18 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Naoú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Íseáia 53:10-11). Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena laethe. Mar an sliocht a théann díreach roimh an cheann seo sa Leabhar (Íseáia 53:7-8: “Amhail uan á sheoladh chuna choscartha”) tugann an léacht seo cuireadh dúinn an cheist a chur faoi mar a chuir an feidhmeannach Aetópach cuig an déagánach Pilib é (Gníomhartha 8:32-34): “Cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?” Tríd na haoiseanna síos, agus an lá seo féin, tá an cheist chéanna á cur ag scoláiri an Bhíobla, agus leanfar air dá cur. Ar aon chaoi, is é an duine í gceist ná Giolla an Tiarna, a bhfuil cur síos ar an méid a fhulaing sé í mhír níos luaithe den téacs seo. Foirceann ar na ceithre cinn de Amhráin Ghíolla an Tiarna atá sa mhír seo agus labhraíonn sé ar chaithréim an Ghiolla trí uilechumhacht Dé. Rinne an Giolla a bheatha a ofráil mar leorghníomh. Trína pheannaidí déanfaidh an Ghiolla mórán a shlánú. Ag breathnú orthu iontu féin amháin, gan comhlíonadh sa Tiomna Nua a chur san áireamh, bheadh ceisteanna le freagairt faoi cérbh é an Giolla, agus fós fiú leis a gcomhíonadh sin san áireamh, cérbh é in aigne an fhile agus an fháidh a chead chum iad: An é an Giolla an fáidh féin, duine éigin eile, nó pobal Íosrael a fhulaing agus atá íonglanta anois. Mar a mhínigh an deagánach Pilib don choillteán Aetópach, is soiléir an freagra don chreidmheach. Is é an Giolla Íosa Críost gur trína ísliú, a pheannaidí, a bhás agus a aiséirí a rinneadh plean shlánaithe Dé a chomhlíonadh, agus trína dhéantar muintearas idir mhóran le Dia. Fuair Críost bas in éiric peacaí, peacaí ar thóg sé ar féin.

Salm le Freagra (Salm 32[33]). Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Dara Léacht (Eabhraigh 4:14-16). Druidimis go teann i leith cathaoir an ghrásta. An comhluadar Críostaí ar scríobhadh an litir seo chuige bhí sé dá chéasadh agus faoi chathú creideamh Chriost a thréigean. Mheabhraigh an t-údar cheana féin dóibh an tábhacht a bhain le dílse do Chríost, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne an díchreidimh (Eabhraigh 3:7-19). Sa léacht seo tugann sé bunús breise i gcóir dílse do Chríost agus agus do mhuinín ann. I liotúirge na nGiúdach bhí an tArdsagart lárnach do sheirbhísí Lá Mhór an Leorghnímh. Do Chríostaithe is é Críost an sagart, an tArdsagart, fiú an tArdsagart Mór. Rinne Críost leorghníomh in éiric an pheaca. Ach mar ardsagart ní pearsa i bhfad i gcéin é. Ag a deascabháil, a ghlóiriú, chuaigh sé, mar a dhéarfá, tríd na flaithis, ach le bheith suite ar dheasláimh Dé le idirghuí a dhéanamh ar son na bpeacach agus iad sin faoi bhrú. Ar dheasláimh Dé dó bhí sé i gcónaí ina Mhac Dé ioncollaithe, a rinneadh go hiomlán daonna, agus a mhair sa saol seo, a bhí faoi chathú, agus a fhulaing mar is dual do aon duine daonna. Mar sin, tuigeann sé go hiomlán na laigí daonna. Leanann as sin gur chóir do chreidmhigh ann muinín gan teorainn a bheith acu as nuair a bhíonn siad faoi bhrú agus faoi chathú creideamh ann a thréigean. Ba chóir dóibh druidim go teann i leith chathaoir ghrásta Chríost, le cabhair a fháil uaidh a chuideoidh leo lá an ghátair.

An Soiscéal (Marcas 10:35-45). Tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán. Sa sliocht díreach roimh an léacht seo thug Íosa an tríú réamhinstint ar a pháis, ag cur síos inti go mion ar na huiríslithe, an fhulaingt agus an bás a bhí i ndán dó in Iarúsailéim, ach an babhta seo ag lua go raibh sé chun éirí arís ar an treas lá. Cuirtear Íosa i láthair ag siúil chun tosaigh ar an mbuíon deisceabal. Sa léacht seo tagann na deartháireacha Séamus agus Eoin, beirt de thriúr cairde cléibh Íosa (Peadar an tríú ceann), i láthair Íosa lena n-iarratas a dhéanamh. (In insint Mhatha is í a máthair a dhéanann an t-iarratas.) Ba é a n-iarratas ná go mbeadh an bheirt acu ina suí sna postanna ab fhearr, duine ar a dheis agus an duine eile ar a chlé, “ina ghlóir”, is é sin le rá, is dóichí, ina ríocht a mheasadar a bhí le teacht go luath ar talamh. Tugann seo le fios nach raibh aon tuiscint acu ar a raibh le tarlú go tragóideach go luath agus ar labhair Íosa leo fúthu, ná ar rúndiamhair shlanaithe Dé i mbás agus aiséirí Chríost. Tugann Íosa freagra faoin gcupa atá le hól aige agus an baisteadh lena raibh sé lena bhaisteadh. Caint mheafarach an dá fhocal. Is dócha go dhéanann an cupa tagairt do pháis agus bhás. I Geitséamainí iarannn Íosa ar a Athair, dá mba thoil leis, “an cupa seo” a thógaint uaidh. An baisteadh ina raibh Íosa lena bhaisteadh is meafar é de thubaiste threascarach, gur samhail í uiscí na díleann (Salm 41[42]:1-2; Íseáia 43:2). D’fhreagair an bheirt go raibh ar a gcumas an cupa a ól, agus dúirt Íosa leo go ndéanfadh siad sin. Cuireadh Séamus chun báis go luath (Gníomhartha 12:1-2). Mheabhraigh Íosa dóibh nárbh faoi féin aon onóracha a bhronnadh. Bhain sin lena Athair. B’fhada ón “ghlóir” agus ón “riocht” a bhí in aigne na beirte agus a tháinig ar an saol tar éis bháis agus aiséiri Chríost.

