3ú Domhnach den Charghas (C) Feabhra 24 2013

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

Réamhrá: Liotúirge and Domhnaigh in agallamh le Saol and Lae inniu

 

Chuir Comhairle Vaticáin II béim ar áit an Bhíobla sa bheatha Chríostaí, agus le deireannas leag an Pápa Benedict XVI (le héiri as a phost go luath) béim ar seo arís, á meabhrú dúinn go bhfuill faillí déanta, agus fós á déanamh ar seo. Leag sé béim ar n dlúthbhaint atá idir an Scrioptúr agus Corp Chríost. Cuid lárnach de thraidisiún na hÉireann é seo chomh maith. I seanmóir dhátheangach., Laidin agus Gaeilge, den dóu céad déag sa Leabhar Breac (tús an chuigiú haois déag) ar bhunú na hEocairiste ag an Suipéar Deireannach deirtear gurb ionann, i bhrí amháin, Corp Chríost agus an Scrioptúr. Ait mar a instear, b’fhéidir, meabhraíonn Benedict XVI and rud céanna dúinn. San aitheasc iar-sionadach Verbum Domini (le fáil ar an idirlín ag Google, “Post-synodal exhortation Verbum Domini, paragraf 54) meabhraíonn an Pápa go bhfuil an dlúthcheangal idir briathar agus Eocairist bunaithe ar fhianaise an Scrioptúir, dá dtugann Athracha na hEaglaise tacaiocht, agus deimhnithe an athuair ag an Dara Comhairle Vaticaineach. I bhfó-nóta dó seo deir Benedict XVI go bhfaighmid i mór-thraidisiún na hEaglaise ráiteas trombhríoch mar seo: Corpus   Christi intelligitur etiam […] Scriptura Dei” (“Tá Scrioptúr Dé le tuiscint chomh maith mar Corp Chriost”: Waltramus).

            Is í is aidhm don tsraith seo ar léachtaí Domhnsaigh sn Aifrinn ná (A) míniú a thabhairt ar gach léacht díobh (Céad léacht, Dara léacht, Soiscéal) agus (B) machnamh a dhéanamh ar an bhaint atá acu sin leis an bheatha Chríostai, agus, mar is gá, agallamh a chothú idir iad agus saol an lae inniu.

            Tá a bhfuil anseo dírithe mar chabhair do shagairt agus léachtóiri ag ullmhú don Aifreann, do ghrúpaí a bheadh ag plé na léachtaí agus don ghnáth léitheoir ar spéis leo na léachtai céanna.

 

 

Feabhra 24 2013 An Dara Domhnach den Charghas (C)

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

Téama: Athrú cló ar Chríost agus ar na firéain

 

Céad léacht (Genesis 15:5-12, 17-18). Déanann Dia conradh le hAbrahám fíréan. Nuair a ghlaoigh Dia ar Abrám (ar athraíodh a ainm níos déanai go Abrahám) ó Úr na gCaildéach gheall sé dó go ndéanfadh sé cine mór de. Blianta fada ina dhiaidh sin bíodh go raibh Abráhám fós gan clannmhac rinne Dia an gealltanas céanna dó. Chreid Abráhám sin “agus mheas an Tiarna mar fhíréantacht aige é sin”. Is é is brí le “fíréantacht” sa téacs seo, is dócha, ná staid anam Abrahám i leith Dé, ag glacadh go humhail le gealltanas Dé bíodh nach raibh fianaise ar bith ina fhábhar, seachas Dia féin. Ceann de mhór-théacsanna an Sean-Tiomna é seo. Bainfidh Pól an-úsáid as lena léíriú gur le creideamh, seachas “oibreacha an Dlí” a thagann slánú chugainn; do Shéamus (Séamus 2:26) lena léiriú gur marbh an creideamh gan dea-oibreacha.

            Téacs lárnach den Sean-Tiomna an ceann áirithe seo in a dhéanann Dia conradh le Abrahám. Mar chúlra don chonradh seo tá sean-nósanna inar maraíodh ainmhíthe agus gearradh iad ina dhá leath, leagtha amach i dhá líne. Shiúil an dá thabh a bhi ag déanamh an chonartha idir na píosaí seo, le mionn a glacadh gurb scoilte ina leath iad muna gcomhlíonfaidis téarmaí an chonartha. Ní fios dúinn go beacht an fáth ar luaitear an éanlaith chreiche – samhail do chontuirt don chonradh b’fhéidir. Thit tromchodladh ar Abrám. Bhí fís aige ar Dhia ag déanamh an chonartha leis, agus ag gealladh todhchaí mhór dó (seilbh tíre ón Níl go dtí an Eufrates).

            Sa fís sin faoin chonradh agus an todhchaí d’fhéadfaí a rá go bhfaca Abrahám i sli éigin teacht an tSlánaitheora. In agallamh leis na Giúdaigh faoi Abrahám dúirt Íosa: “Rinne Abrahám bhúr n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air”. B’fhéidir gur don téacs seo atá Íosa ag tagairt.

