13 Meán Fomhair 2015 (B) An Ceathrú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Nuair is lag an Eaglais is ea is láidir í.
    1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Íseáia 50:5-9). Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte. Seo é an tríú hamhrán de chuid Ghiolla (nó Sheirbhíseach) an Tiarna de roinn Leabhar Íseáia ar a dtugtar An Dara hÍseáia. Seo iad ceithre amhráin Ghiolla an Tiarna: Íseáia 42:1-7; 49:1-7; 50:4-9; 52:13-53:12. Labhraíonn na hamhráin faoi Ghiolla an Tiarna atá tofa ag Dia le misean do phobal Iosrael a bhí faoi domheanmna agus don domhan mór chomh maith. Níl sé cinnte cérbh é an Giolla a bhí i gceist ag an fáidh céaduair agus é ag díriú a dháin do Iosrael, faoi dhrochmhisneach, i ndeoraíocht na Baibealóine nó in Iarúsailéim tamall gearr tar éis filleadh abhaile dóibh. Measann daoine áirithe gurbé é Iosrael pearsantaithe an Giolla, nó den Iosrael uiríslithe agus athnuaite dá mhisean don domhan. Measann daoine eile gur duine aonair atá i gceist, mar shampla an fáidh féin, nó chomhcheangal díobh, de dhuine aonair agus de phobal. Ach is cuma cé a bhí in aigne faoin Ghiolla céaduair, sa Tiomna Nua dearctar ar na hamhráin sin mar fháistíní faoi Chríost. San amhrán áirithe seo labhraíonn na Giolla faoina chaidreamh le Dia, faoi mar ar oscail Dia a chluas le tuiscint a bhaint as an méid ar fhulaing sé. Cuireann sé síos orthu sin agus ar a mhuinín gan teorann as Dia a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh toradh fónta ar a mhisean tríd ar fhulaing sé agus an náiriú a tugadh dó.

Salm le Freagra (Salm 114[115]). Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.

Dara Léacht (Séamas 2:14-18). Tá creideamh marbh gan dea-oibreacha. Ní mór an téacs áirithe seo a léamh taobh istigh de chomhthéacs ginearálta litir seo Shéamais, agus ní leis féin amháin. Tríd an litir seo síos caitheann Séamas dua lena dhéanamh soiléir nach mór do chreideamh i nDia, le bheith ionraic, toradh a thabhairt i ndea-oibreacha. Bíodh nach mbaineann sé úsáid as na téarmaí, dealraíonn sé go leagann sé béim ar an dá aithne grá Dé agus grá an chomharsa. Ní féidir le aon ghrá Dé a bheith ann dáiríre, nó creideamh i nDia na gloire, gan na dea-oibreacha de cabhair a thabhairt don chomharsa. Níl dearcadh Shéamais dleathaíoch, le béim ar an dlí amháin. An eagna Chríostaí faoi conas toil Dé a thuiscint agus a dhéanamh, is bronntanas ó Dhia é, nach mór í a iarraidh ar Dhia, agus sin le creideamh (Séamas 1:5-6). Dearcadh inmheánach an chreidimh, mar a thuigfeá ó Shéamas, is briathar in-síolaithe, síolaithe istigh i gcreidmhigh, é, atá in ann ár n-anam a shlánú (Séamas 1:21). Ba chóir do chreidmheach dearcadh air amhail is dá mba scáthán é leis an bhfíor-fhís Chríostaí a fheiceáil, ach atá gan mhaith mura chuirtear i bhfeidhm é le dea-oibreacha (Séamas 1:22-25). Is é is fíor-chreideamh i láthair Dé agus an Athar, dar le Séamas, ná cuairt a thabhairt ar na díleachtaí agus na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol sinn féin a thruailiú (Séamas 1:27). Iad sin a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, acu níor chóir dóibh aon fhabhar a thaispeáint idir shaibhir agus daibhir, ag déanamh leathchuma de na boicht agus umhlú go talamh roimh an duine saibhir (Séamas 2:1-7). Luann Séamas an “dlí ríoga”, dlí Mhaois a tháinig ó Dhia Rí na nUile, an dlí a bhí i lár baill ag Íosa ina sheanmóireacht faoi ríocht Dé: “Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin”. Soiléiríonn Séamas é seo trí shamplaí a thaispeánann go bhfuil “creideamh”, tuigthe mar áitiús intleachtúil ar fhírinní an chreidimh, go bhfuil sin gan mhaith mura cuirtear i bhfeidhm é trí ghníomh. Mura théann dea-oibreacha leis is marbh an creideamh.

