29 Samhain 2015 (C) An Chéad Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Irimiá 33:14-16). Cuirfidh me d’fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví. Aidbhint, focal ón dtéarma Laidne adventus a chiallaíonn

teacht, is tréimhse fheithimh í, feitheamh le teacht éigin deimhin, bíodh sin pearsa nó ócáid faoi leith. Do Chríostaithe tugann sé chun cuimhne teacht Chríost céaduair ag a bhreith ag an Nollaig, nó a ateacht, a théarnamh, i gcumhacht faoi ghlóir le breith agus luach saothair a thabhairt. Idir eatorthu is féidir smaoineamh ar theacht Chríost de shíor, teacht ríocht Dé ar a dhéanaimid urnaí gach lá. Deirtear an méid seo faoi Aidbhint na gCríostaithe. Ach níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar Aidbhint fhada na nGiúdach, pobal a bhí ag faire ar feadh na gcianta ar theacht, ar Aidbhint, mhac Dháiví a bhí geallta. Bhí thíos seal agus thuas seal ag an Meisiasachas, súil le teacht an Mheisias Dháivígh, i stair Iosrael, ó laethanta Dháiví féin thart ar an mbliain 1000 roimh Chríost ar aghaidh. Le linn réimse na ríthe, le clann Dháiví féin i réim, go treascairt Iarúsailéim agus críoch rítheaghlach Dháiví sa bhliain 586 roimh Chríost, ní bhfuair ach beirt dá ríthe moladh ó stairí de chuid an Bhíobla. Ba chúis díomá an chuid ba mhó acu. Ba fhíor seo ach go háirithe faoin rí deiridh den tsraith, Zidiciá. Istigh ina ainm siúd, mar chuid de bhí an téarma Eabhraise zedek, “fíréantacht” agus an chuid eile yah, Yah(veh), an Tiarna, fíréantacht, plean shlánaithe an Tiarna. Ach maidir leis an rí Zidiciá d’fhéadfaí leagan eile de a bheith ann: zidki, “mo fhíréantacht”, fíréantacht an rí sin seachas slánú Dé. Leis na bríonna sin ina a aigne, de réir dealraimh, rinne an fáidh Irimiá an tairngreacht seo, thart ar an bhlian 586 b’fhéidir (Irimiá 23:5-6): “Féach, tá na laethanta ag teacht, an Tiarna a labhraíonn, agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh. … agus conóidh Iosrael faoi dhóchas. Agus is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht”, fíréantacht an phobail, “ár bhfíréantacht”. Is cuid d’aguisín do “Leabhar an tSóláis” i Leabhar Irimiá (Irimiá caibidil 30-33) léacht an lae inniu, ina dhéantar aithinsint ar fháistine sin Irimiá faoi Bheangán fíréanta do Dháiví, is é sin craobh nó géag úr, nua, do theaghlach Dháiví, do mhac agus oidhre Dháiví le teacht. Tá an fháistine seo níos óige ná ceann Irimiá féin (thart ar an bhliain 520, b’fhéidir, nuair a bhí athbhorradh áirithe an Meisiasachas), ach meabhraítear inti briathra Irimiá, ach an bhéim an babhta seo ar an bpobal agus ar an gcathair naofa seachas ar an rí féin. Conóidh Iarúsailéim i ndóchas, agus is uirthi, seachas ar an rí, a bhéarfar an t-ainm “An Tiarna-ár-bhfíréantacht”.

Salm le Freagra (Salm 24[25]). Chugatsa a thógaim m’anam, a Thiarna.