Sa dara mír den léacht tá rabhadh faoi bheith ag iarrraidh ardú céime dó féin i measc na nAspal, nó ceannairí na hEaglaise. Ní mór Íosa a bheith acu mar eiseamláir, nár tháinig go mbeifí ag freastal air ach go ndéanfadh sé féin freastal, agus “a bheatha a thabhairt mar cheannach ar mhórán”. Tá brí na bhfocal sin cosúil le beannacht Íosa ar an gcailís ag an Suipéar Déanach ag Marcas: “Is í seo m’fhuilse an Tiomna Nua atá le dortadh ar son a lán” (“ar son móráin”) (Marcas 14:24). Ní mór cúpla focal a rá maidir leis an bhfocal sin “ceannach” (ar mhórán). Taobh thiar de tá focal Eabhraise ar bhunbhrí leis “fuascailt” (le hairgead a dhíol), agus bríonna gaolmhara leis sin. Ach cuirtear i leith Dia é, ag fuascailt Iosrael ón Éigipt – gan aon airgead ná rud eile a dhíol; agus mar an gcéanna fuascailt ón Bhaibealóin. Ní ceannach sa ghnáthchiall atá i gceist, ach fuascailt. Fágann aistriúchain éagsúla eile téama an airgid agus eile ann, mar shampla as Béarla ransom¸fuascailt chime le suim airgid nó le luach chuí. Agus sa Ghaeilge, ón tSeanGhaeilge i leith, agus i roinnt nua-aistriucháin, tá éiric” le fail, le bunbhrí “íoc cúitimh”, fineáil” agus mar sin de. (Beo fós sa sport: “cic éirice”!) Thug sin dúinn na briathra “in éiric ár bpeacaí”. Maidir le na briathra “ar son móráin”, nó “a lán”, ní hionann sin agus a a rá go bhfuil toradh bhás Íosa teoranta. Tá an nath, i slí, faoi thionchar Amhráin Ghiolla Dé, mar shampla Íseáias 53:11-12: “Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de mhórán …bhí coireanna móráin ar iompar aige agus é ag déanamh eadrán ar son na bpeacach”.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. An Eaglais Searbhónta

 

Déantar an Eaglais a cháineadh go minic inniu toisc í a bheith ró-fhada i gcéin ón eiseamláir a thug Íosa dúinn agus atá curtha inár láthair ina shoiscéal ag Marcas – cáineadh a bhfuil bunús leis. Céaduair bhí briathra Íosa dírithe ar a chuid Aspal, agus rinneadh soiléir dóibh nach raibh cuspa riaracháin shoisialta phoiblí an ama sin oiriúnach dóibh. Rinneadh teagasc Íosa faoi sheirbhís, agus a lucht leanúna a bheith ina searbhóntaí dá chéile, coitianta, agus tá sé lárnach, mar shampla, san teagasc a thug Pól dá eaglaisí siúd ina litreacha. Lárphointe an tSoiscéil in Aifreann an lae inniu ná gurb é Críost féin is eisesamláir dá lucht leanúna, agus nár chóir do aoinne dá lucht leanúna a bheith á bhrú féin chun tosaigh seachas bheith mar Chríost, ina shearbhónta.

            Ach le filleadh ar na haspail agus a gcomharbaí, tá samhail na seirbhíse lárnach do Phól. Ar son an tsoiscéil, deir sé, rinneadh seirbhíseach do chách de le cách a ghnóthú do Chríost. Faoi mar ar mheabhraigh Íosa dá chuid aspal: dá ma mhian le aoinne bheith i dtosach níorbh fholáir dó bheith ina sheirbhíseach do chách. Níor thóg sin na haspail gan an soiscéal a fhógairt ina iomláine gan scáth gan eagla. Mar mhinistri an tsoiscéil ba ionann iad uile, ar chomhchéim, leis an misean céanna ó Dhia. D’fhéadfadh Pól é féin a chur i láthair mar shearbhónta do gach aoinne, ach san am céanna ag déanamh soiléir gur fheidhmigh sé mar aspal agus gur fhógair sé an soiscéal leis an mhuinín a tháinig chuige ón ghairm a bhí aige mar aspal. D’fhéadfadh sé a rá: “Ní mise a deir, ach an Tiarna”. Sheachaid sé féin an teagasc a fuair sé féin ón Tiarna agus ón luath-thraidisiún Críostaí.

            Ag machnamh ar an mbaint atá aige sin go léir le teachtaireacht Chríost don lá atá inniu ann, is féidir linn a rá go deimhin go mbaineann an teachtaireacht a bheith ina seirbhísigh dá chéile le comharbaí na nAspal agus le Críostaithe. Nuair a dhéantar cáineadh ar an Eaglais toisc gur imigh sí ar leataobh ó theachtaireacht an tSoiscéil, ba chóir gan dearmad a dhéanamh den dteachtaireacht fháidhiúil atá ag an Eaglais an soiscéal a fhógairt faoi mar is gá sin inniu, agus sin ina iomláine gan scáth gan eagla. Ag déanamh sin di tá aici mar eiseamláir Pól naofa, a bhí gach rud do gach duine, mar shearbhónta do Shoiscéal Dé.

Recommended Articles

Leave A Comment