Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  • An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag féachaint romhainn amach le fís Chríostaí.
  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Irimia 31:7-9). Bhéarfaidh mé sólás don dall agus don bhacach agus mé á dtreorú ar ais. D’fhógair an fáidh Irimia gan scáth gan eagla go mbeadh pionós dian ó Dhia, treascairt Iarúsailéim agus an Teampaill agus díbirt chun na Baibealóine ar an bpobal, de bhrí gur thréig siad an Tiarna le adhradh a thabhairt do dhéithe pagánacha (íola). Níor éisteadh leis, ach comhlíonadh a chuid fháistiní go léir. Bánaíodh stát Iúda. Níor fágadh ach fuílleach den Iosrael a bhí ann tráth, anois i ndeoraíocht sa Bhaibealóin. Ach rinne Irimia tairngreachtaí chomh maith go ndéanfadh Dia a phobal a shlánú tar éis iad a smachtú. Mar aon le fáithe eile, amhail Eizicéil agus an Dara Íseáia, d’fhógair sé gurb é an tAoire Fónta a bhí ina nDia siúd a thógfadh cúram a phobail air féin agus a threoródh go ciúin mín thar nais iad go ré nua ina dtalamh dhúchais féin. Tugtar “Leabhar an tSóláis” ar chaibidil 30-33 de Leabhar Irimia, ina bhfuil sraith de fháistiní dá leithéid, mar aon le gealltanais do Iosrael. I léacht an lae inniu dearctar ar Iosrael ina aistear abhaile, ní i mórshiúl míliteach, caithréimeach, ach mar fhuílleach phobal Dé, slán sabháilte trí chúram grámhar Dé ón díthiú a bhí i ndán dóibh. Tiocfaidh siad thar nais ar an mbóthar ó thuaidh, an ghnáth-shlí ón mBaibealóin go dtí an Phailistín. Ní buíon laochra atá ann. Leagtar an bhéim ar na baill laga ina measc: an dall, an bacach, an bhean thorrach agus an bhean i dtinneas clainne. Buíon mór iad ag filleadh abhaile, agus an Tiarna ag deimhniú dóibh go mbéarfaidh sé sólás dóibh agus é á dtreorú ar ais – mar an Tréadaí Maith. Is aistear áthasach seo dóibh, mar phobal lán de shonas gur ann fós dóibh agus dóchas acu don ré atá rompu. Cuireann an Salm le Freagra inniu meon an áthais seo in iúl go han-mhaith.

Salm le Freagra (Salm 135[126]). Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.

Dara Léacht (Eabhraigh 5:1-6). Is sagart síoraí thú ar nós Melcisedec. Díríonn an léacht seo ár n-aird ar an ardsagart Giúdach mar idirghuítheoir ar son daoine daonna, ar glaodh air le tabhartais agus íobairtí a ofráil in éiric peacaí, agus mar thoradh nádúrtha air sin gur chóir go mbeadh ar a chumas trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus ag dul ar fán, agus ar pheacaigh toisc gur roghnaíodh as a measc siúd é agus de bhrí go bhfuil sé féin lag. Níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an rud atá in aigne an údair anseo, faoi mar atá i rith na litreach go léir: comparáid idir an ardsagart Giúdach daonna agus an Ardsagart fíor Íosa Críost agus codarsnacht leis. An rud ba chóir don ardsagart Giúdach a bheith, is mar sin atá an fíor-ardsagart Íosa,  go hiomlán daonna; mhair sé agus d’fhulaing sé mar aon duine daonna eile, agus dá bhrí sin tuigeann sé an laige dhaonna go hiomlán. Dá bhrí sin is féidir leo siúd atá lag agus ina bpeacaigh gabháil chuige le muinín. Tá béim sa léacht seo ar Íosa mar shagart, agus comparáid déanta idir é agus Árón, an chéad ardsagart do na Giúdaigh. Ní bua daonna an tsagartacht ach bronntanas ó Dhia, ar chóir bheith umhal faoi. Is mar sin a bhí le hÁrón: ghlaoigh Dia air, agus ba mhar sin a bhí le hÍosa féin.

