8 Eanáir 2017 (A) Féile Bhaiste Ár dTiarna

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
    1. An Bíobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte
      1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 42:1-4, 6-7). Seo é mo shearbhónta a bhfuil páirt mo chléibhe ann. Seo é an chéad cheann de cheithre amhráin “Ghiolla an Tiarna”. (Is iad na cinn eile ná 49:1-6; 50:4-9, nó 4-11; 52:13-53:12.) Labhraíonn an téacs seo faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an fáidh searbhónta (giolla), giolla ar ionúin le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire bíobalta tá cumhacht Spiorad Dé faighte aige. Labhraíonn an téacs faoi nádúr an ghiolla. Tá sé séimh, ach dílis don mhisean atá faighte aige go dtí go mbeidh toradh air. Tacaíonn Dia leis leis an misean atá aige a thabhairt chun críche. Cheap Dia é mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhrú dóibh. Ach beidh sé mar sholas do na ciníoca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. Déanfaidh sé na cimí a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibealóin atá amhail is a bheith sa dorchadas. Ceist a eascraíonn go héasca as seo ná cérb é an searbhónta, an giolla, in aigne an fháidh a chum an téacs álainn seo a chéaduair. Tá éagsulacht tuairmí ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael idéalach, duine eigin den Seantiomna ann roimh nó i ndiaidh aimsir fháidh/údar an téacs seo, nó fiú an fáidh/údar an téacs é féin. Fágtar an giolla, an searbhónta, gan ainm, le haithne a chur air ón phearsantacht faoi leith atá aige, óna mhisean, ó faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta é, ón ghaol faoi leith atá aige le Dia. D’fhéadfadh an giolla, a phearsa agus an misean atá aige seasamh mar eiseamláir do Iosrael, pobal tofa Dé le misean domhanda, nó seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhlíonfar an fháistine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dhéanamh, agus rinneadh sin trí Mhac Dé, Íosa Críost, mar is léir ó Bhaisteadh Íosa nuair a ungadh é leis an Spiorad, agus nuair a tháinig an guth óna flaithis le téacs Íseáia (ach ag labhairt ar “Mhac” seachas “ghiolla”) ag fógairt go raibh fáistine Íseáia comhlíonta in Íosa.

Salm le Freagra (Salm 28[29]). Beannóidh an Tiarna a phobal le síocháin.

Dara Léacht (Gníomhthartha na nAspal 10:34-38). Rinne Dia é a ungadh leis an Spiorad Naomh. An suíomh don sliocht seo i nGníomhthartha na nAspal ná an ócáid ina dúirt an Spiorad Naomh le Peadar dul go teach Coirnéilias, taoiseach céad pagánach, agus an dea-scéal a fhógairt dó. Go dtí sin ba de bhunadh Giúdach ar fad baill na hEaglaise. De bharr adúirt an Spiorad Naomh leis, thuig Peadar gur do gach aoinne Giúdach agus pagánach an Dea-Scéal agus leagann sé béim ar seo ina aitheasc don taoiseach céad Coirnéilias agus a theaghlach. Tugann Peadar achoimre de theachtaireacht an tSoiscéil, ag cur tús leis, mar ba ghnáthach i luath-sheanmóireacht na hEaglaise, le saothar agus Baisteadh Eoin Baiste. Bíodh nach déanann sé baisteadh Íosa a lua go dearfa, tá sé iontuigthe óna deir sé faoi ungadh Chríost leis an Spiorad Naofa agus le cumhacht. Is sa chumhacht sin a lean Íosa ar aghaidh lena mhisean slánaithe.

