8 Samhain 2015 (B) An Dara Domhnach Tríochad Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Éire ár linne ar tóir féintuisceana. An daonnachas nó Críostaíocht a bheidh ann?
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (1 Ríthe 17:10-16). Rinne an bhaintreach toirtín beag as a cuid mine agus thug sí chuig Éilias é. Seo é ceann de scéalta an Bhíobla maidir leis an bhfáidh Éilias. Mhair Éilias i ríocht Thuaisceart Iosrael ina raibh Achab mar rí, a bhí posta leis an bhean phagánach Iezebel. Críoch de chuid an fhír-Dhé Iávé a bhí i dtír Iosrael. Ba é dia Iezebel ná Bál, dia a tír dhúchais Siodón. Bhi Iezebel cíocrach cultas a dé féin Bál a thabhairt isteach in Iosrael. Sheas an fáidh Éilias go tréan i gcoinne iarrachtaí Achab agus Iezebel sin a dhéanamh. Leagann na scéalta faoi Éilias i Leabhair na Ríthe béim láidir ar sheasamh láidir Éilias in éadan Iezebel agus Achab agus faoi mar ar chosain Dia a fháidh go míorúilteach nuair a theitheann sé óna ngéarleanúint siúd. Sa chuntas sa léacht áirithe seo deirtear linn faoi mar ar ordaigh Dia do Éilias dul go críoch phagánach Siodóin, tír an dé Bál. San áit sin déanfaidh Dia cúram go míorúilteach dá leas. Níor chóir dúinn stró a chur orainn féin na sonraí faoi chúlra na heachtra seo a líonadh isteach, mar shampla conas a raibh eolas ag an bhaintreach cérb é Éilias agus mar sin de. Chreid móidíni an dé Bál, iad siúd a a chreid ann, gur dia na torthúlachta a bhí ann. Faoi mar ar thug Éilias tromach ar Iosrael, an tír ar mhaith le Iezebel a dia féin bheith i réim, anois bhí tromach chomh maith i Siodón, tír Bál féin. Lárphointe an scéil seo ná go bhfuil comhrá ag Éilias le baintreach phagánach, a ghéilleann dá iarratas roinnt bia agus dí a sholáthair dó, agus é ag tabhairt gealltanais di go mbeidh deireadh leis an tromach ag luath. Teachtaireacht a eascraíonn ón sliocht ná go bhfuil réimeas ag Dia Iosrael ar chríocha a measadh a bheith mar shealús ag an dia pagánach Bál. Roghnaítear an sliocht áirithe seo le dul leis an léacht i Soiscéal an lae inniu ina dhéantar tagairt do bhaintreach.

Salm le Freagra (Salm 145[146]). Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.

Dara Léacht (Eabhraigh 9:24-28). Ofráladh Críost an t-aon uair amháin agus an uair dheireanach nuair a thóg sé peacaí na ndaoine go léir air féin. Leanann an sliocht seo ar aghaidh ón gcur i láthair a rinne an t-údar ar Chríost mar an fíor-Ardsagart. Mar chúlra dá ndeireann sé, baineann an t-údar feidhm as an eolas a bheadh ag a léitheoirí maidir le liotúirge Theampall na nGiúdach agus ar chuntas an tSeantiomna ar a raibh sin bunaithe. Creideadh go raibh Teampall Iarúsailéim bunaithe ar shamhail, ar chuspa, den Taibearnacal, den bhoth, a bhí ag na Giúdaigh ag fánaíocht dóibh san fhásach. Agus an taibearnacal sin san fhásach measadh go raibh sé déanta de réir chuspa neamhaí a thaispeánadh do Mhaois ar Shliabh Sinai. Deirtear linn go ndúirt Dia le Maois (Exodus 26:30): “Tógfaidh tú an taibreanacal de réir an phatrúin a taispeánadh duit ar an sliabh”. Ba é an fíor-taibearneacal, mar sin, an ceann neamhaí. An ceann inar chuaigh an t-ardsagart Giúdach isteach ann uair amháin sa bhliain, agus gach bliain, le íobairt a ofráil le fuil ainmhíthe, ní raibh ann ach cóip den fhíor-taibearnacal seo. Críost, an fíor-ardsagart, trína bhás agus a chuid fola féin, ghabh sé isteach sa sanctóir neamhaí, le bheith ansin ar dheisláimh a Athar ag déanamh idirghuí ar son an chine dhaonna. Leagann an téacs béim ar seo gur de “uair amháin agus an uair dheireannnach” nádúr shaothar Críost. De réir dealraimh léiríonn an t-údar é seo le tagairt a dhéanamh do bhás an duine aonair. Ní tharlaíonn seo ach an aon uair amhain, agus leis an mbás téann duine isteach i réimse eile den bheith ann. Ag deireadh na léachta tá tagairt don bhreithiúnas tar éis bháis, agus do chríoch ama. I slí amháin tháinig deireadh ama le bás Chríost agus a aiséirí. Tháinig Críost céaduair le bás a fháil do mhaithiúnas na bpeacaí. Beidh aidhm eile ag a ateacht: a slánú siúd atá ag feitheamh go cíocrach lena theacht,

