15 Márta 2015 (B) An Ceathrú Domhnach den Charghas

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé don domhan, Fís Dé, an laige dhaonna, tús úrnua

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (2 Croinicí 36:14-16, 19-23). Léirítear fearg agus trócaire Dé trí dheoraíocht agus saoradh a phobail.                        Dhá Leabhar na gCroinicí (nach raibh iontu i dtús báire ach aon leabhar amháin) is athinsint idéalaithe ar luathstair Iosrael mar atá sin ar fail i Leabhair Shamúéil agus na Ríthe, leabhair eile den Bhíobla, foinsí eile atá caillte anois, agus bfhéidir míreanna cruthaithe ag samhlaíocht chruthaitheach an údair (an Croinicí) féin. Mura ionann agus Leabhair Shamúéil agus na Ríthe, cuireann an Croinicí réamhrá lena shaothar le cuntas na “staire” ó Ádhamh i leith.Tugann saothar seo an Chroinicí dúinn íomhá idéalaithe de Dháiví agus Solamh ach go háirithe, ag fágaint ar lár na laigí a bhí acu, a bpeacaí agus na scannail a bhain leo, a bhfuil cur síos lom orthu sna foinsí ar bhain sé úsáid astu. Tá spéis faoi leith sa saothar sa Teampall, ina throscán agus ina liotúirge, agus feictear ar Dháiví mar an té chuir tús leis san liotúirge sin agus leis an salmaireacht, agus mar eiseramláir dóibh. Ach d’ainneoin íomhá idéalaithe an údair ar an ré sa bhí thart, cuireann na foinsí céanna iallach air a adhmháil gur scriosadh an teampall, Cathair Naofa Iarúsailéim agus ríocht Iúda féin. Bhí an dealramh ar an scéal go raibh deireadh tagaithe ar Iosrael mar phobal tofa Dé, de bharr nár éisteadh lena ghuth a tháinig chucu arís agus arís eile trí na fáithe. Ach a bhuí le na fáithe céanna, le Irimia ach go háirithe, dearcadh ar thubaiste threascairt an Teampaill agus na cathrach agus ar an deoraiocht mar phionós seachas dheireadh iomlán caidrimh le Dia. Tháinig fáistine Irimia chucu go láidir agus go soiléir: tar éis seachtó bliain bheadh fáinne lae nua ann. Mar sin mar fhoirceann ar Leabhair na gCroinicí tá téacs tógtha as Leabhair gaolmhar le leabhar Irimia, is e sin le rá leabhair Eazrá agus Nihiniá ar réimeas Curus, rí agus impire na Peirse (nár bhain le creideamh Dhia Iosrael), a fuair glaoch ó Dhia teacht agus an tubaiste a chur ar ceal agus deireadh a chur leis an deoraíocht sa Bhaibealóin. Chuir Dia an cúram ar an impire pagánach seo Teampall Dé a athógaint in Iarúsailéim. Is ‘é an teachtaireacht atá ag léacht seo an lae inniu ná gur glanadh, ionú, seachas bascadh, is aidmh do phionós ó Dhia. Mheabhródh an foirceann seo do léitheoirí ana labhar seo briathra an dóchais a thug Dia do an braighdeanaigh sa Bhaibealóin mar atá siad le fáil i Leabhair Irinia (29:11): “Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh– smaointe síochánaí agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh”. Rud eile fós: i gcanón an Bhíobla ag na Giúdaigh, is iad Leabhair na gCroinicí, leis an bhfoirceann seo, leabhar deiridh an chanóin acu, le nóta dóchais tar éis gach tubaiste, agus sin do gach glúin.

Salm le Freagra (Salm 136[137]). Go gceanglaí mo theanga do mo chúláirí mura mbím, ag cuimhneamh ort.

An Dara Léacht (Eifísigh 2:4-10). Nuair a bhí sibh marbh trí bhur gcionta, slánaíodh sibh tríd an ghrásta. Sa réamhrá a chuireadar don litir chuig na hEifisigh scríobh na scoláirí H.G. May agus Bruce Metzger chomh hálainn sin fúithi go n-oireann a deirid do sliocht seo agus measaim gur fiú a mbriathra a thabhairt anseo: “Amharcann alán scoláiri ar an litir seo mar an ceann is uaisle de scríbhinní an aspal Pól. Is é téama na litreach giorra seo ná aidhm shíoraí Dé Eaglais chomhchoitianta Íosa Críosa a bhunú agus a thabhairt chun iomláine. Bíodh gur glaodh ar a baill ó chúlraí agus ó náisiúnachtaí difriula, glaodh ar bhaill an chomhluadair seo ag Dia an tAthair, slánaíodh iad agus tugadh maithiúnas dóibh tríd an Mhac, agus ionchorpraíodh iad i muintearas atá séalaithe agus treoirithe ag Spiorad atá ag lonnú iontu. (Tá an bhéim seo ar an Trionóid curtha in iúl i modh liriciúil sna háiteanna seo sa litir: 15,12,13; 2:18-20: 3;14,16,17; 4:4-6). Ag cur i láthair figiuirí chomh lonracha sin agus an Eaglais mar chorp Chríost (1:23; 4:16), foirgneamh nó teampall Dé (2:20-22), agus brídeach Chríost (5:23-32) tugann an t-údar leid dúinn ar an pribhileid thar na bearta agus an chinniúint atá ag creidmhigh, agus ar a ndualgaisí chomh maith”. Fís den Eaglais agus den bheatha Chrtísotaí atá anseo a spreag creidmhigh thar na blianta, ghlúin i ndiaih glúine, ní hamháin an gnáth-mhuintir ach saoithe ard-aigeanta chomh maith, agus a cuireadh i gcrot nua inár laethanta féin, go mór mór i doiciméidi na Comhairle Vatacáin II, sa Bhunreacht Lumen Gentium ar an Eaglais ach go háirithe, an eaglais mar Sholas do na náisiúin uile.

