Freagra don Chreideamh leis an mBíobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: “Ná bígí ardnósach ach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle”

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Sírach 35:12-14, 16-19). Téann guí an duine uirísil suas trí na néalta.  Baineann leabhar Íosa Ben Síra (Ecclesiasticus)  le litríocht eagna an tSeantiomna. D’eascair luath-litríocht an traidisiúin seo as an taithí dhaonna ar an saol, gan tagairt don chonradh le Dia. Tá roinnt mhaith de seo i leabhar Ben Sira chomh maith, saoi a raibh scoil den léann seo aige in Iarúsailéim. Scríobh sé an leabhar seo thart ar an mbliain 180 roimh Chríost, ach nasc sé an conradh, an deabhóid agus Dlí Mhaois leis an eagna. Sa sliocht seo labhraíonn sé ón taithí dhaonna agus óna oidhreacht chreidimh. Tá an comhthéacs lena mbaineann an sliocht ag cur síos ar Dhia mar bhreitheamh cóir, nach ndéanann faillí ar an duine dearóil.  Baineann achainí an duine dheabhóidigh agus an duine uirísil na néalta amach agus  téann trí na néalta go Dia féin ar neamh. Leagann an sliocht béim ar an umhlaíocht agus an uirísle i láthair Dé, agus mar sin téann sé le Soiscéal an lae inniu. Mar aon le sin tugann sé le fios go seasann Dia ceart don duine macánta agus go dtugann sé freagra gan mhoill.

Salm le Freagra (Salm 33[34]). Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é.

An Dara Léacht (2 Tiomóid 4:6-8, 16-18). Tá craobh na fíréantachta réidh i mo chomhair feasta. Tiomna álainn Phóil atá anseo. Ní dócha gur ó pheann Phóil féin na Litreacha Tréadacha, ach ó ghlúin tar éis a bháis, a fhéachann siar ar shaol agus shaothar an aspail agus an oidhreacht a fhág sé ina dhiaidh. Cuirtear a fheartlaoi féin anois i mbeola Phóil. Deir sé le Tiomóid  go bhfuil a rás rite, a bhás geall le bheith buailte leis. Baineann sé úsaid as dhá íomhá chuige sin. An chéad cheann ná a bhás mar íobairt, íomhá ar bhain sé úsáid cheana aisti ag scriobh chuig na Filipigh dó (Filipigh 2:17), tráth, b’fhéidir a raibh sé i mbaol báis: “Fiu amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an iobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhúr gcreideamh, tá áthas orm faoi”. Amhail mar a dhoirtíodh mar dheoch ofrála de fhíon, de uisce nó d’ola ar íobairtí, mar sin a dhoirtfear fuil Phóil ar a íobairt mar mhairtíreach.  An dara íomhá atá aige faoina bhás ná imeacht: beidh sé ag scaoileadh seoil. Tugann sé dhá íomhá eile faoina bheatha: comhrac agus rás. Thuigfeadh Timóteas agus Críostaithe eile go maith an comhrac mór a throid sé ón chéad lá ar glaoigh Críost air ar an mbealach go dti an Damaisc le creideamh i gCriost agus an slánú trí chreideamh amháin a thabhairt do na pagánaigh, gan laincisí an Ghiúdacais. Tá a chuid litreacha chuig na hEaglaisí lán d’fhianaise air sin. Tá a rás rite anois agus an creideamh comeádta slán aige. Ag scríobh chuig na Coirintigh dó labhair Pól faoin chraobh dhíomuan a bheadh le buachaint ag luathchleasaithe (1 Coirintigh 9:24-25) agus an chraobh thar barr a bheadh le baint amach ag lucht leanúna dílse Chríost. Anois bhí craobh na fíréantachta ag feithamh leis féin agus ag gach duine a bheadh ag tnúth le teacht Chríost. Sa dara mir de léacht an lae inniu cuireann Pól síos ar faoi mar ar thréig gach aoinne é in am an ghátair ina chéad chúis chúirte. Ní fios dúinn na cúinsí a bhain leis sin; i ngéarleanúint faoin Impire Nerón sa Róimh, b’fhéidir. Ní fios dúinn ach an oiread cérb iad na pagánaigh a éist leis an Dea-Scéal ó Phól; iad sin a raibh baint acu lena bhraighdeanas b’fhéidir. Seo comhrac deiridh Phóil agus é ag feitheamh le bheith tógtha slán chun ríocht Dé ar neamh. Is iontach na briathra deiridh seo uaidh ina Thiomna, agus é ag fágaint a oidhreachta linn: “Moladh go deo le Dia. Amen”.

