22 Samhain 2015 (B) Sollúntas Chríost Rí na nUile

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ríogacht Chríost. Bunchloch mhuiníne. Gairm do aontacht.
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Dainéil 7:13-14). Tiarnas síoraí a thiarnas. Sa réamhrá a thugamar don chéad léacht an Domhnach seo caite dúradh cúpla focal maidir le Leabhar Dhainéil. Scríobhadh é thart ar an mbliain 164 roimh Chríost, tráth a raibh an rí pagánach Aintíochas Eipifeanaes ag iarraidh creideamh na nGiúdach agus adhradh Dhia Iosrael a dhíothú go hiomlán. Is í teachtaireacht an leabhair seo ná nach n-éireodh leis. Tiocfadh críoch le ríochtaí uile an domhain, ach fanfaidh ríocht Dé go deo. Ionann teachtaireacht léacht an lae inniu. Feiceann an físí Dainéil neach amhail le Mac an Duine ag teacht ar néalta neimhe, ó na flaithis, murab ionann agus ríthe agus ríochtaí an domhain a tháing aníos as an fharraige. Feidhmíonn an neach amhail Mac an Duine i slí don pbobal Giúdach faoi ghéarleanuint agus níos mó fós; beidh an bua acu, agus réimeas leathan lena chois. Ní foláir ná gur thug an fhís seo uchtach thar an ghnáth dóibh siúd a bhí ag fulaingt géarleanúna. Tá réimeas Dé, ríocht Dé, i láthair i slí éigin dhearfa i ngach aois. Sa Tiomna Nua oireann an fhís seo go hálainn do Chríost. Istigh san fhís tá cur síos fóirsteanach ar ríocht Dé, ar réimeas Chriost.

Salm le Freagra (Salm 92[93]). Tá an Tiarna ina Rí: tá sé gléasta le maorgacht.

Dara Léacht (Apacailipsis 1:5-8). Rialtóir ríthe an domhain, rinne sé sagairt agus ríthe dá Dhia dínn. Is faoi ríogact Chríost an léacht seo. Is rialtóir ríthe an domhain é Críost. Ach ní dó féin amháin a riagacht, a stádas ríoga. Tá grá aige dá mhuintir a bhfuair sé bás ar a son agus rinne sé díobh ríocht, ríthe agus sagairt chomh maith. Is é atá againn anseo ná cur i láthair faoi leith den bheatha Chríostaí atá le fail in áiteanna eile den Tiomna Nua. Is ríthe agus sagairt na creidmhigh, faoi mar a gealladh d’Iosrael san exodus, ag teacht amach dóibh ón Éigipt (Exodus 19:5-6): “Má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh, beidh sibhse thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe”. Ní dhéanann an téacs tagairt do ríthe nó do shagairt fheidhmeannacha i gciall an lae inniu de na briathra sin. Tá Críostaithe coisricthe agus rinneadh ríocht agus sagairt díobh le seirbhís a thabhairt do Dhia an tAthair, agus sin trí bheatha de réir an tSoiscéil agus faoi inspioráid an Spioraid Naoimh. Is mar sin a thagann ann do ríocht Dé sa saol tadhaill seo.

An Soiscéal (Eoin 18:33-37). De réir mar a deir tú, is rí mé. Le linn a ministreacht phoiblí d’fhógair Íosa ríocht Dé, fós le teacht acht i láthair cheana féin ina

chuid seannóireachta agus leigheasanna. Anois roimh bás dó athraíonn an radharc do Íosa é féin mar rí. Cuireadh coir poilitiúil ina leith ag na Giúdaigh, gur chuir sé é féin i lathair mar rí. Casann an comhrá idir Íosa agus Píoláit thart faoi seo. Admhaíonn Íosa gur rí é féin dáirire, ach nach in aon tuiscint saolta den fhocal é sin. Ní den saol seo a ríocht. Mar rí is é a mhisean fianaise a thabhairt don fhírinne.Is mó de rí-aoire é, agus éisteann a chuid féin lena ghuth, mar a dhéanfadh caoirigh le guth an aoire, Tugann seo sainmhiniú ar ar cad is brí le ríocht Chríost: fianaise a thabhairt don fhírinne agus teachtaireacht ón té ar bhunaigh a bhás faoi náire an Eaglais mar fhianaise bhuan do phlean shlánaithe Dé.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Ríogacht Chríost. Bunchloch mhuiníne. Gairm do aontacht.

Tosaíonn salm faoi ríocht Dé mar seo: “Is é an Tiarna is rí; gairdíodh an talamh” (Salm 97[96]). Is bonn muiníne é an creideamh in ríogacht Dé agus Chriost. Noctann Dia é féin go mór mór leis an aidhm seo, le lúcháir agus muinin a chothú. Leagann an Bíobla béim ar seo go bhfuil réimeas ag Dia ar chinniúint an duine aonair agus an chine dhaonna. Ní féidir le deachtóireach ar bith dhaonna a phlean diaga a mhilleadh nó a chur as riocht. Cuirtear béim ar chreideamh sa ríogacht seo go minic i dtrátha géarchéime. Tá seo soileir i bhfís Mhac ac Duine i Leabhar Dhainéil. Ba chúis mhuiníne an fhís dóibh siúd a bhí ag fulaingt go géar de bharr a gcreidimh i nDia Iosrael. Tugadh an fhéile seo isteach sa liotuirge céaduair ag an Pápa Pius XI sa bhliain 1925 mar fhreagra ar náisiúnachas agus an dí-eaglaiseachas a bhí ansin ag treisiú. Thug sé muinín i dtrátha ollsmachtaicais. Don fhísi Eoin taispeánann Críost é féin mar an fhinné dílis, an chéadghin ó mhairb, rialtóir ar ríthe an domhain, gur dó is dán do gach glúin chromadh ar deireadh thiar. Tá sé leis an Eaglais i ngach aois, ag tabhairt fianaise do fhirinne an Athar, agus, mar is gá, ag glaoch chun aithrí. I radharc an bhreithiúnais i Soiscéal Eoin is féidir Píoláit a thógaint mar chumhacht phoilitiúil neamhchreidmheach de réir cineáil de aois ar bith. Ní den saol seo ríocht Íosa.Tuigtear a nádúr ceart trí bhronntanas an chreidimh. Is é an finné dílis Críost Rí. Glaotar ar bhaill uile dá ríocht, is é sin an Eaglais, a bheith ina bhfinnéithe dá fhírinne sa domhan. I mbriathra Chríost féin dá fhísí Eoin, is líne de ríthe (ríocht) agus de shagairt iad dá Dhia agus dá Athair. I mbriatha Íosa do Phíoláit is chuige sin a tháinig sé ar an saol, chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne; agus iad sin a bhaineann lena ríocht dáiríre, agus atá ar thaobh na fírinne, éisteann siad lena ghlór. Tá teachtaireacht shimplí ag féile an lae seo dúinn go léir: Bíodh muinín gan teorainn againn as Dia, i gCríost ár Rí, atá i gcónaí lena Eaglais le í a neartú sa bhfíor-chreideamh. Ach éistimis chomh maith le glór Chríost an finné dílis agus le glór a Eaglaise a cuireadh ar bun le fianaise a thabhairt do ríocht Chríost inár lá seo féin.

Recommended Articles

Leave A Comment