10 Eanáir 2016 (C) Féile Bhaiste Ár dTiarna

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Íseáia 40:1-5, 9-11).Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna. Roghnaíodh an léacht seo le dul le soiscéal an lae inniu. Labhraíonn an dá cheann faoi ré nua atá ar tí tosú. Sa chéad léacht tá glór ó neamh ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an dítreabh (thar an ghaineamhlach) bealach mór dár dTiarna”. Tugtar na focail sin chun cuimhne agus baintear úsáid astu sa réamhrá d’fhógairt na ré nua le Críost ag Eoin Baiste.

            Is féidir linn anois an chéad léacht seo a shuíomh ina háit chuí i Ieabhar Íseáia. Is tús í don dara roinn mhór den Leabhar seo, ar a dtugtar anois “An Dara Íseáia”. Tuigtear an léacht níos fearr nuair a shuítear i ina cúlra ceart staire. Tamall gearr tar éis an bhliain 586 roimh Chíost shrois an nuacht faoi threascairt an Teampaill agus Iarúsailéim na deoraithe sa Bhaibealóin, a raibh an fáidh Ézícéil gníomhach ina measc, ag fógairt díbheirg Dé de bharr pheacaí Iosrael. Tar éis threascairt na cathrach agus an Teampaill d’athraigh teachtaireacht an fhaidh sin go soiscéal na trócaire agus an dóchais don todhchaí. Dar le Leabhar Ézicéil bhíodh na deoraithe ag teacht chuig an fáidh le teachtaireacht ó Dhia a fháil uaidh, teachtaireacht ar thugadar cluas bhodhar di. D’fhéacadar ar an bhfáidh mar amhránaí dánta grá, nó cantaire bailéad fiú, gan baint ar a raibh iontu le cúrsaí an tsaoil nó an todhchaí. Na fáistiní a bhí aige anois faoi aiséirí náisiúnta agus thodhchaí ghlórmhar, b’ionann dóibh iad bheith chomh folamh le bailéad. Bhí an tImpire Nabúcadnazar a scrios a dtír dhúchais fós i réim. D’athraigh cúrsaí sa bhliain 560 nuair a tháinig deireadh le réim Nabúcadnazar. Sa bhliain 556 tháinig Nabonidus, rí deiridh na Baibealóine, i gcumhacht agus níorbh fhada gur thréig sé an Bheabalóin ar fad. Faoi 559 bhí buanna Cíoras, rí na Peirse, ag treisiú, agus ba léir nárbh fhada go mbeadh suim aige an Bheabalóin a ghabháil. Is thart ar an am sin a glaodh ar an bhfáidh anaithnid, ar a dtugtar anois “An Dara Íseáia” dul i mbun a theachtaireachta nua. Cloiseann sé glaoch ó neamh á rá leis an sólás a fhógairt do Iarúsailéim. Tá athrú tagaithe ar fhearg Dhé go grá agus dóchas. Fógraítear go bhfuil deireadh leis an deoraíocht. Tagann guth eile ó neamh ag fógairt nach foláir cosán a réiteach don Tiarna san fhásach (idir an Bheabalóin agus Iarúsailéim) le go mbeadh slí réidh ann don Tiarna ag filleadh go caithréimeach ar Iarúsailéim. Ansin labhraítear go díreach le Síón, sin le Iarúsailéim, á rá lei bheith ina callaire an Dea-Scéil go bailte (scriosta) Iúda go bhfuil Dia a Slánaitheoir ag teacht chucu, leis an dea-scéal: “Seo é bhur nDia”. (Is fearr an téacs a thuiscint mar seo ná mar: “A challaire an dea-scéil chuig Síón”.) Tá Dia Iosrael ag teacht thar an fhásach go Iarúsailéim le cumhacht, mar a bheadh aoire ag aoireacht a thréada, á n-iompar ar chlár a uchta.

