17 Eanáir 2016 (C) An Dara Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:
  3. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Réamhrá do na léachtaí. Táimid anois ag tosú le léachtaí do Dhomhnachaí Saora na bliana, tar éis tréimhsí speisialta na hAidbhinte agus na Nollag. I rith na bliana seo tógfar léachtaí an tSoiscéil ó Lúcás (seachas an lá inniu, a bhfuil cúis faoi leith dó ann mar a fheicimid). Tá an Dara Léacht tógtha as Litreacha Naomh Pól: leanúuint de 1 Corantaigh do Dhomhnachaí 2-8; ansin Galataigh Domhnachaí 9-14; Colosaigh Domhnachaí 15 go 22; Filémón Domhnach 23; 1 agus 2 Tiomóid Domhnachaí 24 go 30; ansin 2 Teasalónaigh Domhnachaí 31 go 33.

            Is féidir téama áirithe a bhraithstint i léachtaí an lae inniu. Leiriú an chéad cheann ar ghrá Dé dá phobal ionúin Iosrael, gur siombal dó Síón (cathair Iarúsailéim), agus gur cosúil an gaol eatorthu agus pósadh idir Dhia agus a bhrídeach Síón. Baineann léacht an tSoiscéil freisin le pósadh, an bhainis i gCana na Gailíle, ina rinne Íosa fíon den uisce, siombal den ré nua a bhí sé le tabhairt isteach. Físesanna den ré le teacht iad sin. Baineann an dara léacht, as Dara Litir Phóil chuig na Corantaigh, leis an gcomhlíonadh atá tagaithe i gcrích le teacht Spiorad Chriost ar an Eaglais agus na tíolactha éagsúla a bhronnann sé, agus an fhianaise atá le tabhairt do Chríost os comhair an domhain ag pobal Dé tríd na tíolactha sin.

An Chéad Léacht (Iseáia 62:1-5). Is cúis ghairdis an bhrídach don fhear céile. Is téarma fileata é Síón do Iarúsailéim, ainm geana a léiríonn dáiríreacht ghrá Dé dá phobal ionúin. B’ionann treascairt na cathrach ag na Baibealóinigh agus grúpaí eile agus náiriú an phobail uile. Tá cur síos sa léacht seo ar mhalairt chinniúna maidir leis sin. De bharr a chuid peacaí dúirt an fáidh Hóisé go ndéarfadh Dia le hIosrael “Neamh-Mhuirneach” ar Iosrael, agus “Ní sibhse mo phobal” (Hóisé 1:6.9), ach tar éis phionóis agus aithrí glaofar uirthui ag Dia: “Mo pbobal” agus “Muirneach” (Hóisé 2:1), agus go rabhthas le clann Iosrael agus clann Iúda a bhailiu le chéile. Mar an gcéanna le léacht an lae inniu, déantar réamhinsint inti do thodhchaí ghlórmhar do Shíón, an chathair naofa, agus do phobal Dé. Beidh Síón mar lóchrann do na náisiúin trína hionracas, a fíréantacht. Beidh ainm nua aici ó Dhia: ag Síón an chathair féin “M’aoibhneas í” agus ag dúiche Shíón “An Céile”, céile Dé. Cuirtear an gaol idir Dhia agus a phobal ionúin i láthair mar lanúin nuaphósta: fear nuaphósta agus brídeach.

            Is fís an léacht seo agus gealltanas a thug uchtach agus misneach ina tráth féin agus níos déanaí in am gátair agus trioblóide. Ach maidir le fíoradh físe agus ghealltanas Dé, is cuid iad de fhoilsiú rúndiamhair Dé agus ní mór creideamh agus freagra an chreidmhigh a chur san áireamh anseo. Is féidir éirim na léachta seo a chur i leith na hEaglaise, an Síón Nua, Brídeach an Uain, a ghlaotar uirthi fianaise a thabhairt do Chríost mar Sholas do na náisiúin uile trina dílse agus a hionracas.

Salm le Freagra (Salm 95[96]). Fógraigí éachtaí an Tiarna do na náisiúin uile.

An Dara Leacht (1 Corantaigh 12:4-11). Is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag dáil ar chách de réir mar is áil leis fein. Tá cur síos sa léacht seo ar na tíolactha diaga a roinneadh go fial ar chomhluadar Críostaí eaglais Choraint, iad go léir curtha i láthair a bheith ag teacht ón Spiorad céanna, ón Tiarna céanna (Íosa) agus on Dia céanna (an tAthair) – iad go leir mar thíolactha ón aon Dia céanna, Dia a dhéanfar a shainmhíniú níos déanaí leis na briathra céanna (Athair, Mac agus Spiorad Naomh|) mar an Trionóid Naomh.

