Bealtaine 12 2013 (C) Deascabháil Ár dTiarna

 Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidir. Agallamh tar éis caoga bliain le Honest to God

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 1:1-11). Agus iad faire, tógadh suas é.An leabhar seo, Gníomhthartha na nAspal, a meastar gurb é Lúcás a scríobh, tá sé tiomnaithe do Theofalas áirithe, nach fios cé hé, ach a luaitear arís ag Lúcás 1:3, saothar eile atå tiomnaithe dó. Léacht an lae inniu tugann sí achoimre ar shaothar Íosa óna thús go dtí a dheascabháil, mar a dhéanann Lúcås ina shoiscéal féin. Mheasfadh duine ón chur síos atá ag Lúcás air ina shoiscéal (Lúcás 24:1-49, 50-51) gur thárla an deascabháil ar Dhomhnach Cásca, lá an aiséirí féin. Sa léacht seo deir Lúcás gur thaispeáin Íosa é féin dá aspail ar feadh dachad lá tar éis aiséirí dó. Níos déanaí sa leabhar (Gníomhthartha 13:31), dar le Lúcás, dúirt Pól Aspal gur thaispeáin Íosa é féin tar éis a aiséirí “ar feadh mórán laethanta”. Ag baint úsáide as traidisiún ársa deir Naomh Pól (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispeáin Íosa é féin to Cafas (Peadar), don Dáréag, do bhreis agus cúig céad bráithre (agus siúracha) in éineacht, do Shéamas agus do na haspail go léir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad lá sin, deir Lúcás, bhí Íosa ag tagairt do ríocht Dé, croílár gach a rinne agus adúirt sé lena bheatha. Ach bhí creatlach smaointe eile seachas ríocht Dé acu siúd a bhí bailithe timpeall ar Íosa, sin ríocht Iosrael, ríocht Dháibhí, a chur ar bun arís. B’shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba é freagra Íosa ná gurb faoi Dhia agus stiúir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhchaí, agus sa ré nua ní bheadh ríocht Dé teoranta do Iosrael. Go críocha imigéiniúla an domhain é. Tar éis deascabháil do Íosa ðúirt aingil leis na aspail gan bheith ag amharch suas ar neamh. Bheadh Íosa leo i slí nua, tríd an Spiorad Naomh. Tá cur síos i Ghníomhartha na nAspal ar fhorás ríocht Dé go go “críocha imigéiniúla an domhain”, ar dtús go croílár na hImpearachta sa Róimh féin.

Salm le Freagra (Salm 46[47]). Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

Dara Léacht (Eifísigh 1:17-23). Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é. Tá dhá thuiscint ar dheascabáil Chríost le fáil i léachtaí an lae inniu. Sa chéad léacht agus sa soiscéal (an dá cheann ó pheann Lúcáis) tá an “deascabháil staire” againn, deascabháil mar eachtra den stair a fheictear le súla cinn. Ansin amháin atá an léargas sin uitthi le fáil. Don chuid is mó de feictear ar an deascabháil mar rúndiamhair, ionann i slí agus an t-aiséirí féin, is é sin le rá glóiriú Íosa go deasláimh Dé. Is mar sin atá sa dara léacht inniu. Díreach roimh thús na léachta seo dúirt Pól nár stad sé ach ag gabháil buíochais le Dia ar son na heaglaise a scríobhann sé chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann sé leis an urnái sa léacht seo, impí ar Dhia na glóire, ar Dhia Íosa Críost, urnaí ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. Ní leor an tuiscint aigne ann féin. Ní foláir eagna agus soilsiú ó Dhia le rúndiamhair na deascabhála a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir atá acu, agus an dóchas agus meanma ba chóir a bheith acu dá bharr sin. Ionann Críost ar dheasláimh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in éineacht leis.

