Bealtaine 11 2014 Ceathrú Domhnach den Cháisc (A)

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa an tAoire Maith, an Tiarna inné. inniu agus de shíor

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Gníomhartha 2:14, 36-41). Rinne Dia Tiarna agus Críost de.

Sa léacht seo tá Peadar ag caint leis an bpobal in Iarúsailéim tar éis tuirlingt an Spioraid Naoimh. Sa ráiteas tosaigh tá achoimre cruinn ar chreideamh na luath-eaglaise faoi Íosa: San aiseirí rinne Dia Tiarna agus Críost den Íosa a chuir na Giúdaigh chun báis. Lár-alt creidimh é gur ardaigh Dia Íosa ag an aiséirí agus gur bhronn sé air an t-ainm atá os cionn gach ainm, agus go ndearbhódh gach teanga gurb é Íosa Críost an Tiarna (Filipigh 2:9-11). Ionann an t-ainm Tiarna anseo, idir fhírinní eile, agus a rá go bhfuil Íosa ag deaslámh an Athar, agus go bhfuair an Spiorad a bhí geallta, an Spiorad a dhoirt sé lá sin na Cincíse, mar a mheabhraigh Peadar féin pas beag níos luaithe sa seanmóir sin leis. Thar cheann na nAspal d’admhaigh Peadar gurb é an Meisias (an Críost) é Íosa lena bheatha ar talamh, agus níor shéan Íosa gurb ea. Ag a thriail chuir an tArdsagart ceist ar Íosa arb é an Críost (an Meisias) é. Aris, níor shéan Íosa gurb ea. Lena shaol ar talamh ba é an meisias (an Críost) Íosa le na gealltanais d’Iosrael a chomhlíonadh. Ag a aiséirí rinne Dia Críost i modh faoi leith, lena raibh sna gealltanais sin a thabhairt chun críche. Nuair adeir Peadar leis an lucht éisteachta aithrí a dhéanamh, ní aithrí i bpeacaí pearsanta atá i gceist aige go bunúsach ach athrú meoin go creideamh in Íosa agus a leanann as, le baisteadh a ghlacadh a thabharfadh isteach iad sa phobal nua ina mbeidh Íosa mar Thiarna agus brontannas an Spioraid acu. Roimh seo bhíodar tiomanta do Mhaois tríd an dli. Beidh siad anois tiomanta do Íosa trí bhaisteadh in ajnm Íosa (níos déanaí beidh sé in ainm na Trionóide). Tugtar “drochghlúin” ar ghlúin sin na nGiúdach nach éisteann le guth Dé ag labhairt trí Íosa, an Spiorad agus na hAspail san eaglais. Is gean le Lúcás dul ar agaidh na hEaglais i líon a ríomhadh. Tosaíonn a stair an lá sin Cincíse le tuairim ar thrí mhíle duine. Beidh méadú mór uirthi i measc na nGintlithe.

Salm le Freagra(Salm 22[23]). Is é an Tiarns m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.Dara Léacht (1 Peadar 2:20-25). Tá sibh tagaithe ar ais chuig caomhnóir bhur n-anama.

Is fiú an sliocht seo a mheas i dtosach báire ina chomhthéasc sa litir féin, agus ansin é a mheas mar a labhraíonn sé linn inniu. Tá an litir seo dírithe ar chomhluadair scaipthe de Chríostaíthe a bhí ina mhionlach i sochaí phagánach, sochaí a bhí eagraithe go docht ón Impire féin aníos trí chathracha, bhailte, theaghlaigh agus eile, sochaí inar chuid dílis si an sclábhaíocht. Ní hé gur caitheadh go dona i gcónaí le seirbhisigh agus sclábhaithe, ach rinneadh ar uairibh agus ní raibh leigheas a gcás acu má rinneadh. Tugann an litir roinnt treoracha do chreidmhigh faoi conas iad féin a iompair san sochaí sin: bheith géiliúil don uile foras daonna ar son an Tiarna; iad féin a iompair mar dhaoine saora, ach gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc acu; onóir a thabhairt do chách agus grá don bhráithreacht; eagla orthu roimh Dhia agus omós acu don impire. Díreach ina dhiaidh sin, i sliocht an lae inniu, casann Peadar ar cheist na sclábhaithe ar a dhéantar leatrom go héagorach. Molann sé dóibh a bheith foighdeach, agus Críost céasta a thógaint mar eiseamlár. Ní thabharfadh seo cothram na Féinne dóibh, ach ní dhéanfadh a mhalairt ach oiread sna cúinsí áirithe sin. Seasann an sliocht seo amach ón chúlra staire sin, agus ó aon chúlra eile, agus labhraíonn sé le gach glúin, faoi aithris a dhéanamh ar Chríost céasta in am an ghátair. Chuaidh a theachtaireacht i bhfeidhm go mór ar spioradáltacht ár sinsir: “Nach mó go mór ar fhulaing Críost”.

An Soiscéal (Eoin 10:1-10). Mise doras na gcaorach.

