17 Meán Fómhair 2017 (A) An Ceathrú Domhnach Fichead Saor
Freagra don Chreideamh leis an mBiobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:  Maithiúnas. Cosc ar Dhíoltas. Teachtaireacht do na creidmhigh agus don saol sibhialta.
A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Síorach 27:30-28:7). Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé, agus nuair a dhéanann tú guí, maithfear do pheacaí  duit.

Chum Ben Sira (ar a dtugtar Ecclesiasticus de ghnáth), an saothar  as a dtógtar an sliocht seo as Eabhrais thart ar an mbliain 180 roimh Chríost. Rinne a gharmhac é a asitriú go Gréigis agus chuir sé réamhrá leis. Sa réamhrá seo deir sé gur thug a sheanathair é féin suas go háirithe do léamh an Dlí  (an Peintiteoch) agus na bhfáithe agus do leabhair eile a shinsear. Bhain Ben Sira le traidisiún eagna Iosrael agus maraon leis an traidisiún sin thug sé le chéile an Dli (Dlí Mhaois) agus na fáithe.Thaistil sé go forleathan thar lear agus thug sé faoi deara a raibh de mhaith agus d’olc in iompar daoine; bhí sé ar tóir Dé in urnaí agus i machnamh agus thug sé dúinn a thoradh sin go léir sa leabhar a scríobh sé. Ceann dá chuid mhachnamh ná léacht an lae inniu.
Measann daoine áirithe gurbh é croílár an tSeantiomna  ná “súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail”. A mhalairt ar fad is fíor maidir lena bhfuil i léacht an lae inniu faoi mar nach chóir bheith tugtha don fhearg nó do dhíoltas a bhaint amach; faoi maithúnas a  thabhairt don chomharsa, agus faoi mr atá sin riachtanach le go mbeadh maithiúnas agus trócaire ag duine ó Dhia. Is suntasach chomh maith  an nasc a dhéantar ann faoi  maithiúnas agus urnaí.  Tá seo go léir an-chóngrach don méid a deir Íosa sna Soiscéil (Matha 6:12, 14-15; 18:32-35; Marcas 121:25; Lúcás 112:4), rud a dhéanann fóirsteanach é le dul leis an léacht ón Soiscéal in Aifreann an lae inniu.

Salm le Freagra  (Salm 102[103]). Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.

An Dara Léacht (Rómhánaigh 14:7-9). Cibé acu beo nó marbh dúinn, is leis an Tiarna sinn. 

An téacs gairid seo is cuid de spreagadh Phóil í chuig na Rómhánaigh maireachtáil go síochánta  le chéile mar  phobal Dé, glacadh lena chéile, fáilte a chur roimh a chéile faoi mar ar chuir Dia failte rompu go léir, gan a bheith ag tabhairt breithiúnas ar a chéile toisc go bhfuil cleachtaí éagsúla acu, cleachtaí a bheadh ag teacht le teagasc Chríost . Is sa chomhthéacs seo a thugann Pól an méid a deir sé sa léacht seo ar an dtionchar atá ag beatha agus bás gach aon duine ar dhaoine eile agus faoi mar ar chóir gach a dhéanaimid  inár mbeatha nó inár mbás a bheith ar  son an Tiarna, gur Tiarna na marbh agus na mbeo é.

An Soiscéal (Matha 18:21-35).  Ní go seacht n-uaire a deirimse leat  ba cheart duit pardún a thabhairt ach go dtí seacht n-uaire seachtód. 

Léacht seo an lae inniu ón Soiscéal, amhail ceann an Domhnaigh seo caite, is cuid den ceathrú  haitheasc nó seanmóir mór Chríost í, an ceann seo le Treoracha don Eaglais (Matha 18:1-35), faoi mar ar chóir dá lucht leanúna iad féin a iompair taobh istigh den chomhluadar  Críostaí. An babhta seo is ar mhaithiúnas é. Cuirtear tús le mír seo den aitheasc le ceist ó Pheadar, ceannaire an chomhluadair, faoi chomh fada mar ar  chóir maithiúnas dul i leith baill den chomhluadar a bhfuil cion éigin déanta aige. Fiafraíonn Peadar ar chóir sin a dhéanamh chomh minic le seacht n-uaire agus faigheann sé freagra ó Íosa go bhfuil sé i bhfad níos mó ná sin, fiú gan teora (curtha in iúl mar seacht n-uaire seachtód). Cuirtear críoch leis an aitheasc go léir ansin le parabal  a  leiríonn an pointe sin agus a théann thairis lena dhéanamh soiléir  gur ionann gan maithiúnas a thabhairt  agus gan aithris a dhéanamh ar Dhia, agus go mbeidh  crá síoraí ag dúine dá bharr:  “Sin a dhéanfaidh m’Athair neamhaí libhse mura maithe gach duine agaibh dá bhráithre féin ó chroí”.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:  Maithiúnas. Cosc ar Dhíoltas. Teachtaireacht do na creidmhigh agus don saol  sibhialta.

