Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Do Ríocht Dé ní leor an traidisiún; ní mór freagra cuí do ghairm Íosa.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Íseáia 66:18-21). Bhéarfaidh siad leo bhur mbráithre go léir ar ais as na náisiúin uile. Sliocht thar a bheith tábhactach atá i léacht seo an lae inniu. As an mhír deiridh de leabhar Iseáia é, as an chuid ar a dtugtar go minic “An Tríú Iseáia”. Ní fios go beacht cathain a cumadh an mhír áirithe seo, uair éigin nárb fhada roimh an ré Ghréigeach (312 r. Ch.) b’fhéidir. Tháinig sé tar éis mórán machnaimh ó thaobh Iosrael ar áit na náisiún, na bpagánach, i bplean slánaithe Dé. Téann an sliocht ar aghaidh le trácht ar na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú ag Dia. Aitheasc eascateolaíoch ar an nua-aois atá anseo, sliocht an lae inniu i bprós; codanne eile den mhír i bhfilíocht. Fís iontach atá anseo. Tá Dia le ciníocha (neamh-Ghiúdacha) uile a thabhairt le chéile agus feicfidh siad a ghlóir – in Iarúsailéim. Ní shonraítear an comhartha atá Dia le tabhairt dóibh ach is dócha gurb é gur ann do Iarúsailéim agus an Teampall mar lárionad a bhfuil le déanamh aige. Ní shonraítear ach oiread cén fáth a luaitear an t-iarmhar, iad siúd (de na ciníocha) a fágadh slán, ach seolann Dia cuid diobh seo amach mar mhisinéirí do na náisiúin in imigéin ó Iosrael (faoi na hainmeacha féach Eizicéil 27:10-13; leis an ionannú dealraitheach mar seo: Tarsis – an Spáinn; Pút – Libia; Lúd – Lidia; Móisec (Eabhrais. NRSV: “a tharraingíonn an bogha” = boghdóirí; “noch thairngios an bógha”, Bedell) – Frigia; (ní cinnte gur cuid den téacs i gceart Róis); Túbal – Cilicia; Iaván – muintir Ionia nó na Gréigigh. Is soiléir go bhfuil an chuid den iarmhar seo iompaithe go creideamh i nDia Iosrael. An misean atá acu ná glóir Dé a fhógairt dóibh siúd nár chuala trácht air agus nár fhaca a ghlóir. Agus deireann Dia le muintir Iosrael nach bhfuilid fågtha as an áireamh. Ag filleadh ón misean sin don iarmhar beidh bronntanas acu: bhéarfaidh siad na Giúdaigh (“bhur mbráithre”) atá ar deoraíocht thar nais, ar na modhanna éagsúla iompair atá luaite, go dtí an Teampall (sliabh beannaithe) in Iarúsailéim, agus sin mar bhronntanas don Teampall mar a dhéanfadh na Giúdaigh féin. Agus mar chríoch ar sin go léir tá an ráiteas beagnach dochreidte seo: déanfaidh Dia dó féin sagairt agus Leivítigh de chuid de iarmhar na gciníocha sin – gan aon cheist faoi bhaint le clann Leiví nó Árón.

            Fís dá cuid féin í seo, a bheadh le fíoradh i gCríost, sa Tiomna Nua agus san luatheaglais. Is léacht thar a bheith feiliúnach é le dul le soiscéal an lae inniu.

Salm le Freagra (Salm 116[117]). Imígí faoin domhan uile; fógraígi an De­a-Scéal.

An Dara Léacht (Eabhraigh 12:5-7, 11-13). Is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht. Is leanúint de léacht an Domhnaigh seo caite an sliocht seo. Sa léacht sin thug an t-údar mar shamplaí “néal, slua mór mar scamall, de fhinnéithe” a bhí mar eiseamláir ag creidmhigh. Sa sliocht seo meabhraíonn sé dóibh go bhfuil Dia ag feidhmiú mar athair sna deacrachtaí atá acu, agus gur cóir féachaint orthu mar sin. De réir teagasc an tSeantiomna (tugann sé athfhriotal as Leabhar na Seanfhocal, 3:11-12, an Bhíobla), cuid de dhualgas athar ná smacht a chur ar a chlann mhac. (“Ní bhíonn an rath ach mar a bhíonn an smacht”.) Má glactar le deacrachtaí sa spiorad ceart is oiliúint iad; gineann siad buanseasmhacht, suáilce ar a leagann an t-údar béim tríd a aitheasc go léir.