An Soiscéal (Matha 3:13-17). An túisce a baisteadh Íosa chonaic sé Spiorad Dé ag tuirlingt air féin. Inniu déanaimid Féile Bhaiste Ár Tiarna a cheiliúradh. Go traidisiúnta sa liotúirge, agus fiú i mbéaloideas na hÉireann, déantar trí ghné de fhoilsiú Íosa don domhan a chomóradh i bhFéile na hEipeafáine, sin le rá nochtadh Íosa do na pagánaigh ag na saoithe ón Oirthear (Eipeafáine), foilsiú Íosa ag an Athair ag a Bhaisteadh (inniu), agus mar a thaispeáin Íosa a ghlóir ag athrú an uisce go fíon ag Cana. Sa sean-liotúirge léadh an sliocht sin de shoiscéal faoin bhainis i gCana san Aifreann an Domhnach tar éis féile Bhaiste Íosa. Sa chúrsa trí bhliana atá anois ann déantar é a léamh ar an tríú bliain (C) den chúrsa, ach an Domhnach tar éis féile Bhaiste Íosa tá gnéithe eile de léiriú, fhoilsiú, eipifáine, Íosa le léamh as caibidil tosaigh shoiscéal Eoin. Maidir le léacht an lae inniu tá idir stair agus creideamh ag baint leis. Ba phearsa tábhachtach sa stair é Eoin Baiste. Tá cur síos ar a shaothar agus ar a bhás ag Iosefus, staraí Giúdach den chéad tosaigh, faoi mar atá ag Matha sna véarsai díreach roimh an sliocht seo – véarsaí a bhfuil cur síos orthu sna nótaí don Dara Domhnach den Aidbhint sa suíomh idirlín seo. Tosaíonn beatha phoiblí Íosa i gceart lena bhaisteadh. Tháinig sé ón Ghailíl go Eoin d’aon turas le go mbaistfí é. Nuair a chuir Eoin, a bhí ag baisteadh do mhaithiúnas na bpeacaí, ina choinne, níor ghéill Íosa dó. Níorbh fholáir dóibh beirt “an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán”, toil Dé a dhéanamh, agus do Chríost siúl i measc na bpeacach. Ag teacht aníos as an uisce d’Íosa, osclaíodh na flaithis dó agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas air mar a bheadh colm. Ag cruthú an domhain bhí an spiorad ag foluain os cionn na n-uiscí. Sa chruthú nua seo thuirling an Spiorad ar Íosa, agus le cumhacht Spiorad Dé tagann ríocht Dé ar talamh trí Íosa. Tá stair agus rúndiamhair ann i mBaisteadh seo Íosa. Tar éis deascabhála dó seolfaidh Íosa a Spiorad, an Spiorad Naomh, ar an eaglais chun a shaothar slánaithe a bhuanú. Fógraíonn guth (an Athar) ó neamh gur Mac muirneach leis an Athair é Íosa. Osclaíodh na flaithis lena mheabhrú do chách go bhfuil anois teagmháil agus caidreamh idir Dia agus daoine. Meabhraítear sin ag gach baisteadh i rith na staire,

  1. B.An Bíobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.

Macnamh. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Ceiliúradh seo bhaiste Íosa, ní eachtra i mbeatha Íosa amháin atá ann nó tús lena bheatha phoiblí. Leagann téacsanna uile an Tiomna béim ar seo gur ungadh Íosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh sé thart ag déanamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Shátain. Ó thús a staire d’fhéach an Eaglais ar an mbaisteadh Críostaí mar cheangal dlúth le hÍosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. Déanann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann Dé sinn, clann mhac agus clann iníonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spioradálta a thugann muinín dúinn sa chreideamh i gCríost agus san eaglais. Feidhmíonn an Spiorad go ciúin san anam ag cabhrú le creidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil de réir spiorad an tsoiscéil.          Inniu déantar roinnt mhaith cainte faoin spioradáltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spioradáltach ná an reiligiún, gur measúla ná an creideamh í. Agus cúrsaí mar atá ní dochar ar bith a mheabhrú go mbaintear feidhm as bríonna éagsúla leis an téarma “spioradáltacht”. D’fhéadfadh daonnachtaithe, ar bheagán nó ar dada creidimh i nDia nó sa domhan eile, úsáid a bhaint as. Ionann spioradáltacht dóibh siúd agus tréith nó feidhmiú an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spioradáltacht agus beatha an ghrasta, faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den téarma tá spioradáltacht ag gach creidmheach, bocht nó saibhir, óg agus aosta, léanta nó a mhalairt, díreach mar atá an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas Dé sa bhaisteadh.

Creideamh sna flaithis oscailte. Tá tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh Íosa i ngach ceann de na soiscéil. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhail seo, domhan eile nach bhfuil dúnta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh leis an domhan seo, i dteagmháil díreach, phearsanta. Admháil chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus níl ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar ndóigh ní chreideann aindiachaithe nó daonnachtaithe sa saol eile seo, nó teagmháil idir saol eile más ann dó, agus an saol seo. An chéim dheiridh acu siúd ná gan na páistí a bhaisteadh.

            Cothaítear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmháil leis na sacraimintí. Seo ceann de na teachtaireachtaí atá ag féile seo Bhaiste Ár dTiarna dúinn.

Recommended Articles

Leave A Comment