4ú Domhnach den Charghas (C) 10 Marta 2013

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

Réamhrá: Liotúirge and Domhnaigh in agallamh le Saol and Lae inniu

 

Márta 10 2013 An Ceathrú Domhnach den Charghas

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Téama: Filleadh ar ár n-oidhreacht chríostaí.

Céad léacht (Iosua 5:9-12). Tar éis de phobal Dé teacht isteach sa talamh a gealladh dóibh, ceiliúrann siad an Cháisc. Chaith clann Israél daichead bliain san fhásch, áit neamhthorthúil mar a raibh an manna mar lón acu. Bhíodar ar a slí go tír Canán a ghealladh do na hAithreacha, Abrahám agus a shliocht mar oidhreacht, go tír tairngre. Anois taréis dóibh an Iordáin a thrasnú bhí ceann scríbe bainte amach acu. Pobal Dé iad agus bhí orthu comhartha an chonartha, an timpeallghearradh a bheith orthu. De réir deallraimh ní raibh sin amhlaidh san fhásach, agus b’fhéidir san Éigipt. Anois ar theacht i seilbh a n-oidhreachta rinneadh iad a thimpeallghearradh. Bhí náire, aithis, an chos ar bolg, sclábhaíocht, agus gach ar sheas an Éigipt dóibh bainte díobh. An chéad chéim eile mar phobal Dé ná an Cháisc a cheiliúradh, rud a rinneadar de réir ghnásanna Dli Mhaoise, le arán tirim agus arbhar thiormaithe, tíortha. Bhíodar anois i dtír ina mbeadh “mil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda”. D’ith siad de thoradh thír Canán, agus tháinig deireadh leis an manna, an bia a chothaigh iad san fhásach. Bhí tús curtha le ré nua ina stair.

Salm le freagra (Salm 33[34]). Blaisigí agus féachaigí a fheabahs atá an Tiarna

Dara léacht (2 Coirintigh 5:17-21).Thug Dia sinn chun athmhuintearais leis féin trí Chríost. Is féidir teachtaireacht na léachta seo a mheas níos fearr nuair a shuíotar i gcaibidil thosaigh na litreach seo chuig na Coirinitigh é. Tá an tAspal Pól gafa idir a thuiscint féin ar bhrí aiséirí Chríost agus an chonartha nua agus cúrsai daonna and saolta na heaglaise i gCoirint. Bhí teannas áirithe idir an eaglais, nó buíon san eaglais, i gCoirint agus a n-aspal Pól. Cuireadh i leith Phóil nach raibh sé macánta, trédhearcach, leo. Tugann Pól aird ar a bhfuil le rá acu, ach tá an litir lán de theagasc faoin chonradh nua agus saothar an Spioraid Naoimh sa bheatha chríostaí. De bharr an teannais agus a gcuid amhrais faoi féin, iarann Pól an bhfuil sé anois riachtanach go dtabharfadh duine éigin litir creidiúnais agus Pól a chur in aithne dóibh. Scríobhann sé an mhír álainn seo (2 Coirintigh 3:1-3): “An gá dúinn, dála daoine áirithe eile, litreacha creidiúnais a thabhairt chúgaibhse nó iad a fháil uaibh? Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar thaibhléid an chroí dhaonns”. Leagann Pól béim ar an fhírinne chríostaí go bfhuil saol nua, cruthú nua, ann le aiséirí Chríost. D’fhéach sé uair amháin ar Íosa, “Íosa na staire”, mar dhuine den domhan, den saol, seo a cuireadh chun báis mar choirpeach. Rinne sé Críost a mheas de réir chaighdeáin shaolta. Lena chreideamh in aiséirí Chríost ní dhéanann sé Críost ná neach ar bith eile a mheas de réir chaighdeáin shaolta a thuilleadh. Is anseo a thosaíonn léacht an lae inniu. An duine atá i bpáirt le Críost “is duine é atá cruthaithe as an nua”, mar adeir an leagan nua Gaeilge, ach le bheith níos beaichte, “is cruthú úrnua é”. Tá an sean-saol, gan cumhacht Chríost, an Naomh-Spioraid agus grásta Dé, imithe. Míníonn Pól a bhfuil ráite aige. Ionann an ré nua, an “cruthú” nua, trí bhás agus aiséirí Chríost agus maithiúnas na bpeacaí agus athmhuintearas déanta idir Dia agus an cine daonna. Cúram Phóil agus na heaglaise ná an t-athmhuintearas sin a fhógairt. Is ambasadóirí dó sin iad. agus ní hamháin le briathra ach fós lena mbeatha, le athmhuintearas idir na Coirintigh agus Pól, agus eatorthu féin.