                 

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 3:12-4:2). Go ndaingní an Tiarna bhur gcroíthe sa naofacht ar theacht do Chríost. Tá an léacht ghairid seo tógtha as an scríbhinn is sinne den litriocht Chríostaí atá ar mairthean go fóill, an litir seo chuig na Teasalónaigh a scríobh Pól sa bhliain A.D. 51, fiche éigin bliain tar éis bháis agus aiséirí Chríost. Bhí a fhios ag Pól go maith gur ó ghníomhú agus ó ghrásta Dé a thagann tús agus fás na beatha Críostaí. Is dá bharr sin go bhfuil an méid a scríobhann sé chuig na Teasalónaigh curtha i bhfoirm urnaí chun Dé go leanfadh agus go mbeadh borradh ar a shoiscéalaíocht tosaigh chucu, borradh i mbeatha Chríostaí i ngrá dá chéile agus don chine daonna go léir. Agus mar aon leis sin, rud go mór i spiorad seo na hAidbhinte, guíonn Pól go mbeadh siad daingean sa naofacht agus iad gan cháim ag feitheamh le teacht an Tiarna. An teacht a bhí ina aigne ag Pól ná téarnamh an Tiarna Íosa ag deireadh an tsaoil, ach oireann a deir se go seoigh don Aidbhint agus don Nollaig – tráth ina thugann an Eaglais cuireadh chun faoistine do na creidmhigh. Ag deireadh na léachta déanann Pól achainí orthu léanúint den dea-obair, agus cur fiú lena n-iarrachtaí Dia a shásamh, agus gan dearmad a dhéanamh ar na treoracha, an teagasc Críostaí, a thug sé dóibh. Mar sin san Eaglais fós agus coíche mar ullmhú don Nollaig san Aidbhint, nó in aon tráth eile. Ní mór an deabhóid a nascadh leis an dteagasc, treoracha agus teagasc a bhfuil údarás ón dTiarna Íosa taobh thiar diobh.

An Soiscéal (Lúcás 21:25-28, 34-36). Tá bhur bhfuascailt in achmaireacht. Na léachtaí óna Soiscéil do gach ceann den na trí bliana den tsraith lotúirgeach (Matha, Marcas agus Lúcás) i   gcóir an chéad Domhnach den Aidbhint, tugann siad foláireamh ó Chríost dá lucht leanúna bheith san airdeall agus ullamh dá theacht, dá théarnamh, le breithiúnas a thabhairt. Is cuid gach ceann de na léachtaí seo de aitheasc fada Chríost, mar fhreagra ar cheist óna dheisceabail, faoi threascairt Iarúsailéim agus an chríoch ar gach rud ina dhiaidh sin. I léacht an lae inniu tá cuntas ar roinnt de na comharthai a deir Íosa a bheidh ann roimh an deireadh, Lá an Tiarna. Do chreidmhigh ba chóir gur ócáid lúcháire a bheadh in dTeacht Mhac an Duine le breithiúnas a thabhairt, lúcháir go raibh a bhfuascailt in achmaireacht. Cuirtear críoch leis an léacht le rabhadh ó Íosa faoin ullmhúchán is gá do thréimhse faire agus feithimh, don Aidbhint, tráth urnaí agus staonadh ó ragairne.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.

An bhliain seo caite sa mhir seo “Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an lae” is é an teideal a bhí ar an mhír ná: “Ag maireachtáil le foighid agus buanseasmhacht le Dia beo”. Is tráth feithimh í an Aidbhint, ag tabhairt cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an dtéama seo. Mairimid in aois ina bhfuil tuiscint mhaith againn cad is am ann, agus na mílte milliún de bhlianta atá ann ón bpléasc mhór, ó thosaigh an bheatha ó na chéad daoine daonna, agus ó thosaigh an speiceas lena mbainimid ar talamh. Ag coimeád leis an dtéama céanna: i rith a staire bhí feitheamh fada ag pobal Iosrael le teacht an tslánaithe a bhí geallta dóibh. Bhí físeanna acu de ré níos fearr ná an ceann ina mhair siad. Mhair siad trí pheannaidí agus anró. Mar an gcéanna leis an Eaglais. Nuair a thagann an focal seo Aidbhint chun cuimhne dúinn, tráth machnaimh é ar “theacht” rud éigin, ag feitheamh le teacht, le teacht ríocht Dé a raibh Iosrael ag feitheamh leis, agus fiú tar éis comhlíonadh le Críost, atá fós ag teacht, agus le teacht.

