Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cuing Íosa éadrom nó do-iompair?
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Zachária 9:9-10). Féach, tá an rí ag teacht chugat agus é go ceansa.
Fáistine faoi theacht a rí go hIarúsailéim (“iníon Síón”, “iníon Iarúsailéim”) atá anseo. Is soiléir uaidh sin gurb é an Meisias, Mac Dháiví, atá i gceist, bíodh nach deirtear sin go follas. Seasann sé amach ón sliocht seo gur caithréim shíochánta a bheidh ag an rí seo. Go minic sa tSeantiomna tá bua agus caithréim fola i gceist i dtagairtí do Mhac Dháibhí le teacht, go ndéanfadh sé smionagar de ríthe lá na feirge, agus go ndéanfadh sé carn de chonablaigh (Salm 109[110]):5-6). A mhalairt ar fad anseo. Cúis lúcháire do Iarúsailéim a theacht. Ní thiocfaidh sé go buach ar chapall, ach go humhail, ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar asal óg, bromach, searrach asail. Caithréim síochánta a bheidh aige, ag fógairt deireadh le treallaimh chogaidh ó gach ceard in Iosrael, an carbad cogaidh sa tuaisceart (Efraim) agus an capall cogaidh ó dheas (Iarúsailéim), agus deireadh leis an bogha cogaidh. Agus ní do Iosrael amháin a theachtaireacht síochána, ach don domhan uile, curtha in iúl leis na nathana “ó muir go muir”, agus “ón abhainn (Eufrates) go críocha deiridh na cruinne”. Beidh réimeas Rí na Síochána chomh fóirleathan sin. Ní gá a lua gur comhlíonadh an tairngreacht seo in Íosa, ag teacht thar Sliabh na nOlóg dó.
Salm le Freagra (Salm 144[145]). Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom is a Rí.
Dara Léacht (Rómhánaigh 8:9, 11-13). Ma bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Le foirceann na léachta seo a thuiscint níos fearr, agus go deimhin an léacht ina hiomlán, ní mór an chodarsnacht, an frithshuíomh, atá ann idir an Spiorad agus an cholainn a thabhairt faoi deara. Ní hí an cholainn dhaonna i ghnáth-bhrí an fhocail sin atá i gceist, an corp daonna sa bhrí neodrach. I dtuisicnt seo na colainne ag Pól, i gcodarsnacht leis an Spiorad (an Spiorad Naomh), is ar an nádúr daonna atá sé ag smaoineamh agus sin sa chiall dhiúltach, an cholainn, an nádúr ina laige agus a laigí iomadúla, ach níos mó fós an duine daonna claon chun an pheaca, iompaithe do chúrsaí pearsanta agus cúrsaí an tsaoil seo amháin agus nach bhfuil réidh glacadh le Soiscéal Chríost ná treoir ó neamh, ná ón Spiorad Naomh lena chabhair agus a ghrásta. Ionann beatha agus gníomhartha de réir na colainne sa chiall sin agus bás sa tuisicint Chríostaí de. Ní mór gníomhartha na colainne, sa chiall sin, a bhásu le cúnamh an Spioraid le beatha Chríostaí a bheith again. Tá a fhios ag Pól go bhfuil Críostaithe na Róimhe ag maireachtáil de réir an teagaisc sin, faoi threoir an Spioraid Naoimh atá lonnaithe iontu ón mbaisteadh, le beatha shaibhir Chríostaí á caitheamh acu abhus, sin uile ó bhronntanas Dé a thóg Íosa ó mhairbh, agus a thabharfaidh an bheatha shíoraí dá lucht dilis leanúna sa saol eile.
An Soiscéal (Matha 11:25-30). Táim ceansa uiríseal ó chroí.
Soiscéal an lae inniu is léiriú grinn é ar rúndhiamhair Chríost, agus sin i mbriathra Chríost féin. Tá sé an-chóngarach don chur i láthair faoi Chríost atá ag Eoin sa Cheathrú Soiscéal. Foilsiú rúndiamhair Chríost, agus gaol Íosa leis an Athair atá ann, agus is fiú an sliocht a shuíomh ina chomhthéasc sa Soiscéal féin. Ní raibh sé éasca ag Eoin Baiste fiú Íosa agus a mhodh oibre a thuiscint. Bhí Eoin Baiste ag fógairt aithrí agus díbheirg Dé le teacht ar na peacaigh, ach bhí Íosa ceansa cairdiúil leo. Ón charcar, mar a raibh sé i mbraighdeanas, chuir Eoin teachtairí chuig Íosa lena fhiafraí de arb é dairíre and Té a bhí le teacht. Trí thagairtí do fháistiní cuí thug Íosa freagra, agus mar fhoirceann air dúirt sé: “Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise”, bíodh nár éirigh de shliocht na mban duine níos mó ná Eoin Baiste. Ní foláir ná gur thug sin méadú ar chreideamh Eoin Baiste ar rúndiamhair Íosa. Ach níor chreid na cathracha ina rinne sé an chuid is mó dá mhiorúiltí iontu in Íosa – Corazain, Béatsáidean agus Cafarnáum, cathracha gur thug Íosa achasán dóibh. Tugann sin go dtí an téacs seo Aifrinn an lae inniu sinn ina dhéantar soiléir gur gá an creideamh, agus aigne linbh, le rúndiamhair Íosa agus a ghaol leis an Athair a chreidiúint nó a thuiscint.