I léacht an lae inniu tn’a an bhéim ar ghrámór Dé dúinn go leir. don domhan. Ní do chéad tosaigh na Críostaíochta, do r’ean Aspal Pól, sin amháin, ach do gach aois. Meabhra@ionn s@i do creidmhigh, agus don chine daonna go léir, gur de dhéantús Dé sinn, saothar ealaine uaidh, lena ghlóir a fhogairt. Tugann an téacs seo chun cuimhne dúinn a scriobh Pol chuig na Coirintuigh (2 Coirinthigh 3:2-3) gur ionann an conradh nua agus litir scríofa inár gcroíthe ag an Spiorad Naomh. Saothar Dé, ní saothar daonna, atá ann, ach bronntanas ó ghrásta Dé, íonghlanadh chroí an duine ón pheaca. Glaotar orainn aithint a thabhairt don dínit atá again, agus maireachtáil dá réir.

An Soiscéal (Eoin 3:14-21). Thug Dia a Aonghin Mic uaidh chun go slánófaí an domhan tríd. Léacht seo an lae inniu is cuid den chomhrá í idir Íosa agus Nicodémas, agus d’aitheasdc íosa ar an ocáid sin. Ba uachtarán ar na Giúdaigh é Nicedémas, ball den Sanhedran, comhairle stiurtha na nGiúdach. Sa chomhairle sin chosain sé Íosa go dscreideach in éadan líonmhainti na nGiúdach. Bhí sé i lathair ag adhlacadh Íosa. Thainig sé go hÍosa istoíche de bharr eagla ó na Giúdaigh. Sa chomhrá aige lre hÍosa, baineann Íosa úsáid as téarmaí a bhfuil dha bhrí acu, ceann díobh ag tagairt don saol tadhaill seo, ceann eile le brí do shaol níos airde. Leagann Íosa béim air seo, nach mór do dhuine bheith ginte athuair le dul isteach i ríocht Dé, ginte ó lastuas, ón Spiorad. Ar an dul céanna baineann sé úsáid as téarma eile débhríoch ag tagairt dó féin: Ní mór dó bheith “ardaithe”, faoi mar ar arda:iodh an nathair nimhe san fhásach. “Caithfear Mac an Duine a ardú, io dtreo gach duine a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige”. An “t-ardú” atá in gceist ná ardú agus céasadh ar an gcrois i chiall amháin, ach i rúndiamhair Dé ardú chun glóire sa bhás sin, ina aiséirí agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar, le beatha nua a thabhairt. Ag a ardú fuair sé an bua ar Shátan agus ar fhórsaí an oilc sa domhan seo. Leanann léacht an lae inniu ar an réamhrá sin, ag baineann an leacht go léir leis an bheatha nua seo. Tá an teachtaireacht chéanna aici agus atá ag an dara léacht. Luann sí eachtra an nathair nimhe san fhásach (Uimhreacha 21:9). Leagtar béim arís ar ghrá Dé thar teorainn don domhan. Tháinig Íosa, agus fuair sé bás, ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol ach chun gio slánófaí an saol tríd. Mar mhaschnamh air seo is f’eidir a r’a gur ionann slánú agus cúl a thabhairt le peaca agus Íosa a leanúint. Solas Dé é Íosa, a nochtann an peaca mar pheaqca, agus matr sin a thugann breithiunas leis.

