Bealtaine 26 2013 (C) Solúntas na Tríonóide Rónaofa

FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae
Rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa gus Rúndiamhair na hEaglaise

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Chéad Léacht (Seanfhocail 8:22-31).

Sular cruthaíodh an domhan, rugadh an Eagna. Is ó Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an léacht seo, an leabhar is sine de na leabhair áirithe sin. Cinn eile díobh sa Biobla ná Ecclesiastes (Cóheilit), Ecclesiasticus (Leabhar Shíorach) agus Leabhar na hEagna. Ba chuid dhílis den neas-Oirthear (an Éigipt agus an Mheaspatáim ach go háirithe) litríocht na hEagna. Rud sontasach faoi luath-litríocht na heagna sa Bhíobla ná go mbunaíonn sí a fianaise agus a cuid tátall ar an taithí dhaonna, ar na céadfaí, seachas ar Chonradh Dé le hIosrael. B’ionann an luath-eagnaíocht agus cumas: cumas scríbhneoireachta, ealaíona, comhleoireachta, pleanála i gcúrsaí polaitíochta agus mar sin de. Rud daonna a bhí ann, agus ar uairibh b’fhéidir iarracht de ghliocas ag baint lei. Sa ré sin níor luadh le Dia í. Níor dúradh go raibh Dia eagnaí. Bhain an eagna, an eagnaíocht, chomh maith le cursaí cogaidh agus conarthaí idir stáit. Nuair a chuaigh cúrsaí stáit i léig tháinig claochlú ar an dtuiscint faoin eagnáiocht. Níorb rud daonna amháin í feasta. Bhí Dia eagnaí, le plean slánaithe dá phobal agus don domhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsanú agus sa léacht seo tá an Bhean Uasal Eagna á moladh féin.agus ag craobhscaoíleadh a háit sa cruthaíocht do gach aoinne atá réidh le cluas a thabhairt dí. Deireann an Bhean Uasal Eagna go raibh sí le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann an téacs síos ar chruthú na cruinne i slí fhileata atá éagsúil ón cheann a bhfuil taithí againn air ó Leabhar Genesis. Bhí éagsúlacht in Iosrael agus sa Neas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair Dé sa cruthú agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an chine daonna faoi. Ceist a chuireann scoláirí an Bhiobla orthu féin ná cad í an tuiscint bheacht a bhí ag údar an téacs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an téarma “Eagna”. Measann cuid acu gur plean inmheánach na cruinne atá inti. Fógraíonn sí uaithi féin glóir agus eagna Dé. Ar aon chuma roghnaíotar an sliocht áirithe seo don Fhéile seo inniu mar an méid adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chríost é sa Tiomna Nua: is tríd a cruthaíodh an uile ní.

Salm le Freagra (Salm 8). A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d’ainm ar fud na cruinne!

An Dara Léacht (Rómhánaigh 5:1-5).

Chuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad Naomh. Is é seo Domhnach na Tríonóide agus roghnaíodh an léacht áirithe seo toisc gur luatar ann Dia (an tAthair), Íosa Críost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. Ní mór aird a thabhairt, mar sin féin, ar an dteagasc saibhir atá sa léacht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine daonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhunaíodh síocháin agus muintearas trí chreideamh in Íosa Críost. I litreacha eile dá chuid,  tá Pól glan i gcoinne maoimh, mórtais, mórála daonna, amhail is dá mbeadh bunús ag aoinne bheith mórálach as a thíolacthaí nó a luaíochtaí féin i láthair Dé. Sa léacht seo tá Pól fein ag maíomh, tá sé mórálach, agus molann sé do na Críostaíthe bheith mórálach, ach as grásta Dé a tugadh dóibh, as an ghlóir atá in ndán dóibh, fiú as na trioblóidi a thagann as dílseacht do Chríost. Asin  as tagann foighne, dóchas agus díongbháilteach; dóchas faoin ghlóir le teacht, dóchas nach gcliseann toisc grá Dé agus bronntanas an Spioraid Naoimh i gcroíthe na bhfíréan.

An Soiscéal (Eoin 16:12-15).