An Soiscéal (Lúcás 18:9-14) Chuaigh an poibleacánach síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is an Fairisíneach. Ag tús an téacs deirtear linn go bhfuil an parabal seo dírithe ar dhaoine a bhí cinnte go rabhadar féin fíréanta, i gcaidreamh cóir le Dia, agus dímheas acu ar chách eile. Le ceacht a thabhairt faoi seo roghnaítear duine mar eiseamláir do gach grúpa díobh faoi leith – Fairisíneach agus poibleacánach, sin le rá bailitheoir cánach. Bhí iomrá ar na Fairisínigh mar ghrúpa a bhí tugtha do chomhlíonadh beacht dlíthe an Bhíobla agus a sain-dlíthe féin – ina slí féin daoine naofa. Bhí droch-theist ar na bailitheoirí cánach, de bhrí go ndeachadar thar an cháin a bhí dlite le airgead dóibh féin a bhailiú, agus fós go rabhadar fábharach do chánacha do impireacht na Róimhe. Ní hé go raibh Íosa naimhdeach do na Fairisínigh mar ghrúpa, ar a laghad de réir Lúcás. Bhíodh béilí aige leo. Sa pharabal seo seasann gach duine den bheirt sin don ghrúpa de réir an íomhá a bhí ann díobh. Bhí a leithéidí le fáil i bPailistín in aimsir Íosa, ach bhí a macasamhail le fáil i mórán creideamh i rith na staire, agus tá siad linn i gcónaí.  Mheas an Fairisíneach gur leor a ghníomhartha deabhóide (troscadh dhá uair sa tseachtain; deachúna a íoc) le bheith fíréanta i láthair Dé. Bhí sé ag cur in iúl do Dhia cé chomh maith agus a bhí sé. Ní raibh aon cheist faoi maithíunas a iarraidh. A mhalairt ar fad leis an bhailitheoir cánach. Mheas an Fairisíneach go raibh caidreamh ceart le Dia gnóthaithe aige de bharr a “dhea”-oibreacha; go raibh firéantacht gnóthaithe aige dá  mbarr. Brontannas ó Dhia an fhíréantacht, a bronnadh ar an bhailiteoir cánach, a chuaigh abhaile fíréanaithe. An ceacht ón bparabal ná umhlaíocht agus uirísle i láthair Dé.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: “Ná bígí ardnósach ach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle”

Bhí Íosa an-dian ar an mbéalchraifeacht, ar dhaoine a bhí ag iarraidh aire a tharraingt orthu féin trí na cleachtaí creidimh traidisiúnta, amhail urnaí, troscadh agus déirc. Cháin sé chomh maith Fairisínigh agus scríobhaithe den traidisiún céanna de bharr a mbéime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag déanamh neamaird ar ghlaine inmheánach. Rudaí a bhain le cúrsaí Giúdacha iad sin. Sa pharabal inniu, bíodh gur Giúdaigh atá i gceist, baineann tréithe an Fhairisinigh agus cás an bhailitheoir cánach le glúin ar bith tríd an stair agus lenár laethanta féin. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uiríseal i láthair Dé agus a laige agus peacúileacht an nádúir dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint Dé do chás gach aoinne, peacach agus eile. Is éasca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fiú a dhéanamh de dhuine nó de ghrúpa eile. Díríonn parabal an lae inniu ár n-aird ar sin.

            Ag scríobh chuig na Rómhánaigh cuireann Pól éirim an pharabail i mbeagán focal: “Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach deanaigi caidreamh leis na daoine ísle” (Rómhánaigh 12:16). Tá an teagasc céanna sin tugtha go han-mhinic ag Pól agus i scríbhinní an Tiomna Nua. Thógfadh sé tráchtas iomlán leis an fhianaise go léir a thabhairt; grá an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas féin a chuardach. Lár-fhírinne den teagasc sin ná gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sa mhéid seo tá teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fiú dúinn eolas níos fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.

Recommended Articles