            Tugann an téacs gné eile den deascabháil dúinn; sin le rá cumhacht Dé ag feidhmiú ann nuair a thug sé Íosa ó mhairbh agus ansin go neamh féin sa deascabháil. An chumhacht Dé sin tá sí ag feidhmiú san Eaglais. Críost ar dheis Dé is ardcheann na hEaglaise é. Tá iomláine, láine, ghlóire agus cumhachta Dé i gCríost, agus ó Chríost san Eaglais. Ráiteas deiridh na léachta seo, an Eaglais mar “láine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í”, is doiligh brí bheacht a bhaint as, ach cuireann sé síos ar ról na hEaglaise le fís agus slánú Dé a léiriú don domhan mór, agus mar rúndiamhair aontaithe le Críost ina dheascabháil ar dheis Dé, ní hamháin sin a léiriú ach a chur i gcrích. Ach mar is eol dúinn go maith is fada idir fhis, rúndiamhair agus á cur i gcrích. Ní mór dúinn leanúint le urnaí Phóil go ndéanfaidh Día na glóire. Dia Ár dTiarna Íosa Críost, amhlaidh.

Soiscéal (Lúcás 24:46-53). Le linn dó iad a bheannú, tógadh suas ar neamh é. Foirceann shoiscéal Lúcáis atá sa léacht seo. Meabhraíonn Críost dá dheisceabail gur eisean an tuar faoi na tairngreachtaí a rinneadh sna Scrioptúir, tairngreachtaí faoina bhás, a aiséirí agus faoi shoiscéal an tslánaithe a bheith le fógairt do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Leagann Lúcás béim ar lárionad na cathrach naofa. Ó Iarúsailéim amach a bhí an deascéal le fógairt, ag teacht le fís Iseáia fáidh. Leis an deascabháil tá deireadh le ré amhain do na haspail, agus tús le ré nua, agus iad faoi áthas mór ag filleadh ar Iarúsailéim dóibh.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidir. Agallamh tar éis caoga bliain le Honest to God

Tá ábhar domhain machnaimh againn i bhFéile seo Deascabháil Ár dTiarna. Le Pól, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt dúinn. Éilíonn tuiscint orainn greim a fháil ar bhrí na féile seo agus na téarmai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhacánta an méid sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabháil mar rúndiamhair. I dtosach báire bíodh agallamh againn lenár n-anam féin, an teachtaireacht atá ag an rúndiamhair dúinn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.

1. Tá Dia láidir. An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifísigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh. Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidmh ata againn. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na heaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifísigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naoináin feasta dár luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós.

2. Tuiscint ar théarmaí. Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur sios ar an Fhéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla ‘tógadh Iosa suas ar neamh’, ina shuí ar dheasláimh Dé agus a leithéid. Agus ní sa Bhíobla, ná sa diagacht, amháin atá sin le sonrú. Thugadh Gaeil ‘An Fear atá inairde’ ar Dhia, agus fós cloistear faoin ‘the Man above’. Bhí, agus fós tá, sort ceannairce i gcoinne a leithéid de théarmaíocht a théann ar uairibh thar cheist téarmaiochta go tuiscint mheitifisiciúil agus chreidimh. I mbliana tá comóradh chaoga bliain den leabhar iomráiteach Honest to God (1963) le John A.T. Robinson againn. Sa leabhar seo iarrtar a leithéid de théarmaíocht agus tuiscint agus ‘Dia thuas ansin’, ‘God up there’ a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar ‘bunchloch, dúshraith, ár mbeith ann’, ‘the Ground of our Being’ a thabhairt isteach, nó fiú diagacht shaolta, secular theology, agus ‘eitic ocáide’, situation ethics. Ní hí seo an áit na ceisteanna seo a phlé, ach is fiú iad a ardú, agus machnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na Féile seo. Is ionmholta iarracht a dhéanamh ar léargais nua agus tuiscintí úra ar an diagacht agus cúrsaí creidimh a thabhairt isteach. ach má táthar le cloí le ceartchreideamh ní mór aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Críostaíochta, agus an aondiachais, an monodiachais, óna thús sa Ghiúdachas anall. Dia pearsanta atá i gceist, ní neach teibí amhail dúshraith. Neach spioradálta Dia, nach mbaineann áit ar bith, thuas, inairde, nó eile leis. Ní héasca dár gcéadfaí labhairt faoi, ná faoi aon rud seachas rudaí tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid ní mór dúinn úsáid a bhaint as téarmaí dá leithéid, bíodh go dtuigimid an laige atá ag roinnt leo.     Le urnaí amháin a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, dúshraith ár mbeith ann, lámh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar rudaí diaga agus saolta.

Recommended Articles

Leave A Comment