20 Lúnasa 2017 (A) An Fichiú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: San Eaglais fáilte roimh chách, ach de réir téarmaí an chonartha.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 56:1, 6-7). Déanfaidh mé clann na n-eachtrannach a chinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Sa sliocht seo tá tús le bailiúchán nua de fháistiní a bhaineann le todhchaí Iosrael. Tugann scoláirí áirithe “An Tríú hÍseáia” ar an mbailiúchán seo (caibidil 56-66). De réir dealraimh tá Iarúsailéim tar éis na deoraíochta mar chúlra don sliocht seo i véarsaí 1-7, le tagairtí don Teampall agus íobairtí ann. Tá téama uilíoch sa sliocht, dáiríre an sliocht is uilí sa Seantiomna go léir faoi ghlacadh mar bhaill de phobal Dé le daoine a raibh cosc orthu bheith mar bhaill de réir na reachtaíochta reatha (Deotranaimí 23:2-9), is é sin le rá eachtrannaigh agus coillteáin. Le teachtaireacht an tsleachta a thuiscint is fiú aird a thabhairt ar na véarsaí a fhágtar ar lár sa léacht liotúirgeach seo. Tosaíonn an téacs le prionsabal ginearálta, guth Dé dírithe ar a phobal. Tá ré úr ar tí teacht, ceann ina mbeidh glaoch ar chomhoibriú idir a phobal agus Dia: an ceart agus an fhíréantacht á gcleachtadh acu siúd agus slánú (fuascailt agus fíréantacht) ar tí teacht. Luaitear dhá rud a bheith riachtanach sa ré nua seo: coinneáil na sabóide agus do dhuine é féin a choimeád ó gach drochghíomh. Ansin cuirtear i láthair urlabhraithe an dá ghrúpa, mac an eachtrannaigh a cheangail (“chuaigh”) leis an Tiarna adeir nach bhfuil áit dó i bpobal Dé. Agus an coillteán, nach feidir leis clann a bheith aige, adeir gur crann seasc é. Ansin tugtar freagra ó Dhia don dá ghrúpa. Ní iarrtar orthu ach dhá rud: coimeád na sabóide agus cloí go docht le conradh Dé, agus intuigthe as sin an timpeallghearradh gur comhartha an chonartha é. Bheith ina bprosailítigh atá i gceist. Maidir leis na coillteáin, geallann Dia dóibh go bhfuil sé chun “leacht agus ainm” (sa bhun-Eabhrais ina bhfuil an téacs scríofa: yad va-sem) ina theach féin (an Teampall) a thabhairt dóibh, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha, agus ainm síoraí. Mar an gcéanna leis na heachtrannaigh, dílis don tsabóid agus don chonradh. Déanfaidh Dia iad a thabhairt (a chinnireacht) go dti a shliabh beannaithe, le aoibhneas a thabhairt dóibh ina theach urnaí (an Teampall), agus glacfar ar altóir Dé tabhartais loiscthe agus íobairtí na n-eachtrannach sin. Mar a deir Dia: “óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go leir”. Níor fíoraíodh fís sin Dé dá phobal agus dá Theach naofa (an Teampall) sa Dara Teampall. Déanann Íosa tagairt dó ag glanadh an Teampaill dó (Matha 21:13).

Maidir leis na briathra yad va-sem (Yad Vashem), tugtar iad mar theideal don chuimhneachán, agus don leacht cuimhneacháin, oifigiúil ar na Ghiúdaigh a cuireadh chun báis ag na Naitsithe.

Salm le Freagra (Salm 66[67]). Go mola na ciníocha thú, a Thiarna; go mola na ciniocha go léir thú.

Dara Léacht (Rómhánaigh 11:13-15, 29-32). Ní cúis aifeála choíche do Dhia a thíolaicí ná an rogha a bhíonn déanta aige. Cuireann an chuid is mó de chaibideal 11 síos ar eiteachas na nGiúdach do Chríost agus aiféala Phóil faoi sin. Is Giúdach go smior Pól, atá anois ag machnamh ar an toradh thar na bearta a bhí ag a mhisean chuig na gintlithe i gcomparáid le líon beag a mhuintire féin a ghlac le hÍosa. Meabhraíonn sé anois do bhaill na heaglaise sa Róimh nach bhfuil aon bhunús acu bheith ag díspeagadh na Giúdaigh. Is ar sin atá sleachta an lae innniu, a thógtar as an chaibideal fada sin, ag cur síos.

Sa chéad mhír tá Pól ag caint go díreach le pobal Críostaí na Róimhe mar ghintlithe, phagánaigh, tiontaithe ón phagántacht, á rá go mbíonn sé ag déanamh a mhór dá mhinistreálacht mar aspal le héad a chur ar a chomh-Ghiúdaigh, ag meas go ndéanfadh a rath féin i measc na bpagánach, na neamh-Ghiúdaigh, ar chuid acu ar a laghad, tiontú chun Chríost, le hiad a shlánú.