An Soiscéal (Lúcás 13:22-30). Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. Leabhar de thraidisiún na nGiúdach, ach  nach cuid den Bhíobla é,  an ceann ar a dtugtar Tiomna Abrahám, is dócha go raibh a ábhar ar eolas i laethanta Chríost. De réir an leabhair seo sheol Dia an t-aingeal Micheál go Abrahám lena rá leis go raibh sé in am dó an saol a fhágaint agus teacht go Dia ar neamh. Rinne Micheál amhlaidh, ach d’éiligh Abrahám go dtabharfaí radharc dó ar dtús ar an domhan uile. Rinneadh amhlaidh ó scamall, ach ar fheiceáil peacaigh dó d’iarr Abrahám go gcuirfí chun báis iad. Le tuiscint do pheacaigh agus do aithrí dúirt Dia le Micheál Abrahám a thógaint go neamh láithreach. Ar a shlí ann dó chonaic Abrahám dhá gheata, ceann cúng a raibh beagán ag dul tríd agus ceann leathan do na sluaite. Le cúlra mar sin tá sé éasca a thuiscint conas a chuireann an fear an cheist seo ar Íosa. Is ar an slua, agus ní ar an duine aonair sin, a thugann Íosa freagra. Is ar Iosrael frí chéile atá Íosa ag caint. Ní thugann Íosa freagra faoi uimhreacha ach cuireann sé béim arís ar aithrí, le bheith réidh dul tríd an doras cúng. Is ar Iosrael atá an téacs a leanann seo dírithe, ceangailte leis an chéad chuid leis an téarma “doras”. Sórt parabail nó samhlaoide atá i gceist. Doras iata, seachas doras cúng, atá i gceist anois. Ní leor d’Iosrael a rá gur duine díobh féin é Íosa, a shiúl, a ith, a rinne teagasc ina measc. Is é Íosa fear an tí. Deir sé leo gur rinneadar uile an éagóir, ach ní thugann sonraí faoin éagóir i gceist. Is soiléir gur easba chreidimh in Íosa, ina phearsa, agus dá sheasann sé an chúis. Breithiúnas ar Iosrael féin atá ann, agus gairm na gciníocha ina ionad, mar atá in áiteana eile sna soiscéil. Tá tagairt ann don fhéasta meisiasach sa ré le teacht, ag bord leis na patrarcaí, na fáithe agus na gealltanais comhlíonta. Tugann Íosa anseo “ríocht Dé” ar an bhféasta sin, mar a dhéanann sé in áiteanna eile (Lúcas 14:15, 16-24; 22:16,18,30). In ionad Iosrael, a bheidh tiomáinte amach, tá na ciníocha as gach ceard den domhan; tá Iosrael a bhí ar dtús, anois ag deireadh.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Do Ríocht Dé ní leor an traidisiún; ní mór freagra cuí do ghairm Íosa.

I soiscéal an lae inniu, agus i mórán áiteanna eile sna soiscéil, bhí teachtaireacht shoiléir ag Íosa dá chomhaimsirigh agus dá mhuintir féin. Ba mhór an rud na gealltanais do na patrarcaí, agus d’fhéadfadh fiú Giúdach deabhóideach a mheas go raibh Iosrael slán, go raibh Dia ceangailte dá ghealltanais, ba chuma freagra Iosrael ar theachtaireacht Dé chucu trí Íosa. Thug Íosa rabhadh dóibh nárbh amhlaidh a bhí. Agus fíoradh an rabhadh sin ag a bhás, a aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh.

            Ceacht tábhachtach dúinn as seo ná nach leor traidisiún i gcúrsai creidimh in Íosa ná san Eaglais. Tá a fhios againn faoi mar ar chaill móran den tsean-domhan an creideamh. Gluaiseann an Eaglais ar aghaidh go tíortha nua. Is éasca a rá go mbaineann seo le “teacht in aois” agus piseoga agus scéalta sí a fhágaint inár ndiaidh. Leithscéal atá anseo. Baineann an creideamh le buntomhas eile: cinnteacht gur ann do nithe nach bhfeicimid. Ní mór an creideamh a chothú, san anam, sa chroí agus eolas faoi san intinn. Ní leor a mheas gur slán sinn toisc gur mhaireamar sa creideamh agus gur fhulaingíomar ar a shon. Ní mór creideamh beo, i nDia beo, ag éisteacht le hÍosa ag labhairt linn in gcónai.

            Tá ábhar saibhir machnaimh dúinn anseo, agus ábhar agallaimh eadrainn féin faoin fhreagra le tabhairt don staid ina bhfuilimid.

Recommended Articles