13 Nollaig 2015 (C) An Tríú Domhnach den Aidbhint

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bheith lúcáireach i gcónai. Tá an Tiarna i gcóngar.
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Sófania 3:14-18). Tógfaidh an Tiarna gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsolllúntais. Déanfar an léacht seo a mheas níos fearr má léitear í i gcoinne a cúlra bunaidh i Leabhar Sófania. Tá bailiúchán oracal i Leabhar Sófania, agus tá an chéad cheann díobh ag fógairt léirscriosta ar Iúda de bharr an sincréiteachais reiligiúnda atá ann, adhradh déithe bréige mar aon le cultas Dé Iosrael. Ina dhiaidh sin leathnaíonn breithiúnas Dé go náisiúin eile atá ciontach chomh maith, le filleadh ansin le treoraithe an phobail in Iarúsailéim agus Iúda a dhaoradh – na breithiuna, na fáithe agus na sagairt, na sagairt toisc go dtruaillíonn siad nithe naofa agu go sáraíonn siad an dlí – gan breith nó teagasc cóir a thabhairt is dócha. Ach glanfaidh an Tiarna Iarúsailéim, ag tógaint as a lár a cuid bladhmairí uaibhreacha agus ag fágaint pobal bocht uiríseal istigh ann, fuílleach Iosrael a lorgódh dídean in ainm an Tiarna.

            Is cuid de bheatha an chreidmhigh an peaca, an bhagairt ó Dhia agus pionós uaidh, ach ní thógann sin ó phlean Dé don chine daonna aagus dá phobal tofa. Plean agus beart Dé dá phobal, tá siad sin curtha in iúl sa salm a chuireann críoch le Leabhar Sófania agus gur éirim léacht an lae inniu é. Tá briathra dóchais agus sóláis dírithe ar Iarúsailéim, ar a dtugtar anseo Iníon Shíón i stíl an Bhíobla. Glactar leis go mbeidh an pobal nua seo bocht uiríseal, ag lorg dídin sa Tiarna. Níor chóir go ndéanfadh peacaí nó faillíocha sa ré a ghabh thart, ba chuma cé chomh trom nó chomh náireach iad, lagmhisneach a thabhairt. Is í teachtaireacht Dé ná gur choir gluaiseacht ar aghaidh ó ré agus peacaí den am atá thart. Tá peacaí maite. Lárthéama den salm agus den léacht seo ná lúcháir agus gartha áthais. Tá an Tiarna i measc a phobail, an Tiarna le cumhacht aige ré nua a chruthú, le lúcháir agus uchtach a thabhairt. Ní hamháin gur chóir dá phobal riméad a bheith air, ach fós a mheabhrú go bhfuil an Tiarna féin, a nDia, ina measc agus go ndéanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ar a phobal, ag tógaint gartha áthais ar a shon, faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais. Ba chóir gur chúis áthais é a fhios trí chreideamh a bheith againn go bhfuil Dia i láthair ag tabhairt maithiúnais ar pheacaí de ré atá thart agus ag tabhairt cumhachta don ré nua.

Salm le Freagra (Íseáia 12). Gáirigí le háthas agus le lúcháir, óir is mór é i do lár Neach Naofa Iosrael.                 

Dara Léacht (Filipigh 4:4-7). Ní fada uainn an Tiarna. Scríobh Pól an litir seo chuig na Filipigh le linn do bheith i bpriosún, in Efesus b’fhéidir, agus i mbaol báis. Dáiríre. is féidir anam Phóil a bhrath sa litir seo ag spré uaidh áthas agus lúcháir i gCríost. Ina thuairim ba bhronntanas ón Spiorad Naomh an lúcháir sin, mar a scríobh sé chuig na Teasalónaigh, eaglais i gcomhsaranacht Filipe mar ar bhunaigh sé eaglais tamall gearr tar éis dó an ceann a bhunú i bFilipe. Mheabhraigh sé le háthas do na Teasalónaigh faoin ábhar seo: “d’ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn i lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go bhfuil sibh mar shampla do na chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia” (1 Teasalónaigh 1:6). Eascraíonn an lúcháir seo ó bhronntanas an chreidimh, agus ón ré nua atá tagaithe leis. Déanann sí aithris ar Chríost féin, a rinne gairdeas sa Spiorad, agus a ghabh buíochas leis an Athair, Tiarna neimhe agus talún gur cheil sé rúndiamhra na ríochta ar lucht eagna agus éirime agus gur fhoilsigh sé do naíonáin iad (Lúcás 10:21). Ba chóir go mbeadh áthas agus lúcháir Chríostaí ag spré amach ó chreidmhigh, go mbeadh a n-­epieikeia (focal Gréigise saibhir i mbríonna), a gcneastacht, a gcaoimhe, a bhfoighne, le feiceáil ag cách. Is é is bun leis an dearcadh dearfach seo go léir ná nach “fada uainn an Tiarna”; tá an Tiarna i gcóngar; ní hé go bhfuil a ateacht i gcóngar, ach go bhfuil sé i láthair i gcumhacht, ag tabhairt leis síocháin agus áthas atá os cionn ár dtuisceana, láithreacht diaga a dhéantar beo tríd an urnaí.

