Aibreán 14 2013 Tríú Domhnach den Cháisc 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh) 

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 5:27-32, 40-41). Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh. An fhianaise neamheaglach a thug na haspail do Íosa is príomhtheachtaireacht don léacht seo. Tuigtear a bhfuil sa léacht níos fearr nuair a suíotar i gcomthéacs níos leithne an leabhair féin í. An dara huair do na haspail bheith gafa agus i ngéibheann an comhthéacs seo (Gníomthartha 5:12-42). Ar dtús bhí gach rud ag dul ar aghaidh go seoigh leis na haspail agus iad ag craobhscaoileadh an dea-scéil i bPóirse Sholaimh (5:12-16). Dá bharr seo ghabh éad an t-ardsagart agus na Sadúcaigh a ghabh na haspail agus a chuir i bpriosún iad. Ach scaoileadh saor go miorúilteach iad agus tháinig teachtaoreacht ó Dhia chucu seasamh sa Teampall agus fáisnéis iomlán a thabhairt don phobal “ar an mBeatha seo”. “An Bheatha” a tugadh ar dheá-scéal an tslánaithe a tháinig le hÍosa. Nuair a chuala an t-ardsagart go rabhadar saor rinne sé iad a ghabháil arís lena gceistiú (5:17-26).. Is anseo a thosaíonn léacht an lae inniu, le ceistiú na n-aspal agus freagra gan eagla Pheadair agus na n-aspal. Is finnéithe iad do aiséirí Chríost agus don ghairm chun aithrí. Finnéithe iad agus finné chomh maith an Spiorad Naomh a thug Dia (mar bhronntanas) do gach duine atá umhail dó, sin le rá bronntanas an chreidimh (5:27-32). Leanann sliocht, nach léitear innu, ina thugann an Fairistíneach Gamailiéil comhairle do na cúisitheoirí ligean do na haspail. Rinneadh na haspail a sciúrsáil (tríocha naoi lascanna) agus a ligean saor. Bhí lúcháir ar na haspail as an tarcuisne ar son Chríost.

Salm le Freagra (Salm 29[30]). Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé. 

Dara Léacht (Apacailipsis 5:11-14). Is fiú é an tUan arna íobairt, é a fháil cumhachta agus saibhris. Sa céad radharc ar Dhia faoi ghlóir (Apacailips 4:1-11) chonnaic Eoin ríchathaoir Dé agus mórthimpeall uirthi ceithre ríchathaoir fichead agus ceathrar seanóirí fichead ina suí orthu, gléasta in éadaí geala (sagairt) agus corónacha óir ar a gceann (ríthe) agus mórthimpeall na ríchathaoireach bhí ceithre dhúil bheo. Samhail na seanóirí, is dócha, den Seantiomna (daréag – patriarc no fáithe) and den Tiomna nua (daréag – aspal nó creidmhigh). Na ceithre dhúil bheo, samhail iad den chine daonna, éanlaithe agus beithígh. Neacha ainglí iad go léir ag moladh mórgachta Dé. I léacht an lae inniu tá radharc again ar neamh agus slua aingeal gan teora, mar aon leis na seanóirí agus na ceithre dhúil bheo ag tabhairt omóis don Té atá ina shuí ar an ríchathaoir (sin Dia na Glóire) agus don Uan, don “Uan arna íobairt” (Iosa Aiséirithe). Tá siad araon, Dia na Glóire agus Íosa aiséirithe, anois ar chomhchéim. Bua seo an Uain (Íosa) ar neamh cúis mhisnigh é dá lucht leanúna faoi ghéarleanuint ar thalamh.Ionann bua an Uain agus a mbua siúd.

Soiscéal (Eoin 21:1-19). Thainig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é , agus mar an gcéanna leis an iasc. (Moltar úsáid a bhaint as an leagan iomlán den léacht seo, seachas an leagan gearr. Aonad iomlán an léacht.) Tá dhá eachtra sa léacht seo: (1) an ghabháil mhiorúilteach éisc ag Muir Tiberias (Muir na Gailíle), cosúil leis an mhiorúilt cheanna i Lúcás 5:1-11, agus (2) Íosa ag tabhairt chúraim a thréada (uain agus caoirigh) do (Shiomón) Pheadar. Tá an dá eachtra ceangailte lena chéile agus an bhéim iontu araon ar Pheadar. Tá siombólachas ag baint leis an chéad eachtra. Tá seachtar deisceabal ag an Muir, ach is Peadar a mholann dul ag iascach. Leanann an chuid eile. Le nod ó Íosa ar an dtrá cuireann siad an eangach amach agus faigheann lear mór éisc. Na deisceabail a bhí ag tarraingt na heangaí lán d’éisc ina ndiaidh.

