Lúnasa 4 2013 (C) Ochtú Domhnach Déag Saor

FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ó na flaithis leanann Críost ar aghaidh ag craobhscaoileadh a dhea-scéil

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Cóhelet 1:2; 2:21-23).

Cén tairbhe a bhaineann duine as a shaothar? Cóhelet, ar a dtugtar freisin Leabhar Eclesiastes, baineann sé le roinn den Seantiomna ar a dtugtar “Litríocht na hEagna”. Bhí luathlitríocht na heagna bunaithe ar thátaill a tháinig ón aigne dhaonna agus ón taithí dhaonna, seachas ó fhoilsiú, ó chonradh Dé le Iosrael, nó ó Dhlí Mhaois. Tá alán eolais agus teagaisc fhónta inti ar shaol an duine agus faoin bheatha dhaonna. Ar uairibh, go mór mór i leabhar Iób agus i gCóhelet, cáineann sí lochtanna agus laigí sa mhóráltacht Ghiúdach thraidisiúnta agus a léargus ar Dhia agus ar chúrsaí an tsaoil. Machnamh fealsaimh seachas fianaise ar chreideamh Iosrael atá i gCohelet. Mhair sé sa ré Ghreigeach is dócha (tríú aois roimh Chríost) agus bhí teacht aige ar smaointeoireacht fhealsúnta na Gréige. Tá léargas duairc aige ar an bheatha dhaonna agus an saol. Ní in aon rud ach seal; baois, anáil, gan substaint. Curfá ina scríbhinn ná: “Baois na baoise, buaic na baoise! Nil in aon rud ach baois”. Mar sin fein tig leis tuairmí stuama a thabhairt ar chleachtaí áirithe, mar atá faoi thóir an tsaibhris sa léacht seo. An méid adeir sé faoi seo agus faoi ábhair eile, d’fhéadfadh sé ábhar machnaimh a sholáthair do dhaoine ar thóir an rachmais, saibhreas atá ina shlí fein riachtanach do tsochaí dhaonna. Téann léacht seo sn tSeantiomna go hálainn leis an sliocht ón Soiscéal inniu, a bhfuil an téama céanna ann.

Salm le Freagra (Salm 94[95]). Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Na calcaigí bhur gcroí.’

An Dara Léacht (Colosaigh 3:1-5, 9-11). Lorgaigí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.

An chéad chuid de shliocht an lae inniu (3:1-4) roghnaíodh í mar léacht oiriúnach do Dhomhnach na Cásca, an lá ina dhéanaimid ceiliúradh ar aiséirí Chríost agus a fhilleadh faoi ghlóir ar dheasláimh an Athar, áit a bhfuil sé de shíor ag guí ar son na hEaglaise, agus ar ár son go léir le go mbeadh toradh ar a bhás agus a aiséirí. Tá Críostaíthe aontaithe le Críost sa bhaisteadh, agus mar adeir an léacht seo aontaithe leis ar neamh. Ní léacht ginearálta gan téagar atá anseo. Tamall gearr roimhe seo scríobh Pól (Colosaigh 2:6-7): “Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa mar Thiarna, tugaigí bhúr saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar múineadh daoibh é”. Críochnaionn an sliocht do Dhomhnach Cásca mar seo: “Nuair a nochtfar Críost. ár mbeatha, ansin nochtfar saibhse freisin mar an leis faoi ghlóir”. Beidh seo amhlaidh má bhíonn beatha na bhfíréan ar talamh de réir mar a oireann dá gcreideamh in Íosa Críost aiséirithe. Is chuige sin a leanann an litir chéanna ar aghaidh i léacht an lae inniu á mheabhrú cad a eascraíonn as creideamh sa bheatha nua seo i gCríost, is e sin le le rá ag cur chun báis gach rud “saolta”|, nach bhfuil comhoiriúnach don bheatha nua. Luann sé ceithre chleachtadh gnéasacha, agus ina ndiaidh sin an tsaint, gur ionann í agus adhradh déithe bréige. Baineann siad sin go léir leis an “sean-nádúr” . Bheadh an nádúr nua de réir íomhá a “Chruthaithreora”, Íosa Críost aiséirithe atá ag síor-chraobhscaoileadh a shoiscéil ó dheis an Athar. Cruthaíodh an duine, an cine daonna, ar íomhá Dé, ach rinneadh dochar don íomhá sin tríd an bpeaca. Is é sin an “sean-nádúr”, atá le athchruthú i gCríost mar nádúr úr, ar íomhá Chríost, agus mar sin ar íomhá an Chruthaitheora Dia féin.

An Soiscéal (Lúcás 12:13-21).

