4 Meán Fomhair 2016 (C): An Tríú Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae:

Gairm chun dúiseachta ar Chaitlicigh chultúir agus eitneacha

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Leabhar na hEagna 9:13-18). Cén duine ar féidir leis a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna? Cumadh Leabhar na hEagna (teideal iomlán: Eagna Sholaimh) san Éigipt thart ar an mbliain 30 roimh Chríost, agus scríobhann an t-údar amahil is dá mba é an Rí Solamh é, a raibh teist na heagnaíochta air. Tá cur síos sa chéad chuid den leabhar (caibidil 1-9) ar an eagna, agus sa dara cuid (caibidil 10-19) ar an stair naofa á stiúriú ag eagna Dé ó aimsir Ádhaimh go dti an imeacht (eacsodus) ón Éigipt. Cuireann an Bíobla (1 Ríthe 3:3-9) inár láthair an rí Solamh ag impí ar Dhia i dtús a réime eagna a thabhairt dó (“croí ciallmhar tuisceanach”), achainí a éisteann Dia lei. Críochnaionn céad chuid de leabhar seo na h-Eagna le urnaí fada Sholaimh ar Dhia bua na heagna a thabhairt dó (a raibh urnaí dá leithéid déanta ag Solamh cheana sa leabhar; Eagna 7:7-22). Sa Leabhar seo tá an eagna pearsantaithe; ní pearsa í ach pearsantú de ghníomhaíocht agus de fheidhmeanna Dhia Iosrael.

Meabharaítear go raibh an eagna i bhfochair Dé ag cruthú na cruinne agus go bhfuil eolas aici ar aigne agus ar phleananna Dé. Ní mór do dhaoine daonna bheith rannpháirteach leis an eagna seo má tá said lena a mbeatha a thabhairt as de réir thoil Dé. Gan an eagna seo tá réasúnaíocht an duine gan mhaith. De bharr tionchar ó fhealsúnacht na Gréige deir an t-údar go bhfuil “an corp somhillte ina ualach ar an anam”. Ni déachachas (dúálachas) atá anseo, amhail is go mba olc an t-ábhar, an damhna, ann féin ach go bhfuil gach cinneadh a dhéanaimid lag toisc an cúram nach foláir a thabhairt don chorp. Meabhraíonn “Solamh” gur deacair don duine daonna cúrsaí an tsaoil seo ar talamh a thuiscint, rud a thugann air an cheist a chur: “Cé ar féidir leis, mar sin, a bhfuil ar neamh a rianú?” Tagann eolas ar chúrsaí neimhe ó bhronntanas na heagna, a thagann ó Dhia, seolta ó na flaithis ag spiorad naofa Dé. Ionann “spiorad Dé” anseo agus eagna, pearsantú de ghníomhaíocht agus de fheidhmeanna Dhia Iosrael. Trí bhronntanas na heagna seo, trí láithreacht Dé sa stair, tríthi cuireadh toil Dé in iúl agus díríodh conairí mhuintir an tsaoil seo.

Téann an léacht seo leis an sliocht ón soiscéal ina léiríonn Íosa, Eagna Ionchollaithe, conair nua le bheith mar dheisceabal aige

Salm le Freagra ‘(Salm 89[90]).   A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

An Dara Léacht (Filéamón 9-10, 12-17). Glac leis, ní mar sclábhaí a thuilleadh, ach mar bhráthair ionúin. Seo í an ceann is giorra de litreacha Phóil, gan inti ach cúig véarsa agus fiche. Scríobh Pól í le linn dó bheith I bpriosún, in Eifeasas de réir dealraimh, bíodh go measann scoláirí áirithe gurb i Céasaráia nó sa Róimh a scríobh. Scriobhadh é go Filéamón áiritithe, Críostaí gustalach as Colosae. Seo é cúlra na litreach seo: Bhí sclábhaí ag Filéamón darb ainm Onesimus, a éiligh uaidh, agus a shrois Pól sa phriosún. B’fhéidir gur chuala Onesimus a mháistir ag moladh chineáltais Phóil. D’éirigh cairdeas idir Onesimus agus Pól agus d’iompaigh Pól é ón phagántacht go creideamh Chríost, agus chabhraigh sé le Pól ag craobhscaoileadh an tsoiscéil. Cé gur chabhair mhór do Phól na seirbhisí a thug Onesimus dó, thuig sé go maith gur coir tromchúiseach a bhí ann do sclábhaí teitheadh óna mháistir, agus go bhféadfaí pionós trom a ghearradh air dá bharr. Mar sin cinneann Pól Onesimus a chur thar nais go dtí a mháistir Filéamón, ach anois mar Chríostaí. Seolann Pól an litir seo go Filéamón ag lua inti gur bráithre i gCríost an triúr acu, Pól, Filéamón agus Onesimus, agus mar sin ar chomhchéim i Iáthair Dé. Impíonn Pól ar Filéamón bheith cineálta lena chara dílis Onesimus, bráthair anois i gCríost le Filéamón féin. Ba mhaith le Pól go mbeadh Onesimus thar nais leis arís, ach go mbraitheann sé sin ar dhea-thoil a mháistir Filéamón. Bíodh go ndéanann Pól cúram de scríobh chuig Filéamón mar chara, seachas mar aspal le údarás, cuireann sé críoch leis an litir ghearr seo leis na briathra seo (nach bhfuil i sliocht an lae inniu): “Agus mé ag scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim”. Is é atá intuigthe ón méid seo, measaim, nach amháin go n-iarann Pól ar Filéamón bheith cineálta le Onesimus, agus gan pionós a ghearradh air mar schlábhaí teitheach, mar bhí de cheart aige a dhéanamh, ach go dtabharfadh sé saoirse iomlán dá sclábhaí Onesimus.

