29 Deireadh Fómhair 2017 (A) Tríochadú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dea-shampla: Ar scáth a chéile a mhaireann Críostaithe
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Eacsadas 22:20-26). Má bhuaireann sibh baintreach nó díleachta, adhnfaidh m’fhearg in bhur gcoinne. Is cuid de Leabhar Eacsadas ar a dtugtar “Leabhar an Chonartha” an mhír seo. Tá roinnt mhaith de Leabhar an Chonartha ag cur síos ar chleachtadh agus choireanna ina bhfuil pionós nó aisíoc le gearradh orthu de réir an dlí. Bhí córas ann le sin a chur i bhfeidhm. Baineann samplaí an lae inniu le cásanna de bhaill laga an phobail nach raibh mar thaca acu ach Dia féin: an deoraí, an bhaintreach, an díleachta, an bochtán. Labhraíonn Dia go láidir ina bhfábhar siúd. Maidir leis an deoraí de, molann Dia d’Iosrael ceacht a fhoghlaim óna dtaithí agus as a stair féin. Ba dheoraithe uair amháin iad féin san Éigipt, rud a chabhródh leo anam an deoraí a thuiscint. Is é a bhí sa deoraí san am ná coimhthíoch cónaitheach, ag cur faoi in Iosrael ach gan sealús aige sa phobal. Tá cosc sa mhír seo chomh maith ar ús a iarraidh ón bhochtán. Tá tagairt an-tuisceanach ann maidir le gheall don bhochtán, nach bhfuil aige ach a bhrat leis féin a choimeád te do chodladh na hoíche. Má thógtar an brat mar gheall, ní mór é a thabhairt thar nais roimh luí na gréine. Sampla an-deas an léacht seo do thuiscint Dé dóibh siúd nach bhfuil cosaint an dlí acu.

Salm le Freagra (Salm 17[18]). Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 1:5-10). Thug sibh bhur gcúl leis na déithe bréige chun dul ar seirbhís don fhíorDhia beo agus chun feitheamh lena Mhac. Léiríonn an léacht seo an difríocht mhór a rinne iompú chun Críost ón phagánachas agus chomh maith céanna an tábhacht a bhain le dea-shampla a thabhairt i gcraobhscaoileadh an dea-scéil. Dúirt Íosa leis na haspail agus lena lucht leanúna: “Is sibhse salann na talún. Is sibhse solas an domhain. Bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine go bhfeicfidis bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidis bhur nAthair atá ar neamh”. Bhí an prionsabal seo lárnach do Phól ina chuid mhisinéireachta agus ina theagasc. Ní dhéanfadh sé aon ní a chuirfeadh as do theachtaireacht an tsoiscéil. Mheabhraigh sé don eaglais i dTeasalóinicé gur mar sin a bhí ach ní thugann sé samplaí dá rinne sé. Ba mhór aige leis go ndéanfadh a chuid eaglaisí aithris air. Ní éirí in airde nó le teann mórchúise é seo ach lena mheabhrú gur dualgas do gach creidmheach sin a dhéanamh agus dea-shampla daoine eile a leanúint. Tugann Pól moladh mór don eaglais óg anseo, nach raibh ach ann cúpla mí ó thánadar chun an chreidimh, agus go raibh iomrá orthu cheana féin taobh amuigh dá gcathair féin, agus sin ní hamháin i dtuaisceart na Gréige (An Mhacadóin) ach i ndeisceart na tíre sin, sa phroibhinse Rómhánach Acháia chomh maith. Ionann iompú chun Críost agus cúl a thabhairt le déithe an phagánachais agus gach a bhain leo agus a eascair as sin.

