Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Genesis 12:1-4). Glaoch Abrahám, athair Phobal Dé. Leis an dtéacs seo tosaíonn scéal phobal Iosrael. Réamhstair a bhí sa mhéid a ghabh roimhe i Genesis caibidil 1 go 11. Ní hé go bhfuil spéis i gcúrsaí staire sa sliocht seo. Seasann sé amach ó chúlra ar bith staire sa dóigh go labhraíonn sé la gach aois. Níl ach beirt i gceist: Dia agus Abrahám, gan aon chur síos ar chúinsí anama, aigne nó staire ó thaobh Abrahám de. Glaonn Dia agus tugann Abrahám freagra air, gan ceist, gan coinníollacha. Sa mhéid seo tá gairm Abrahám cosúil leis an glaoch a thug Íosa ar a chéad dheisceabail ag Muir na Gailíle. D’fhreagair misinéirí ár dtíre féin an glaoch céanna le dul thar lear óna dtír dhúchais agus a muintir féin leis an dea-scéal a scaipeadh i dtíortha eile. Ach le filleadh ar Abrahám: geallann Dia go mbeidh beannacht Dé air agus ar a shliocht, agus gur tríd a dhéanfaidh ciníocha uile an domhain iad féin a bheannú (“Go raibh beannacht Dé orainn mar a bhí sí ar Abrahám”), nó gur tríd a bheannófar ciníocha uile an domhain. Is féidir ceachtar den dá bhrí sin a bhaint as an dtéacs Eabhraise. Ar ndóigh, is eol dúinn uile gur téacs lárnach é seo don Tiomna Nua agus an bheannacht ar chiníocha an domhain a tháinig trí Íosa, síol Abrahám.

Salm le Freagra (Salm 32[33]). Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Dara Léacht (2 Tiomóid 1:8-10). Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn. Tá ceangal ag an léacht seo leis an gcéad cheann (glaoch agus gairm ó Dhia) agus leis an Soiscéal (glóir Chriost). I gcomhthéacs na litreach seo tá Pól ag moladh do Thiomóid, easbag nua-cheaptha, gan bheith cúthalach in admháil an chreidimh, ná laghríoch toisc Pól bheith i ghéibheann, ach tabhartas Dé a mhúscailt ann féin. Mar an spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é, ach spiorad na cumhachta, an ghrá agus na féinsmachta, spiorad a spreagann le bheith réidh fulaingt ar son an tsoiscéil, agus deimhin a dhéanamh ar uaisleacht na gairme atá againn sa chreideamh. Cumhacht Dé atá sa chreideamh, cumhacht a shaor sinn de réir réamh-phlean Dé, ní de bharr ár n-oibreacha féin. Labhraíonn Pól faoi dhó anseo faoin nglaoch agus an ghairm a fuair Críostaithe. Is gairm naofa í, mar tagann sí ó Dhia, údar na naofachta. Réamh-phlean Dé a bhí anseo ón tsíoraíocht anall, ach a foilsíodh anois, sa Tiomna Nua, “trí theacht, foilsiú (sa Ghreigis epifaneia) dealraitheach, lonrach, Chríost”. Go hiondual is é teacht Chríost ag deireadh an tsaoil le breithiúnas a thabhairt is brí leis an bhfocal Gréigise sin (“teacht, foilsiú”) sa Tiomna Nua. Anseo is  dá theacht ar an saol seo, ina bheatha agus ina aiseirí, a dhéanann sé tagairt. Bhí a theacht dealraitheach do shúile an chreidimh. Bhí sé dealraitheach, lonrach, ina athrú cló, a bhfuil cur síos ar sa soiscéal inniu.

An Soiscéal (Matha 17:1-9). Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine. Tagann an mhír seo den Soiscéal faoi athrú cló Chríost tar éis admháil Pheadair i gceantar Chéasaráia Philip gurb é an Meisias (an Críost) é Íosa agus tar éis a dúirt Íosa lena dheisceabail faoina pháis agus a aiséirí. Sheol Íosa a thriúr aspal Peadar, Séamus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. Ní thugtar ainm an tsléibhe dúinn. Hermon, seachas Tabór, a bheadh ann, toisc sin a bheith níos cóngaraí do Chéasaráia. Tháinig athrú cló ar Íosa, réamhshamhail den ghlóir a bheadh aige tar éis aiséirí dó. Chonnaic an triúr aspal sin Maois agus Éilías ag comhrá le hÍosa. Finnéithe nó ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh trí na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bhí gach ar sheas Maois (an Dlí) agus na fáithe dó le comhlíonadh in Íosa. Bhí an comhluadar sin, na hAspail, Maois, Éilías agus Dia i láthair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de láithreacht Dé an scamall. Ionann é i slí agus na spéartha oscailte ag baisteadh Íosa. Agus arís tagann an glór, glór an Athar gurb é Íosa a Mhac dar thug sé gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dhá fhocal breise leis: “Éistigí leis”. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tríd an stair síos do ghlóir sin Íosa, an claochlú dealraitheach, lonrach, a tháinig air agus a bheidh ann i gcónaí do shúile an chreidimh.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise

Teist, léiriú, ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí a gclaochlú Chríost ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): “An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn”. Sa dara léacht inniu tá tagairt do láthaireacht lonrach Íosa Críost inár measc.

          Tá Críost beo i gcroíthe na bhfíréan trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh. Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta, fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn.

          Ábhar machmaimh eile a thugann an dara léacht dúinn ná cuireadh, foláireamh b’fhéidir, gan bheith cúthalach faoi chreideamh sa bhfís sin faoi lonradh Dé, agus bheith réidh fianaise a thabhairt dí mar a oireann.

Recommended Articles