An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. Is de  mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a inseoidh sé daoibh.Roghnaíodh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh Chriost do Fhéile seo na Tríonóide Naofa de bhrí go luann Críost (an Mac) ann an tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht atá ann tá siad ar aon dul leis na léachtaí ó Shoiscéal céanna Eoin dona hAifrinn a bhí againn do Dhomhnaí deiridh na bliana seo do thráth na Cásca agus do Dhomnach Cincíse. Is feidir a thuilleadh eolais fúthu a fháil ansin agus na nótaí a ghabhann.leis na léachtaí.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa gus Rúndiamhair na hEaglaise
Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Naofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar éigin go gcloisimid riamh ar dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg sé na céadta bliain, le earráidí, eiriceachtaí agus cur síos i ndroch-fhoirmlí le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260) is Aon an Tríonóid. Ní admhaímid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa. sa “Tríonóid chomhshubstainteach”. Ní roineann na pearsana diaga an aon diagacht amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga sin go hiomlán deaaithe óna chéile.

Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu taobh istigh den chreideamh Giúdach ar an aondiachas, monodiachas, is é sin le rá nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Giúdachas chomh maith, d’fhéadfaí “Athair” a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal, agus faoín a dtuairim féin,  faoi.. Thar cheann an Dáréag d’fhreagair Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas; Lúcás, “Críost Dé”; Matha, “Críost Mac Dé Bheo”). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i gcreideamh na gCriostaíthe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois. Bhí sé ina shuí ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh chéad thosaigh na Críostaíochta bhí adhradh a thabhairt do Chríost mar Dhia, mar atá soiléir ó chaibideal tosaigh Shoiséal Eoin: “Ar dtús bhí an Briathar ann … agus ba Dhia an Briathar … Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc”.  Gheall Íosa go gcuirfeadh sé an Spiorad Naomh, an Paraicléid, an tAbhcóid, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathrú céad cuireadh Cré Nicé le chéile chun adhradh do gach ceann de na trí phearsa a léiriú, taobh istigh den dílseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise téarmaí cuí a fháil sa Bhíobla lena gcreideamh in Íosa a léiriú agus bhaineadar úsáid as téarmaí reatha i bhfealsúnacht na Gréige: “comhshubstainteach leis an Athair”. Tá an Chré sin againn i gcónaí.

Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i léachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir don bheatha Chríostaí san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht ón saol seo dó (Eoin 17:20-24): “Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Ahair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain”. Tá seo beagnach ag teacht lena deireann Pól sa litir chuig na Rómhánaigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara léacht an lae inniu: “Chuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad Naomh”. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar rúndiamhair, mar Chorp Chríost, á stiúradh  ag an Spiorad  Naomh.

800×600

Bealtaine 26 2013 (C) Solúntas na Tríonóide RónaofaDomhnach Cincíse

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa gus Rúndiamhair na hEaglaise

 

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

 

·         Céad Léacht (Seanfhocail 8:22-31). Sular cruthaíodh an domhan, rugadh an Eagna. Is ó Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an léacht seo, an leabhar is sine de na leabhair áirithe sin. Cinn eile díobh sa Biobla ná Ecclesiastes (Cóheilit), Ecclesiasticus (Leabhar Shíorach) agus Leabhar na hEagna. Ba chuid dhílis den neas-Oirthear (an Éigipt agus an Mheaspatáim ach go háirithe) litríocht na hEagna. Rud sontasach faoi luath-litríocht na heagna sa Bhíobla ná go mbunaíonn sí a fianaise agus a cuid tátall ar an taithí dhaonna, ar na céadfaí, seachas ar Chonradh Dé le hIosrael. B’ionann an luath-eagnaíocht agus cumas: cumas scríbhneoireachta, ealaíona, comhleoireachta, pleanála i gcúrsaí polaitíochta agus mar sin de. Rud daonna a bhí ann, agus ar uairibh b’fhéidir iarracht de ghliocas ag baint lei. Sa ré sin níor luadh le Dia í. Níor dúradh go raibh Dia eagnaí. Bhain an eagna, an eagnaíocht, chomh maith le cursaí cogaidh agus conarthaí idir stáit. Nuair a chuaigh cúrsaí stáit i léig tháinig claochlú ar an dtuiscint faoin eagnáiocht. Níorb rud daonna amháin í feasta. Bhí Dia eagnaí, le plean slánaithe dá phobal agus don domhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsanú agus sa léacht seo tá an Bhean Uasal Eagna á moladh féin.agus ag craobhscaoíleadh a háit sa cruthaíocht do gach aoinne atá réidh le cluas a thabhairt dí. Deireann an Bhean Uasal Eagna go raibh sí le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann an téacs síos ar chruthú na cruinne i slí fhileata atá éagsúil ón cheann a bhfuil taithí againn air ó Leabhar Genesis. Bhí éagsúlacht in Iosrael agus sa Neas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair Dé sa cruthú agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an chine daonna faoi. Ceist a chuireann scoláirí an Bhiobla orthu féin ná cad í an tuiscint bheacht a bhí ag údar an téacs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an téarma “Eagna”. Measann cuid acu gur plean inmheánach na cruinne atá inti. Fógraíonn sí uaithi féin glóir agus eagna Dé. Ar aon chuma roghnaíotar an sliocht áirithe seo don Fhéile seo inniu mar an méid adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chríost é sa Tiomna Nua: is tríd a cruthaíodh an uile ní.