Soiscéal (Lucás 15:1-3, 11-32). Bhí an deartháir seo agat marbh agus tá e beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é. De ghnáth tugtar mar theideal ar an bparabal seo “An Mac Drabhlásach”. I gcomhthéacs Shoiscéal Lúcáis, is é an ceann deiridh é de thrí pharabail gur sórt teidil dóibh “Caillte agus Faighte”: caora amháin as céad, drachma amháin as deich, mac amháin as beirt caillte agus faighte. Tá siad go léir dírithe ar dhaoine (Fairisínigh agus scríobhaithe) a cháin Íosa toisc a mhuintearais le bailitheoirí cánach (poibleacánaigh) agus peacaigh, sin le rá daoine a ghearr iad féin amach as modh beatha na nGiúdach faoi chonradh Mhaoise. Ní hé gur aontaigh Íosa lena seasamh siúd. Ba chaillte iad. D’aithin an t-athair ceart agus saor-thoil an mhic ab óige chun a pháirt san oidhreacht. B’fhéidir gur shéan an mac sin creideamh a chine; chríochnaigh sé i dtalamh phagánach ag aoireacht mhuc. Siombal den Athair ar neamh an t-athair, a bhí ag faire le filleadh a mhic. Tuigimid don mhac ba shine ó thaobh an nádúir dhaonna de. Ach níorb ionann léargus Dé, an tAthair ar Neamh..

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Fill, Fill, a Rúin Ó. Fill ar do oidhreacht Chríostaí

 

Is iomaí sin ábhar machnaimh a thugann léachtaí an lae inniu dúinn. Tá trí chinn ar féidir a áireamh.

(1) Is fada idir Cáisc úd Leabhair Iosua, ithe de thoradh thír Canán agus an Tiomna Nua agus an lá inniu. I slí amháin bhí an tír tairngre, seilbh na talún, bainte amach ag clann Israél, seilbh ar a dtugtar chomh maith “an suaimhneas”, no “áitreamh suaimhnis”. Le himeacht ama b’ionann “an talamh” agus an oidhreacht. Ceann de na Beannachtaí ná gur méanar dóibh seo atá ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na talún (aistriúchán eile: “geobhaidh siad an talamh mar oidhreacht”). Tá an glaoch ann dúinn i gcónaí teacht is seilbh na talún, na hoidhreachta, sin ach a bheith dílis do ghuth Dé.

(2) Gairid roimh éirí as oifig dó, mheabhraigh an Pápa Benedict XVI dúinn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo í. Tagann seo go mór lena dúirt Pól leis na Coirintigh. Bhí sé in agallamh leo, agus ag déanamh airde dá gcuid cheisteanna agus eile, ach i gcónaí ag meabhrú dóibh gur cruthú nua, beatha cruthaithe as an nua, bheith i bpáirt le Críost. Ag freagairt do briathra Phóil, ní féidir an eaglais, ná cursai creidimh, a mheas de réir caighdeáin shaolta. Is geal leis na meáin cúrsaí eaglasta de shaghas áirithe ar ceisteanna gnéis agus scannal a phlé, ach níor chóir ligint dóibh aird a thabhairt ó na ceisteanna lárnacha den bheatha chríostai – grásta Dé, urnaí, na sacraimintí, aithrí, Críost beo san eaglais agus rudaí dá sórt sin.

(3) Fill, Fill, a Rúin Ó. Fill ar do oidhreacht Chríostaí. Tá alán le foghlaim ó pharabal “An Mac Drabhlásach”. Bhíodh Íosa in agallamh caoin le daoine a bhí ar an imeall an tráth úd, ar an imeall ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhí caidreamh acu lena chéile. Ní deirtear linn cérbh é an t-ábhar comhrá eaturthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar éis a bheith caillte atá an bhéim sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan mór tá alán daoine mar an mac ab óige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b’fhéidir creideamh i nDia féin tréigthe acu, agus gan smaoineamh ag alán díobh go bhfuillid caillte. Ceann de mhór-cheisteanna ná conas teagmháil a dhéanamh leo siúd, lena léiríú dóibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tréigthe acu. Ach tá Dia láidir – cúis misnigh sin dúinn. Glaoch dúinn achanaí a chur chun Dé ar a son.

Recommended Articles

Leave A Comment