            Tá impleachtaí tábhachtacha ag an litir ghearr seo maidir le dearcadh Phóil I leith na sclábhaíochta. Ba chuid lárnach de schochaí na Gréige agus na Róimhe an sclábhaíocht. Ní labhraíonn Pól go díreach ina choinne ina litreacha. Deireann sé nach bhfuil saor nó daor I gCríost, go bhfuil gach aon duine ar chomhchéim i gCríost, sclábhaithe agus a máistri san áireamh, gur daoine saora na sclábhaithe i gCríost Ba chóir go ndéanfadh dearcadh Phóil i leith na sclábhaíochta sa litir chuig Filéamón bunús le deireadh a chur leis an sclábhaíocht, cleachtadh, faraoir, a lean ar aghaidh ar feadh na gcéadta fiú i dtíortha Críostaí, agus i measc Críostaithe.

An Soiscéal (Lúcás 14:25-33). Gach duine agaibh nach dtréigeaonn a mhaoin uile, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Léacht thábhachtach í seo le tuiscint a fháil ar cad is gá le bheith ina dheiscaeabal do Chríost, sin le rá creideamh in Íosa agus beatha de réir mar a iarann sin. Tá deacrachtaí friotail sa sliocht seo a thagann idir an leitheoir agus a bhfuil ráite ann. Chun teacht ar theachtaireacht lárnach na léachta is cabhair dúinn cúpla focal a rá faoin stair atá taobh thiar de na soiscéil faoi mar atá siad anois againn. Den chuid is mó de rinne Íosa an chuid is mó dá chuid seanmóireachta as Ghailíl, agus ba í an Airimis a theanga. Tar éis an aiséirí, is in Iarúsailéim a bhí an luath-eaglais ag feidhmiú, agus úsáid á baint as Airimis agus Gréigis. In am áirithe cuireadh bailiúchan de ráite Íosa le chéile as Gréigis ach go raibh an Airimis taobh thiar de. Bhain Matha agus Lúcás úsáid as an doicoiméad seo, agus go minic cloíonn Lúcás níos dlúithe leis ná mar a dhéanann Matha, a dhéanann athscríobh air má fhéachann sé gur fearr sin. Mar shampla san Eabhrais, agus san Airimis féin, i gcomhthéacsanna áirithe is féidir leis na focail “fuath a bheith ag duine do” a chiallú “grá nó meas níos lú a bheith ag duine do”, mar shampla i Genesis 29:30-31; Deotarainimí 21:15-16, agus Rómhánaigh 9:13: “Thugas grá do Iacób, agus fuath do Éasau”. Mar sin, nuair a labhraíonn Íosa faoi fuath a thabhairt do athair agus máthair is é is brí leis ná: grá dóibh, agus meas orthu, níos mó ná mar a thugtar d’Íosa féin. Thuig Matha an fhadhb agus scríobhann sé (Matha 10:37): “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé díongbhála dom”. Focal eile gur diol sontais dó anseo ná “deisceabal”. Bhí deisceabail de shaghasanna éagsúla ag Íosa. Bhí dream a thréig gach rud agus a lean é ina thaisteal, gan áit chónaithe. Ina measc siúd bhí an Daréag Aspal. Mar aon leo siúd bhí bhuíon níos fairsinge a chreid ann, agus a thug tacaíocht agus cabhair dó ina mhisean, ach nár “leanadar” go léir é ina a thaisteal, mar shampla teaghlach na Béatáine, Máire, Marta agus Lasarus. Ní gá a rá gurb mór le hÍosa luachanna agus tábhacht an teaghlaigh agus an t-ómós is dual do thuismitheoirí (Lúcas 18:20 agus eile), bíodh go ndúirt sé go ndéanfadh a theacht agus a ghairm deighilt i measc baill teaghlaigh. Is féidir linn anois filleadh ar Shoiscéal an lae inniu. Leagann Íosa béim ar seo: nach mór dílseacht iomlán a thabhairt dó féin, dá phearsa agus dá mhisean ón Athair. Mar a luadh cheana ag Lúcás (9:23, a léadh ar an 12ú Domhnach) ní mór don deisceabal a chrois féin a iompair (deacrachtaí na beatha Críostaí). Grásta ó Dhia, gan aon tuilteannas daonna (glaoite ó shráideanna agus ó chabhsaí na cathrach, Lúcás14:21-24) an ghairm bheith mar dheisceabail ag Íosa, ach tá éilimh ag gabháil leis. Ní mór do Chríostaithe, do Chaitlicigh, machnamh a dhéanamh ar cad tá riachtanach le beatha Chríostaí a chaitheamh, mar is léir ó na samplaí faoin dtúr gan bheith críochnaithe agus an cóiriú chun cogaidh. Iarradh ar na deisceabail a lean Íosa ina chuid taisteal gach rud a thréigint; iarrtar sin ar na deisceabail eile más gá a leithéid.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Gairm chun dúiseachta ar Chaitlicigh chultúir agus eitneacha