An Soiscéal (Marcas 12:38-44). Is mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile. Cáineadh géar ar na scríobhaithe Giúdacha ó Chríost atá anseo. Dlíodóirí ab ea na scríobhaithe sin, ní cóipeálithe ná peannairí, agus bhíodar faoi onóir agus faoi mheas mór sa tsochaí Ghiúdach chomh maith. De ghnáth ba dhlíodóirí agus diagairí iad san am céanna. Bhí ról tábhachtach acu sa tsochaí Ghiúdach ag leibhéil éagsúla, san ardchomhairle ina measc. Mar shaineolaithe i Dlí Mhaois bheadh cíocras acu don Dlí sin, agus bíodh nárb ghá gur baill den na Fairisínigh iad, bheidis fábharach do léargas an ghrúpa sin. I Soiscéal Mharcais, amhail sna Soiscéil eile, seachas an scríobhaí adeir Íosa leis nárbh fhada ó ríocht Dé é, feictear orthu i slí dhiúltach. Le linn ministreacht dheiridh Íosa in Iarúsailéim tá siad nasctha leis na hardsagairt agus an seanóirí mar naimhde i gcoinne Íosa. Tá cáineadh na scríobhaithe ag Íosa tugtha le mionchuntas níos iomláine ag Lúcas (20:45-47) agus Matha (23:1-78, mar aon leis na Fairisínigh). Cáineann Íosa a ngairéad, ina gculaith éadaigh, ina gcíocras go dtabharfaí aird orthu i log an mhargaidh, sna sionagóigí, ag na fleánna. Cuirtear mímhacántacht ina leith maidir le cúrsaí maoine agus eastáit, “ag íde títhe na mbaintreach”, b’fhéidir trí bheith ag éileamh costaisí ró-ard faoi chomhairle dlí. Cáintear chomh maith iad faoi bheith tugtha do urnaithe fada, rud ar labhair Íosa faoi ina a chuid seanmóireachta sa Ghailíl.

Sa dara cuid den léacht seo tá comparáid idir shintús deabhóideach ciúin na baintraí boichte agus sintiúisi toirtéiseacha an lucht shaibhir. Labhraíonn an teacs faoi “chiste” sa Teampall. Seans gurb é an cisteán lárionad sa Teampall le bronntanais a fháil. De réir tráchtais dhlíthiúil Giúdaigh i sanctóir an Teampaill bhí trí chófra déag i bhfoirm trumpa, agus fógra ar gach ceann acu do bhronntanas d’aidhm faoi leith (bronntanais d’ofráileacha éan agus mar sin de). D’fhéadfaí bonn airgid trom an lucht shaibhir a chloisteáil go héasca ag dul síos dó tríd an chófra i bhfoirm trumpa. Chuir an bhaintreach dhá bhonn airgid isteach (dhá chianóg; is é sin feoirling), is é sin boinn den mhéid is lú in airgead reatha na haimsure sin, a meastar a bheith ionann agus an seascadú cuid de denarius, an pá ba lú do shaothar lá oibre gnáth duine. Tugann Íosa faoi deara dínit agus áilleacht an ghnímh uasail, ba chuma cé chomh lú agus a bhí sé i dtuairim an tsaoil. Is iomaí sin dea-thogra a thug cianóg na baintrí cabhair dó tríd na haoiseanna síos.

