19 Meitheamh 2016 (C) Dara Domhnach Déag Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An urnaí agus féintuiscint mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Zachária 12:10-11). Breathnóidh siad ar an té a tholl siad. Na caibidil dheiridh de leabhar Zachária (Zachária caibidil 9-14) is dócha gur cuid den Seantiomna is déanaí a cuireadh le chéile iad. Na húdair a chum na caibidil seo is oidhrí agus deisceabail den fháidh Zachária ón séú céad iad. An íomhá a cuirtear os ár gcomhair sna caibidil seo faoi Phrionsa meisiasach na Síochána, agus an Sáraoire nach ghlacann na caoirigh leis, glactar leis gur tuar roimh ré iad ar an chur síos ar Íosa sa Tiomna Nua, ina bhfuil tagairtí do na caibidil sin. Cuirtear críoch le leabhar seo Zachária (caibidil 12-14) le fís de Lá Mór an Tiarna le teacht nuair a ghlanfaidh Dia Iarúsailéim óna cuid peacaí agus in a mbeidh Dia i réim ar fud an domhain mhóir. Doirtfidh Dia spiorad an ghrásta, na deá-thola, agus na hurnaí ar theaghlach Dháiví agus agus ar chathair naofa Iarúsailéim, a thabharfaidh orthu caoineadh a dhéanamh ar mhairtíreach éigin atá tollta acu. Ní deirtear linn cé a bhí i gceist do na léitheoirí nó éisteoirí tosaigh leis an mairtíreach seo a tolladh. B’fhéidir gur cur síos fós faoin ré le teacht a bhí ann. Ar aon chuma caoineadh géar a bheidh ann, “cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad-Rimón ar mhá Megiddo”. Ionann an Hadad-Rimón seo, is dócha, agus dia bréige Baal, dia torthúlachta a bhíodh ag fáil bháis agus ag aiséirí, a bhíodh ann i measc pagánach na Pailistíne. Pé ar bith faoi chéad-bhrí an mhairtírigh thollta seo, sa Tiomna Nua tógtar an téacs ag tagairt d’Íosa.

Salm le Freagra (Salm 62[63]). Tá íota tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom

An Dara Léacht (Galataigh 3:26-29). Gach duine a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime mar chlóca aige. De bharr na trioblóide a bhí ann óna Críostaithe Giúdacha a bhí ag iarraidh an timpeallghearradh agus Dlí Mhaois a bhrú ar eaglais na nGalatach, tá an chéad chuid den litir seo chuig na Galataigh ag cur síos go mór mór ar theacht an tslánaithe trí chreideamh in Íosa seachas trí Dhli Mhaois agus a chleachtadh. Is iad oidhrí Abrahám ná siúd a bhfuil creideamh Abrahám, creideamh i gCríost, acu seachas a chlann mhac de réir na colainne. Leagann Pól an-bhéim ar seo i léacht an lae inniu. Trí chreideamh i gCríost is clann mhac agus clann iníonacha Dé lucht leanúna Chríost. I moch-dheasghnáth an bhaiste bhaineadar siúd a bhi leis an sacraimint a ghlacadh a gcuid éadaí ar fad díobh, mar chomhartha go raibh céim amháin dá saol thart agus tús curtha le céim nua. Leis na héadaí a bhaint díobh léiríodar go raibh gach idirdhealú curtha ar leataobh acu, le pearsa úr a ghlacadh i gCríost. Luann Pól cuid díobh seo: Giúdach Gréigeach, saor daor, fireann baineann, bíodh nach bhfuil feidhm ach leis an chéad dá cheann. Ní raibh cumhacht ag Pól ná creidmheach ar bith ar na cinn eile. Ceist mhór san agallamh agus diospóireacht idir lucht leanúna Chríost agus Giúdaigh ná cérb iad oidhri, sliocht, Abrahám. Bhí Pól deimhin faoi seo: sliocht creidimh seachas sliocht colainne a bhí i gceist. Ba iad na creidmhigh i gCríost sliocht, pór, Abrahám.