            Is iontach seo go léir mar fhís don todhchaí, i bhfad ró-mhór le go ndéanfaí í a fhíoradh go láithreach bonn an tráth sin, agus go raibh sí mar sin mar inspioráid do ghlúine eile tríd na haoiseann síos. Ghlac Cíoras seilbh ar an mBaibealóin sa bhliain 539 agus thug sé cead do na Giúdaigh filleadh abhaile agus an Teampall a athógáil, ach cathair Iarúsailéim féin agus a múrtha as an áireamh. Níor fhill an iomad abhaile, ach rinneadh an Teampall a athogáil sa bhliain 515 agus lean pobal beag Iarúsailéim agus Iúda ar aghaidh (le neamhspleáchas ar feadh seal sna blianta 164 go 63 roimh Chríost) faoi impireachtaí na Peirse, na Gréige agus na Róimhe. Bheadh na Giúdaigh ag tnúth le fíoradh fhís Íseáia. Maidir le leagan an téacs Eabhraise “Tá glór ag fógairt: Réitigí cosán san fhásach”, cuireann an leagan Gréigise (an Seachtód) an t-aistriúchán seo air: “Guth ag glaoch san fhásach: Réitigí cosán”, agus is mar seo a bhaineann Eoin Baiste úsaid as.

Salm le Freagra (Salm 103[104]). A Thiarna, a Dhia liom, is rómhór thú go deimhin.

An Dara Léacht (Títeas 2:11-14; 3:4-7). Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine.Is ceann de na Litreacha ar a dtugtar Tréadlitreacha (1-2 Tiomóid, Títeas) an Litir chuig Títeas. Bíodh go bhfuil siad faoi ainm Phóil is é is dóichí ná gur forbairt ar theagasc Phóil atá iontu dírithe ar chúinsí níos déanaí seachas teacht díreach ón aspal féin. Tá an dealramh iontu go mbaineann siad le comhluadar Críostaí níos forbartha, níos eagrraithe, thar mar a bhí in aimsir Phóil, le heaspaig agus déagánaigh i gceannas, íomhá den Eaglais mar a bhí sí níos déanaí sa chéad aois. Bhí feiniúlacht bainte amach ag na Criostaíthe sa domhan Gréag-Rómhánach agus sna litreacha seo moltar dóibh maireachtáil i módh go mbeadh meas orthu sa domhan sin, ach le bheith dílis i gcónaí dá n-oidhreacht Chríostaí le Críost i lár baill ann.

Tá dhá shliocht difriúla i léacht an lae inniu, ach iad araon ag tagairt do fhoilsiú ghrá Dé trí Íosa Críost. Bheadh mar theideal ar an gcéad cheann: Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine. Baineann leacht an lae inniu, agus na Tréadlitreacha, feidhm as friotal cuimsitheach: fuair Críost bás ar son gach aoinne, ar son an uile dhuine.

Aidhm bhreith Chríost agus a theacht inár measc lena bheatha, agus an freagra is dual dó uainne, éirim na léachta seo. Tá muidne creidmhigh ag maireachtáil i dtráth idir eatorthu, idir theacht Chríost sa cholainn agus a ateacht ag deireadh na staire. Is í is brí leis gur cóir go mbeadh an pobal Críostaí cíocrach chun dea-oibreacha.

Tosaíonnn an dara sliocht (Títeas 3:4-7) le tagairt do fhoilsiú, nochtadh, chineáltas agus ghrá (filantropaíocht) Dé don chine daonna uile, ag leagaint béime ar seo nach de bharr aon dea-oibreachta fíréantachta a bheith déanta acu a tharla sin, acht as ucht a thrócaire. Shaor sé sinn trí ghlanadh uisce na hathghiniúna ag an baisteadh, nuair a dháil sé an Spiorad Naomh orainn go fial trí Íosa Críost ár Slánaitheoir. Ba í an aidhm a bhí leis seo ná go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí. Oireann an léacht seo go hálainn do Fhéile seo Bhaisteadh Chríost agus bronntanas an Spioraid Naoimh a thugann neart do chreidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil.