Toisc go bhfuil trácht le bheith ag Íosa ar fhoilsiú na rúndiamhaire, beireann sé buíochas leis an Athair dá bharr sin, de bharr gur cheil sé ábhar na rúndiamhaire ar lucht eagna agus éirime agus gur fhoilsigh sé do naoináin iad. Is comhmthéacs apacailipteach atá againn. Faoi mar nár éirigh le saoíthe na Beabalóine, draoithe nó asarlaithe taibhrimh an rí Nadúcadnázar a mhíníu ach gur fhoilsigh Dia a mbrí do Dhainéil é, mar an gcéanna do lucht eagna agus éirime gan creideamh. Ní naoínáin nó leanaí sa chiall seo againne atá i gceist. Ní raibh a leithéidí i measc lucht éisteachta nó lucht leanúna Íosa, nó sa luath-eaglais. Deisceabail Íosa atá i gceist. I dtéacs eile tugann Íosa “miondaoine”, “daoine beaga”, “daoine den mhuintir bheag” orthu (Matha 10:42).
Mar fhoirceann dá ndúirt sé faoi fhoilsiú na rúndiamhaire, i Soiscéal Matha tugann Íosa cuireadh teacht chuige le faoiseamh a fháil. Tagtar go hÍosa, ar ndóigh, le creideamh ann féin agus sa rúndiamhair maidir leis an ghaol idir é féin agus an Athair, gaol a roinneann sé go fial le creidmhigh. D’fhéach traidisiún eagna na nGiúdach ar Dlí Maois mar chuing, ní sa chiall gur daoirse é ach gur thug sé, i chiall leathan an fhocail, treoir don bheatha dhaonna. Labhraíonn Íosa ar a phearsa agus ar a theagasc mar chuing, agus air féin, i slí mar mháistir scoile, máistir atá ceansa agus umhail. Is léir an meid sin óna bheatha phoiblí, agus a chaidreamh le peacaigh agus daoine san imeall. Deir sé go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach éadrom. Tá seo le tuiscint i gcúlra an chreidimh agus rúndiamhair phearsa Íosa. Dóibh siúd nach bhfuil creideamh acu, agus aithne phearsanta ar Íosa, is trom agus do-iompair an chuing sin. Ábhar machnaimh dúinn anseo.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cuing Íosa éadrom no do-iompair?
Ceist mhór in agallamh na hEaglaise le sochaí an lae inniu treoir Chríost agus na hEaglaise i gcúrsaí an tsaoil. Tá téamaí an agallaimh, nuair is ann dó, chomh leathan le teachtaireacht Chríost agus na hEaglaise féin. Deir Críost gur solas an domhain é. Ar uairibh, dar le líon nach beag dár gcomhaimsirigh meastar gur dorchadas don chine daonna teagasc na hEaglaise. Ach do ábhar machnaimh an lae inniu cloífimid le téama amháin den Soiscéal: cuing Íosa so-iompair agus a ualach éadrom.
An chuing atá i gceist ná a theachtaireacht agus a theagasc. Seoladh Íosa ón Athair le beatha a thabhairt don domhan agus í a thabhairt go fial. Ach tá teagasc soiléir faoin bhestha seo: ní mór do dhuine bás a fháil dó féin leis an bheatha sin a ghnóthu. Agus deir Pól an rud céanna leis na Rómhánaigh, mar a chonacamar sa dara léacht inniu. Le bheith mar dheisceabail do Chríost ní mór do dhuine a chrois a thógaint agus Íosa a leanúint. Níl a leithéid de theagasc inghlactha ag duine gan creideamh, agus fiú bheadh ceisteanna ag roinnt creidmheach faoi. Mar a deir an file Seán Ó Riordáin faoi seo agus cuid eile de theagasc na hEaglaise: “Buarach ar m’aigne Eaglais Dé, Ar shagairt do glaofinn coillteáin” – buarach, rópa nó corda ceangailte bó i stalla. Is fada sin ó bheith so-iompair nó éadrom.
An bhfhuil réiteach le fail ar an bhfadhb seo? Don chreidmheach a chreideann i gCríost, agus a bhfuil aithne phearsanta á cur aige air, agus creideamh sa Spiorad Naomh agus feidhmiú ghrásta Dé trí Chríost aige – tá cuing Chríost so-iompair agus a ualach éadrom, chomh so-iompair agus éadrom agus a bhí sé ar Chríost féin. Is cuid mhór de oidhreacht theagasc mhorálta na hEaglaise sampla Chríost. Ní hionann an méid sin agus a rá nach mór an chuing sin a dhéanamh chomh so-iompair agus éadrom agus is féidir le teagasc Chríost a chur in oiriúint don saol atá anois againn, ach deimhin a dhéanamh de gur cuing agus ualach Chríost atá i gcónaí ann.