I dtosach níor aithin na deisceabail Íosa ar an dtrá. An “Deisceabal Ionúin”, muirneach, “an deisceabal ab ionúin le hÍosa”, a chéad-aithin Íosa (mar a tharla ag an tuama, Eoin 20:8-9). Beannaíonn Íosa dóibh mar dhaoine go raibh sean-aithne aige orthu: mar “a Leaideanna”, b’fhéidir. Nuair a deir Íosa leo cuid de na héisc a ghabh siad a thabhairt isteach, is é Peadar amháin a chuaigh ar bord agus a tharraing, é féin amháin, an eangach isteach “agus í lán d’éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh”. Cinnte nach raibh an uimhir sin gan bhrí do chéad léitheoirí, nó éisteoirí, an chuntais seo. Bhí baint ag an uimhir bheacht le éirim an chuntais. Ceist eile cad is ciall leis an uimhir 153?. Dar lena lán scoláirí tá a chéad bhrí caillte, agus beidh go deo. Ta tuairmí éagsúla ag daoine eile faoina bhrí. Sean-tuairim (bhí sí ag athair na heaglaise Iaróm), agus a bhfuil dealramh i gcónaí lei dar liom, gurb ionann an uimhir 153 agus an líon gnéithe, speiceas, na n-iasc sna huiscí de réir ghnáth- tuisceana an tráth sin.. Bheadh línte adeir an scríobhnóir Gréigeach Oppian (pas beag níos déanaí ná Eoin) ina dhán ar “Iascaireacht” ag teacht leis sin: “Thar teorainn agus thar ár n-eolas na treabhanna a ghluaiseann i nduibheagán na farraige”. Bheadh líon na n-iasc i líon Pheadair (agus san Eaglais) gan teora, ó gach treabh ar domhan.

            Ar Pheadar (Siomón Peadar, Siomón mac Eoin) an dara heachtra chomh maith. In am a ghátair shéan Peadar Íosa faoi thrí, Íosa an tAoire maith a thugann grá dá thréad idir uain agus caoirigh. Anois tá Íosa chun cúram an tréada sin a chur ar Pheadar. Ach ar dtús ní mór do Pheadar a ghrá d’Íosa, an tAoire Maith, a admháil faoi thrí, grá “níos mó ná a ngrá seo” – b’fhéidir níos mó ná mar atá ag na deisceabail eile do Íosa, nó ag Peadar do na deisceabail eile, nó (brí is dóchaí) grá níos mó d’Íosa ná do aon rud nó do aoinne eile. An tagairt ag Íosa do Pheadar “ag síneadh amach a lámha”, is dócha gur leid é do bhás Pheadair ar an gcrois – mar a tharla sa Roimh de réir traidisiúin.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

An eaglais faoi bhrú ar talamh; Críost i réim ar neamh; ministreacht chomharba Peadair inniu

(1). Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh a thugann Dia dóibh siúd a chreideann. Is faoin luath-eaglais atá an chéad léacht.. Tá tagairtí don “eaglais óg”, “an luath-eaglais” le fáil i Laidin agus Gaeilge i luath-litríocht na hÉireann. Eiseamláir a bhí inti don eaglais do Lúcás údar Ghníomhthartha na nAspal, don óg-eaglais in Éirinn agus don eaglais in aois ar bith. Thug Peadar agus na haspail fianaise don “Bheatha seo” gan scáth gan eagla. An Bheatha ó Íosa Críost a bhí ann, Íosa a tháinig chun an bheatha a thabhairt agus sin a dhéanamh go fial. Bhí lucháir ar na haspail tarcaisne a fhulaingt ar son Chríost. Ba fhinnéithe iad agus ba fhinné an Spiorad Naomh. Rud seachtrach, den taobh amuigh, an craobhscaoileadh ann féin, nach fiú tada é gan lonradh an Spioraid Naoimh istigh sa chroí a thugann an chinnteacht chreidimh. Tá ábhar machnaimh anseo dúinn le fianaise a thabhairt don chreideamh an lá atá inniu ann, fianaise mar aon le urnaí agus deabhóid. 

(2) Neamh agus fianaise uaidh osacilte i gcónaí. Seachain an tollán! Tá meon ann san Eoraip, i dtíortha eile, Éire ina measc, agus ag éirí níos forleithne nach inchreidte nó nach ann do réaltacht nó rud ar bith nach bhfuil teacht ar na céadfai daonna, an aigne agus an réasún air. Ní ann do aon réaltacht tarchéimneach, transcendental, bíodh san Dia (dia), neamh. foilsiú diaga, grásta nó aon rudaí dá leithéidí. Tá an cine daonna, nó cuid de, mar a bheadh sé in dtollán. gan caoi teagmháil le réaltacht ar bith taobh amuigh de. Labhair an Pápa Benedict XVI faoin chás seo le aos eagna na Gearmáine. Ionann seo agus a rá nach mór cosc a chur ar chúrsai creidimh sa dioscúrsa poiblí. Beidh cur agus cúiteamh faoi seo na blianta seo romhainn. Ach níl neamh balbh sa phlé, ná an eaglais ar talamh. Finnéithe na creidmhigh do bhua Chríost agus finné chomh maith an dúlra féin nach bhfuil fios fátha a bheith ann le fáil taobh istigh den dúlra féin, pé acu taobh istigh nó amuigh den tollán a chuirtear an cheist. 

(3) Ministreacht chomharba Peadair inniu. Tá béim áirithe sna soiscéil ar ionad faoi leith ag Peadar san eaglais. An téacs is soiléire díobh sin ná an ceann ag deireadh léacht an lae inniu. Thug Íosa, an tAoire maith, a bhfuil grá aige dá thréad idir uain agus chaoirigh, thug sé cúram an tréada sin do Pheadar tar éis dó a ghrá don Aoire maith a léiriú. Comharba Pheadair an Pápa. Guímis go mbeadh ceangal grá agus iontaoibhe idir an Pápa agus domhan an lae inniu, an tAoire Maith ag labhairt go díreach tríd.

Recommended Articles

Leave A Comment