Bealtaine 19 2013 (C) Domhnach Cincíse
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae
An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh
A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:1-11). Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. Tá cur síos sa léacht seo ar eachtraí a thárla sa lá a dtugaimid Domhnach Cincíse air. Whitsunday a thugtar air as Béarla, sin le rá White Sunday toisc na héadaí a bhíodh á n-iompar acu siúd a bhí tar éis a mbaisteadh an lá sin. Is sa Ghréigis a scríobhadh Gníomhthartha na nAspal agus is pentecostes. “an caogadú” a tugadh ar an lá ansin, is é sin le rá an caogadú lá tar éis na Cásca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal “caogadú” ná Quinquagesima, agus bhí sin mar theideal ar an bhféile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a tháinig ainm na féile seo isteach sa Ghaeilge – sa Sean-Ghaeilge “cingciges”, a athraigh trí shéimhiú agus chailliúint an “g” deiridh go dtí Cincís na Nua-Ghaeilge. Ceann é de thrí fhéile na nGiúdach an Pentecostes, an Chincís, a bhí le ceiliúradh le sollúntas faoi leith. An chéad cheann díobh ná an Chásc. Féile na Cincíse ag na Giúdaigh i dtús báire is dócha gur féile an fhomhair a bhí ann, agus an t-arbhar aibí. In aimsir Chríost is cosúil go raibh bronntanas an Dlí ó Dhia do Mhaois á cheiliúradh ann.
Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabháil Chriost go deaslámh an Athar (a cheiliúramar an Domhnach seo caith) is fírinne, rúndiamhair, é ar féidir a léiriú mar sin, mar rúndiamhair, nó a ríomhadh mar eachtra le h-aireachtáil le céadfaí na colainne. De réir shoiscéal Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn Íosa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspail déag) Domhnach Cásca féin, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa léacht seo inniu tá Lúcás ag cur síos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chríostaí do na Giúdaigh agus don domhan mór.
Sa léacht áirithe seo inniu tá dhá radharc. Sa chéad cheann deirtear go raibh “siad go léir le chéile ar aon láthair”. Is dócha gurb iad na hAspail, na mná áirithe, maraon le Muire máthair Íosa agus bráithre Íosa, atá i gceist agus iad fós sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nGíúdach, agus iad ag guí gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall Íosa dóibh roimh imeacht uathu dó. Athraigh cúrsaí go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann Lúcás feidhm as íomhánna traidisiúnta le seo a léiriú: séideán gaoithe móire agus tine. Siombal an labhairt i dteangacha difriúla, b’fhéidir, ar an chumhacht nua chun an dea-scéal a fhógairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhniú inmheánach dóibh faoi Chríost agus an dualgas a leag sé orthu.
Tógann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. Céad seanmóireacht an tsoiscéil atá ann agus bunú na hEaglaise. Don fhéile sin bheadh Giúdaigh chráifeacha ó gach cearn den impireacht Rómhánach in Iarúsailéim. Tugann Lúcás liosta díobh ar threo tuathail, ón oirthear siar: Pairtigh agus eile (ón Iaráin agus Iaráic an lae inniu), an tuaisceart (Túirc an lae inniu), an tIarthar, an Éigipt agus cósta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an Róimh. B’fhéidir go bhfuil Lúcás ag féachaint ar an Chincís sin mar fhreascur ar Thúr Bhaibéil. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid tá tús curtha le misean na hEaglaise don domhan mór.
Salm le Freagra (Salm 103[104]. Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus déan aghaidh na talún a athnuachan.
Dara Léacht (Rómhánaigh 8:8-11). An mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Sa litir seo chuig na Rómhánaigh cuireann Pól síos go minic “colainn” i gcodarsnacht le “spiorad”. Leis an bhfocal “colainn” (agus an aidíocht “collaí”) ní hí an cholainn mar bhall den nádúr daonna atá i gceist aige ach an nádúr daonna go hiomlán sa mhéid is atá sé lag, leithleasach, tugtha dá leas fein amháin, an cholainn tugtha do ainmhianta peacúla. Tá mion-chur síos ag Pól ar seo sa chaibideal roimhe seo (caibideal 7). Nuair is áil leis an nádúr lag seo an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn ina ghaobhar (Rómh 7:21). Creideamh agus rúndiamhair Chríost ní hamháin go dtugann siad fís nua ar an “cholainn”, an saol abhus agus sa tsíorraíocht ach fós trí chumhacht, trí ghrásta, an Spioraid Naoimh tugann siad an neart maireachtáil dá réir. An nádúr lag seo tugann Pól “corp”, “corp básmhar”, “colainn” air, an nádúr seo gona ainmhianta, tá sé contrárthach don bheatha Chríostaí, neamhinniúlach lei. An bheatha nua inmheánach de réir ghairm Dé, bronntanas ón Spiorad Naomh í; aontaíonn sí le Dia sinn trí bheatha nua. Cumhacht sin Dé a bhí ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina a dheascabháil, ar a raibh caint an Domhnach seo caite, tá sí ag feidhmiú leis sna creidmhigh ag tabhairt beatha nua abhus agus sa tsíorraíocht. Is é an Spiorad a thugann an fhíor-bheatha inmheánach. Mar a mheabhraíonn Pól dúinn: “An mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad”. Múineann an Spiorad ár n-uaisleacht Chríostaí dúinn. Tugann sé le fios dúinn gur mac nó iníon le Dia gach duine againn, faoi mar is Mac Dé Íosa féin, ag glaoch ar a Athair mar a rinne sé i Geitséamanaí (Marcas 4:16; Galataigh 4:6), “Abba, A Athair”, leis an bhfocal Airimise Abba, “Athair”. Tá an ghlóir i ndán dúinn in bhfochair Chríost; is oidhrí Dé sinn ina theannta, ach ní gan dua: ní mór dúinn bheith páirteach ina pháis, le bheith páirteach ina ghlóir.
