Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chríost agus aontacht leis

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Genesis 2:7-9; 3:1-7). Cruthú agus peaca an tsinsir. Tá dhá shliocht gairid sa léacht seo a théann lena bhfuil le rá ag Pól sa dara léacht. Cuireann an chéad sliocht síos ar chruthú, nó ar chumadh, an duine (san Eabhrais adam) de chré na talún (san Eabhrais adamah), le laige an duine dhaonna a chur in iúl. Tá cur i láthair pictiúrtha againn anseo ar chruthú, nó chumadh, an duine: duine as ithir ina shéideann Dia anáil na beatha ina phollairí, agus ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Agus bhí todhchaí shuntasach in aigne Dé don duine. Phlandaigh sé parthas, gairdín, in Éidin, san oirthear dó. Logainm é Éidin, nach fios (agus gur cuma) cá raibh sé. Níos déanaí do Ghiúdaigh agus do Chríostaithe b’ionann Éidin agus Parthas, ar talamh nó ar neamh. Chuir Dia Ádhamh sa ghairdín sin le saorchead toradh a ithe as gach crann sa ghairdín, seachas crann fhios na maitheasa agus an oilc. B’sin an t-aon aithne dhiúltach a bhí air, lena umhlaíocht do Dhia a phromhadh. Cuireann an Bíobla síos chomh maith ar ar chruthú Éabha, céile cúnta a dhiongbhála do Ádhamh, ach fágtar ar lár sa léacht seo é gan aire a thógaint ón dá phointe lárnacha: cruthú agus peaca an tsinsir.

            Cuireann an dara mír síos ar an gcathú a cuireadh ar na sinsir sin. Ag dul le cur i láthair pictiúrtha an tsleachta tugtar an nathair nimhe ar an gcathaitheoir. Níos deanaí sa traidisiún Giúdach agus Críostaí tógadh gurb é Satan, an Diabhal, é. Tá sé glic, agus fios a cheirde aige conas cathú a chur. Deir sé le Éabha go raibh Dia ag buaileadh bob orthu agus dá n-íosfaidis as an chrann go mbeidis cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc acu. D’itheadar an toradh (tugadh úll air níos déanaí) agus oscailt súl a bhí ann dóibh, ní cosúil le déithe ach mar daoine laga, gan ionracas. Roimh an bpeaca bhíodar ionraic, agus lomnocht, ach gan aon náire orthu. Anois chonaiceadar go rabhadar nocht, agus náire orthu ó thaobh gnéis agus laige an nádúir dhaonna. Bhí an tubaiste tite amach dá mbarr agus ré nua anró ann don chine daonna.

Salm le Freagra (Salm 50[51]). Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.

Dara Léacht (Rómhánaigh 5:12-19). An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta. Ag machnamh thart ar an mbliain 30 roimh Chríost ar chuntas an Bhíobla ar chruthú an duine agus ar an bpeaca a lean é, scríobh údar Leabhar na hEagna (2:23-24) gur chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh sé bás go deo. Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é. Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol, agus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é. I léacht an lae inniu roinneann Pól linn a mhachnamh ar chuntas céanna sin leabhar Genesis ar Ádhamh, an chéad Ádhamh (duine), ach le comparáid a dhéanamh leis an leigheas ar an dtubaiste a dhéanann Críost, an dara hÁdhamh. Tháinig an bás, bás an anama agus an choirp, isteach sa saol trí pheaca an tsinsir. Cuireann an sliocht seo an peaca agus an bás inár láthair mar fhórsaí pearsantaithe. Bhí, agus tá, an cine daonna go léir gafa i slí éigin i peaca sin an tsinsir. Slí amháin le sin a mhíniú ná tríd an dteagasc tradisiúnta ar pheaca an tsinsir, ach níl sé deimhin go raibh sin ina aigne ag Pól. Ar aon chuma tá ceangal i slí éigin ag gach peaca pearsanta le peaca sin an tsinsir sa gháirdín. Ach mar a dúramar, ní sin is príomh-chúram do Phól, ach an leigheas a thug Críost, an Dara hÁdhamh, ar an dtubaiste trí ghrásta Dé. Mar adeir Pól ag deireadh na léachta: “Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin (Ádhamh), ar an gcuma chéanna déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin” (Críost).