An Soiscéal (Lúcás 3:10-18). Cad ata le déanamh againn? Táimid i dtréimhse na hAidbhinte, ag feitheamh le teacht Chriost, agus i ngach bliain sa Dara agus sa Tríú Domhnach cuireann an Soiscéal os ár gcomhair Eoin Baiste, an Réamhtheachtaire, a chéad thug chun solais go raibh Íosa tagaithe, Chraobhscaoil Eoin Baiste aithrí. I Soiscéal an lae inniu déanann sé soiléir dóibh siúd a thagann chuige cad a bhí le déanamh acu le go mbeadh an n-aithrí dáiríre.

  1. B.An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Bheith lúcáireach i gcónai. Tá an Tiarna i gcóngar.

Go traidisiúnta i liotúirge na hAidbhinte tugadh Domhnach Gaudete¸ Domhnach na Lúcháire, ar an tríú Domhnach den Aidbhint agus bhí téacs an lae inniu ón litir chuid na Filipigh mar loinneog don Iontróid ann. Baineann liotúirge Aifreann an lae seo go hiomlán leis an áthas agus an lúcháir ar chóir a bheith lárnach don bheatha Chríostaí, Ba chóir go mbeadh le feiceáil sa bheatha Chríostaí na suáilcí a luann Pól in a litir chuig na Filipigh, cneastacht, caoimhe, foighne, tuiscint dá chéile, bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil Dia, Críost, an Spiorad Naomh, i láthair, a Spiorad Naomh a thugann an deimhne go bhfuil an bua ag Criost ar laigí an tsaoil agus go bhfuil sé i láthair leis an bua sin a dhaingniú. Is finné an bheatha Chríostaí dó sin go léir. Is solas an domhain iad lucht leanúna Chríost. Is lóchrann agus lampa iad do láithreacht Dé sa domhan, faoi mar is finné Lampa an tSanctóra do láithreacht Chríost san Eocairist. Is finné an beatha Chríostaí faoi áthas agus lúcháir go bhfuil an Tiarna Dia i gcóngar agus go bhfuil slánú tagaithe i gCríost faoi mar is toil le Dia sin.

            Maidir le agallamh le ceisteanna an lae san ábhar seo, ní dochar a mheabhrú go bhfuil roinnt mhaith de shaol ár linne a dhiúltaíonn glacadh le creideamh i láithreacht Dé nó le slánú ó Dhia. Táthar ann a théann thar diúltiú amháin le slánú a lorg gan Dia nó gan aon reiligiún eagraithe, go mór mór an Eaglais Chaitliceach. Is finné do láithreacht Chríost agus Dé Lampa an tSanctóra, agus cuireann an lampa sin as do saoithe áirithe. Is téama geal le scríbhneoirí áirithe slánú gan Dia, mar shampla an dramadóir Tom Murphy ina dhráma The Sanctuary Lamp. I mír faoin dramadóir agus an dráma sin sa suíomh idirlín Wikipedia deirtear go bhfuil sé ag iniúchadh sa dráma seo an cath i gcoinne nihileachais agus faigheann sé modh slánaithe agus dóchais i gcumas an chine dhaonna trócaire agus grá a thaispeáint agus spioradáltacht indibhidiúil a aimsiú. Déantar den Lampa íomhá de sholas anam an duine aonair gan baint le dogma ná reiligiún.

            Labhair an Pápa Benedict XVI faoin ábhar atá i gceist againn in aitheasc dá chuid faoin Domhnach seo d’oilithrigh sa Róimh sa bhliain 2007. Dúirt sé: “Leiríonn rúndiamhair na Beithile Dia-linn dúinn, Dia gar dúinn agus ní hamháin sa chiall spáis agus ama; tá sé cóngarach dúinn toisc gur “phós” sé, mar a dhéarfá, ár ndaonnacht. Thóg sé air féin ár staid dhaonna; ba mhian leis bheith cosúil linn i ngach rud seachas an peaca le go mbeimidne cosúil leis sin. Is mar sin a eascraíonn an lúcháir Chriostaí ón deimhne seo: tá Dia cóngarach, tá sé linne, san áthas agus sa bhrón, i dtinneas agus i sláinte, mar chara agus mar chéile dílis. Agus maireann an lúcháir seo fiú i dtriobloidi agus i bhfulaingt. Ni mhaireann sí sa dromchla amháin; lonnaionn si i ndoimhne an duine a chuireann a iontaobh i nDia agus a chuireann muinin ann, Cuireann daoine áirithe an cheist: An féidir a leithéid de lúcháir a bheith againn inniu?” Freagra na ceiste ná gur féidir. Mar chrioch ar a aitheasc deir an Pápa: “Ionann bheith sona le Dia agus bheith grámhar mar Dhia, bheith cabharthach mar é, ag tabhairt seirbhíse do dhaoine eile mar é. Is ea; tagann grá isteach ina gcroithe siúd a théann i gcabhair orthu siúd atá uiríseal agus bocht. Lonnaíonn Dia iontu siúd a thugann grá mar sin agus bíonn lúcháir ar a n-anamacha. Ach, in a ionad sin, má dhéanann daoine íol den sonas cailleann siad a slí agus téann sé rite orthu an lúcháir ar a labhraíonn Íosa a aimsiú. Ar mhí-ámharaí an tsaoil is é seo a chuirtear i láthair ag cultuir a chuireann sonas an duine aonair in áit Dé, meoin aigne a fhaigheann a sprioc i lorg pléisiúir ar ais nó ar éigin, ag scaipeadh úsáid droganna mar mhodh éalaithe, ag lorg tearman i bparthas bréige, a léirítear níos déanaí a bheith go hiomlán mealltach”.

Recommended Articles

Leave A Comment