Márta 2015 (B) An Tríú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Exodus 20:1-17). Tugadh an Dlí trí Mhaois. Roghnaíodh an léacht seo leis na Deich nAintheanta don Domhnach áirithe seo mar chuid den phlean atá sa Leicseanáir Nua go mbeadh na léachtaí ón tSeantiomna ag trácht ar stair an tslánaithe, ar cheann de na hábhair ann caiticéis an Charghais. Gach bliain bíonn sraith téacsanna sa leicseanáir seo a thugann príomhphointí na staire seo dúinn óna tús go dtí gealltanas an Chonartha Nua, le léacht faoi Abrahám ar an Dara Domhnach agus faoin Exodus ar an Tríú Domhnach. Tá foilsiú na nDeich nAitheanta den léacht inniu ceangailte le tréimhse Iosrael san fhásach agus le Sinai. I dtús báire is dócha nach raibh aon bhaint ag na Deich nAitheanta, mar liosta, leis an bhfoilsiú i Sinai. Ba achoimre néata iad de phríomhphointí chreideamh Iosrael, agus cuid acu ag tabhairt rabhaidh don bhaol a bhí ann do Iosrael faoi íoladhradh dhéithe bréige, trí dhealba nó íomhánna eile díobh a dhéanamh. Tá cur síos fada sa sliocht seo ar an tSabóid, lá saoire agus cráifeachta, atá bhí, agus atá fós, lárnach don Ghiúdachas. Níor bhain an baol ón ildiachas, nó an aithne ar an tSabóid, ar an Satharn, go mór le hábhar don Eaglais Chríostaí, agus dá bharr sin fágtar ar lár iad i leagan gearraithe sa leicseanáir. Tá cuid dá bhfuil sa leagan traidisiúnta de na Deich nAitheanta as dáta de bharr dul chun cinn na staire, mar shampla stádas na mban san aithne dheiridh. Is léir ó na Soiscéil agus an Tiomna Nua go bhfuil na Deich nAitheanta lárnach mar threoir don bheatha Chtríostaí agus dhaonna. Nuair a chuir an fear óg saibhir ceist ar Íosa (Matha 19:16-22): “A mháistir, cad an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”, d’fhreagair Íosa: “Más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta”. Agus nuair a iarradh ar Íosa “Cad iad féin?”, thug Íosa samplaí ón liosta traidisiúnta, ach ag críochnú leis na briathra: “Agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin”. Thug Íosa míniú nua do chuid de na haitheanta don ré nua a bhí á tabhairt isteach aige féin, ag tabhairt brí dhearfach do aitheanta a raibh leagan diúltach orthu, “Ná déan”. Mar shampla, an aithne “Ná déan marú”, níl sí teoranta do rud diúltach amháin: “Ná scrios íomhá Dé sa phearsa dhaonna”, ach ciallaíonn sé omós a thabhair dó, trí chosc ar fhearg, ar mhasla, agus easpa maithiúnais. Mar an gcéanna le adhaltranas: ni hé an gníomh sin amháin a bheadh i gceist ach gach siochair pheaca sa réimse seo (Matha 5:21-30). Tá na Deich nAitheanta chomh tábhactach sin gur chóir iad a mhúineadh agus iad a bheith de ghlanmheabhair ag daoine mar threoir do lárphointí ár gcreidimh agus ár gcleachtadh creidimh.

Salm le Freagra (Salm 18[19]0. Is agatsa, a Thiarna, atá briathra na beatha síoraí.