            Sa luatheaglais bhí eispéiris eactaiseacha ann ar uairibh, in eaglaisí áirithe nios mó ná i gcinn eile. Sa léacht seo tugann Pól comhairle thréadadach, ag cur béim ar seo nach é eispéaras an duine aonair atá tábhachtach ach cad as, nó cé uaidh, a thagann sé agus an fheidhm atá aige an comhluadar Críostaí a thógáil sa chreideamh agus sa charthanacht. Bhí an cathú ann ceann de na tíolactha a mheas níos airde ná ceann eile, agus da bharr sin an seasamh a bheadh aige sa phobal. Bhí an-mheas ar bhronntanas feicealach na dteangacha i gCoraint. Sa téacs seo cuireann Pól san áit dheiridh é. Sna véarsaí díreach roimh an léacht seo meabhraíonn Pól do na Corantaigh a iompaíodh ón phagánachas go raibh cleachtadh acu, nó eolas orthu faoi, fhleánna drabhlásacha ag ionaid chultais phagánacha, cinn inar rinneadh ar uairibh, bfhéidir, Íosa a dhiamhaslú. Is é seo ar mhian leis a dhéanamh soileir ná nach ag an eispéaras creidimh féin atá an fiúntas, ach an fhoinse as a dtagann sé (an Spiorad), an fheidhm atá aige leis an gcreideamh i gCríost agus an Eaglais a neartú. Bhí éagsúlacht ann maidir leis na tíolactha seo. Tugann Pól sa léacht seo liosta díobh sin a bheadh taithí ag an Corantaigh orthu. I litreacha eile dá chuid (Rómhánaigh 15:19; 2 Corantaigh 12:12; Galataigh 3:5), agus sa léacht seo, luann sé míorúiltí, ach ní shonraíonn sé cad go beacht atá i gceist le míorúilt sna cásanna sin. Ionann an bua “labhairt go heagnaí”, b’fhéidir, agus an bua seanmóireacht nó teagasc a dhéanamh faoi na fírinní Críostaí is doimhne; ionann “labhairt go feasach ón Spiorad”, b’fhéidir, agus seanmóireacht nó teagasc a dhéanamh ar bhunfhírinní an chreidimh. Ina dhiaidh sin luann an buntéacs fáidheadóireacht, gur brí leis is dócha seanmóireacht faoi luí an Spiorad, mar a aistríotar sa léacht seo é (“bua na seanmóireachta”).

            Tá buanna an Spioraid dá leithéid sin san Eaglais tríd na haoiseana síos, agus athrú orthu faoi mar a oireann don tráth. Ach fanann an fhírinne lárnach mar an gcéanna i gcónaí, is é sin le rá aontacht agus umhlaíocht in éagsúlacht.

 

Soiscéal (Eoin 2:1-12). Rinne Íósa an chéad cheann dá mhíorúiltí i gCana na Gailíle. Bíodh gurbh í bliain Shoiscéal Lúcáis an bhliain seo, blain C, an tríú bliain den chúrsa, tógtar léacht an lae inniu ó Shoiscéal Eoin. Go traidisiúnta léadh an sliocht seo gach bliain ar an Domhnach tar éis Féile Bhaisteadh Chríost (an Domhnach seo caite). Sa traidisiún liotúirgeach tógadh an tri cheiliúradh, an Eipifáine (6 Eanáir), an Baisteadh agus an Domhnach seo mar trí gnéithe de fhoiulsiú rúndiamhair Íosa – ag na saoithe (Eipifáine), ag a Athair (ag a bhaisteadh) agus uaidh féin ag bainis Cana (inniu). An mhiorúiIt an tslí ina a chuireann an Soiscealaí Eoin beatha phoiblí Chriost inár láthair, faoi mar ar rinne Matha (sa Ghailíl) agus Lúcás (i Nazarat) é ina slíte féin. Ba chóir dhá eochairfhocal de chuid Shoiscéal Eoin, a mbaintear úsáid orthu sa léacht seo, a thabhairt faoi deara, is iad sin “comhartha” agus “uair Íosa”. I Soiscéal Eoin tugtar comharthaí ar mhíorúiltí toisc go ndíríonn siad ár n-aire ar fhírinne éigin níos doimhne. Ionann “uair Íosa” i Soiscéal Eoin agus uair a ghlóirithe, a bhais ar an gcrois, agus a dheascabhála go deaslámh an Athar. Tá an léacht seo lán de shiombólachas. Maidir le briathra tosaigh na léachta sa leicseanáir “Sin am sin”, is é atá sa Bhíobla féin ná “Sa tríú lá” bhí pósadh i gCana sa Ghailíl. Níltear ar aon tuirim faoi chúis an data bheacht sin. An é an tríú lá tar éis na heachtraí eile a luadh roimhe sin, nó an raibh fáth éigin eile leis a uimhir? Tarlaíonn sé gur thug traidisiún na nGiúdach faoi deara go bhfuil brí dhearfach le úsáid an natha “trí, nó tríú, la” sa Bhíobla, gur ceann díobh Hóisé 6:2, inar chonacthas tagairt do aiséirí na colainne. Réamhthaispeáint a bhí i míorúilt Chana de Uair Íosa. Athrú an uisce (a úsáideadh i gcóir íonghlanadh deasghnáthach na nGiúdach) go fíon, siomból a bhí ann, b’fheidir, den chlaochlú a dhéanfadh Íosa den Ghiúdachas lena bhás, a aiséirí, agus a dheascabháil, a Uair. Cuireann Íosa forrán ar a mháthair mar “A bhean”, mar a dhéanfaidh sé agus i ag bun na croise (Eoin19:26), nuair a bhí an Uair tagaithe. Teideal le brí faoi leith a bhí anois ann.

