28 Eanáir 2018 (B) Ceathrú Domhnach Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. An Pósadh agus aontumhacht: Guthanna fáidhiúla de shíor san eaglais
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Deotranaimí 18:15-20). Ardóidh mé suas fáidh agus cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal. Maidir leis an léacht seo, ina chomhthéacs sa Bhíobla deir an Tiarna Dia lena phobal Iosrael bheith san airdeall ag dul isteach sa tír tairngire dóibh, faoi na tuairimí agus cleachtaí reiligiúin a bhí ag na náisiúin phagánacha ansin. Mheasadar siúd go mbeadh ar a gcumas trí fháistíneacht, asarlaíocht agus chleachtaí dá leithéid toil Dé a aithint. Trína fhoilsiú a rinne sé ar Chnoc Sinai (ar a dtugtar Horeb chomh maith) do Mhaois, an fáidh ba mhó in Iosrael (Deotranaimí 34:10), rinne Dia soiléir a thoil féin agus cad a bhi ina aigne aige d’Iosrael. Bhí tine, scamall agus dorchacht ag baint leis an eachtra sin idir Dhia agus Iosrael ag Cnoc Sinai agus níor mhian le hIosrael a leithéid de eispéireas a bheith acu an athuair. Dúirt Dia le Maois nach raibh aon ghá acu nósanna na bpagánach sa tír tairngire a chleachtadh, mar go raibh sé le fáidh mar Mhaois féin, cosúil le Maois, a chur chucu, sin le rá comharbas fáithe, a dhéanfadh deimhin iad cérb í toil Dé dóibh i dtosca éagsúla a staire. Bheadh orthu éisteacht lena ghuth.

Salm le Freagra (Salm 94[95]). Á, dá n-éisfeadh sibh lena ghuth inniu: “Ná calcaigí bhur gcroí”.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 7:32-35). Bíonn an bhean shingil buartha faoi chúrsaí an Tiarna d’fonn a bheith naofa. Tá aidhhm Phóil sa sliocht seo soiléir sa mhéid a deir sé sa ráiteas deiridh de: “Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach ag súil go ndéanfaidh sibh mar is cuí agus go bhfónadh sibh don Tiarna”. Caithfear a bhfuil sa léacht seo a thuiscint ina shuíomh sa litir seo de chuid Phóil, agus i gcomhthéacs a mhisin agus a chaidrimh le luatheaglais Choraint. Mura dhéantar sin d’fhéadfaí a mheas go bhfuil Pól ag díspeagadh an pósadh agus ag tabhairt ardú céime thar mar is cuí don aontumhacht, don staid neamhphósta. I laethanta Phóil rud idéalach agus teibí a bheadh ina leithéid. Tar éis as bhfuil titithe amach san Eaglais maidir le aontumhacht, scanall a bheadh ina a leithéid de thuiscint ar bhriathra Phóil. Téacs an lae inniu sa liotúirge is cuid é de léitheoireacht leath-leanúnach den litir seo (1 Corantaigh) a léitear, mar a dúrathas cúpla Domhnach ó shoin, ó Dhomhnach 2 go Domhnach 6 den bhliain liotúirgeach. Bhunaigh Pól an Eaglais sa Choraint sa bhliain 51 agus scríobh sé an litir seo ó Eifeasas, trasna an Mhuir Aegéach ó Choraint, chuig an eaglais sin thart ar chúig bhliain ina dhiaidh sin. Bhí caidreamh leanúnach ag Pól leis an eaglais óg sin a bhí éirithe gníomhach agus tugtha do mhodhanna nua den bheatha Chriostaí. Bhí ainm in airde ar Choraint mar chathair tugtha do chúrsaí ghnéis. Cuireann an tAspal Pól ar a n-airdeall iad maidir le seo, gan iad féin a ligint i gcathú, agus ag meabhrú dóibh naofacht an choirp de bhrí gur teampall an Spioraid Naoimh é. I léacht an lae inniu tá sé ag tabhairt freagra ar phointí a ardaigh litir chuige ó na Corantaigh. Mar fhrithghníomhú don bhaol mórtimpeall orthu bhí aiséatachas de shaghas áirithe san eaglais sin, agus bhí cuid acu á maoímh gurb fhearr éirí as gach gníomh gnéis, fiú taobh istigh den phósadh nó le beatha in aontúmhacht, gan pósadh cor ar bith. Cosnaíonn Pól an teagasc Críostaí faoin bpósadh, agus gnéas taobh istigh de (leis an bhean chéile agus an fear céile ar chomhchéim). Maidir leis an aontumhacht (staonadh ón bpósadh ar fad) tugannn sé a thuairim, nach ordú é. Tá Pól féin neamh-phósta, dá rogha féin; ní baintreach fir é, agus measann sé go bhfágann an staid seo duine níos saoire le seirbhís a thabhairt don Tiarna, ná mar a bheadh ag duine le cúraimí beatha i bpósadh. Ach ní raibh aon eiseamláir den bheatha aontumhach ag Pól an t-am sin ach é fein. Bhí stair na haontumhachta fós le cruthú agus le scríobh. I stair na heaglaise ní raibh gach duine tiomanta don aontumhacht chomh tiomanta do ríocht Dé agus a bhí Pól. Cé go bhfuil eolas againn ar an mbaol pearsanta agus baol scannail a ghabhann le aontumhacht in eaglais an Iarthair, is fiú machnamh a dhéanamh i gconaí ar an méid a dúirt Pól.