            Mar atá sé sa leicseanáir, níl an mhír dheiridh soiléir, agus tá sé máchaileach sa mhéid nach leanann sé teacs an Bhíobla go dlúth. Is soiléir gur freagra atá sa ráiteas: “Séard a ba cheart a rá lena leithéid sin”, ach fágann sé ar lár téacs an Bhíobla díreach roimhe a léann mar seo: “Ach déarfadh duine éigin”. Agus tá an méid a deireann an duine sin níos soiléire i dtéacs seo an Bhíobla ná sa leicseanáir: “Tá creideamh agatsa and dea-oibreacha agamsa”. Agus leanann téacs an Bhíobla ar aghaidh (ag tabhairt freagra Shéamais): “Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha”. Dealraíonn sé gurb í staid an duine a labhair ná go bhfuil dhá ghrúpa de chreidmhigh san Eaglais, daoine le creideamh gan dea-oibreacha, agus agus daoine le dea-oibreacha, amhail agus go mba tíolacadh ó Dhia iad araon. Dá mba ann é dairíre an chead ghrúpa, ní fios cérbh iad: daoine a bhain míthuiscint as teagasc Phóil faoi chreideamh? Ar aon chuma cuireann Séamas dua ar féin anseo arís lena thaispeáint go bhfuil dul amú bunúsach ar a leithéidí: is marbh creideamh gan dea-oibreacha, agus ina litir, i dtéacs nach bhfuil i léacht an lae inniu, leanann sé air ag tabhairt freagra ar an gceist.

An Soiscéal (Marcas 8:27-35). Is tú an Críost. Ni foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt. Tá trí roinn tábhachtacha sa léacht seo: admháil chreidimh in Íosa mar an Críost (an Meisias); réamhinsint Íosa ar an masla le tabhairt dó agus ar a pháis; agus ansin Íosa ag cur seo go léir i láthair mar eiseamláir do gach aoinne ar mhaith leo é a leanúint. I gcuntas Mharcais táimíd fós i gcríocha pagánacha, i gceantar Chaesairia Philib, an ard-chathair nua a bhunaigh an teatrarc Héaród Pilib dó féin. Bhí cloiste cheana féin ag teatrarc na Gailíle Héaród Antipas ar iomrá Íosa, agus bhí tuairmí éagsúla ag an bpobal maidir leis, cuid acu á rá gurbh é Eoin Baiste é (a dícheannadh tamall roimhe sin) a bhí aiséirithe ó na mairbh; cuid eile á rá gurbh é an fáidh Éilias é; cuid eile gurbh é duine de na sean-fháithe é (feic Marcas 6:14-16). Cuireann Íosa anois ceist ar a dheisceabail faoi cén tuairim atá i measc an phobail faoi céard é féin, agus faigheann sé an freagra céanna agus a fuair Héaród Antipas. Ansin cuireann Íosa an cheist ar a dheisceabail faoina dtuairmí féin faoi. Thar cheann na ndeisceabal déanann Peadar admháil chreidimh in Íosa mar an Críost (an Meisias), an té a gealladh agus go rabhthas ag feitheamh leis. Níor shéan Íosa an admháil chreidimh seo, ach toisc an baol a a bhi ann dá ndéanfaí poiblí é thug sé ordú láidir é a choimeád faoi rún. Ba é ról an Mheisiais a rabhthas ag feitheamh leis ná iomrá agus glóir. Rinne Íosa soiléir dá dheisceabail gurbh é a mhalairt ar fad a bhí i ndán dó féin, uirísliu agus an bás. Tar éis ar tharla do Eoin Baiste tamall gearr roimhe sin, bheadh sé soiléir d’Íosa nárbh fhada gurbh amhlaidh a bheadh i ndán dó féin. Ní raibh ar chumas Pheadair glacadh leis seo. San fhásach chuir Sátan cathú ar Íosa slí an iomrá agus na glóire a ghlacadh. Dhiúltaigh Íosa dó sin. Anois déanann Íosa comparáid idir bhriathra Pheadair agus chathú Shátain. Smaointe saolta a bhí ag Peadar. B’éagsúil ar fad smaointe agus plean Dé. Ina dhiaidh sin casann Marcas ar théama gaolmhar, le Críost ag caint leis an slua maraon lena dheisceabail, agus le gach aoinne ar mhian leo Íosa a leanúint, nó a bhí á leanúint cheana féin. Ní mór dóibh bheith réidh d’aon deacracht a eascródh as an chinneadh sin, agus “a chros a thógaint”, áit a bhfuil feidhm bainte as an bfocal “cros” go meafarach. Ní mór dóibh bheith réidh fulaingt ar son Íosa agus an tSoiscéil, is é sin le gach ar sheasann teachtaireacht an tSoiscéil dó.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Nuair is lag an Eaglais is ea is láidir í.

