8 Aibreán 2018 An Dara Domhnach den Cháisc (B)

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 4:32-35). Ar aon chroí agus ar aon anam. Is cur i láthair idéalaithe an léacht seo faoin luatheaglais Chríostaí in Iarúsailéim, cur i láthair is geal le húdar an leabhair seo, Gníomhartha na nAspal, a bhfuil samplaí eile cosúil leis sa leabhar. Tugadh an eaglais óg seo mar eiseamláir do chomhluadar ar bith eile Críostaí faoi mar ba choir dó é féin a iompair: aontaithe i gcroi agus anam, finnéithe d’aiséirí Chríost, le cúram acu dóibh siúd ar an ngannchuid, ag roinnt a gcuid maoine lena chéile. Ba iad sin laethanta tosaigh na hEaglaise, go luath tar éis an aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh. Ní raibh tuiscint acu go fóill ar impleachtaí an chreidimh i gCríost. Bheadh siad sin le teacht tar éis don eaglais leathnú amach go dtí an domhan neamh-Ghiúdach agus briseadh le Dlí Mhaois. Bheadh iliomad cráchroí agus cíoradh anama le fulaingt amach anseo ag an eaglais óg chiúin shocair seo, de bharr a leanann as an gcreideamh i gCríost, Slánaitheoir an domhain uile. Ach sa mhéid seo is íomhá í den eaglais i nglúin ar bith.

Salm le Fragra (Salm 117[118]). Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.

 Dara Léacht (1 Eoin 5:1-6). Gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol. Is fada cúlra na léachta seo ón suíomh socair sa luath-eaglais in Iarúsailéim a bhí againn sa chéad léacht. Baineann an léacht seo le litir ó dheireadh chéad tosaigh na hEaglaise. Scríobhadh céad litir Naomh Eoin go comhluadar Críostaí a bhí scoilte go domhain maidir le creideamh i bpearsa Chríost mar Mhac Dé agus maidir le ionchollú Chríost. Bhí múinteoirí áirithe sa phobal (ar a dtugann an litir seo “ainchríostanna”) a shéan an creideamh in Íosa mar Mhac Dé, agus dá bharr sin a bhí imithe thar teorann an chreidimh amach. Sa litir seo, agus i léacht an lae inniu, cuireann an t-údar dua mór air féin pointí teagaisc a shoiléiriú, agus le béim a leagan ar an nasc atá idir chreideamh i nDia, Athair Íosa, agus an aithne a eascraíonn as sin — grá a thabhairt don chomharsa, de bhrí gur, cosúil le hÍosa féin, clann mhac agus clann inionacha sinn den Athair céanna. Tríd an gcreideamh gur Mac Dé é Íosa (ionann “an Críost” sa léacht seo agus “Mac De”) déantar mac nó iníon Dé de dhuine, mar atá ráite i Soiscéal Eoin féin (1:12): “An uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm”. Aon amháin iad Dia an tAthair, Mac Dé (Íosa), agus clann mhac agus clann iníonacha Dé go léir. Ionann grá a thabhairt do Dhia, a dhéanann a chlann mhac agus iníonacha dínn, agus grá a thabhairt do chlann Dé uile; leanann grá don chlann as ghrá don Athair.

            Ní rud teibí é an grá seo. Ionann grá a thabhairt do Dhia agus glacadh le Dia faoi mar atá sé, mar Athair, agus maireachtáil dá réir. Ionann é agus a aitheanta a chomhlíonadh. I gcomhthéacs léacht seo an lae inniu, tá dhá aithne ach go háirithe in aigne ag an údar: creideamh i nDia agus ina Mhac, agus aithne an ghrá. Deir an t-údar nach tromualach a aitheanta. D’fhéadfadh comhlíonadh na n-aitheanta a bheith deacair sa phobal a raibh sé ag scríobh chuige de bharr na scoilteanna a bhí ann agus an easpa caidrimh agus cairdis a lean as sin. Bhí cinnteacht de dhíth ó phobal a bhi trína chéile. An chinnteacht a thugtar dóibh sa léacht seo ná an ceann a bhí acu nuair a chéad ghlac siad leis an gcreideamh. B’ionann