An Soiscéal (Lúcás 9:18-24). Is tusa Críost Dé. Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt. Is fearr an t-eolas atá againn ó Shoiscéal Mhatha ar an chuntas seo faoin admháil creidimh in Íosa a rinne Peadar, mar a gheallann Íosa eochracha ríocht neimhe do Pheadar (Matha 16:13-20). I ngach ceann de na trí shoiscéal tosaigh, crosbhealach i stair Íosa a bhí san eachtra seo. Sa tslí is dual dó, leagann Lúcás béim ar seo, go raibh Íosa i leataobh ag guí agus na deisceabail in aonacht leis nuair a chuir sé an cheist orthu faoi cérbh é féin. Ionann urnaí Íosa agus é i gcaidreamh leis an Athair i dtrátha tábhactachta dá shaol. Luann Lúcás urnaí Íosa ag a bhaisteadh (3:21); tar éis tréimhse dhian ag leigheas daoine (5:16); roimh an Dáréag a roghnú (6:12); ag an claochlú (9:28-29); ag gabháil bhuíochais leis an Athair (10:21); roimh múineadh an Ár nAthair (11:1); ar son Pheadair i gcoinne Shatan (22:23); i Geitséamainí (22:40-46); ar an gcrois (23:34, 46). Deir Matha agus Marcas gur tharla an eachtra seo ag Caesairia Philib, ainm nach luann Lúcás. Tháinig ceist seo Íosa ar a dheisceabail tamall gearr tar éis ceist cosúil leis ó Héaród Antipas faoi cérb é Íosa, ar tugadh freagra di ar aon dul leis an ceann a thug na deisceabail (Lúcás 9:7-9). Níos luaithe sna soisceil d’aithin na deamhain gurb é Mac Dé Íosa. Seo í an chéad uair a admhaigh na deisceabail, trí Pheadar, gurb é an Meisias, an Críost, Íosa. Mar fhreagra air seo tagann céad ráiteas Íosa dá dheisceabail faoina pháis agus a bhás atá le teacht (le daoradh chun báis ag an Sanhedrin, ard-chomhairle na nGiúdach ina raibh seanóirí, uachtaráin na sagart agus scríobhaithe). Sin an chonair a bhí le tógaint aige. Meabhraíonn Íosa dá lucht leanúna go léir go bhfuil orthu é a leanuint sa bhealach céanna, ag iompair (go meaforach) a gcrois féin gach lá, ag fáil bháis don pheaca agus do gach rud a scaireann amach iad uaidh féin agus an soiscéal.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An urnaí agus féintuiscint mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé.

Tugann léachtaí an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar thrí phointe tábhachtacha; is é sin le rá féintuiscint ar ár n-oidhreacht mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé; na héilimh a leagann ár gcreideamh orainn mar lucht leanúna Chríost; agus sa deireadh an gá atá le hurnaí phríobháideach, chomh maith, nó fiú in éagmais, urnaí phoiblí leis an fhéintuiscint sin a chothú.

Ni mór dúinn pearsa Íosa Chríost a bheith mar chroílár ár gcreidimh Chríostai, seachas an eaglais “institiúdiúil”, seachas iocón nó eiseamláir dhaonna ar bith. Mar a mhol an rann Gaeilge fadó: “Bíodh aithne (=eolas pearsanta) ar Chríost agat”; Críost a fuair bás ar ár son, a éirigh arís, a thug dúinn an Spiorad Naomh, a bhfuilimid aontaithe leis sa bhaisteadh. Ní héasca na fírinni sin a chur ina a luí ar an aos óg, ná an deabhóid a leanann astu, ach is fiú machnamh a dhéanamh orthu.

Buaicphointe sna soiscéil an admháil chreidimh in Íosa Críost mar an Meisias. Ábhar bróid a bheadh ann do na haspail, nó do aon Giúdach, go raibh an té a rabhthas ag súil leis le cianta cairbreacha, an té a bhí le teacht, tagaithe sa deireadh thiar, agus feicthe acu lena súile cinn. Bhí tomhas polaitiúil chomh maith le tomhas creidimh ag baint leis seo. Ach chuir Íosa críoch tobann le aon smaoineamh caithréimeach san ábhar seo nuair a léirigh sé gur meisias de shaghas eile a bheadh ann, ag fáil bháis faoi náire le beatha nua a thabhairt dá lucht leanúna, muintir a bheadh glaoch acu crois dá gcuid féin a iompair agus bás dá gcuid féin a fháil le maireachtáil de réir eiseamláire agus teagaisc Íosa féin.

Tugann seo uile go dtí an tríú pointe sinn. Leis an bhféintuiscint Chriostaí seo a chothú, nó fiú a choimeád beo, ní mór machnamh agus urnaí, urnaí phríobháideach chomh maith le urnaí phoiblí, nó machnamh agus urnaí priobháideach amháin nuair nach ann don cultas poiblí, rud is comónta go leor na laethanta seo. Is féidir leis an machnamh agus urnaí phríobháideach éagsúlacht mhodhanna a ghlacadh: machnamh ar an mBíobla, léachtaí an Domhnaigh, leabhair urnaithe agus mar sin de. Dúshlán don lá atá inniu ann conas tabhairt ar dhaoine a bhfuil an creideamh, ach easpa cleachtaidh an chreidimh acu, ach ní mór machnamh a dhéanamh air agus beart dá réir a chur i gcrích.

Recommended Articles

Leave A Comment