An Soiscéal (Marcas 1:21-28). Bhí sé á dteagasc mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige. Is tús seanmóireachta agus beatha poiblí Íosa an téacs seo, tar éis dó a chéad aspail a ghairm. Ag tús agus ag deireadh léacht an lae inniu leagann Marcas béim ar cé chomh mór is a chuaigh teagasc Íosa i bhfeidhm ar na sluaite. Bhí sé nua agus bhi údarás ag gabháil leis, murab ionann agus modh theagasc scríobhaithe na nGiúdach, arb oidí iad ar an Dli Giúdach, agus iad ag brath ar an dtraidisiún a bhí acu mar oidhreacht, is é sin le rá Dlí Mhaois agus traidisiúin dá gcuid a tháinig ar an saol níos déanaí. Déantar cumhacht agus údarás Íosa níos soileir fós le díbirt deamhan as duine a measadh go raibh deamhan ann. Titeamas a bhí i gceist, b’fhéidir. Ag cur síos ar an eachtra seo i dtéacsanna eile de na Soiscéil (feic Lúcás 1:20; Marcas 3:22-30), glacadh le miorúilt agus údarás Íosa mar chomhartha go raibh riocht Dé tagaithe. Cé nach deirtear glan amach é, tá Marcas ag rá go raibh fáidh mór tagaithe ar an láthair (feic Lúcás 7:15).

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Pósadh agus aontumhacht: Guthanna fáidhiúla de shíor san eaglais

Mairimid i ré ina bhfuil athraithe suntasacha ag teacht ar an sochaí agus ar chúrsaí soisialta. I saol an lae inniu, de bharr an mheoin choitianta, tá fir agus mná éirithe níos neamhspleáchaí ina meon agus ina slí maireachtála. Tá a thoradh seo le brath ar sheasmhacht an phósta. Ré í seo chomh maith ina bhfuil réabhlóid i gcursaí gnéis, a bhfuil tionchar aici ar an mbeatha Chríostaí i slíte éagsúla. Chuir an scannal maidir le míúsáid ghnéis sagart agus bráithre ar leanaí agus mionaoisigh as go mór ar sheasamh na hEaglaise agus mheas an phobail uirthi. Bíodh nach bhfuil ach mionlach de shagairt i gceist, a thrí nó a cheathar faoin gcéad, trí nó ceathar as gach céad, rinne na scannail damáiste thar a bheith tromchúiseach ar an Eaglais in Éirinn. Ba í tuairim roinnt daoine mór le rá i gcúrsaí dlí go raibh ceangal ag na scannail maidir le sagairt agus leanaí nó mioinaoisigh agus an aontumhacht. Dá bharr sin go léir cuirfeadh daoine an cheist an bhfuil sé thar am féachaint ar staid na hEaglaise ar an aontumhacht agus an pósadh mar rudaí a bhaineann le ré atá thart, le meon atá as dáta, nach bhfuil áit acu nios mó sa saol nua-aimseartha seo, ré na saorintinne.