Díreach ina dhiaidh sin déanann sé pointe eile: b’ionann eiteachas na nGíúdach do Chríost, á gcaitheamh amach, agus toradh fónta an mhisin chun na bpagánach, agus a n-athmhuintearas le Dia. Tá Pól deimhin de go gcasfaidh Iosrael fós do Chríost, agus cuireannn sé an cheist seo air féin, agus ar fhíréin na Róimhe: cad a thiocfadh as glacadh thar nais na nGiúdach (a caitheadh amach de réir Phóil) “ach mar a bheadh aiséirí ó mhairbh ann?” (nó “beatha ó na mairbh”). Ní fios go beacht cad tá ina aigne ag Pól leis an tagairt seo ar cad a bheidh mar thoradh ar iompú na nGiúdach chun Chríost. Aiséirí na marbh agus deireadh an tsaoil de réir míniú amháin, míniú nach nglactar leis go coitianta. Míniú eile air ná seo: Bua mór don domhan an t-athmhuintearas agus an grásta a lean an misean chun na gintlithe tar éis eiteachas na nGiúdach, ach beidh an bua a leanfaidh as iompú, glacadh thar nais, na nGiúdach i bhfad níos mó ná sin, ar nós beatha ó na mairbh.

Tá Pól deimhin de go n-iompóidh Iosrael thar nais chun Chríost. Ní cúis aifeála choíche do Dhia a thíolaicí ná an rogha a bhíonn déanta aige. I mbriathra Phóil is umhlaíocht an creideamh agus is easumhlaíocht easpa chreidimh, agus is ó thrócaire Dé a thagann tíolacadh an chreidimh. Bhí idir gintlithe agus Giúdaigh ina dtráth féin faoi easumhlaíocht, agus iad ag braith ar thrócaire Dé. Níl bonn mórtais ag ceachtar acu.

An Soiscéal (Matha 15: 21-28). Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Ag seoladh an Dáráeg Aspal amach ar misean d’ordaigh Íosa dóibh gan dul an bóthar chun na ngintlithe, ach amháin go caoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 10:5-6). Mar sin féin sa léacht seo feicimid oscailt áirithe ina leith i gceantar pagánach Tuíre agus Siodón. Ní thugtar cúlra na heachtra, nó faoi mar ar thug an bhean Chanánach “Mac Dháiví” ar Íosa. Ar dtús níor thug Íosa freagra ar a hiarratas, ach ar iarratas na ndeisceabal í a scaoileadh uathu d’fhreagair sé nár cuireadh é ach chun caoirigh caillte theaghlach Iosrael. Ansin ar impí na mná d’fhreagair Íosa nach raibh sé oiriúnach arán na leanaí (arán chlann Iosrael) a chaitheamh chun na gcoileán (nó “na madraí, na gadhair”). Ní bheadh aon mhasla i gceist, nó tógtha, sa tagairt do choileáin nó madrai. D’admhaigh an bhean tús áite Iosrael, agus leigheasadh a hiníon, agus mhol Íosa creideamh láidir na mná pagánaí.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: San Eaglais fáilte roimh chách, ach de réir téarmaí an chonartha.

Sa chéad léacht bhí trácht ar ré úr do phobal Dé, le hoscailt do na neamh-Ghiúdaigh in dteach Dé, teach urnaí do na ciniocha go léir, ach de réir dea-ghníomhartha agus dílse don chonradh. Sa pharabal faoin bhainis agus an éadach bainise (Matha 22:1-15), nuair nár ghlacadh leis an cuireadh chun na bainise, sheol an rí a sheirbhísigh amach chun na bóithre agus togadh isteach olc agus maith go raibh halla na bainise lán. Ansin tháinig an rí féin isteach agus chonaic fear nach raibh aon éadach bainise air, agus caitheadh amach é. An ceacht le tógaint as ná go bhfuil coinníollacha ag gabháil le cuireadh oscailte don fhleá mheisiasach. Bhi, agus beidh, teannas ann i gcónai idir cuireadh chun na hEaglaise, chun Teach Dé, agus an conradh le Dia agus misean na Eaglaise. De réir Chríost féin salann an talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus chreid an luath-eaglais sin agus mhair dá réir. As sin d’eascair an cheist cad a bheadh le déanamh le bheith dílis dó sin i gcás peaca nó laige dhaonna. Bhí comhthionól Mhatha dian go leor air an té nár thug maithiúnas do Chríostaí eile — é a dhíbirt ón eaglais sin. Bhí Pól dian ar Chríostaí i gCora int a bhí ciontach i gcúrsa gnéis. D’ordaigh sé don eaglais é a dhíbirt go sealadach. Fadhb í seo a mhaireann linn i gconaí, maidir le gairm na hEaglaise bheith mar shalann agus sholas agus cleachtadh a théann ina choinne sin.

Tá stair fhada san Eaglais san ábhar seo, agus ar feadh i bhfad bhí pionós dian ann don duine a measadh a bheith imithe ar strae. Tá an cheist á cíoradh arís inár laethanta féin, go mór mór maidir leis an Chomaoineach naofa a thabhairt do dhaoine colscartha agus sa dara pósadh, agus maidir le Comaoineach do neamh-Chaitlicigh. Go bunúsach an tseancheist maidir le trócaire agus dílse don chonradh atá ann. Guímis go mbeidh réiteach éigin don nua-ré le fail ag an Eaglais.

Recommended Articles

Leave A Comment