An Dara Léacht (1 Coirintigh 1:22-25). Críost atá céasta atá á fhógairt againne – ceap tuisle do na Giúdaigh, amadaí dar leis na ciníocha; ach dóibh siúd a lean an ghairm is é eagna Dé é Críost. Ag cur sios ar mhinistreacht Phóil dó, labhraíonn údar Ghniomharha na nAspal ar a chuairt ar chathair na hAithne, lárionad an chultúir Ghréigigh. Chuir dearg-ildiachas na cathrach sin as go mór dó. Chuaigh sé chun aragóna leis na grúpai ba thábhachtaí fealsúnachta ann, na Stóich agus na hEipiciúraigh. Níor thuigeadar an teachtaireacht a bhí aige faoin Soiscéal agus Aiséirí Chríost. Thug cuid acu siodrálaí nó bailitheoir ceirteacha air. Tugadh cuireadh dó labhairt le comhairle léannta na cathrach, an tAreopagus, rud a rinne sé in aitheasc léannta, dea-chumtha. Ach arís, nuair a labhair sé faoi altóir do dhia anaithnid dá gcuid siúd a chonaic sé, agus Dia a labhair trí Íosa agus trína Aiséirí, d’fhágadar slán go dea-mhúinte le Pól. Cúis mhachnaimh do Phól a bhí anseo faoi conas ar theip ar na Ghiúdaigh agus na Gréigigh léannta glacadh le Críost agus a Shoiscéal. Leis na smaointe seo ina aigne, ghluais Pól ar aghaidh chuig Coirint. Níos luaithe sa litir seo chuig an chathair sin, mheabhraigh Pól do na Coirintigh: “Ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh” (1 Coirintigh 1:17). Leanann sé leis á rá gur díth céille scéal seo na croise dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach gur cumhacht Dé agus eagna Dé é do creidmhiigh atá ar bhealach a slánaithe. Leagann Pól béim ar faoi mar ar theip ar an eagna dhaonna san aimsir chaite (bás Chríost ar an gcrois) agus níos déanaí (scoth-ghrúpa ar bith) beart Dé i gCríost a thiuiscint. “Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidis Tiarna na glóire ar an gcrois” (1 Coirintigh 2:10). Is i gcoinne an chúlra seo a ba chóir léacht seo an lae inniu a thuiscint.

An Soiscéal (Eoin 2:13-25). Leagaigí an teampall seo, agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é. Mar a thuigtear go forleathan, tá difríocht idir shoiscéal Eoin agus na trí chin eile (na Sionoptaigh) nuair a shuíonn sé glanadh an Teampaill ag Íosa ag tús a mhinistreachta seachas ag a deireadh, ag a tús tar éis mhiorúilt Cana, bíodh nach deirtear gurb díreach ina dhiaidh sin é. Tá spéis faoi leith ag Eoin, an Ceathrú Soiscéalaí, le léiriu faoi mar ar thug Íosa brí níos doimhne (ag tagairt do féin agus dá mhisean) do fhéilte agus do thraidisiúin na nGiúdach. Sa ré nua, le haiséirí Chríost, corp aiséirithe Chríost a bheidh mar fhíor-theampall; agus ba iad a bhás ar an gcrois agus a aiséiri an fhior-Chásc, a dheascabáil chuig an Athair. I dTeampall Iarúsailéim féin, agus sa limistéir leathan thart timpeall air, i rith fhéile na Cásca, bhí gá le híobairtí, agus chuige sin bhí díol agus ceannach ainmhíthe riachtanach, agus mar aon leis sin malartóirí airgid le boinn airgid na Róimhe (le íomhá an Impire agus déithe bréige orthu) a shoinseáil go boinn eile (boinn ón Tuír) a raibh glacadh leo sa Teampall. Maidir le Teampall seo Dé de, ba fhada i gcéin an teampall seo agus a bhain leis ón rud a bhí in aigne ag Dia. Ag machnamh ar Salm 69:9 dó, “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe”, le díograis don Teampall, teach a Athar, rinne Íosa mar a rinne sé de réir léacht an lae inniu. Nuair a cuireadh ceist air comhartha a thabhairt, dúirt sé leo san a chuir an cheist: “Leagaigí an teampall seo , agus i dtrí lá tógfaidh me suas arís é”. Do léitheoirí Críostaí an tsoiscéil seo bheadh sé soiléir gur tagairt dá bhás agus dá aiseirí a bhí ann. Mheas a lucht éisteachta Giúdacha, thart ar an mbliain 29-30 nó 32-33 dár ré féin, gur ag tagairt don Teampall lámh leo a bhí sé. B’fheasach gur thosaigh maisiúchán an Teampaill sin ag an rí Hearód Mór sa bhliain 20-19 (roimh Chríost), maisiú nár chríochnaigh go dtí thart ar an mbliain 62 iar Chríost, go gairid sul ar scriosadh go hiomlán é sa bhliain 70 i. Ch.. Tar éis aiséirí do Chríost thuig a lucht leanúna an bhrí dhomhain a bhí lena dúirt Íosa agus an ceangal a bhí idir sin agus na scrioptúir.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:

Machnamh.Tugann na léachtaí cuireadh chun machnaimh dúinn. Mar shampla Íosa agus an Teampall in Iarúsailéim. Comhartha do láithreacht Dé i measc a phobail a bhi sa Teampall. Agus ionann láithreacht Dé agus naofacht Dé, agus glaoch chun machnamh ar an saol eile agus an naofacht a ghabhann leis abhus. Ach bhí an Teampall agus a ghabh leis éirithe saolta, agus cosúil le margadh. Bheadh teampall nua ann in i gcorp Íosa aisérithe, agus an glaoch chun bheith aontaithe le Íosa sa naofacht. Is corp Chríost an Eaglais, agus is teampall De an Eaglais chomh maith. Is teampall Dé na creidmhigh go léir, agus as sin glaoch chun naofachta acu. Mar a chuireann an tAspal Pól go deas é: “Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé, agus is sibhse an teampall sin”.

