25 Márta 2018 Domhnach na Pailme (B)

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B.An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ceansacht Chríost dár ngríosadh

A.An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

An Mórshiúl (Marcas 11:1-10). Íosa ag teacht isteach go hIarúsailéim. Tá an sliocht seo faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairiá (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias, go humhail go hIarúsailéim, ag marcáiocht ar asal, téacs atá luaite ag Matha (ach nach bhfuil ag Marcas): “Abraigí le hiníon Síón: Feach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair”. Mheasfadh duine gur miorúilt a bhí ann faoi aimsiú an asail agus cé chomh héasca a scaoil an t-úinéir leis an bheirt dheisceabal é, ach b’fhéidir go raibh aithne ag Íosa ar an úinéir cheana féin. Bhí Cnoc na nOlóg, Béatfagé agus Béatáine, congarach do Iarúsailéim, agus tá a fhios againn go raibh cáirde ag Íosa ansin. Rud suntasach faoin léacht seo ná nach cheileann Íosa a thuilleadh gurb é an Meisias, rí Iosrael, é. Tugann a lucht leanúna é sin faoi deara agus tugann siad omós cuí dó. Labhraíonn Matha (agus Marcas) faoi na sluaite a bhí roimh Íosa amach agus á leanúint. Is dócha gur deisceabail a bhí iontu seo. Ócáid mhór a bhi ann dóibh siúd mar thuigeadar brí a raibh ag tarlú óna gcreideamh sna fáistiní. Níor tharraing an eachra aird chumhacht na Róimhe uirthi féin, cumhacht a bhí san airdeall faoi aon bhaol dá réimeas i rith tréimhse na Cásca. Ghlac Íosa leis an omós a tugadh dó: “Hósanna do Mhac Dháiví. Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm a Tiarna! Hósanna sna harda”, agus níos soiléire fós ag Marcas ná ag Matha ná Lúcás: “Is beannaithe teacht í, Ríocht ár nAthar, Daiví”. Ní raibh baol na míthuisceana ann a thuilleadh, faoi mar a bhí ag Céasaraiá Philib. Ní fada go mbeadh gártha eile ag glaoch ar a chuid fola, agus go mbeadh réimeas Dháiví aige lena bhás agus a aiséirí.

Céad Léacht (Íseáia 50:4-7). Níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla, mar tá a fhios agam nach mbeidh mé meallta. Seo é dara amhrán ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn díobh. (Na cinn eile Íseáia 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) Ní fios go beacht cérb é an duine a bhí in aigne an fháidh nuair a chum sé na duanta seo: an bhfuil sé ag labhairt iontu faoina phearsa féin, ag pearsanú Iosrael, nó faoi dhuine fós le teacht. Is cuma faoin cheist áirithe seo. Is léir go bhfuil siad fíoraithe in Íosa Críost, ina bheatha agus ina bhás agus aiséirí. Cuireann an duan seo síos go hálainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bhí aige. Bhí an bua ó Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige dóibh siúd a bhí á chéasadh nó a bhí traochta. Fulaingaíonn sé go foighdeach an méid is toil le Dia cur air, agus muinín iomlán aige as Dia go nbeidh toradh ar a shaothar.

Salm le Freagra (Salm 21[22]). A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?

 Dara Léacht (Filipigh 2:6-11). Duan an-ársa Críostaí é seo, a bhaineann Pól úsáid as le bheith ina eiseamláir do Chríostaithe conas aithris a dhéanamh ar Íosa. Is dócha go bhfuil an duan ag déanamh codarsnacht idir Íosa, an tÁdhamh nua agus an an chéad Ádhamh i nGairdín Pharthais. Bíodh gur duine daonna, i gcló daonna, a bhí sa chéad Ádhamh ghlac sé le guth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh sé bheith mar Dhia, agus loit plean Dé. A mhalairt ar fad le hÍosa, a bhí i cló Dé ach a ísligh é féin, go bás fiú na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar Íosa ná “Tiarna”. Ionann “Tiarna” agus Críost céasta, aiséirithe, ar dheaslámh an Athar faoi ghlóir, agus an Té a thugann uaidh an Spiorad Naomh don eaglais. Cré ann féin an teideal seo “Tiarna”.

Soiscéal (Marcas 14:1-15:47; leagan gearr Marcas 15:1-39). Tugann leagan fada den soiscéal an cur síos dúinn ar chúrsaí ó rún Iúdás Íosa a thabhairt ar lámh go dtí a bhás ar an gcrois. Tá insint ann ar na hullmhúcháin don Suipéar Deirneach, ar an Suipéar fein, ar bhunú Naomh-Shacraimint na hEocairiste, le athrú aráin ina chorp agus fíona ina fhuil, fuil an chonartha. Ina dhiaidh sin tagann a phianpháis i Geitséamainí, conas mar ar gahbadh agus a cuireadh faoi thriail é, agus ag deireadh a bhás ar an gcrois. Téann an leagann gearr ón dtriail os comhair Phioláit go bás Íosa. Go luath ina scéal faoi bheatha Íosa luann Marcas an freasúra a bhí ann dó ag grúpaí áirithe, agus tar éis gur admhaigh na deisceabail ag Céasaraiá gurb é an Críost, an Meisias, é mheabhraigh Íosa faoi thrí dóibh go raibh fulaingt agus bás i ndán dó in Iarúsailéim. Thosaigh sin leis an bpianpháis i ngáirdín Geitséamainí, agus tá scéal na páise ríomhtha ag Marcas i léacht an lae inniu. Ag bás Íosa d’admhaigh an taoiseach céad pagánach gurb Mhac Dé é Íosa, cré lárnach a bheidh le craobhscaoileadh ag an Eaglais tar éis aiséirí Íosa maidin Dhomhnach Cásca. Thosaigh Marcas a shoiscéal leis na briathra: “Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé”, admháil chreidimh ar stádas Íosa ó pheann creidmhigh. Cuireann sé críoch le scéal bheatha Íosa leis an admháil chéanna ó bhéal an taoisigh céad phagánaigh: “Go dearfa, ba é Mac Dé an duine sin”.

B.An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ceansacht Chríost dár ngríosadh

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu — bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar “chineál na beatha”, “the quality of life”, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an bheatha dhaonna mura mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den “quality of life” mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Leag an Pápa Prionsias béim ar a leithéid de sin agus thug na meáin chumarsáide an-aird dó. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa, a fuair bás ar ár son, don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa Proinéas.

Recommended Articles

Leave A Comment