An Soiscéal (Matha 22:34-40). Gráóidh tú do Thiarna Dia, agus do chomharsa mar thú féin. Bhí naimhdeas domhain ann idir na Fairisínigh agus na Sadúisínigh, agus bheadh ríméad orthu gur chuir Íosa na Sadúisínigh ina dtost. Bhí cuid mhaith de na scríobhaithe, dlíodóirí agus saneolaithe ar chúrsaí creidimh, ina bhFairisínigh nó fabhrach dá dtraidisiún. Bheadh na dlíodóirí sin ag cíoradh faoin aithne mhór, nó an aithne is mó, sa dlí, i Dhli Mhaois. An freagra a thug Íosa ar an gceist faoin aithne mhór ná an téacs ón mBíobla, ar a dtugtar an Seama, a aithris, téacs a deirtí in urnaí Ghiúdach na maidne sa teampall agus sa sionagóg. Bheadh Íosa agus na Fairisínigh ar aon fhocal faoin aithne seo. Ach bhí aithne eile ann, faoi ghrá an chomharsa. Sa Bhíobla bhí téacs ann faoi ghrá an chomharsa. Cuireann Íosa cúpla focal breise leis sin: grá a thabhairt don chomharsa “mar tú féin”. Ní féidir grá a thabhairt do Dhia gan grá a thaispeáint dá iomhá, don chomharsa. Achoimre ar a bhfuil sa traidisiún Giúdach go hiomlán, an Dli agus na Fáithe, an dá aithne sin.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dea-shampla: Ar scáth a chéile a mhaireann Críostaíthe.

Sa dara léacht inniu, agus in áiteanna eile dá chuid litreacha, déanann Pól tagairt do aithris a dhéanamh air féin, mar a dhéanann sé féin ar Chríost. Ba mhór aige an dea-iompar agus an dea-shampla sa bheatha Chríostaí. Ba shalann na talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus sin, i slíte eile, tríd a gcuid dea-ghníomhartha. Chuir seanmóireacht na luath-eaglaise béim air sin. Fírinne eile ar cuireadh béim innti ná an dlús ar chóir a bheith idir baill na heaglaise eatarthu féin, iad ag tabhairt uchtach dá chéile sa chreideamh i gCríost seachas barrthuisle a bhaint as a chéile sa chreideamh. Labhair Íosa féin go han-láidir faoi seo, faoi aoinne a thabharfadh scannal, barrthuisle, dá dheisceabail, dá lucht leanúna, ar a dtugann sé “na rudaí, na neacha, beaga seo”: “Ach má thugann aoinne scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige”. B’ionann cás do Phól ina litreacha. Bhí éagsúlacht phearsanra san Eaglais, daoine le creideamh “láidir”, agus daoine eile lag sa chreideamh, daoine le coinsias láidir nó leathan, agus roinnt eile nárbh amhlaidh sin. Ach bhí an creideamh acu go léir, agus mhol Pól do gach dream fáilte a chur roimh an dream eile. Rud lárnach i gcomhluadar an chreidimh an dlús, sinn uile an t-aon Chorp amháin i gCríost, le neart agus uchtach a bhaint as scáth a chéile.

Ceist dúinn inniu ná conas feidhm a bhaint as na fírinni sin an lá atá inniu ann. Ní mór na dea-ghíomhartha, leis an solas a bheith ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis na dea-ghníomhartha agus glóir a thabhairt don Athair ar neamh. Briathra Íosa féin iad sin. Ach tá an baol ann gur sinn féin, seachas glóir Dé, a bheadh á chuardach sna dea-oibreacha sin. Agus thug Íosa rabhadh faoi sin: “Aire daoibh féin gan a bheith ag déanamh bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidis faoi deara iad”. Agus maidir le dlús agus easpa scannail, agus taca agus uchtach a thabhairt dá chéile, tá an bhéim inniu san duine aonair seachas sa chomhluadar, agus is eol dúinn go maith gur baol atá ann cosaint ar a shon féin, agus scannail a choimeád faoi cheilt.. Bhí, agus tá, scannail ann nach mór tabhairt chun solais.

Ach bíodh sin uile mar atá, tá teagasc an tsoiscéil agus na luath-eaglaise fós linn maidir leis an dlús is dual don eaglais mar chorp Chriost, agus an cúram nach fólair a bheith againn do bhaill laga na heaglaise, “na rudaí beaga seo”, gan barrthuisle nach gá a bhaint astu. Ábhar machnaimh dúinn ar fad é seo.

Recommended Articles

Leave A Comment