Aibrean 7 2013 Dara Domhnach den Chaisc

Féile Trócaire Dé

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 5:12-16). Chuaigh líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna níba mhó i méid. Seo ceann dena achoimrí ídéalacha de bheatha na heaglaise óige in Iarúsailéim ar ghean le Lúcás, údar an leabhair seo, a chur ós ár gcomhair. Bhí an comhluadar críostaí luath seo faoi ardmheas ag an pobal agus bhí líon na gcreaimheach ag dul i méid ó lá go chéile. Meabhraíonn Lúcás dúinn chomh maith an áit lárnach a bhí ag Peadar. Ba shin laethanta tosaigh na heaglaise tar éis teacht an Spioraid Naoimh, sul ar rinneadh soiléir impleachtaí an chreidimh i gCríost mar Shlánaitheoir don domhan uile, Giúdach agus eile, gan an Teampall ná Dlí Mhaoise. Bheadh sin le teacht nuair a ghluais an eaglais amach ó Iarúsailéim thar críocha Iosrael. Bheadh ar an tionól críostaí in Iarúsailéim a chuid féin de na deacrachtaí a bhain leis sin a fhulaingt.

Salm le Freagra (Salm 117[118]). Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.

Dara Léacht (Apacailipsis 1:9-13, 17-19). Ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh an síoraíochta. Ar feadh Domhnaí na Cásca is é a bheidh sa dara léacht ná sleachta as Leabhar Apacailipsis Eoin, Is é atá in apacailipsis ná seánra, cineál, gné de litríocht na nGiúdach in a bhfuil foilsiú diaga trí idirghabhálaí faoi rudai le titim amach go luath. Sampla sontasach den seánra seo ná Leabhar Dainéil den Seantiomna, a scríobhadh le uchtach a thabhairt do na Giúdaigh a bhí i mbaol báis de bharr ghéarleanúna. Buntréith, teachtaireacht lárnach, leabhair Dainéil agus Eoin, agus na scríbhinní apacailipteacha i gcoitine ná go bhfuil Dia i gcónaí i gceannas agus nach féidir le aon cumhacht dhaonna a réim a chur as riocht. Bhí an fhís seo ag Eoin nuair a bhí sé i ngeibheann faoin impire Domitianus (A.D. 80-96) in oileán beag Patmos (thart ar deich míle faoi cúig) sa Mhuir Aegéach de bharr a chreidimh i gCríost. Scríbinní léannta, go minic lán de shiombólachas, tagairtí aduaine agus eile atá sna apacailipteacha, tagairtí a thuig an ghlúin ar scríobhadh dóibh iad céaduair ach nach amhlaidh dúinne. Dóibh siúd ar mhaith leo Apacailipsis Eoin ina iomláine a léamh. moltar intreoir ceart dó a úsáid. Ní gá sin do na léachtaí a roghnaíotar don Cháisc seo. Tá siad soiléir agus sothuigthe. Maidir le léacht an lae inniu, bhí eispéaras eacstaiseach ag Eoin. Thaibhsigh Íosa aiséirithe (mac an duine) dó mar bhreitheamh, le culaith sagartacha (róba, éide fhada) agus culaith ríoga (crios orga). Léirigh Íosa dó gurb aige a bhí an chumhacht go léir: eisean an Té atá, an Tús agus an Deireadh (teidil a thug Dia Iosrael air féin, Iseáia 44:6; 48:1). Briathra iad seo le miseanch agus spreagadh a thabhairt do Eoin in oileán Patmos agus don eaglais agus chríostaithe i ngach aois agus iad faoi ghéarleanúint de aon saghas.