                                                  

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae: Éire ár linne ar tóir féintuisceana. An daonnachas nó Críostaíocht a bheidh ann?

I soiscéal an lae inniu tugann Íosa foláireamh dá lucht leanúna bheith san airdeall faoi dhaoine mór le rá, le tionchar ar an bpobal, gur baol iad do theacht ann do ríocht Dé. Ní mór do phobal Dé bheith san airdeall i ngach aois faoi bhaol dá leithéid.

            Ní féidir gan tabhairt faoi deara sna míonna deiridh seo, nó le blianta anuas, go bhfuil guthanna ag glaoch ar phobal na hÉireann, go háirithe ar an aos óg, machnamh a dhéanamh ar an ábhar agus a chur in iúl cad í an fhís atá acu do Éirinn sa ré seo romhainn. Tagann an ghairm seo ó ranna de na meáin phoiblí, ó phoiliteoirí áirithe, ó phearsana poiblí, roinnt díobh le stádas nach beag. Tá glaonna ann do eitic náisiúnta, phoiblí. Ar uairibh tá na glaonna sin de nádúr neodrach, agus is maith ann iad. Ach ar uairibh eile is glaonna iad faoi Éire a bheadh saolta, fiú daonnachtach, agus eitic den cló céanna, gan áit ag creideamh ná tionchar uaidh ann.

            Is soiléir go bhfuil machnamh á dhéanamh ag pobal na hÉireann faoi cad é an sort tire atá uathu, agus cad í an fhís faoi sin a bheidh i réim. San ré sa ghabh tharainn tháinig an fhís sin ó phobal Caitliceach a bhí den chuid is mó de ag cleachtadh a gcreidimh. Tá an cás athraithe anois go bunúsach. Bíodh gur cháraigh 84% de phobal na Poblachta seo sa daonáireamh is déanaí (2011) mar Chaitlicigh Rómhánacha, tá sé beagnach cinnte go bhfuil líon nach beag díobh gur beag a n-eolas ar an bhfís Chríostaí mar a chuirtear sin inár láthair sa Tiomna Nua, fís ar rinneadh réaltacht di, a rinneadh beo í, i gcleachtadh an chreidimh agus taithí na sacramaintí.

            Táimid tagaithe anois go pointe ina ghlaotar orainn machnamh a dhéanamh faoi conas freagra a thabhairt ar an staid ina bhfuimid agus conas gluaiseacht ar aghaidh uaidh sin. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an méid a scríobh údar Chéad Litreach Pheadar do Chríostaithe a bhí faoi bhrú i lár na chéad aoise seo: “Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim” (1 Peadar 3:15-16). Éilíonn seo go mbeadh eolas cuíosach maith ag creidmhigh ar fhírinní a gcreidimh. Ba chóir gur chúram seo go léir do easpaig, paróistí, comhairlí paróistí, grúpaí tuata, agus eagrais eile a bhfuil baint acu leis na cúrsaí faoi chaibideal, le hiad a mheas go grinn agus iarracht a dhéanamh faoi eolas ar fhírinní an chreidimh agus na moráltachta Críostaí a leathnú amach mar is gá.

            Ní héasca an obair í seo. Tá an glaoch politiúil, saolta agus fiú daonnachtach atá i gceist againn i gcóir fís nua d’Éirinn dírithe ar an aos óg. Ní rud éasca é tabhairt ar ghlúin óg na hÉireann bheith díocasach faoi Chríost and an fhís seo Chríostaí faoina mbeatha féin agus faoin saol. Ach is fiú machnamh a dhéanamh air agus guí go dabharfaidh siad aird ar an mbaol atá ann dá gcreideamh. Is féidir linn go léir urnaí a chur suas chun Dé go n-ardóidh sé fir agus mná le ábaltacht i gcúrsaí liteartha agus i gcumas scríbhneoireachta, lán den fhís seo, leis an teachtaireacht chui a chur os comhair phobal an lae inniu i bhfriotal a oireann.

Recommended Articles

Leave A Comment