 céad-ghníomh an chreidimh agus teagmháil le Dia, láithreacht Dé agus an chumhacht a thagann as sin, agus cinnteacht an bhua, na caithréime, cinnteacht an chreidimh. “Is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh”. Dúirt Íosa cheana é lena dheisceabail, ag fágaint slán acu: “Labhair mé na nithe seo libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíobh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol” (Eoin 16:33). Ionann “an saol” atá i gceist anseo agus gach rud daonna agus diabhalta a sheasann in éadan Íosa agus a bheart slánaithe, i ré Litir seo Eoin bréag-theagasc na n-ainchríostanna, agus ansin agus níos déanaí géarleanúint agus eile. An creideamh i mbás agus aiséirí Íosa Críost, bronntanas an Spioraid Naoimh, an Sólásaí agus an t-Abhcóid taobh istigh i gcoinsias an chreidmhigh, tugann sin an chinnteacht seo faoi bhua Chríost.

Deir an téacs gur tháinig Íosa Críost le huisce, le fuil agus leis an Spiorad. Siombailí lán de bhrí uisce agus fuil. Tháinig Íosa agus thug sé fianaise le huisce ina bhaisteadh, agus le fuil ar an gcrois. Nuair a tolladh a chliathán le sleá tháinig fuil agus uisce amach láithreach, agus thug an té a chonnaic (Eoin Bruinne?) fianaise faoi sin (Eoin 19:4-35). Tugann siad sin fianaise do dhaonnacht Chríost. Tagann Íosa le huisce ag an mbaisteadh, agus mar a gheall sé (Eoin 16:5-15) beidh cumhacht eile ag tabhairt fianaise dá shaothar, an Spiorad Naomh istigh i n-anamacha agus i gcoinsiasa na bhfíréan ag tabhairt cinnteacht dóibh gur fírinne teachtaireacht Chríost agus na Eaglaise.

Soiscéal (Eoin 20:19-31). Ocht lá ina dhiaidh sin tháinig Íosa. An chéad chuid den léacht seo cuireann sí síos ar eachtra a tharla tráthnóna Dhomhnach na Cásca. Léirigh an Slánaitheoir aiséirithe é féin do na haspail, agus deimhníonn dóibh go raibh sé éirithe dáiríre ina dhaonnacht, ag taispeáint dóibh a lámha agus a chosa gonta. D’anáiligh sé orthu agus thug dóibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Ní raibh an t-aspal Tomás i láthair an Domhnach sin agus dúirt sé nach gcreidfeadh sé gan fianaise gurb é an tÍosa a céasadh a bhí i gceist.

Tá an dara heachtra againn inniu sa dara cuid den léacht, eachtra a tharla an Domhnach tar éis na Cásca. Admhaíonn Tomás creideamh ní hamháin in Íosa aiséirithe mar Thiarna, ach fós mar Dhia: “Mo Thiarna agus mo Dhia”. Seo í an dara háit i Soiscéal seo Eoin ina admhaítear creideamh in Íosa mar Dhia, i ndiagacht Chríost. Is é an ceann eile ná sa bhrollach (Eoin 1:1): “Bhí an Briathar ann i dtús báire … agus ba Dhia an Briathar”. Cúis mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra Íosa ar Thomás. Ní measa as iad creidmhigh na mílte bliain níos déanaí ná mar a bhí Tomás an Domhnach úd: “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae. “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

(1) “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gurbh  bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar nais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chríost agus é i láthair. I mbriathra Chríost, is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Deiridh: “Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar” (Eoin 17:20). Don luatheaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt soláis, misnigh agus spreagtha. Meabhraíonn an chéad léacht inniu linn faoi mar a mhair an eaglais óg in Iarúsailéim faoi shimplíocht chroí, ar aon chroí agus ar aon anam. Agus labhraíonn Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaithe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost: “Thug sibh grá dósan (do Íosa) cé nach bhfaca sibh é. Ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas iontach dolabhartha” (1 Peadar 1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: “A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad den aois, bíodh aithne ar Chríost agat”.

