21 Bealtaine 2017 (A) Séú Domhnach den Cháisc (A)

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae
  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Gníomhartha 8:5-8, 14-17). Chuir siad a lámh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. Tá dhá mhír sa léacht seo, an chéad cheann faoi thiontú mhuintir na Samáire chun creidimh i gCríost agus a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa, agus an dara mír faoi theacht an Spioraid Naoimh orthu. Duine den seachtar déagánach ab ea Pilib a rinne roinnt mhaith oibre leis an soiscéal a chraobhscaoileadh tar éis bhás Stiofáin, ach i gcríocha na nGiúdach. Tugtar soiscéalaí air níos déanaí sa leabhar seo. Rud suntasach faoin léacht seo gur i gcríocha na Samáireach, naimhde do na Giúdaigh, a fógraíodh creideamh Chríost, le toradh thar a bheith fónta. Mar is gnáth leis, luann Lúcás an t-áthas a tháinig leis an gcreideamh i gCríost.

            Tá dhá phointe le tabhairt faoi deara sa dara mír. Ní aspal, ach déagánach, a bhí i bPilib, agus bhí an dea-scéal le leathadh ó Iarúsailéim amach agus faoi stiúir na nAspal. Rud eile ná leathnú thar pobal na nGiúdach a bhí ann anois. Mar sin cuireann na hAspail in Iarúsailéim beirt aspal sinsear, Peadar agus Eoin, go cathair na Samáire, rud a thugann le fios a thugtha a bhí na hAspail sin do aontacht na heaglaise, aontacht leis an máthair-eaglais in Iarúsailéim. Déantar ceangal anseo idir leagan lámh na n-Aspal agus bronntanas an Spioraid Naoimh. Níorb leor an baisteadh in ainm Iosa amháin. Níl an ceangal sin le feiscint in áiteanna eile sa Tiomna Nua: bronntar an Spiorad sa bhaisteadh. Déantar an ceangal leis na h-Aspail anseo chun béim a chur ar aontacht na heaglaise leis na hAspail agus leis an chathair naofa Iarúsailéim.

           

Salm le Freagra (Salm 66[66]). Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.

Dara Léacht (1 Peadar 3:15-18). Básaíodh é sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad é. Sa cuid seo den litir, i léacht an lae inniu, tá Peadar, an t-údar, ag tabhairt comhairle don chomhthionól Críostaí a bhfuil brú, nó géarleanúint, de shaghas éigin á imirt orthu. Ní fios go beacht cérb é an clúmhilleadh sin. Sa litir ó Phlinius Óg, gobharnóir Rómhánach na reigiún céanna sin thart ar an mbliain 110, luaitear go raibh Críostaithe á dtabhairt os comhair na cúirte le líomhaintí éagsúla á gcur ina n-aghaidh. Molann an litir seo dóibh bheith réidh dá leithéid, creideamh beo i gCríost a bheith acu agus míníu faoin gcreideamh (“dóchas”) sin a thabhairt go múinte mánla – rud a dhéanann siad de réir na litreach céanna le Plinius. Ba cheart dóibh bheith réidh le fulaingt ar son na maitheasa – más sin is toil le Dia, ach gan a bheith ar tóir géarleanúna. Tá baint ag ráitis dheiridh na léachta seo leis an teachtaireacht seo go leir: beidh an bua ag an gceart ar an éagóir: fuair Críost bás ina cholainn dhaonna, ach d’aiséirigh sé do bheatha nua sa Spiorad. Tá Críost mar eiseamláir acu. Sa bhaisteadh bronnadh an Spiorad Naomh sin orthu a thugann soilsiú agus uchtach dóibh in éadan géarlanúna agus béadáin.