 

Salm le freagra (Salm 26 [27]). Is é an Tiarna mo sholas agus mo shlánú.

 

Dara léacht (Filipigh 3:17-4:1). Cuirfidh Críost athrú crutha ar ár gcorp á mhúnlú i gcosúlacht a choirp ghlórmhair féin. Níos luaithe sa chaibideal seo thug Pól rabhadh don eaglais i Filipi bheith san airdeall faoi thionchar ó dhaoine taobh amuigh den eaglais. Luann sé go bhfuil gach rud caillte aige féin chun bheith dílis do Chríost, agus é ag díriu ar a bhfuil amach roimhe. I léacht an lae inniu iarrann sé orthu aithrista dhéanamh le chéile air. Ní mórtas éiri in airde atá anseo. Aithris le chéile ar Chríost atá i gceist, agus rabhadh aire a thabhairt ar dhaoine a thugann an dea-shampla. Anois tugann sé le fios nach mar sin atá gach duine taobh istigh den eaglais. Táthar ann ar chúis náire iad don eaglais. Ní deireann sé go beacht cé hiad, ach gur mó an spéis atá acu is gcúrsaí cathróireachta impireacht na Róimhe (coilíneacht Rómhánach a bhí i Filipi), agus b’fhéidir gnásanna pagánacha a ghabh leis, ná bunalt chreideamh na heaglaise gurb é neamh, na flaithis, ár bhfíorcathróireacht, áit a mbeidh athrú cló ar ár gcoirp. Is leis sin atá Críostaithe ag tnúth.

            Ní mór a mhrabhrú nach ar neamh, sna faithis, amháin a bheidh an t-athrú clo sin. Tá sé tosaithe cheana féin anseo ar talamh mar a deir Pól leis na Corantaigh: Táimid ag dul i gcosúileacht le Críost ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna (2 Cor 3:18).

 

Soiscéal (Lucás 9:28-36). Sa ghuí d’Íosa, tháinig athrach cló ar a ghnúis. Tá an cur síos ar athrú cló Íosa sa sliabh ag gach ceann den trí Soiscéil tosaigh, Matha, Marcas agus Lúcás, agus sin roinnt laethanta (sé nó ocht) taréis an admháil creidimh in Íosa as Ceasaráia Philib. I sain-leagan seo Lúcáis cuirtear an bhéim (mar is gnáth i Lúcás) ar urnaí Íosa. Is ag guí dó a tharla an t-athrú cló. Rud eile faoi shainleagan Lúcáis ná go raibh Maois agus Éilias ag agallamh le hÍosa “i nglóir faoina imeacht (exodus) as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige i Iarúsailéim”,. Exodus nua d’Íosa agus dá lucht leanúna, don eaglais, a bheadh ina bhás. Samhail den ghlóire a bheadh aige taréis a aiséirí a bhí san athrú cló seo. Thug an Dlí (Maois) agus na fáithe (Éilias) fianaise d’Íosa, agus don bhás a bhí i ndán dó.

            Chuaigh an t-eispéaras a bhí acu ar an sliabh in athrú cló sin Íosa i bhfeidhm go mór ar na h-aspail agus an eaglais agus thug dóibh tuiscint níos fearr ar an bhfianaise a thugann na Scrioptúir d’Íosa. Déanann Dara Litir Naomh Peadar (1:17-19).tagairt dó. Chonaic na haspail mórgacht Íosa lean súile cinn. “Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas ón Ghlóir mhaorga: ‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi’. Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn”.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

 

Athrú cló Chríost agus Críostaithe

Tugann léachtaí an lae inniu ábhar machnaimh dúinn ar roinnt mhaith fírinní den chreideamh. Ní gá anseo ach cúpla ceann a áireamh. (1) Ceann amháin díobh ná an t-aontas atá ag rith, ó shúilibh creidimh de, tríd an Sean-Tiomna agus an Nua. Gealladh do Abráhám gur trína shíol siúd (an Meisias, Críost) a dhéanfaí ciníocha uile na cruinne a bheannú. Tá fís úd Abrahám agus briathra Íosa faoi againn. (2) Ansin tá athrú, athrach, cló Chríost agus an ghlóir atá i ndán dá lucht leanúna dílis sna flaithis, ach mar aon leis sin an t-athru cló ar Chríostaithe anseo ar talamh trí gníomhú an Spioraid Naoimh. Neamh an tír dhuchais do Chríostaíthe, ach ní mór dóibh bheith gafa le cúrsaí an tsaoil seo chomh maith, ach glaoite chun bheith mar lóchrann, mar sholas, don domhan trí dhilseacht do Chríost. (3) Ní inné ná inniu a thosaigh scannail agus droch-shampla san Eaglais. Bhíodar ann, i Filipi, in aimsir Phóil Aspal.

Recommended Articles

Leave A Comment