Bíodh go bhfuil teachtareacht an Bhíobla agus na Soiscéal dírithe go príomha ar chreidmhigh dfhéadfadh sé bheith in ann a lán a rá le ceannaraí an phobail shibhialta. Ní cúis iontais é seo dúinn de bhrí gur clannmhac agus clann iníonacha an cine daonna go léir don Athair ar  neamh agus déantar an chuid is mó dá saol a mhaireachtáil i  suíomhanna sibhialta seachas i suíomhanna  creidimh nó reiligúin. Daoine daonna, mar neacha réasúnacha, bíonn siad  machnamhach agus aird acu ar chaidreamh daoine eatorthu féin. Luath-thraidisiún na hEagna in Iosrael, bíodh gur oidhreacht agus gníomhaíocht mhuintir a chreid i nDia Iosrael é, tharraing sé a mhachnamh ar an  iompar  daonna  ón dtaithi dhaonna seachas ó Dhlí Mhaois nó ón bhfoilsiú.  Bíodh gur léigh agus gur rinne Ben Sira (Eccleiasticus), ó ré dhéanach de thraidisiún Eabhrach na hEagna, machnamh ar  an Dlí agus na Fáithe chomh maith le luath-litríocht na hEagna, is féidir linn a  mheas gur tháinig a bhfuil le rá aige ar an maithúnas óna thaithí ar an iompr daonna seachas mar chonclúid ó theagasc an fhoilsiú. Mar sin is féidir linn machnamh a dhéanamh ar léachtaí an lae inniu mar theachtaireacht do phobal creidimh agus don tsochaí shibhialta.

Cé go bhfuil na tagairtí don Athair ar  Neamh sna Soiscéil ceangailte de ghnáth le trua agus taise, is soiléir ó léacht Shoiscéal an lae inniu go bhfuil Íosa thar  a bheith éilitheach  maidir le lárphointe dá chuid teagaisc a bheith curtha i gcrích ag a lucht leanúna. Dúirt Íosa féin gur lárphrionsabal den tsean-am a bhí sa nath “súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail” (Matha 5:38) ach ba é a theagasc féin gan seasamh in aghaidh an drochdhuine. Sa tSeanmóir ar an Sliabh leagann sé béim ar ghnéithe éagsúla de sin níos mó ná uair amháin: gan géilleadh don fhearg; athmhuintearas a dhéanamh le do comhbhráthair nó chomhshiuír  roimh íobairt a ofráil; grá a thabhairt do do namhaid; guí ar a son siúd ar fuath leo thú. Ní mór sin go léir a dhéanamh mar chuid den seirbhís don Athair grámhar ar neamh. Thug Íosa féin sampla den tuiscint agus den mhaithiúnas ón gCrois. Teagasc nua agus béim úr a bhí anseo agus tá sé le feiscint go soiléir mar lárphointe na Soiscéal agus i scribhinní eile an Tiomna Nua. Ba chóir an teachtaireacht atá sa bhéim seo agus i bparabal i Shoiscéal an lae inniu a choimeád de shíor os comhair an phobail Chríostaí. Ach  beidh a fhios go maith ag ceannairí na hEaglaise cé chomh discréideach nach foláir a bheith maidir le cursaí athmhuintearais i gcásanna faoi leith, ag tabhairt aire chuí do shiceolaíocht an duine aonair.
Maidir le hatmhuintearas sa saol sibhialta de, agus i gcásanna acrainn agus cursaí iar-chogaidh,  is deas a fheiceáil gur fhoghlaim an pobal sibhialta fiúntas ina bhfuil le rá  ag traidisiún Eagna Iosrael agus an bhéim a chuireann na Soiscéil san athmhuintearas agus san easpa díoltais.  Cuid lárnach den chuid is mó de phobail eagraithe an lae inniu  ná réiteach achrainn, agus i roinnt mhaith cásanna is iad sin a bhí gafa i bhfeachtis mhileata i gcoinne a chéile uair amhain atá gníomhach anois ag cur réiteach achrainn agus athmhuintearais chun tosaigh. Gurbh amhlaidh a bheidh. Is beannaithe lucht déanta na síochána.

Recommended Articles

Leave A Comment