An Soiscéal (Eoin 14:15-21). Iarrfaidh mé m’Athair é, agus tabharfaidh sé Cabhróir eile daoibh. Cuid de aitheasc Íosa ag fágaint sláin ag a dheisceabail atá anseo. I gcionn tamaill bhig ní bheidh sé le feiceáil a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (“an saol” mar a thugann an Soiscéal seo air) lena súile cinn. Ach beidh Íosa fós le feiceáil ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I slí, gan Íosa, bheadh na deisceabail mar dhílleachtaí, ach ní mar sin a bheidh, mar tiocfaidh Íosa thar nais chucu i slí nua, le cónaí iontu agus iad a aontú leis an Athair. Geallann Íosa go bhfuil sé chun paraicléid eile a thabhairt dóibh. An focal Gréigise sin parakletos tá bríonna éagsúla ar féidir a bhaint as. An ceann is bunúsaí ná abhcóide, neach a dhéanfadh iad a chosaint i gcúirt dlí nuair a bheadh líomhaintí á ndéanamh ina gcoinne. Nuair a bhí Íosa féin leo ba paraicléid dóibh é. Sin é an fáth go ndeireann sé go bhfuil sé le abhcóide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh atá i gceist ag Íosa. Mar aon leis an bhrí abhcóide, is féidir an focal céanna a thuiscint mar Chosantóir, mar Chabhróir, agus Sólásaí. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhcóide, an Cosantóir, an Cabhróir, an Sólásaí, ag feidhmiú, agus is é “an saol”, lucht an dichreidimh, na cúiseoirí. Leagann Íosa an-bhéim ar an ngrá dó. Ní rud teibí an grá sin. Ionann é agus a aitheanta a choinneáil. Do Shoiscéal seo Eoin tá dhá aithne ag Íosa: creideamh ann agus grá – grá dó agus don chomharsa. Aontaíonn na haitheanta sin an deisceabal le hÍosa agus leis an Athair – grá a thugann tuiscint ar Íosa, a thaispeánfaidh é féin dó – i gcaidreamh diamhair.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Beatha faoi stiúir an Spioraid Naoimh.

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh dó (Rómhánaigh 8:14) dúirt Pól: “An mhuintir a bhíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann as Dia iad”. I léachtaí an Domhnaigh seo leagtar béim ar an Spiorad Naomh i saol an an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is trí leagan lámh na nAspal a tháinig an Spiorad Naomh ar na Críostaithe i gcathair na Samáire. Is é Spiorad Chríost aiseirithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi ghéarleanúint ar scríobh Peadar chucu. Is á an Spiorad Naomh an paraicléid, an t-abhcóid, an cosantóir, an cabhróir, an sólásaí a gheall Íosa dóibh siúd a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann sé cinnteacht chreidimh in Íosa agus san Athair, san domhan nach feictear. Tugann sé sólás anama, an t-athas agus an tsíocháin anama sin a gheall Íosa dúinn roimh imeacht dó. Stiúrann sé sinn le maireachtáil de reir an tsoiscéil le glaine chroí agus le meon a thógann a threoir ó neamh, ó Íosa agus an eaglais, seachas ó mheon dhomhain nach gcreideann i saol eile ná i dtreoir uaidh.

            Machnamh eile a eascraíonn ó shoiscéal an lae inniu ná an choimhlint a bhí le bheith ann, agus atá ann i gcónaí, idir Íosa féin, a chuid, agus an fórsa, na cumhachtaí, ar a dtugann sé “an saol”, sin le rá iad siúd nach raibh réidh a phearsa nó a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bhí, agus a bheadh, ag maíomh go raibh an bua acu air, go raibh a lá thart agus a phort seinnte lena bhás ar an gcrois. Dúirt Íosa go ndéanfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh sé chucu, deimhin de gurb é a mhalairt a bhí fíor; gur ag Íosa a bhí an bua ar an “saol”. Tá na na fórsaí sin ag feidhmiú fós inniu, ach ní gá dul isteach níos doimhne sa scéal anseo, ach a mheabhrú dúinn féin nach coimhlint idir dhá fhórsa amháin atá i gceist, ach go bhfuil Íosa agus a Athair ag cabhrú lena lucht leanúna tríd an Spiorad Naomh, an t-abhcóid, an cabhróir, an sólasaí.

            Is tráthúil teachatireacht léachtaí sin an lae inniu dúinn in Éirinn mar a bhfuil brú mór creideamh i gCríost agus i nDia féin a chaitheamh uainn. Ní mór do chreidmhigh machnamh a dhéanamh ar bhriathra Chríost sa Soiscéal go bhfuil an Spiorad Naomh againn mar Chabhróir le cinnteacht a thabhairt dár gcreideamh ann, agus go bhfuil an bua beirthe aige ar gach namhhaid dá chuid agus sinn déanta rannpháirteaach sa bhua sin. Tá teachtaireacht eile againn ó Naomh Peadar sa dara léacht, agus sin eolas maith a chur ar ár gcreideamh, le bheith réidh i gcónaí freagra a thabhair ar aoinne a chuireann ceist orainn faoin “dóchas atá againn” ach sin a dhéanamh go múinte mánla.

Recommended Articles

Leave A Comment