Ón soiscéal a léitear inniu tugtar “Domhnach an Aoire Mhaith” ar an Domhnach seo, agus freisean tugtar air go cuí “Lá Domhanda do urnaí do ghairmeacha”. Sliocht an lae inniu is tús é do aitheasc fada le hÍosa air féin mar an Fhíor-Aoire. Maidir leis an íomhá tosaigh ann, de rir dealraimh cró caorach atá i gceist, agus fala mór timpeall air, ina choimeádtar na caoirigh thar oíche, le iad a threorú amach chun féaraigh ar maidin ag aoire, tréadaí, nuair a osclaíonn an doirseoir dó. Leagtar béim ar an gcomhthuiscint idir na caoirigh agus an Fíor-Aoire. Aithníonn siad a ghuth agus leanann siad é. Sin parabal tosaigh an tsleachta. Cuid dílis de thraidisiún an Bhíobla, sa Seantiomna agus an Tiomna Nua, an t-Aoire agus an tréad. Bhí aoirí fónta ann, agus droch-aoirí (ríthe, prionsaí, agus eile), a chuir scaipeadh ar phobal Dé. Trí fháidh amháin gheall Dia go mbeadh sé féin mar Aoire ar a thréad chun iad a threorú go hiomláine na beatha. Míníonn Íosa féin brí an pharabail, ina chuireann sé é féin i láthair mar an doras, is é sin le rá an tslí agus an bheatha, an t-aon slí amháin chun an Athar ar neamh, agus chun comaoine leis féin ar talamh. Samhlaíonn Íosa gaol pearsanta idir é féin agus a thréad, a lucht leanúna, a thuigeann an misean atá aige ón Athair agus a leanann é. Tháinig sé le beatha a thabhairt, agus í a thabhairt go fial. De bharr an dlúthchaidrimh idir é féin agus a thréad aithníonn siad a ghuth agus leanann siad é. Déanann Íosa comparáid idir é féin agus daoine eile a dhéanann dochar don tréad, daoine ar a dtugann sé bithiúnaigh agus robálaithe, nach dtagann isteach tríd féin, an doras. Tagann siad sin chun a bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh, murab ionann agus Íosa a tháinig chun go mbeadh an bheatha ag a thréad. An gaol pearsanta idir Íosa, an tAoire Fónta, agus a thréad a ligeann dá lucht leanúna gan éisteacht leis droch-aoirí. Céaduair bhí an parabal seo dírithe ar cheannairí Giúdacha (Fairistínigh) nár lig dá mhuintir guth Dé san Soiscéal a aithint agus Íosa, an tAoire Maith, a leanúint. Tugann bua an chreidimh agus lonradh an Spioraid Naoimh dá thréad Íosa a aithint mar an t-aon doras, and t-aon slí, chun an Athar and chun na beatha.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa an tAoire Maith, an Tiarna inné. inniu agus de shíor.

Sa pharabal agus san aitheasc fada faoi féin mar an sáraoire, leagann Íosa béim ar fhírinní bunúsacha faoi féin, agus faoin chaidreamh atá aige leis an Athair agus a “thréad”, a lucht leanúna dílis. Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach. Tá comhthuiscint dhomhain idir é féin agus a chaoirigh; áithníonn siad a ghuth agus leanann siad é, ag tabhairt cúl do “aoirí” eile a chuirfeadh ar strae iad.

Rud suntasach faoi léachtaí go léir an lae inniu ná lárionad Íosa sa chreideamh, san eaglais, i bplean slánaithe Dé. Ag a aiséirí dó tar eis bás ar an gcrois, rinne Dia Tiarna agus Críost de Íosa. B’shin teachtaireacht Pheadair Lá Cincíse do phobal na nGiúdach, leis an ghairm aithrí a dhéanamh, athrú ó chreideamh le Maois ina lár go creideamh sa Soiscéal. Mionlach a bhí sna comhluadair Críostaíthe ar scríobh Peadar chucu ina litir a léitear na Domhnachaí seo, ina mholann sé omós a bheith acu do na húdaráis shibhialta, ach bheith deimhin de go raibh oidhreacht eile acu féin trí bhás Íosa ar an gCrois, Críost a bheadh mar eiseamláir acu. Déanann Íosa soiléir sa pharabal agus ina aitheasc gurb é féin an t-aon doras, an doras go cró na gcaorach (comhluadar na gcreidmheach ar talamh) agus an t-aon doras go dtí an tAthair ar neamh. Mar adeir sé in áit eile: is eisean an tslí, an fhírinne agus an bheatha.

Tréad beag a bhí ag Íosa ar talamh an uair sin, agus is beag tréad na hEaglaise aon uair i gcomparáid leis na céadta milliún den chine daonna atá ann, gurb é Dia a gCruthaitheoir agus Íosa a Slánaitheoir. Céard faoina slánú siúd? Ceap tuisle é do aos léinn áirithe gurb ag Críostaithe amháin, agus trí Críost an Doras, amháin, atá bealach isteach do Dhia. Níl freagra na ceiste sin ag an Eaglais. Tá teagasc Chríost aige faoi Íosa féin mar an Doras, an tSlí, agus a fhios aici chomh maith gur maitheas gan teora é Dia, a bhfuil freagra na ceiste eile aige.

Agus Domhnach an Aoire Mhaith á cheiliúradh againn, tugaimis aird ar a bhriathra bheith aontaithe leis agus leis an Athair, le go mbeadh ar ár gcumas a ghuth a aithint, i saol ina bhfuil iliomad guthanna eile ár dtarraingt uaidh. Agus guímis go mbeadú ar ghairmeacha le go mbeadh aoirí, tréadaithe, le fáil san eaglais, gairmeacha a thiocfaidh ó dhaoine ag aithint guth an Aoire Mhaith

Recommended Articles

Leave A Comment