  1. C.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag nascadh físe le fíorú na físe, le réaltacht.

Ní héasca an rud fís a nascadh leis an réaltacht, le cúrsai an tsaoil faoi mar atá siad, bíodh seo i gcúrsai creidimh, poilitíochta nó eile. Cothaíonn fís agus tugann sí uchtach dúinn. Tugann sí treoir agus misneach do dhuine agus do phobal saothrú ar son uaillmhéine pearsanta agus na structúr shoisialta a chreidtear ar choir a bheith ann. Fáithe Iosrael, go háirithe tar éis tubaiste na Baibealóine bhíodar saibhir sa bhfís agus sa dóchas a bhí acu do thodhchaí a phobail, pearsantaithe mar Síón ionúin. Tá sampla maith de sin againn i gcéad léacht an lae inniu. Ach múineann insint an Bhíobla dúinn chomh maith nár réitigh stair Iosrael leis an bhfís. B’fhada óna chéile iad. Tugann fís fháidh plean Dé. Braitheann sé ar an bhfreagra daonna conas a fheidhmíonn an fhís sin i gcúrsaí an tsaoil.

            Is fíor an rud céanna maidir leis an Eaglais. Tugann léacht an tSoiscéil faoi bhainis i gCana fís chomh maith ar shaothar Chríost le crot nua ar chur ar shean-chleachtaí creidimh. Thosaigh sin leis an chéad chomhartha ag Cana agus tháinig iomlánú air ag Uair a ghlóirithe ag an céasadh sa chrois agus ina dheascabháil. Ba shiombal an athrú uisce go fíon ag Cana ar an chlaochlú ag Íosa ar dheasghnátha agus féilte na nGiúdach. Ach níor mhór an claochlú seo, rundiamhair seo Dé den ré nua, a mhaireachtáil i ngach chomhluadar Críostaí, gur cuid díobh i gcónaí na laigaí gus an suarachas is dual don duine daonna. Ta sampla agann i luatheaglais Choraint. Bhí ar Phól rabhadh a thabhairt do lucht leanúna Chriost faoin mbaol a bhí ann mura dhíríotar ár n-aire ar fhírinní láir na Críostaíochta.

            Is fadhb de shíor san eaglais fís a nascadh leis an réaltacht, le cúrsaí an tsaoil atá de ghnáth ag athrú. Mar shampla reatha de shin is féidir linn Dara Comhairle na Vatacáine a thógaint. Thug an Chomhairle sin foirmlioú nua ar an dteachtaireacht Chríostaí, a bhí mar aidhm aige teachtaireacht asn tSoiscéil a dhíriú ar mhuintir ár linne féin. Ar uairibh inniu cloistear cáineadh géar ar an eaglais toisc nár chuir sí i gcrích teagasc, fís, na Comhairle sin. De ghnáth i gcomhthéacs mar seo is é sa thuigtear leis an bhfocal “Eaglais” ná an neach ar a dtugtar go minic an Eaglais Insitiúdach. Maidir leis seo is féidir dhá phointe a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos is é an Eaglais ann ná pobal iomlán Dé, agus mar sin ni mór an cheist a chur: ar chuir siad sin tesagasc agus fís na hEaglaise i bhfeidhm. Agus sa dara háit, nuair a ghlaotar orainn filleadh asr “spiorad” na Comhairle ní mór a thabhairt chun cuimhne na hathraithe atá tagaithe ar an bhfód ó chlabhsúr na Comhairle sa bhliain 1965, athraithe i mórán gnéithe den Eaglais agus den sochaí – sa sochaí, dí-eaglaiseachas, andiachas agus frithchléireachas; san Eaglais scannail ghnéis i measc na cleire, patuaire maidir le cleachtadh creidimh agus a lán rudaí eile nach iad. Ar ndóigh ní mór fís a choimeád beo, ach ní foláir fíorú na físe a nascadh le réaltacht, le cúrsai an tsaoil agus staire.

Recommended Articles

Leave A Comment