An Soiscéal (Lúcás 3:15-16, 21-22). Nuair a bhí Íosa féin baiste agus ag guí osclaíodh na flaithis. Tosaíonn gach ceann de na ceithre Soiscéil ar bheatha phoibli Íosa le cuntas ar sheanmóireacht Eoin Baiste agus bhaisteadh Íosa. Tá béim ar dhá phointe i léacht an lae inniu ó Shoiscéal Lúcáis: fionraí ar an bpobal faoi theacht an Meisias agus áit na hurnaí i ministreacht Íosa. Tá a fhios againn ó fhianaise an staraí Ghiúdaigh Iosefus, comhaimsearach le Lúcás, go ndeacha seanmóireacht Eoin Baiste i bhfeidhm go mór ar an bpobal. Is sothuigthe go measfadh daoine áirithe gurbh é an Mesiais é, rud a shéanann Eoin. Labhraíonn Eoin faoi dhuine eile níos treise ná é a bhí chun baisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Ní shonraíonn Eoin cad a bhí i gceist aige leis an Spiorad Naomh. Déanfar sin soiléir ag baisteadh Íosa. Déanann Íosa é féin amhail ball ar bith den “phobal uile” a bhí ag lorg baiste Eoin ag teacht chun baisteadh dó. Rud suntasach atá ag Lucás, nach bhfuil ag na soiscéalaithe eile, ná urnaí Íosa tar éis a bhaiste. Tús do noiméad nua ina mhisean a bhí ann agus meabhraíonn Lúcás dúinn go ndéanfadh Íosa dul i leataobh do urnaí ina leithéid de chásanna. Roimh an Dáréag a roghnú chuaigh Íosa amach faoin sliabh chun gui, agus thug an oíche go léir ag guí Dé (Lúcás 6:12). Luann an trí Shoisceal Sinoptacha urnaí Íosa i Geitséamainí. Bhí Íosa bainteach le fhoilsiú rúndiamhair Dé, rúndiamhair nach dtuigtear ach trí chreideamh agus le hurnaí. Tar éis a bhaiste, is le linn dó bheith ag guí a osclaíodh na flaithis agus ar thuirling an Spiorad ar Íosa agus ar tháinig glór an Athar ó na flaithis ag rá le hÍosa gurbh é Mac Muirneach an Athar é. B’ionann na flaithis ar oscailt agus a rá go raibh an talamh, an domhan, nasctha, in agallamh, le neamh. Ní neach éigin neamhphearsanta Dia. Bhí ceangal idir neamh agus talamh trí fhoilsiú. Déantar an bhrí atá le teacht an Spioraid Naoimh ar Íosa níos soiléire i mbriathra Pheadair do theach an phagánaighCoirnéilias (Gníomthartha 10:38): “Choisric Dia Íosa leis an Spiorad Naomh agus le chumhacht, agus chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia leis”

Malairt Céad Léachta (Íseáia 42:1-4, 6-7). Seo é mo shearbhónta a bhfuil páirt mo chléibhe ann. Seo é an chéad cheann de cheithre amhráin “Ghiolla an Tiarna”. (Is iad na cinn eile ná 49:1-6; 50:4-9, nó 4-11; 52:13-53:12.) Labhraíonn an téacs seo faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an fáidh searbhónta (giolla), giolla ar ionúin le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire bíobalta, tá cumhacht Spiorad Dé faighte aige. Labhraíonn an téacs faoi nádúr an ghiolla. Tá sé séimh, ach dílis don misean atá faighte aige go dtí go mbeidh toradh air. Tacaíonn Dia leis leis an misean atá aige a thabhairt chun críche. Cheap Dia é mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhrú dóibh. Ach beidh sé mar sholas do na ciníoca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. Déanfaidh sé na cimí a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibealóin atá amhail is a bheith sa dorchadas. Ceist a eascraíonn go héasca as seo ná cérb é an searbhónta, an giolla, in aigne an fháidh a chum an téacs álainn seo a chéaduair. Tá éagsulacht tuairmí ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael idéalach, duine eigin den Seantiomna ann roimh nó i ndiaidh aimsir fháidh/údar an téacs seo, nó fiú an fáidh/údar an téacs é féin. Fágtar an giolla, an searbhónta, gan ainm, le haithne a chur air ón phearsantacht faoi leith atá aige, óna mhisean, ó faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta é, ón ghaol faoi leith atá aige le Dia. D’fhéadfadh an giolla, a phearsa agus an misean atá aige seasamh mar eiseamláir do Iosrael, pobal tofa Dé le misean domhanda, nó seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhlíonfar an fháistine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dhéanamh, agus rinneadh sin trí Mhac Dé, Íosa Críost, mar is léir ó Bhaisteadh Íosa nuair a ungadh é leis an Spiorad, agus nuair a tháinig an guth óna flaithis le téacs Íseáia (ach ag labhairt ar “Mhac” seachas “ghiolla”) ag fógairt go raibh fáistine Íseáia comhlíonta in Íosa.