            I gcúrsaí mar seo ní bheadh sé stuama smaoineamh ar athrú ar bith tobann. Is fiú machnamh ar stair na hEaglaise sa tír seo. I luathstaur na hÉireann ní raibh an pósadh chomh seasmhach sin, agus is minic san aonú agus sa dóú aois déag a raibh daoine ag glaoch ar leasú. Bhí stair ghlórmhar ag an monachas in Éirinn ina raibh an aontumhacht lárnach, bíodh go raibh a sciar de scannail ann, faoi mar a bhí ag an Eaglais i gcoitinne. Ach mhair an pósadh agus mhair an manachas agus an aontumhacht agus is féidir leo bheith ag súil le ré nua i seirbhís Dé, ag tabhairt fianaise don Soiscéal. Tá muinín ag an Eaglaise, ón bPápa go dtí na gnáthbhaill, tá muinín acu an bua a fháil ar dheacrachtaí reatha toisc go dtagann an neart atá aici ó chumhacht Dé agus is treise cumhacht Dé ná an laige dhaonna.

            Ní miste machnamh a dhéanamh ar chuid de fhadhbanna an lae inniu atá ag an Eaglais le súil ar a rinne Dia sa dúlra agus i stair Iosrael, a chine tofa. Tá teachtaireacht againn maidir le seo i léachtaí liotúirgeacha don Dara Domhnach den Aidbhint den bhliain seo caite (Bliain A, 2017), agus is í an teachtaireacht ná gur chóir dúinn maireachtáil le foighid agus buanseasmhacht i láthair Dé Bheo. Múineann an eolaíocht dúinn cé chomh mall agus a bhí an éabhlóid a thug dúinn an domhan, an chruinne, faoi mar atá sé againn inniu, agus táimid de shíor ag teacht ar líon níos mó dá chuid rúndiamhra. Is mar an gcéanna é maidir le éabhlóid an chine dhaonna faoi mar is eol dúinn inniu é. Dóibh sin a chreideann gur chruthaigh Dia an chruinne agus an cine daonna agus go stiúrann sé iad, ionann sin agus a rá go raibh agus go bhfuil Dia gníomhach san oibriú seo go léir. Tugann an eolaíocht cuireadh dúinn mar sin machnamh a dhéanamh ar ghníomhú folaithe Dé tríd na mile milliún de bhlianta.

            Tá gníomhú, oibriú, seo Dé tostach. Sa traidisiún Giúd-Chríostaí tá láthaireacht diaga eile ann, ceann ina labhraíonn Dia lena phobal tofa, agus tríothu sin don chine daonna ar fad. Tagann an scéala seo trí bhriathar Dé, agus mar adeir Dia féin, seasann briathar Dé go deo. Sa Bhíobla is gnáthach “briathar Dé” bheith luaite leis na fáithe, agus foilsiú Dé tríothú. Ar ndóigh, ní trí na fáithe amháin a thagann foilsiú Dé. Sa Bhíobla tháinig sé trí Mhaois agus an Dlí. Ba fháidh Maois i sli faoi leith sa mhéid gur fhaca sé Dia gnúis le gnúis (Deotranaimí 34:10; Eacsadas 33:11). Tháinig briathar Dé chuig na fáithe. Sa chiall seo den fhocal creideadh gur thosaigh fáidheadóireacht le Samúéil. In óige Shamúéil “ba annamh briathar Dé” (1 Samúél 3:1,7). Ach briathar De, uair amháin go labhraíonn Dia é, fanann sé go deo (Íseáia 40:8). D’fheictí air mar chasúr a brisfeadh carraig i smidiríní (Irimiá 23:29). De réir a chéile tháinig briathar Dé tríd an bhriathar scríofa, an Scrioptúr. Níor fíoradh ná níor chomhlíonadh briathar Dé i gcónaí láithreach bonn, ach uair amháin gur tugadh é bhí sé mar inspioráid do ghlúine le teacht le treoir agus uchtach a thabhairt dóibh.

            Dúirt Íosa go mbeadh ann, i measc a lucht leanúna, mar aon leis an bpósadh, daoine eile a dhéanfadh iad féin a thiomnadh do sheirbhís Dé san aontumhacht (“coillteáin ar son ríocht na bhflaitheas”, Matha 19:12). Is comhartha do ríocht Dé an pósadh Críostaí. Mar an gcéanna leis an aontumhacht. Ba chomhartha do ríocht Dé í i rith na staire, agus fós is amhlaidh di, dóibh siúd a mhaireann dá réir go humhal, mar fhreagra ar ghlaoch Dé uilechumhachtaigh.

 

Recommended Articles

Leave A Comment