 

(2) Fogairt Rundiamhair an Chreidimh: “Mo Thiarna agus na Dhia”. Sa liotúirge nua, sa Leabhar Aifrinn Rómhánach, tar éis an coisreacan tugtar cuireadh don phobal rúndiamhair an chreidimh a fhógairt. Sa Leabhar Aifrinn Rómhanach don domhan iomlán is féidir rogha a dhéanamh le ceann den trí théacs mar fhreagra atá tugtha ann. Ar iarratas chliarlathas na hEireann ar an Róimh tá ceann breise ann do Éire, agus do Éire amháin. Is é sin admháil chreidimh Thomáis: “Mo Thiarna agus mo Dhia”. Is feilúnach go nbhfuil an admháil chreidimh seo againn d’Éirinn sa liotúirge nua. Sul a raibh aon leasú ar an liotuirge san Eaglais bhíothas ag baint úsáide as an adhmáil sin Thomáis in Éire i ndiaidh an coisreacan. Is cuimhin liom go ndúirt comhleacaí go rabhthas ag baint úsáide as fós i na áit sna dachaidí den aois seo caite. Is admháil chreidimh láidir iad i láithreacht Íosa san Naomhshacraimint, i láthair chomh fíor agus a bhí sé le Tomás sa seomra uachtarach sin ocht lá tar éis aiséirí dó.

(3) Domhnach Thócaire Dé

Inniu chomh maith Domhnach Thrócaire Dé, féile a thionscain an Pápa Eoin Pól II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fhís a bhí ag an Siúr Phólannach Faustina Kowalska), Pápa atá anois fógartha ina naomh, maraon leis an bPápa Eoin XXIII. In aitheasc don fhéile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thrí bliana, nuair a bhí Apacailipsis Eoin á léamh mar dhara léacht) dúirt an Pápa: “‘Ná bíodh eagla oraibh. Is mise an Tús agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na síoraíochta’”. Tugann na briathra sin cuireadh dúinn ár n-amharc a thabhairt ar Chríost le bheith deimhin go bhfuil sé inár dteannta, ag tabhairt uchtaigh dúinn. Do gach aoinne, is cuma cé comh casta agus drámata an staid ina bhfuil sé, deireann Críost Aiséirithe: ‘Ná bíodh eagla ort. Fuair mé bás ar an gCrois ach táim anois beo go deo’. … Dúirt Íosa leis an tSiúr Faustina lá amháin: ‘Ní bheidh síocháin ag an gcine daonna go deo go dtí go gcasfaidh siad chugamsa le muinín as mo thrócaire’. Trócaire Dé! Seo í an bronntanas a fhaigheann an Eaglais ó Chríost aiséirithe agus a thairgeann sí don chine daonna ag breacadh seo na tríú mílaoise”.

(4) Agallamh le saol an lae inniu

Trócaire Dé! Tá an Seantiomna (go háirithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua lán de thagairtí dí. Ach tá sciar áirithe glórach de shaol an lae inniu a mhaíonn gurb é a mhalairt is fíor – gur éadrócaireacht do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith réidh lena leithéid de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht atá ann idir theagasc Chríost agus na hEaglaise agus fhealsúnacht áirithe reatha. Mar an gcéanna maidir leis an téama “saoirse”. Is fada siar an cur agus cúiteamh faoi seo, go dtí fealsúnacht na Gréige, traidisiún Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le hÍosa ionann creideamh ann féin agus saoirse cheart. Tá alán inniu a aontódh leis an bhfile a dúirt: “Buarach (rópa ceangail) ar m’aigne Eaglais Dé”. Ní chun na ceisteanna seo a phlé atáím anseo, ach iad a ardú. Ní mór aird a thabhairt orthu, agus agallamh a chothú idir léachtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.

Recommended Articles

Leave A Comment