17 Marta 2022 N. Pádraig Easpag Príomhéarlamh Éireann

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

Téama: Craolaimid an Soiscéal ní d’fhonn daoine a shásamh ach d’fhonn Dia a shásamh.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Amós 7:12-15). Téir agus bí id’fhaidh do mo phobal Iosrael. Go minic ionann an téarma “fáidh” dúinne agus daoine amhail Amós, Easáias, Irimias agus a leithéidí, na fáithe de chanóin an Bhíobla agus na hEaglaise. Thosaigh siad sin le Amós thart ar 760-750 roimh Chríost. Ach bhí stair i bhfad níos aosta ná sin ag an fáidheadóireacht in Iosrael agus sna tíortha thart timpeall air. Duine a measadh bheith i ndon teagmháil a dhéanamh leis an saol eile s bhí san fháidh, rud éigin mar atá sa leath-rann Gaeilge: “Níor ghéilleas riamh do ráiteas file fáidh nó draoi”. Bhí buíonta díobh in Iosrael agus taobh amuigh de sna teampaill, ag ríthe (ins na céadta ar uairibh). Uaireanta tugadh mic (no clann-mhac) fáithe ar a leithéid. Ionann uaireanta “fáidheadóireacht” a dhéanamh agus titim bhfanntas, i dtámhnéal, nó iad féin a ghearradh. Ní gach aoinne a bheadh toilteanach “mac fáidh” a thabhairt air féin. Ba ó ríocht Iuda sa deisceart do Amós, agus thug Dia air dul ó thuaidh go ríocht Iosrael le díoltas Dé a bhagairt ar an riocht agus an rí-theaghlach sin de bharr a neamhaird ar an chonradh le Dia. Rinne Amós sin i dteampall ríoga Beitel. Thug Amaiziá, sagart an teampaill sin, rabhadh dó filleadh ó dheas agus a chuid fáidheadóireachta a dhéanamh ansin. Shéan Amós gur fáidh, nó mac fáidh, a bhí ann i shean-bhrí an ghnáis sin, ach mar sin féin d’admhaigh sé gur sheol Dia é le fáidheadóireach a dhéanamh. Bhí tús curtha le ré nua. Ionann anois fáidh sa bhrí nua seo ná labhairt taréis teagmháil phearsanta le Dia — tús le ré ghlórmhar na fáidheadóireachta in Iosrael. Finéithe na fáithe seo go bhfuil teagmháil idir Dia agus an chine daonna i slí faoi leith.

Salm le Freagra (Salm 138[139]).

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 2:2-8). Craolaimid an Soiscéal ní d’fhonn daoine a shásamh ach d’fhonn Dia a shásamh. Nuair a bhí Pól i dTróas, in dTuirc an lae inniu, bhí asiling aige oíche amháin: bhí fear ón Macadóin (tuaisceart na Gréige) in a sheasamah ann agus ag impí air agus ag rá: “Tar anonn go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn”. Rinne Pól amhlaidh agus tháinig go cathair Filipi, áit a raibh mórán le fulaingt aige. Ar aghaidh leis ansin go dtí cathair Teasaloinicé. Bhí toradh fónta ar a chuid saothair ansin, ach bhí naimhde láidre aige a chuir ina choinne go tréan le clúmhilleadh de shaghasanna éagsúla, ag maíomh go raibh sé spreagtha le mearbhall aigne agus drochintinn, ag iarraidh daoine a mhealladh le plamás, go raibh sé sainteach agus ag lorg molta. Sa sliocht seo léiríonn Pól nach bhfuil bunús leis na líomhaintí seo, agus ag déanamh soiléir an grá domain a bhí aige don eaglais sin, agus cé chomh dáiríre is a thóg sé na dualgais mhorálta a bhaineann le craobhscaoileadh an tsoisceíl.