Soiscéal (Eoin 15:26-27). Spiorad na fírinne a ghluaiseann ón Athair déanfaidh sé fianaise orm. An léacht seo is sliocht í ó na comhráite deiridh a bhí ag Íosa lena dheisceabail sul ar fhág sé slán acu. Bhí Íosa le himeacht ach bhí a mhisean, a shaothar leo, le fanúint. Bheadh leanúnachas ann. Rud lárnach i mbeatha agus i mbriathra Íosa ná an fhírinne. Ag teacht isteach sa saol seo d’Íosa, tháinig an grásta agus an fhírinne tríd (Eoin 1:17). Tháinig sé chun fianaise a thabhairt don fhírinne (Eoin 5:33). Ina phearsa féin ba é “an tslí, an fhírinne, agus an bheatha” é, ní fírinne theibí, ach fírinne gurb é Íosa féin agus a Athair í. I láthair Phioláit dó dúirt Íosa gur rugadh é le fianaise a thabhairt don fhírinne, focal nár thuig Pioláit a dúirt leis: “Cad is fírinne ann?” (Eoin 18:37-38). Ionann an fhírinne d’Íosa agus a shoiscéal faoi ríocht Dé, agus faoi ghrásta Dé le beatha réadach a dhéanamh den fhírinne sin. Nuair a rinnedh feoil den Bhriathar san Ioncollú bhí Íosa lán de ghrásta agus d’fhírinne (Eoin 1:14). Tar éis imeacht d’Íosa bheadh leanúnachas ann san Eaglais tríd an Spiorad Naomh, ar a dtugann Íosa sa téacs seo an Paracléit, focal Gréigise a bhfuil éagsúlacht bríonna ag gabháil leis, mar a léiríodh sa nóta ar Shoiscéal an Séú Domhnaigh den Cháisc. Brí amháin diobh san ná “Abhcóide” a oireann go.breá don chomhthéacs seo. Cosnaíonn abhcóid agus cuireann sé cás an té a sheol é os comhair an phobail..Beidh an Spiorad Naomh, an tAbhcóid, ina fhinné d’Íosa i gcroíthe na bhfíréan, agus faoi stiúir an Spioraid Naoimh beidh na hAspail agus na creidmhigh ina bhfinnéithe chomh maith. Ní mór d’abhcóid agus do fhinné an cás atá le plé a thuiscint. Ba mhór idir “Íosa na staire”, an té a chonnaic na hAspail lena súla cinn ag teagasc, ag déanamh miorúilti agus a fuair bás faoi easonóir ar an gcrois, agus Íosa aiséirithe agus ar dheis an Athar. Ní fhéadfadh na hAspail na rúndiamhra sin, agus cinn eile fós, a thuiscint ag an suipéar deiridh, ach múinfeadh an Spiorad Naomh an uile fhirinne faoi Íosa agus faoina ghlóir dóibh. Leagann Íosa béim ar an aontas idir é féin, an Spiorad, agus an Athair. An méid adeirtear anseo faoi ghealltanas an Spioraid do na hAspail is fíor é faoin Eaglais, Corp Chríost, tríd an stair agus lenár linn féin. Faoi ghrásta an Spioraid Naoimh tagann an Eaglais ar thuiscint níos doimhne ar Iosa, ar a ghrá don chine daonna, agus ar mhisean na hEaglaise do shaol ár linne.
B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae
An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh
Cruthaíonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in Íosa, Íosa féin agus an Athair síos tríd an stair. Tugann sé le tuiscint dóibh gur clann don Athair iad. Foilsíonn sé dóibh glóir Íosa, fís den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann sé an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhféiniúlacht Chríostaí.
Tá féiniúlacht chine ann leis agus ar uairibh ionann í agus féiniúlacht chreidimh, nuair a bhíonn an creideamh céanna ag an cine go léir agus an cine faoi bhrú ón taobh amuigh. I gcás mar sin tógtar an creideamh mar chuid den chine agus ní bhionn aon teannas idir Eaglais agus an stát. Is mar sin a bhí in Éirinn roimh neamhspleáchas dí agus i mblianta tosaigh an stáit nua. Is mar sin atá fós sa Ghréig. Baol mór atá ag gabháil leis seo ná go leigtear i ndearmad gur rúndiamhair go bunúsach í an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine réidh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine nó sa t-sochaí.
In Éirinn anois tá an ré sin thart agus ní mór do phobal na hEaglaise abhus féiniúlacht chreidimh a chothú, eolas níos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi stiúir an Spioraid Naoimh, an tAbhcóid, Spiorad na fírinne a thabharfaidh glóir do Chríost trí chreideamh beo na hEaglaise.