28 Nollaig 2014 (B) Féile an Teaghlaigh Naofa

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

  1. B.Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Sírach 3:2-6, 12-14). An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann sé onóir dá thuismitheoirí. Deir an cheathrú aithne (Ecsodus 20:12): “Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh”. Bhí an pósadh faoi ard-onóir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, “an t-eaglaiseach”) a mhachnamh dúinn ar an aithne mhór seo. Bhí scoil eagnaíochta ag Ben Sira in Iarúsailéim (thart ar 180 roimh Chríost) do dhaltaí óga ar spéis leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de shaíocht Iosrael a chíoradh. Cuid dílis de eagnaíocht seo ná taithí ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol mór. Tá machnamh seo Ben Sira ar an gceathrú aithne lán de dhaonacht, de thaise agus de thrócaire. Ábhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a chéile. Tá luach saothair ó Dhia ag baint leis chomh maith agus déanann sé leorghníomh ar na peacaí. Ach ní cúis áthais a gcónaí dílse seo don cheathrú aithne, le homós don athair agus don máthair. Ionann é agus glacadh lenár muintir agus ár ngaolta faoi mar atá siad lena laigí agus nósanna aisteacha agus eile. Ní mór tuiscint, trua agus taise as bheith dóibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill óga slántúla teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur síos iontach i leabhar den Seantiomna an léacht seo ar faoi mar is cóir aire a thabhairt do chúrsai an teaghlaigh.

Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlíte.

An Dara Léacht (Colosaigh 3:12-21). Saol an teaghlaigh sa Tiarna Íosa. Leanúint an aghaidh an léacht seo ar an gcur síos íontach atá ag Pól (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chríostaí, an bheatha i gCríost, faoi mar is mian le Dia í a bheith. Foinse agus eiseamláir dó an Críost aiséirithe. Cuid den nádúr daonna laigí agus loiceadh, mar ab eol do phobal Críostaí Cholosae sul ar tiontaíodh go Críost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Críost a ghabh leis bhí seo go léir taobh thiar díobh. Leis an baisteadh chuir lucht leanúna Chríost nádúr úr ortu féin, agus tá sin de shíor á athnuachtan, le héirí níos cosúla le Críost, níos mó in iomhá Dé. Leagann Pól béim ar seo i léacht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, Dé an comhluadar Críostaí. Ta grá ag Dia dóibh. Ba chóir beatha nua mar chulaith éadaigh a bheith ag an bpobal; seo le rá, láchas, trua croí, uirísle, ceansacht agus foighne, agus bheith réidh maithiúnas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. Súáilcí tábhachtacha iad sin atá orthu mar chulaith, agus ba chóir iad bheith snaidhmthe le chéile le grá, mar chrios, an grá a choimeádann iad go léir le chéile. Sa mhéid seo d’fhéadfadh Pól bheith ag smaoineasmh ar an méid a scríobh sé chuig na Coirintigh faoin ábhar (1 Coirintigh 13:4-7): “Bíonnn grá foighneach agus bíonn sé lách … Bíonn sé lán d’fhadfhulgaint, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne”. Ansin leagann Pól béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Críostaí, agus a ngrá di agus a meas uirthi a chur in iúl dá chéile. Tá sin pas beag teibí, ach i gcoinne an chúlra sin tráchtann Pól go hachomair ar na prionsabail ar chóir dóibh bheith mar threoir ar bheatha shoisialta na gCríostaíthe san ré áirithe sin. Tosaíonn seo leis an teaghlach, inar chóir meas, grá agus cineáltas bheith mar phrionsabail stiúrtha. Le tuismitheoiri deireann sé gan a leanaí a chrá, le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu,

            Ábhar machnaimh é seo go léir do fhéile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseamláir do gach teaghlach Críostaí. Nuair a chuir Pól barrshamhail, idéal, na beatha Críostaí os comhair eaglais Cholosae, ní hionann sin is a rá go raibh an eaglais sin ag maireachtáil go hiomlán de réir na barrshamhla sin. D’fhéadfadh a mhalairt a bheith fíor, agus go raibh Pól ag tabhairt na heiseamláire chun cuimhne de bhrí go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas áirithe taobh istigh den eaglais sin.