 

Salm le Freagra (Salm 8). A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d’ainm ar fud na cruinne!

 

An Dara Léacht (Rómhánaigh 5:1-5). Chuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad Naomh. Is é seo Domhnach na Tríonóide agus roghnaíodh an léacht áirithe seo toisc gur luatar ann Dia (an tAthair), Íosa Críost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. Ní mór aird a thabhairt, mar sin féin, ar an dteagasc saibhir atá sa léacht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine daonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhunaíodh síocháin agus muintearas trí chreideamh in Íosa Críost. I litreacha eile dá chuid,  tá Pól glan i gcoinne maoimh, mórtais, mórála daonna, amhail is dá mbeadh bunús ag aoinne bheith mórálach as a thíolacthaí nó a luaíochtaí féin i láthair Dé. Sa léacht seo tá Pól fein ag maíomh, tá sé mórálach, agus molann sé do na Críostaíthe bheith mórálach, ach as grásta Dé a tugadh dóibh, as an ghlóir atá in ndán dóibh, fiú as na trioblóidi a thagann as dílseacht do Chríost. Asin  as tagann foighne, dóchas agus díongbháilteach; dóchas faoin ghlóir le teacht, dóchas nach gcliseann toisc grá Dé agus bronntanas an Spioraid Naoimh i gcroíthe na bhfíréan.

An Soiscéal (Eoin 16:12-15). An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. Is de  mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a inseoidh sé daoibh.Roghnaíodh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh Chriost do Fhéile seo na Tríonóide Naofa de bhrí go luann Críost (an Mac) ann an tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht atá ann tá siad ar aon dul leis na léachtaí ó Shoiscéal céanna Eoin dona hAifrinn a bhí againn do Dhomhnaí deiridh na bliana seo do thráth na Cásca agus do Dhomnach Cincíse. Is feidir a thuilleadh eolais fúthu a fháil ansin agus na nótaí a ghabhann.leis na léachtaí.

 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

Rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa gus Rúndiamhair na hEaglaise

 

Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Naofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar éigin go gcloisimid riamh ar dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg sé na céadta bliain, le earráidí, eiriceachtaí agus cur síos i ndroch-fhoirmlí le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260) is Aon an Tríonóid. Ní admhaímid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa. sa “Tríonóid chomhshubstainteach”. Ní roineann na pearsana diaga an aon diagacht amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga sin go hiomlán deaaithe óna chéile.

                Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu taobh istigh den chreideamh Giúdach ar an aondiachas, monodiachas, is é sin le rá nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Giúdachas chomh maith, d’fhéadfaí “Athair” a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal, agus faoín a dtuairim féin,  faoi.. Thar cheann an Dáréag d’fhreagair Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas; Lúcás, “Críost Dé”; Matha, “Críost Mac Dé Bheo”). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i gcreideamh na gCriostaíthe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois. Bhí sé ina shuí ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh chéad thosaigh na Críostaíochta bhí adhradh a thabhairt do Chríost mar Dhia, mar atá soiléir ó chaibideal tosaigh Shoiséal Eoin: “Ar dtús bhí an Briathar ann … agus ba Dhia an Briathar … Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc”.  Gheall Íosa go gcuirfeadh sé an Spiorad Naomh, an Paraicléid, an tAbhcóid, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathrú céad cuireadh Cré Nicé le chéile chun adhradh do gach ceann de na trí phearsa a léiriú, taobh istigh den dílseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise téarmaí cuí a fháil sa Bhíobla lena gcreideamh in Íosa a léiriú agus bhaineadar úsáid as téarmaí reatha i bhfealsúnacht na Gréige: “comhshubstainteach leis an Athair”. Tá an Chré sin againn i gcónaí.

                Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i léachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir don bheatha Chríostaí san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht ón saol seo dó (Eoin 17:20-24): “Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Ahair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain”. Tá seo beagnach ag teacht lena deireann Pól sa litir chuig na Rómhánaigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara léacht an lae inniu: “Chuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad Naomh”. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar rúndiamhair, mar Chorp Chríost,

á stiúradh  ag an Spiorad  Naomh.

 

Normal 0 false false false EN-GB X-NONE X-NONE MicrosoftInternetExplorer4

Recommended Articles

Leave A Comment