Malairt Salm le Freagra (Salm 28[29]). Beannóidh an Tiarna a phobal le síocháin.

Malairt Dara Léachta (Gníomhartha na nAspal 10:34-38). Rinne Dia é a ungadh leis an Spiorad Naomh. An suíomh don sliocht seo i nGníomhartha na nAspal ná an ócáid ina dúirt an Spiorad Naomh le Peadar dul go teach Coirnéilias, taoiseach céad pagánach, agus an dea-scéal a fhógairt dó. Go dtí sin ba de bhunadh Giúdach ar fad baill na hEaglaise. De bharr adúirt an Spiorad Naomh leis, thuig Peadar gur do gach aoinne Giúdach agus pagánach an Dea-Scéal agus leagann sé béim ar seo ina aitheasc don taoiseach céad Coirnéilias agus a theaghlach. Tugann Peadar achoimre de theachtaireacht an tSoiscéil, ag cur tús leis, mar ba ghnáthach i luath-sheanmóireacht na hEaglaise, le saothar agus Baisteadh Eoin Baiste. Bíodh nach ndéanann sé baisteadh Íosa a lua go dearfa, tá sin iontuigthe óna deir sé faoi ungadh Chríost leis an Spiorad Naofa agus le cumhacht. Is sa chumhacht sin a lean sé ar aghaidh lena mhisean slánaithe.

  1. B.Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.

Macnamh. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Ceiliúradh seo bhaisteadh Íosa, ní eachtra i mbeatha Íosa amháin atá ann nó tús lena bheatha phoiblí. Leagann téacsanna uile an Tiomna Nua béim ar seo gur ungadh Íosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh sé thart ag déanamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Shátain. Ó thús a staire d’fhéach an Eaglais ar an mbaisteadh Críostaí mar cheangal dlúth le hÍosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. Déanann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann Dé sinn, clann mhac agus clann iníonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spioradálta a thugann muinín dúinn sa chreideamh i gCríost agus san eaglais. Feidhmíonn an Spiorad go ciúin san anam ag cabhrú le creidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil de réir spiorad an tsoiscéil. Inniu déantar roinnt mhaith cainte faoin spioradáltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spioradáltach ná an reiligiún, gur measúla ná an creideamh í. Agus cúrsaí mar atá ní dochar ar bith a mheabhrú go mbaintear feidhm as bríonna éagsúla leis an téarma “spioradáltacht”. D’fhéadfadh daonnachtaithe, ar bheagán nó ar dada creidimh i nDia nó sa domhan eile, úsáid a bhaint as. Ionann spioradáltacht dóibh siúd agus tréith nó feidhmiú an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spioradáltacht agus beatha an ghrasta, faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den téarma tá spioradáltacht ag gach creidmheach, bocht nó saibhir, óg agus aosta, léannta nó a mhalairt, díreach mar atá an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas Dé sa bhaisteadh.

Agallamh. Creideamh sna flaithis oscailte. Tá tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh Íosa i ngach ceann de na soiscéil. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhaill seo, domhan eile nach bhfuil dúnta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh leis an domhan seo, i dteagmháil díreach, phearsanta. Admháil chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus níl ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar ndóigh ní chreideann aindiachaithe nó daonnachtaithe sa saol eile seo, nó teagmháil idir saol eile más ann dó, agus an saol seo. An chéim dheiridh acu siúd ná gan na páistí a bhaisteadh.

            Cothaítear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmháil leis na sacraimintí. Seo ceann de na teachtaireachtaí atá ag féile seo Bhaiste Ár dTiarna dúinn.

Recommended Articles

Leave A Comment