Agallamh. Tugannléachtaí an lae inniu cuireadh dúinn agallamh a dhéanamh le muintir ár linne féin maidir le cuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe go géar acu le tamall anuas, sin le rá creideamh i nDia dofheicthe, nó amhras faoi an ann dó nó di. Séantar creideamh ar bith i nDia a bheith ann go foscailte agus go láidir ag roinnt daoine inniu. Níl ach amhras ag roinnt eile daoine faoin gceist seo. Tá buíon eile fós ann a admhaíonn go bhfaigheann siad deacair nó dodhéanta “teagmháil”, “nasc” a dhéanamh le Neach dofheicthe. Tá alán daoine ann a bhfuil ardmheas acu ar an “spioradálta”, nó ar tóir na habsalóide, mar a thuigeann siad sin, nó mar a labhraíonn siad faoi, ach nach mian leo nádúr na “habsalóide” seo a shainmhiniú, ar bhfearr leo sin a fhágaint éideimhin. B’ionann an scéal san Aithin, i slí, i laethanta Phóil. Ag labhairt dó don chomhairle léannta san Areopagus dúirt sé leo gur thug sé faoi deara gur daoine iad a bhí diaganta thar na bearta agus gur tháinig sé ar altóir ar a raibh an inscríbhinn seo greanta: “In onóir do dhia anaithnid”. Thug sin an deis dó a rá: “An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh”, Dia a fhoilsigh é féin trí Íosa Críost agus a aiséirí ó mhairbh. Níor lean as sin ach slán dea-bhéasach ó lucht an Areopagus.

Tríd an stair síos, go dtí ár laethanta féin, bhí gluaiseachtaí ann ar mhian leo creidimh agus reiligiuin thraidisiúnta, a raibh créanna beachta creidimh acu mar aon le spioradáltacht agus meon aigne a eascair as na créanna sin, gluaiseachtaí a bhí ag iarraidh idir sean-chré, spioradáltacht agus meon aigne a athrú go cinn eile a bheadh níos inghlactha ag ré nua agus an cultúr a ghabhann leis. In agallamh le gluaiseachtaí dá leithéid agus luí an phobail fúthu, is maith an rud cuirtéis do thuairmí daoine eile a nascadh le seasamh láidir ar bhunphrionsabail an chreidimh Chríostaí agus an cleachtadh a leanann as. Mar a deirtear i gCéad Litir Naomh Peadar (1 Peadar 3:15): “Bígí réidh i gcónaí cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim”.

Ní raibh an t-aondiachas, an monadiachas, an creideamh i aon Dia dofheicthe amháin, ní raibh sin éasca riamh. Ó thús bhí an cathú ann claonadh chuig ildiachas, agus íomhánna a dhéanamh do dhéithe éagsúla. Bhí ceann amháin de na Deich nAitheanta ina gcoinne sin. An t-aondiachas mar a tuigeadh níos déanaí é, cuireadh i láthair go soiléir é céaduair tríd an Dara Íseáia thart ar an mbliain 550 roimh Chríost. Bíodh go bhfuil Dia dofheicthe, níl sé, ní sí, anaithnid. Labhair an Réaltacht Bhunaidh seo, an Absalóid, go minic agus i slíte éagsúla, trí Mhaois agus na fáithe, agus i slí chríochnaitheach trí Íosa Críost a fhoilsigh dúinn an Dia dofheicthe, an tAthair. Ní rud teibí é an t-aondiachas. Tá sé dírithe ar bheatha eiticiúil. D’fhoilsigh Dia é féin do Mhaois ní hamháin mar an tAon Dia amháin; chuir sé a thoil in iúl chomh maith trí na Deich nAitheanta le treoir a thabhairt maidir le seirbhís do Dhia agus don chomharsa.

Tá Dia eagnaí. Is é an eagna féin é, ach níor mhian leis sinn a shabháil trí eagna dhaonna nó tri shaothar daonna, ach tríd an chrois, trí bhás agus aiséirí a Mhic. Ní bheadh brí le haon agallamh i ré ar bith gan rúndiamhair na croise agus an aiséirí a bheith ann, faoi mar nach raibh san Areopagus i laethanta Phóil ná in aon agallamh ár linne féin.

Recommended Articles

Leave A Comment