Nuair a thagann méadú ar líon na gcreidmheach i dtír nó i bpobal, agus an eaglais ann gan freasúra nó géarleanúint, nó fiú meas an phobail a bheith uirthi, tá an baol ann go n-éiríonn baill na heaglaise bheith ina gCaitlicigh in ainm amháin, Caitlicigh de réir cultúir nó cine (eitneacha), gan teagmháil dáiríre le Críost nó leis an eaglais trí fhreastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Sa deireadh ní bhíonn sa chaidreamh seo leis an Eaglais ach sa bhaisteadh, sa phósadh agus san adhlacadh, an bhaint sa phósadh ag dul i laghad de réir a chéile sna saolta seo.

            Ach mar sin féin féachann daoine dá leithéid orthu fein mar Chaitlicigh, agus áiríonn siad iad féin mar Chaitlicigh sa daonáireamh. Féachann scríbhneoirí áirithe ar dhaoine mar seo mar Chaitlicigh eitneacha, nó Caitlicigh de réir chultúir amháin. De bhrí gur bronntanas ó Dhia an creideamh, ní féidir le haoinne a mheas an bhfuil an creideamh acu siúd nó nach bhfuil. Ag Dia amháin is fios sin. Mar sin féin toisc gur ghlaoigh Íosa ar gach creidmheach bheith ina fhinné don domhan, bheith mar shalann na talún agus mar sholas an domhain, is fada i gcéin ó ghairm Chríost an “Chríostaíocht” chultuir, eitneach, neodrach, seo. Mairimid i saol atá ag éirí dí-eaglaisithe, tuathaithe in aghaidh na bliana nó a bhfuil claonadh, agus b’fhéidir plean, an creideamh, an reiligiun, agus a bhaineann leis, a sheoladh amach go dtí na himill, gan áit nó guth sa saol poiblí. Is féidir féachaint, fiú, ar chinnteacht nó áitiús creidimh mar bhaol do phost poiblí, nó fiú contrártha dó. I dioscúrsa áirithe polaitíochta ní inghlactha do dhuine a rá gur Críostaí, nó Caitliceach, é/í i dtosach, agus ina dhiaidh sin ball de pháirtí polaitiochta, bíodh nach bhfuil siad contrártha dá cheile. Dá mbeadh guth Chríost le cloisint inniu cuirfeadh sé “tír dhúchais nó páirtí polaitíochta” leis an méid a dúirt sé maidir le dílseacht dó féin.

            Is don choinsias aonair agus do mheon an phobail a mheas conas dílseacht do Chríost thar aon rud eile a réiteach le tosca an lae inniu. Déantar dílseacht a chothu leis an deabhóid, deabhóid do Chríost agus don Eaglais, agus ó chleactadh an chreidimh.

Recommended Articles

Leave A Comment