tá súil ag an Leabhar seo comh maith le aithrí ó thaobh Iosrael agus filleadh uaithi ar Dhlí Dé. Ba í bunchúis na faidhbe ná laige an chroí dhaonna. Rinneadh machnamh ar an fhadbh seo i ré na deoraíochta agus iardheoraíochta i leabhair Irimia (Irimia 31:31-34) agus Ezicéil (Ezicéil 6:25-27), mar a fheictear ar leigheas na ceiste i gcroí nua agus i spiorad nua, Dlí Dé a bheith scríofa sa chroí istigh. I dtéacs léacht an lae inniu deir Maois go bhfuil an Dlí, an Briathar, an-ghar, sa bhéal agus sa chroí lena chomhlíonadh. Tá sé sa bhéal mar bheadh sé le haithris. Á rá go raibh sé sa chroí b’fhéidir go bhfuil an téacs ag smaoineamh ar fháistine de leithéid atá le fail i leabhar Irimia. I Rómhánaigh 10:5-8 luann Pól téacs seo Deotranaimí faoin Bhriathar a bheith i ngar, sa bhéal agus sa chrói, agus deir gurb ionann é agus briathar an chreidimh atá á fhógairt aige, ach fágann sé ar lár na focail “le comhlíonadh”: ní thagann comhlíonadh agus gníomh ón nádúr fein; ní mór grásta Dé.

Salm le Freagra (Salm 68[69]). Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine ísle, agus athbheofar bhúr gcroí.

An Dara Léacht (Colasaigh 1:15-20). Is trí Íosa agus is dó a cruthaíodh gach aon ní. Iomann álainn é seo ar ghradam, ar ardcheannas Chríost, nó ar rúndiamhair ardcheannas Chríost. Tosaíonn Pól lena bhfuil le rá aige faoi seo le urnaí (Colasaigh 1:9-14) ina iarann sé ar Dhia go dtabharfadh sé do na Colasaigh eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta, ionas go mbeadh forás ar a gcuid dea-oibreacha agus méadú ar a n­-eolas ar Dhia. D’aistrigh Dia na creidmhigh ón dorchadas isteach i ríocht a mhic mhuirnigh, ina bhfuil fuascailt le fáil, maithiúnas na bpeacaí. Ansin leanann an t-iomann ar aghaidh ar ghradam Chríost sa saol cruthaithe agus san eaglais, iomann a bhaineann úsáid as íomhánna na heagna pearsantaithe sa Seantiomna (go háirithe Seanfhocail caibideal 8). Mar íomhá de Dhia, foilsíonn Críost an Dia dofheicthe dúinn go foirfe. Mar chéadghin, tá tús áite agus ardcheannas aige ar gach dúil chruthaithe. Is tríd agus is dó a cruthaíodh gach rud cruthaithe, ar neamh agus ar talamh (na grádanna éagsúla de na haingil san áireamh, Tróin agus eile). Mar a deirtear in áit eile sa Tiomna Nua (Eabhraigh 1:3), is trí Chríost a choinníotar gach ní dlúite le chéile, coincheap de chuid fhealsúnacht na Gréige, atá le fáil chomh maith sa Seantiomna (Eagna 1:3; Leabhar Shíorach 43:26). Mar a luaitear in áit eile (Eifisigh 1:22-23; 4:15) is ceann na hEaglaise é Críost, is í an Eaglais a chorp. Is é an tús é Críost, agus lena aiséirí is é an chéadghin ó na mairbh é, ag tabhairt ré nua isteach agus ag neartú an chreidimh in aiséirí ár gcolainne. Ansin leanann véarsa a bheadh le tiontú de réir na litre mar seo: “Óir ba thoil leis (is é sin “le Dia”) an iomláine (sa Gréigis: pleroma) ar fad cónaí ann”. (Aistriú eile: “Óir. ba ghnaoi le Dia an nádúr diaga a dhul a chónaí ann ina iomlán”.) Is féidir an téacs a thuiscint trí Colasaigh 2:9: “Mar is ann (is é sin i gCríost) atá iomláine Dé ina chónaí go corportha”, is sin le rá is dócha, is é is iomláine Dé ann ná gach rud is mian le Dia a léiriú faoi féin i gCríost, le go gcuirfimis aithne ar Chríost agus go ndéanfaí foirfe sinn ann. De réir daoine áirithe tá seo an-chongarach do ghníomhaíocht an Spioraid Naoimh. Is í is aidhm do láithreacht seo uilechumhachtach Dé i gCríost ná athmhuintearas agus síocháin a bhunú agus a shnaidhmadh idir gach dúil ar neamh agus ar talamh, muintearas agus síocháin atá bunaithe ar fhuil, ar bhás, Chriost ar an gCrois.