Soiscéal (Lúcás 5:1-11). An léacht álainn seo as soiscéal Lúcáis cuireann sí béim ar an ionad spesialta a bhí ag Peadar sa luath-eaglais, agus go deimhin sa chomhluadar Críostaí. Roghnaíonn Lúcás an mioneachtra seo le ríomhadh dúinn conas a glaoigh Íosa na deisceabail tosaigh aige. Tá an sliocht i Lúcás suite i gcomhthéacs a léiríonn cé chomh tugtha is a bhí Íosa don mhisean a bhí aige dea-scéal an tslánaithe a fhógairt. Díreach roimh an sliocht seo nuair a bhí an slua ag iarraidh ar Íosa fanúint leo san aon áit amháin, agus gan iad a fhágaint, d’fhreagair sé: “Ní foláir dom dea-scéala ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé” (Lúcás 4:43). Tá Íosa anois leis an misean sin a thosú i slí nua ag roghnú buíon lárnach, le Síomón (ar a dtugtar chomh maith Peadar, nó ina fhoirm Airimise Cephas) sa chéad áit. Tosaíonn an saothar seo go léir le miorúilt shiombalach in ar cheap siad clais mhór éisc. Roghnaíonn Íosa an bád chuige sin: bád Pheadair. Luaitear Séamus agus Eoin, clann Zeibidé a bhí i bpáirt le Síomón (Peadar), ach is le Síomón (Peadar) amháin aduirt Íosa: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach, is daoine a bheidh tú ag gabháil”. Téann sé seo go léir leis an ionad speisialta atá le bheith ag Peadar. Ag an Suipéar Déanach dúirt Íosa leis: “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair, ach táimse tar éis guí ar do shonsa nach gclisfeadh do chreideamh, agus, ón uair amhain a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre” (Lúcás 22:31-32). Agus tar éis aiséirí dó thaispeáin Íosa é féin i dtosach do Pheadar/Cephas (Lúcás 24:34; 1 Corantaigh 15:5). Agus tá Matha (16:17-19) agus Eoin (21:15-19) ag teacht leis seo.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Craolaimid an Soiscéal ní d’fhonn daoine a shásamh ach d’fhonn Dia a shásamh.

Guth Chríost; Peadar, Pádraig. Teachtaireacht do Lá Fhéile Pádraig 2017.

Ar lá Fhéile seo ár nÉarlaimh náisiúnta tá a lán guthanna ag iarraidh orainn cluas a thabhairt dóibh. Tá guth Chríost féin againn tríd an fháidh Amós ag rá “Téigh agus tairngir do mo phobal” cloí leis an gconradh, le teagasc Chriost agus na hEaglaise. Tá guth Phóil ag meabhrú dúinn go mbeidh líomhaintí, deacrachtaí agus constaici ann i gcónaí i saothar craobhscaoileadh an chreidimh, agus dualgas ar lucht fógartha an chreidimh agus ar gach aon a bhaineann leis bheith macánta agus trédhearcach ina saol agus agus ina saothar. Tá guth na nÉireannach, “glór na nGael”, don ogánach naofa Pádraig ag iarraidh air teacht i leith, filleadh chucu, agus a bheith ag siúl an athuair ina measc. Tá guth Íosa againn faoi Pheadar aspal gur guí sé ar a shon nach gclisfeadh a chreideamh, agus go ndéanfadh sé a bhráithre a dhaingniú sa chreideamh agus sa mhisean a bhí acu san Eaglais agus sa sochaí dhaonna.

            Agus anois sa bhlain agus san fhéile áirithe seo tá againn comharba nua-thofa Pheadair atá ag glaoch go caoin, ach go soléir, ar an eaglais filleadh uirthi féin. Roimh éirí as oifig dó mheabhraigh an Pápa Benedict XVI don eaglais go bhfuil sí sa saol seo ach nach den saol í. Meabhraíonn an Papa Proinsías don Eaglais nach NGO ná cumann leasa shoisialaigh í, bíodh ar ndóigh gur cuid lárnach dá misean cúram na mbocht. Ach go bunúsach is seirbhis do Chríost agus aithris ar Chríost, agus páirt inar fulaing sé, croí-lar bheatha na hEaglaise.

            Smaointe fóntacha iad seo ar La Fhéile Pádraig, Pádraig a chéad-las an cré geal inár dtír, agus a láidrigh an cré sin le éifeacht a ghui. Guímis go léir air, agus na fadhbanna atá againn, go ndéanfadh sé anois “in áitreamh na Fódhla an fíor-chreideamh” a dhíonadh, a chosaint.

Recommended Articles

Leave A Comment