            Tráth ullmhúcháin a bhí san Aidbhint do theacht, do bhreith, Chríost um Nollaig. An focal Gaeilge sin “Nollaig” is ó théarma Laidine ar bhrí leis “ceiliúradh breithe” a thagann sé. In dtráth an chreidimh bheo, ba naofa an dá cheiliúradh, Aidbhint agus Nollaig. Agus mar atá cúrsaí anois is mó a bhaineann siad araon le tráchtáil agus caidreamh daonna ná le rúndiamhra an chreidimh. Mar sin is tráthúil an t-am í le machnamh a dhéanamh ar bhua an chreidimh, agus féachaint uirthi mar ghairm do athnuachan chreidimh. Tugann an Eaglais a leithéid de ghairm gach ré seal. Rinne an Pápa Benedict XVI í i 2011 ag comóradh iubhaile orga thús Chomhairle na Vatacáine, tráth inar ghairm sé bliain chreidimh faoi leith le tabhairt ar an Eaglais machnamh a dhéanamh a phráinní agus a bhí cúrsaí maidir le creideamh i nDia ar na saolta deireannacha seo. D’fhoilsigh sé Litir Aspalda álainn ar an ábhar, le fáil ar an idirlíon, ar fiú í a léamh i gcónaí.   Cuireann sé béim ar roinnt phointí ar fiú aird a thabhairt orthu. Seo cuid acu (paragraf 2): “Tarlaíonn sé go minic gur chúram níos mó do Chríostaithe cad a leanann go soisialta, cultúrtha agus ó thaobh poilitíochta as a gcuid saothair ná aon rud eile, ag meas i gcónaí gur bunús don saol poiblí an creideamh. Ach ní feidir glacadh leis a thuilleadh gur mar sin atá, ach a mhalairt ar fad — go séantar go poiblí é. Bíodh go bhféadfaí glacadh leis san aimsir atá thart go raibh cúlra, matrix, aonadach, aonghnéach ag an saol soisialta, a glacadh leis go héasca toisc gur creideamh a bhí ann agus leis na luachanna a spreag an creideamh sin, ní dócha gur amhlaidh an cás inniu i réimsí leathna den tsochaí, toisc géarchéim chreidimh a bheith ann atá tar éis dul i bhfeidhm go domhain ar a lán daoine”. Tá na briathra sin dírithe ar an Eaglais Chaitliceach ar fud an domhain ach is fíor iad i slí faoi leith d’Éirinn an lae inniu. Filleann an Pápa níos déanaí sa Litir ar an dtéama céanna. Ní mór machnamh ar an gcreideamh a ghéarú, a deir sé, le cabhair a thabhairt do chreidmhigh i gCríost teacht ar dhilseacht láidir comhfhiosach don Soiscéal, go mór mór sa tráth seo ina bhfuil an cine daonna ag dul trí agus ag mothú athrú comh domhain sin. Inniu, thar aon aois eile sa stair, tá an creideamh anois faoi bhrú ó shraith ceisteanna ag eascairt ó mheon athraithe, meon a chuireann teorainn, go háirithe inniu, le réimse chinnteacht an réasúin don mhéid ar féidir teacht air ó fhionnachtana eolaíochta agus teicneolaíochta. Ach mar sin féin ní raibh eagla ar an Eaglais riamh a léiriú nach féidir leis an gcreideamh agus eolaíocht atá fíor teacht salach ar a chéile, de bhrí go bhfuil siad araon dírithe ar theacht ar an bhfírinne, bíodh gur trí bhealaí éagsúla sin (paragraif 8 agus 12).

Recommended Articles

Leave A Comment