An Soiscéal (Lúcás 2:22-40). D’fhás an leanbh, é lán d’eagna. Cuireann an sliocht seo síos ar íonghlanadh Mhuire agus ofráil an linbh Íosa sa Teampall. Leagann Lúcás béim ar cé chomh tugtha is sa bhí Muire agus Iósaef ar Dhlí an Tiarna, Dlí Maois, a chomhlíonadh. Luann sé faoi dhó é, ag dul chun an Teampaill dóibh agus ag deireadh ag filleadh dóibh “nuair a bhí gach ní curtha i gcrích de réir dhlí an Tiarna”. Maidir le breith linbh agus breith chéadghin fireannigh, bhí rialacha i ndlí Maois. Maidir le híonghlanadh, is í an mháthair amháin atá i gceist agus is uan a bheadh le hofráil aici, agus dá mba raibh sí ró-bhoch le uan a ofráil, ansin péire colm nó dhá ghearrcach colúr. Bheadh an t-íonghlanadh le déanamh dachad lá tar éis bhreith an linbh. Maidir le ofrail chéadghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofráil don Tiarna agus le “fuascailt”, ach ní luaitear aon am beacht chuige sin. D’fhéadfaí sin a cheangal leis an íonghlanadh, ar ndóigh, go háirithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu féin teacht go hIarúsailéim agus an Teampall. Labhraíonn Lúcás i slí ghinearálta anseo sa réamhrá seo do thoirbirt an linbh sa Teampall. Labhraíonn sé faoi thuismitheoirí Íosa, bíodh go bhfuil ráite aige cheana gur maighdean Muire, nach raibh aithne fir aici. Tá Iarúsailéim agus an Teampall lárnach dá bhfuil le rá ag Lúcás, agus tá an Teampall anois le fianaise a thabhairt d’Íosa.

Thug an sagartZacairiá, fáidh deireannach an tSeantiomna, fáistine faoina mhac Eoin. Anois sa Teampall bhí an fear fíréanta diaganta Suimeon, a raibh an Spiorad Naomh le labhairt tríd faoin ré le teacht tríd an leanbh seo. Agus mar aon leis sin bhí an bhanfháidh Anna. Bhí Suimeon ag súil le sólás Iosrael agus Anna le Iarúsailéim a fhuascailt. B’ionann i slí an dá rud — comhlíonadh na ngealltanas i slí dhiaganta chráifeach. Bhí foilsiú faighte ag Suimeon nach bhfaigheadh sé bás go bhfeicfeadh sé an Meisias, agus aithníonn sé an Meisias anois sa leanbh i mbaclainn Mhuire, agus déanann sé fáistine faoi, fáistine atá faoi thionchar a raibh ráite i Leabhar Íseáia faoi sheirbhíseach an Tiarna. Ní slánú, nó fuascailt Iarúsailéim amháin atá i gceist anois, ach is solas é Íosa do na pobail, na náisiuin, chomh maith le bheith ina ghloir d’Iosrael. Agus tá fáisrine ag Suimeon do Mhuire chomh maith faoina mac, a bheidh ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael, agus ina chomhartha a shéanfar, agus faoi mar a bheidh baint ag sin go léir le Muire féin – fáistiní a fíorfar i mbeatha Íosa, agus ag Muire i bpáis Íosa.

            Tar éir éis an méid sin faoi phearsa an linbh ag Suimeon, cuirtesar críoch sa sliocht le tagairt do dhaonnacht an linbh Iosa. D’fhás sé agus neartaigh sé mar aon leanbh eile i Nazarat, lán d’eagna, de thuiscint ar chúrsaí faoi Dhia agus faoin saol, agus cúram (grásta) Dé faoi leith aige.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh.

Ina aitheasc ag deireadh na litreach chuig na hEabhraigh (13:4) dúirt an t-údar leis an eaglais: “Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh”. Tá gá leis an moladh céanna inniu, nuair atáthar ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den phósadh traidisiúnta. Tugann an fheile atá á comóradh againn deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an scéal agus ar conas is fearr teacht i gcabhair ar dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir leis an gceist. Leag Comhairle Vatacáin II béim ar an dteagasc traidisiúnta sa Bhunreacht Tréadach ar an Eaglais i Saol an Lae inniu (ailt 47-52). Tá spéis sa cheist seo ar áit an teaghlaigh sa tsochaí ag scríbhneoirí óna traidisiúin sibhialta agus creidimh. Tá spéis faoi leith ag an Pápa Proinsias ann agus bhí an cheist á plé ag cruinnithe speisialta sa Róimh ag sionad neamhghnáthachi mí Deireadh Fomhair 2014 agus beidh ag gnáth-shionad an bhliain ina dhiaidh sin, an bhliain seo romhainn. Tugann sin le fios cé chomh tromchúiseach is atá an cheist. Déanfaidh na cruinnithe sin na ceisteanna a chíoradh ach beidh a réiteach ag braith ar an chreideamh a fhéachann ar an pósadh mar bhrontannas ó Dhia agus mar shamhail de cheangal Chríost leis an Eaglais. Guímis go mbeidh rath ar an chíoradh go léir.

Recommended Articles

Leave A Comment