An Soiscéal (Marcas 10:46-52). Rabúní, mo radharc a bheith agam! Scéal simplí faoi mhíorúilt í seo, a ghabhann brí níos iomláine nuair a shuítear í i gcomhthéacs an phlean atá i Soiscéal Mharcais. Tá Íosa anois tagtha chomh fada le Ireachó, lámh le deireadh thurais a aistir dheiridh go hIarúsailéim, agus cuireann an sliocht seo críoch le mír fhada i Soiscéal Mharcais faoi dheisceablacht (Marcas 8:31-10:45), agus ag deireadh an tsleachta, faoi mar a bhí ag a thús, tá leigheas duine dhaill. Deir scéal an daill a leigheasadh ag Béatsáide (Marcas 8:22-26) nár tugadh a radharc thar nais dó ach de réir a chéile. Is sórt “parabal i ngníomh” an cuntas, ag léiriu an bealach ar aghaidh ó fháil thar nais den radharc nádurtha go fís an chreidimh i gCríost agus go deisceablacht. Ní eispéireas Bhóthar na Damaisce gach bronntanas den chreideamh in Íosa. Leanann admháil chreidimh Pheadair i gCaesairia Philib leigheas an daill i Béatsáide. Thar cheann an Dáréag admhaíonn Peadar creideamh i gCríost, ach ní thuigeann sé na héilimh a dhéanann deisceablacht agus cáintear ag Íosa é dá bharr sin (Marcas 8:31-9:1). Ó shin ar aghaidh go dtí an eachtra seo le Bartimaeus bhí Íosa ag déanamh soiléir na héilimh a bhaineann le deisceablacht. Glaonn Bartimaeus ar Íosa teacht i gcabhair air. Nuair a iarrann Íosa air cad tá uaidh, freagraíonn Bartimaeus: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”, ar a thugann Íosa freagra: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú”. Shlánaigh creideamh Bhartimaeus é. Níor rinne Íosa míorúiltí nuair nach raibh creideamh i láthair (feic Marcas 6:5-6, Íosa ag Nazarat). Measann roinnt mhaith scoláirí go bhfuil an leagan focal a bhaineann Marcas úsáid as ina a chuntas den mhíoruilt seo dúisitheach d’aon ghnó. Is dócha go bhfuil againn sa sliocht seo (mar a bhí de réir dealraimh i leigheas an daill i Béatsáide) cur i láthair na míorúilte mar “parabal i ngníomh”. Fuair Bartimaeus a radharc fisiciúil thar nais, ach thug seo é de réir dealraimh do radharc níos doimhne den slánú, agus deir an téacs linn gur lean sé Íosa sa tslí, gur rinneadh deisceabal de is dócha.

  • An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Ag féachaint romhainn amach le fís Chríostaí.

Cothaíonn fís phearsanta agus fís phobail daoine nuair a bhíonn siad faoi bhrú agus tugann treoir dóibh agus iad faoi anacair nó faoi rath. Tá samplaí maithe de cad is brí le seo i léachtaí an Domhnaigh áirithe seo. Pheacaigh pobal Dé, agus ón dtaobh daonna de is beag an dóchas a bí ann go raibh todhchaí ar bith acu. Nuair a bhí an peaca á dhéanamh acu bhí guthanna ó na fáithe ag tabhairt dúshláin dóibh agus á gcáineadh, ag bagairt díoltais ó Dhia orthu. Ach nuair a measadh go raibh gach rud caillte bhí guthanna fáidhiúla fós ann le misneach a thabhairt dóibh. Ní fís do laochra an fhís Chríostaí. Chonnaic muid mar a bhí ar na haspail agus lucht leanúna eile stracadh lena gcreideamh i gCríost agus faoi mar ar tógadh iad de réir a cheile chun tuisceana níos doimhne den ghairm Chríostaí a bhí acu.

Tá gá géar inniu ann go ndéanfadh creidmhigh i gCríost athnuachan ar an bhfís Chríostaí maidir le cad is brí leis an mbeatha dhaonna anseo agus sa saol eile. Tugann an Tiomna Nua a leithéid de fhís, agus mhair an luatheaglais í. I gCríost tá a chreideann ann, agus a bhaineann leis, cruthaithe as an nua (feic 2 Corantaigh 5:17). “Féach”, a deir Críost, “tá gach ní á dhéanamh nua agam”. An fhís Chríostaí atá le fail sa tSeanmóir ar an Sliabh, sna Biáide agus sa bheatha Chríostaí féin, mhúnlaigh sin an tsochaí tríd na haoiseanna síos. Bhí tionchar aici ar na healaíona, ar an litríocht agus ar mhórán cúrsaí eile den saol.

Tá lárionad ag Críost san fhís Chriostaí. Is rud é an fhis seo do gach creidmheach, agus ní do bhuíon tofa amháin. Is rud beo í. Glacann sí a neart ó ghealltanas Chríost bheith in éineacht lena eaglais i gcónaí, faoi mar a gheall Dia Iosrael dá phobal féin i dtráth na hanacra agus na deoraíochta. Bheith feasach ar pheacaí a tharla, nó ar fhaillíocha ó thaobh na cléire nó daoine eile, is féidir leis seo baint ónár  bhfonn aird a thabhairt ar fhís sin Chríost ar an mbeatha. Ach níor chóir gurbh amhlaidh a bheadh. Is cuid den stair faillí dhaonna i slí amháin ní i slí eile. I Soiscéal Mharcais ní chuirtear na haspail agus chéad lucht leanúna Chriost inár láthair mar eiseamláirí. A mhalairt ar fad. Níor thug faillí phobal Dé roimh an deoraíocht nó lena linn ar na fáithe gan fís ollmhór Dé dá dtochaí a chur os comhair an phobail sin. Bheadh Dia leo, ina gcuideachta.

Is féidir linn teachtaireacht a fhoghlaim ón Scrioptúr gan ligean dár bhfís Chríostaí dul i léig, nó gan ligean dúinn éirí beaguchtach de bharr laigí nó peacaí taobh istigh den eaglais. Rud é an creideamh a thagann fás air, uaireanta ó leath-dhaille, ó chaoiche, go radharc iomlán. Guímis go ndtiocfaidh an Eaglais, sinn go léir, thar nais ar an bhfis Chriostaí, ar thuiscint nios doimhne ar mhisean na hEaglaise Críost a fhogairt mar sholas chun na naisiún, mar sholas an domhain.

Recommended Articles

Leave A Comment