Soiscéal (Eoin 20:19-31). Ocht lá ina dhiaidh sin, tháinig Íosa. An chéad chuid den léacht seo cuireann sí síos ar eachtra a tharla tráthnóna Dhomhnach na Cásca. Léirigh an Slánaitheoir aiséirithe é féin do na haspail, agus deimhníonn dóibh go raibh sé éirothe dáiríre ina dhaonnacht ag taispeáint dóibh a lámha agus a chosa gonta. D’anáiligh sé orthu agus thug dóibh an Spiorfad Naomh agus an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Ní raibh an t-aspal Tomás i láthair an Domhnach sin agus dúirt sé nach gcreidfeadh sé gan fianaise gurb é an tÍosa a céasadh a bhí i gceist.. Tá an dara eachtra againn sa dara cuid den léacht, eachtra a tharla an Domhnach tar éis na Cásca. Admhaíonn Tomás creideamh ní hamháin in Íosa aiséirithe mar Thiarna, ach fós mar Dhia: “Mo Thiarna agus mo Dhia”. Seo í an dara áit i Soiscéal seo Eoin ina admhaíotar creideamh in Íosa mar Dhia, in ndiagacht Chríost. Is é an ceann eile ná sa bhrollach (Eoin 1:1): “Bhí an Briathar ann i dtús báire … agus ba Dhia an Briathar”. Cúis mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra Íosa ar Thomás. Ní measa as iad na mílte bliain níos déanaí ná mar a bhí Tomás an Domhnach úd: “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

(1) “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní ionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar nais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chiost agus é i láthair. I mbriathra Chríost is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, agis i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súla aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Deiridh: “Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar” (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt soláis, misnigh agus spreagtha. Mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaíthe a bhí ag fulaingt ar son a gcreideamh i gCríost: “Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh gra dó; ní fheiceanna sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha” (1 Peadar 1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: “A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad den aois, bíodh aithne ar Chríost agat”.

(2) Domhnach Thócaire Dé

Inniu chomh maith Domhnach Thrócaire Dé, féile a thionscain an Pápa Eoin Pól II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fhís a bhí ag an Siúr Phólannach Faustina Kowalska). In aitheasc don fhéile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thrí bliana, mar atá i mbliana) dúirt an Pápa: “’Ná bíodh eagla oraibh. Is mise an Tús agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na síoraíochta’”. Chualamar na briathra solásacha seo sa Dara Léacht tógtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh dúinn ár n-amharc a thabhairt ar Chríost le bheith deimhin go bhfuil sé inár dteannta, ag tabhairt uchtaigh dúinn.. Do gach aoinne, is cuma cé comh casta agus drámata an staid ina bhfuil sé, deireann Críost Aiséirithe: ‘Ná bíodh eagla ort. Fuair mé bás ar an gCrois ach táim anois beo go deo’. … Dúirt Íosa leis an tSiúr Faustina lá amháin: ‘Ní bheidh síocháin ag an gcine daonna go deo go dtí go gcasfaidh siad chugamsa le muinín as mo thrócaire’. Trócaire Dé! Seo í an bronntanas a fhaigheann an Eaglais ó Chríost aiséirithe agus a thairgeann sí don chine daonna ag breacadh seo an tríú mílaoise”.

(3) Agallamh le saol an lae inniu

Trócaire Dé! Tá an Seantiomna (go háirithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua lán de thagairtí dí. Ach tá sciar áirithe glórach de shaol an lae inniu a mhaíonn gurb é a mhalairt is fíor – gur éadrócaireacht do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith réidh lena leithéid de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht atá ann idir theagasc Chríost agus na hEaglaise agus fhealsúnacht áirithe reatha. Mar an gcéanna maidir leis an dtéama “saoirse”. Is fada siar an cur agus cúiteamh faoi seo, go dtí fealsúnacht na Gréige, traidisiún Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le hÍosa ionann creideamh ann féin agus saoirse cheart. Tá alán inniu a aontódh leis an bhfile a dúirt: “Buarach (rópa ceangailte) ar m’aigne Eaglais Dé”. Ní chun na ceisteanna seo a phlé atáím anseo, ach iad a ardú. Ní mór áird a thabhairt orthu, agus agallamh a chothú idir léachtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.

Recommended Articles

Leave A Comment