An Soiscéal (Lúcás 10:25-37). Cé hé mo chomharsa? Cuireann dlíodóir ceist ar Íosa. I gcomhtéacs na haimsire sin, saineolaí ab ea an dlíodóir ar dhlí Mhaois, ar dhlí na nGiudach, agus b’fhéidir ar an dlí sibhialta chomh maith. De ghnáth bhí na dlíodoirí sin fábharach do na Fairisínigh agus a sain-traidisiún. Bhí an dlíodóir ag promhadh Íosa, b’fhéidir nach le droch-thoil ach le seasamh Íosa ar an gceist áirithe seo a fháil amach: Cad tá le déanamh le bheith páirtech sa bheatha shíoraí, ceist a bhí á plé, b’fhéidir i measc na ndlíodóirí. Tugann Íosa air a fhreagra féin a thabhairt as Dlí Mhaois, an Peintiteoch. Tugann an dlíodóir an dá dhlí bhunúsacha: Grá Dé agus grá an chomharsa. Aontaíonn Íosa leis. Ach ní admháil theibí phrionsabail ann féin an tslí chun na beatha, ach déanamh dá réir. Bheadh sé soiléir cé hé Dia. Rud nach raibh chomh soiléir sin ná: Cé hé mo chomharsa. Bheadh an freagra soiléir go leor do Ghiúdaigh: a gcomh-Ghiúdaigh, ag fágaint Samáraigh (leath-Ghiúdaigh) agus gintlithe (pagánaigh) as an áireamh. Tugann parabal Íosa freagra soiléir air sin. Achar do robálaithe a bhí san fhásach chúig míle déag (25 ciliméadar) idir Iarúsailérim agus Iarachó. Giúdach a thit idir na robálaithe. Ghabh sagart Giúdach agus tuata cúnta Levíteach thairis ar an dtaobh eile. An té a chabraigh leis ná Samárach, uathu siúd ar ghráin le Giúdaigh iad. Chuir an Samárach cóir leighis air de réir ghnásanna na ré sin: ola leis an phian a laghdu agus fion mar dhíghalrán. Ní raibh ach freagra amháin le tabhairt ar an gceist: Cé acu ba chomharsa don duine mífhortúnach: an ócáid áirithe sin an Samárach. In aigne Íosa, don eaglais agus don chine daonna is comharsa gach duine daonna, is cuma faoi naimhdeas stairiúil, creideamh, easaontas i gcursa creidimh, polaitíochta nó cúinse ar bith eile. Rud eile a eascraíonn ón léacht seo ná gur féidir go bhfuil impleachtaí thar mar a mheastar de ghnáth le prionsabail theibí creidimh, nuair atá ceannairí nó tosca ann (mar  a bhí in Íosa) leis na himpleachtaí sin a thabhairt chun solais – mar a rinne Íosa i nios mó ná cás amháin.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Aithne ar ár n-oidhreacht Chríostaí agus mórálach aisti

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht Chríostaí agus a bheith mórálach aisti. Sa chéad léacht ghlaoigh Maois ar phobal Iosrael machnamh a dhéanamh ar bhronntanas mór an chreidimh a thug Dia dóibh,  Dia pearsanta a raibh a ghuth de shíor ag labhairt leo. Bhí gairm acu bheith mar fhinnéithe Dé don domhan. Cuireann an dara léacht síos ar ghradam agus ardcheannas Íosa, ceann na heaglaise,  le misean ó Dhia athmhuintearas idir Dhia agus an domhan a chothú.

            Is mór idir an fhís seo agus saol an lae inniu ina bhfuil fórsaí láidre ag iarraidh cosc a chur ar ghuth na heaglaise, agus ar ghuth gach creidimh Chriostai agus gach reiligiún, a dhíbirt ón saol poiblí. Mar aon leis sin tá mórán den aos óg fuarchúiseach i leith chleachtadh an chreidimh. Mar a dúradh sa mhír ar “machnamh” an Domhnaigh seo caite: “Ní mór fís, aisling gheal, leis an bheatha Chríostaí a chothúi”. Ní dochar an mhir seo a léamh arís an Domhnach seo.

Recommended Articles