  1. C.Machnamh agus an Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Grá Dé don domhan, Fís Dé, an laige dhaonna, tús úrnua

Tugann léachtaí an lae inniu deis bhreá dúinn agallamh cuí a dhéanamh idir an eaglais, an scéala Críostaí, fís an chune dghaonna agus na fórsaí atá ag feidhmiu sa domhan ina mhairimid. AR thaobh amháin de tá fis, léargas, Dé againn faoi ghré Dé don domhan, mar a chuireann Íosa féin in iúl go láidir ‘e I Sgoisc:eal Naomh Eoin: Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur chuir s@e a Aonghin Mac chugainn. Ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ach go slánofaí an saol tríd. Tá an intinn chéanna sin léirithe sa dara léacht inniu ón litir chuyig na hEifisigh: Tá Dia lán de thrócaire, mar le barr grá dúinn bheoigh sé sinn in bpáirt le Criost. Tá fís sin Dé, agus gníomhú sin Dé, i gCríost le dul ar aghaidh san Eaglais. Is dheantús Dé í an Eaglais agus na creidmhigh uile, saothar ealaíne De iad.. Cruthaíodh iad uile in Íosa Criost chun fianaise a thabhairt don saol trí dea-oibreacha á gcleachtadh acu.

Le fís sin Dé a fhíoradh sa saol seo ní mór do chreidmigh bheith deimhin de, agus den fhiúntas atá ann dóibh go pearsanta. Agus is fiú machnmah ar an méid a deir an dara léacht san ‘abhar seo:ní uainn féin an slánú ná fíoradh na fise, ach is tabhartas ó Dhia iad. Tugann seo chun cuimhne a deir Pól agus é ag machnamh ar ghlóir agus ar phribiléid an chnartha nua (2 Coirintigh 4:7): “Is i prócaí cré atá an tseoid seo i gcoimead againn, d’fonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í”. Is ró-mhinic a bhíonn cosa cré ag cléirigh na hEaglaise agus ag roinnt de na creidmhigh eile, a chuireann bac ar an éifeacht a bheadh acu ábharthacht agus bainteacht fhís seo ghrá Dé do shaol an ale inniu a léiriú.

Ach taobh amuigh de seo go léir tá gnéithe eile de fhís seo ghrá Dé don saol, don domhan, a bheadh oiriunach d’agallamh le aol an lae inniu. Tháinig Íosa le go mbeadh an bheatha ag an saol, agus go mbeadh sí go fial aige (Eoin 10:10). Is beatha agus solas e Íosa. Mar sholas tugann sé chun solais an eaca ag us a bhfuil mícheart, agus sa mh’eid seo tugann an solas breiothiunas. Ionann slánú agus glacadh leis an solas, le fís Dé don bheatha. Tagann an bheath seo trí “bhás” a fháil dá bhfuil dorcha agus peacúil san duione daonna. Ní fís nó teachtaireacht í seo a ghlactar leis go ró-éasca i sochaí nach ghlacann le creideamh i nDia nó atá agnóiseach faoi bheith ann do Dhia. In aon agallamh le domhan an Iarthair an lae inniu, t’a teachtaireacht ag léachtaí an lae inniu ann do chreidmhigh: táthar ann atá réidh éisteacht le teagasc íosa agus is ann dóibh siúdnach bhfuil réidh sin a dhéanamh. Iarann na láachtaí seo ar chreidhmigh bheith reidh glacadh le fís D’e agus teachtaireacht Íosa, agus fianaise a thabhairt don fhís sin trína bheatha le cleachtadh an chreidimnh agus deimhne acu de/

Agus maidir leis na laigí atá san eaglais agus san fhreagra a tugrat go minic do theagasc Chríost, d’fheadfadh an Bíobla cabhair a thabhsitrt d;uion sasn abhar seo. Sa chead leacht inniu t’a cur síos ar theip phobal Iosrael freagra cu:I a thabhair to Dhia agus an tubaiste a lean as sin, ach sa deireadh th@aining trócaire nD’e isteach le tus úrnua a thabhairt d:a phobal. V]Vhruthaigh Dia f;ein gach rud go maith agusa chonaic se sé go raibh a raibh crithaithe aige go maith, go han-mhaith, ach nsin nuair a mh@eadaigh ar an bpeaca agus an olc, ghasbh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna s’e an duine (Genesis 1:1-21; 6:1-8). Ach thug sé isteach tús úrnua tar éis an Díle. Blianta ó shoin bhí scanaill san Eaglais agus t;á a n-iarsmai sin linn go fóill, agus bíodh gur trua sin ní cúis éadóchais é. Is   deis éle machnamh a dhéanamh ar fhírinní lárnacha. Ceann díobh sin ná go dtagann an bua, an rath, ó chumhacht Dé agus a ghrásta. Lonraíonn solas Dé dínit an duine agus a laigí. Is saiothar ealáine ó Dhia, deantús Dé, gach beatha Chríostaí. Spreagann na léachtaí seo sinn guí chun Dé go ndéanfadh an Eaglais, agus gach duine againn, rúndiuamhair seo Dé a mhaireachtáil mar is cóir. Mar a chuireann foirceann na dara léachta é: “Cruthaíodh sinn i bpáirt le hÍosa Críost chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha mar ba mhian le Dia ó thús”.

Recommended Articles

Leave A Comment