Lenár linn féin, go háirithe san Eoraip agus i ndomhan an Bhéarla, tá géarchéimanna de shaghasanna éagsúla san Eaglais. Tá níos mó ná bunús amháin leo seo, ceann díobh an ghluaisesacht fhóirleathan i leith di-ealaisiú agus fiú aindiachais. Ach baineann roinnt díobh le saol na hEaglaise féin, amhail riarachán lochtach, líomhaintí gnéis in gcoinne na cléire agus cásanna cúirte a leanann astu. Cúis dhíomá agus imní do a lán iad sin, a thugann ar dhaoine áirithe cleachtadh an chreidimh nó fiú an creideamh féin a thréigean. Is déine a mhothaítear an fhadhb i dtíortha ina raibh an Eaglais agus an chléir faoi ardmheas, agus nach smaoineofaí ar an chléir a cháineadh. Cailleann an Eaglais a stádas morálta dá bharr agus táthar ann a mheasann nach bhfaighfidh sí thar nais riamh é.

            Dá bharr seo, agus ar chúiseanna eile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil géarleanúint á himirt ar an Eaglais, ar a laghad go bhfuil sí faoi bhrú. D’fhéadfadh seo a bheith ar son leas na hEaglaise. San Aifric sa cheathrú céad mar a raibh an Eaglais faoi shíocháin tar éis blianta fada de ghéarleanúint, agus beatha bheo spioradálta aici anois, dúirt an scoláire iomráiteach Ticonius nach bhféadfadh sé glacadh gurbh í Eaglais Chríost í toisc nach raibh sí faoi ghéarleanuint! D’fhéadfadh géarchéim san Eaglais, inniu nó am ar bith eile, bheith ag tabhairt cuireadh dúinn dearcadh ar an Eaglais mar atá sí dáiríre – mar Chorp Chríost, mar rúndiamhair. Tuigeann sí í féin níos fearr nuair a théann sí thar n-ais go dtí na Soiscéil agus teagasc Naomh Pól.

                Is gean dúinn go léir stádas; luíonn sé le nádúr an duine bheith faoi mheas agus onóir. Ach déanaimis machnamh ar shampla agus ar theachtaireacht Íosa. Tar éis a bhaiste agus tar eis don Athair glaoch ó neamh gurbh é a Mhac muirneach é dár thug sé gnaoi, d’fhéadfaimis a shamhlú gur rith sé leis leas a bhaint as an stádas sin. Agus sin díreach a rinne Sátan iarracht air a dhéanamh sa phromhadh san fhásach. Ina ionad sin, deir an luath-iomann Criostaí atá againn sa Litir chuig na Filipigh 2:5-11 gur ísligh Íosa é féin go bás fiú na croise. Ag Caesairia Philib d’airigh Péadar tagairt Íosa dá uirisliú féin agus dá bhás an iomad le glacadhh, ach mar dheisceabal Chríost ghlac sé leis an rúndiamhair níos déanaí. Don Fhairisíneach Sól (Pól níos déanaí) bheadh bás ar chrois do dhuine a measadh mar Meisias déistsanach, nach bhféadfaí glacadh leis. Ach thug Dia le tuiscint dó gurbh é sin toil Dé agus plean shlánaithe Dé. I gCríost agus san eaglais feidhmíonn Dia trí laige dhaonna. Tháinig Pól chun tuisceana air sin tri na contrárachtaí ina mhinistreacht agus ina bheatha pheasanta, a thug air scríobh: “Nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir” (2 Corantaigh 12:10). Ina chuid seanmóireachta ar an Soiscéal is geal leis béim a leagan ar ionad na croise agus aiséirí Chríost, le go mbeadh an creideamh Críostaí bunaithe ar ghrásta agus chumhacht Dé, seachas ar réasúnaíocht agus an eagna dhaonna. Ba thoil le Dia an domhan a shlánú trí dhith chéille na croise seachas trí eagna (mar ba mhaith le Gréigigh) nó trí míorúilti, chomharthai, ar gean le Giúdaigh. Ní hé nach bhfuil meas ag an Eaglais ar an eagna agus intleachtacht dhaonna. Mar aon le Pól, glaotar ar chreidmhigh bheith lúcháireach i gcónaí agus a n-aire a dhíriu “ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta” (Filipigh 4:8). Is leanúint ar bhás agus aiséiri Chríost an creideamh Críostaí, rúndiamhair le tuiscint tri chreideamh, agus trí urnaí leis an rúndiamhair mhór seo a thuiscint. Tá Críost in éineacht leis an Eaglais, agus i gcroí gach creidmhigh, ag tabhairrt deimhne nuair is déine an t-amhras agus buaireamh an tsaoil.

Recommended Articles

Leave A Comment