An Soiscéal (Matha 4:1-11). Déanann Íosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú ai. Táimid ag tús (inid, as an Laidin initium, “tús”) an Charghais inniu, agus i sliocht an tsoiscéil táimid ag tús bheatha phoiblí Chríost, díreach tar éis a bhaisteadh le Eoin Baiste. Mar a dúirt Matha linn, díreach tar éis a bhaiste do Íosa, osclaíodh na flaithis dó agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas agus ag tuirlingt air. Agus tháinig glór (an Athar) óna flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi”. Is é an Spiorad céanna sin, Spiorad an Athar, a sheol Íosa isteach san fhasach le promhadh ag an diabhal. Ba chuid de phlean Dé d’Íosa an promhadh sin. Cuireann an daichead lá agus oíche i gcuimhne dúinn, mar a rinne do na léitheoirí tosaigh, coinne Mhaois le Dia ar Shliabh Sina agus an daichead bliain ag Israel san fhásach ar a shlí go dtí Tír Tairngire. Promhadh Iosrael san fhásach sin agus pheacaigh sé. Bhí sé mídhílis do Dhia. Maois Nua agus Iosrael Nua é Íosa agus beidh an bua aige ar an diabhal, an cathaitheoir. Cuirfear cathú ar Íosa ar feadh a shaoil; ag Peadar féin nuair a rinne sé iarracht Íosa a chur ó phian na croise. Dúirt Íosa le Peadar: “Siar im dhiaidh, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá id aigne ach smaointe daoine”. Cuireann an diabhal chun a chuid oibre le stuaim. Glacann sé le guth an Athar ó neamh ag an baisteadh gur Mac Dé é Íosa, agus iarann air leas a bhaint as a ghradam le miorúiltí, fiú ag baint úsáide as téacs den Bhíobla. Tugann Íosa freagra air faoi thrí le téacsanna as Leabhar Deotrainimí, ina raibh tagairt do Iosrael san fhásach. Is í is aidhm don sliocht seo faoi throscadh agus chathú ar Íosa ná sinn a dhéanamh deimhin de gur duine dinn féin é Íosa, a shiúil inár measc, mar a chuirtear go soiléir é sa Litir chuig na hEabhraigh: Níorbh fholáir d’Iosa bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhis De. Aidhm eile don léacht ná a mheabhrú dúinne, braithre agus deirfiúracha Chriost, Críost san fhasach agus ina a throscadh a thógaint mar eiseamláir inár mbeatha le urnaí agus troscadh le go mbeadh toradh inár lá féin ar a rinne Íosa dúinn.

An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chríost agus aontacht leis

Tá ábhar machnaimh ann dúinn i léachtaí an lae inniu, agus bonn chomh maith do agallamh le saol an lae inniu. Táimid ag tús an Charghais, agus sa saol sibhialta cuirtear an cheist ar chóir dúinn scor le deasghnátha agus eile a bhaineann leis an Carghas i saol tuata, saolta, dí-eaglaisíoch seo an lae inniu. Bíodh a rogha acu siúd, ach do chreidmhigh ní mór ceacht an Charghais a choimeád os comhair ár n-aigne, is é sin gur ann fós don pheaca, do chathú, bheatha, bás agus aiséirí Chríost agus a bhua ar na bpeaca agus an laige dhaonna.

            Is ann chomh maith don chathú de gach saghas dúinne daoine daonna. Guímid gach lá ar Dhia gan sin a ligint in gcathú. Tá cathuithe de shaghasanna iomadúla ann inniu: le drom a thabhairt do chreideamh i gCríost nó i nDia, le maireachtáil de réir luachanna an lae atá contrártha don Soiscéal agus do theagasc na hEaglaise seachas cloí leo, maidir le cúrsaí an teaghlaigh, naofacht an choirp de réir teagasc an Tiomna Nua agus mar sin de. Tá an Eaglais féin ag machnamh ar na cúrsaí i láthair na huaire.

            D’iarr Íosa tráth ar a dheisceabail faire a dhéanamh in aonacht leis. Tá a leithéid de chuireadh againn anois ag tús an Charghais: machnamh a dheanamh feadh thréimhse an Charghais ar chreideamh i gCríost agus san eaglais, agus bheith aontaithe le Críost sa chreideamh sin le staonadh de shaghas éigin, lena mheabhrú dúinn féin nach dtagann beatha nó borradh san eaglais gan urnaí agus troscadh de shaghas éigin. Ag smaoineamh a dúirt Íosa le Peadar: Bíodh smaointe Dé againn seachas smaointe daoine

Recommended Articles