An cnuasach atá deanta agat, cé aige a mbeidh sé? Sa téacs dírach roimh an ceann seo bhí Íosa ag múineadh a chuid dheisceabal. Sa léacht seo iarrann duine as an slua, nach deisceabal é, ar Íosa páirt a ghlacadh i roinnt oidhreacht a chlainne. Mar is iontuigthe, diúltaíonn Íosa don iarratas. Ní dá leithéid misean Íosa. Ansin deir an téacs gur labhair Íosa “leo”, lena dheiseabail is dócha, agus b’fhéidir go bhfuil an slua i gceist chomh maith. Tugann sé rabhadh faoin tsaint, agus an dochar a dhéanann sí don té a chleachtann í. Ní ionann raidhse agus sonas. Míníonn Íosa cad tá i gceist aige le parabal a labhraíonn sé “leo” – arís leis na deisceabail, agus b’fhéidir leis an slua chomh maith. Tá an parabal seo i dtraidisiún eagnaíocht Iosrael, mar atá téacs Cohelet sa chéad léacht. An duine santach amháin atá mar chroílár an pharabail, an chead phearsa uatha, “mé”, go minic ann. Mar fhoircean ar an bparabal tá ábhar machnaimh ar thoradh na sainte agus faoi bhrí na beatha daonna. Is é freagra Lúcáis ná saibhreas a thaisceadh i lathair Dé seachas saint sa saol seo.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ó na flaithis leanann Críost ar aghaidh ag craobhscaoileadh a dhea-scéil

I gceisteanna maidir le míniú an Bhíobla i gcomhtheacs eaglais an lae inniu, tá dhá phrionsabal nach mór a chur san áireamh: achar fada agus achar gar (nó neamh-mheánach). Ionann achar fada agus a thuiscint cé chomh fada sin uainn a cumadh scríbhinní an Tiomna Nua – dhá mhíle bliain idir sinn agus iad. Cumadh iad i dtosca, agus do thosca, soisialta agus meonta aigne éagsúla agus ar uairibh contrártha do ghnáth-mheon ár linne féin. Is cuma sin do dhaonnachtaíthe, lucht an mhíchreidimh, ár linne féin. Glacann siad san leo mar dhoiciméid staire amháin. Roinnt chreidmheach, fiú, measann siad go bhfuil na bunscríbhinní sin chomh fada sin uainn nach bhfuil teachtaireacht ag an Tiomna Nua do shaol an lae inniu a thuilleadh. Ní mar sin a fhéachann an Eaglais Chaitliceach, nó Críostaíthe de ghnáth, ar an scéal. Tá Dia agus Críost ag labhairt linn i gcónaí tríd an Tiomna Nua. Agus an cheist seo á cíoradh, ní mór dhá ábhar a dheighilt ó cheile. I gcúrsaí teagaisc de, bhí scríbhinní an Tiomna Nua lárnach nuair a bhí an diagacht faoi Chríost agus an Tríonóid Naofa á shoiléiriú. I gcúrsaí eile, mar shampla teagasc agus cleachtadh a bhaineann le nósanna soisialta, amhail slábhaíocht agus seasamh na mban sa tsochaí, is féidir ceist a chur an tosca staire seachas teagasc ann féin is bun leis. Maidir le teagasc faoi chúrsaí gnéis bíonn seo á phlé go minic.
    Na ceisteanna sin a luamar faoi achar fada an Tiomna Nua uainn, cúrsaí na haigne, agus cuíosach teibí, iad. Mar aon leo siúd tá gné eile a bhaineann leis an Tiomna Nua, is sin a áit san Eaglais agus sa bheatha Chríostaí. Anseo tá achar gar, nó neamh-mheánach, i gceist. Thug Comhairle na Vatacáine aird air seo sa Bhunreach ar an liotúirge naofa (alt 7). Faoi mar ar seoladh Íosa Críost ón Athair, is mar sin a sheol Críost na haspasil, lán den Spiorad Naomh, amach. Rinne sé é seo ionas go bhfógróidis gur shaor Íosa Críost sinn lena bhás agus a aiséirí ó chumhacht Shátan (alt 6). Le feidhm a thabhairt don rúndiamhair seo, tá Íosa i láthair i gcónaí ina Eaglais, go mór mór ina chuid ceiliúrtha liotúirgeacha. I measc slíte eile “tá sé i láthair ina bhriathar, mar is é fein a labhraíonn nuair a léitear na sacrioptúir naofa san Eaglais”.
    Is cúlra álainn do theagasc seo na hEaglaise dara léacht an lae inniu. Críost aiséirithe, ar dheis an Athar, mheabhraigh sé trína a chuid aspal (Pól agus eile) ó thús nár mhór dóibh an “nádúr úr” a mhaireachtáil agus a léiriú, de réir a theagaisc féin agus teagasc na hEaglaise. Tugann Pól samplaí le seachaint, nach raibh ag teacht leis an nádúr sin, agus gnása eile a bhí le cleachadh. Leanann an Eaglais ar aghaidh leis seo. Tá Críost ag fógairt a shoiscéil gach uair a léitear na scrioptúir sa liotúirge. Déantar an soiscéal a fhógairt i slíte eile chomh maith, mar shampla ag daoine carasmatacha amhail Naomh Proinséas i gcúrsaí bochtanais agus eile, ag an bPápa ag meabhrú do eaglaisigh gan a bheith sa tóir ar ardú céime agus maireachtáil de réir shimplíocht na soiscéal, ag meabhrú nach tosca staire pointí áirithe den Tiomna Nua atá faoi chonspóid, ach gur teagasc buan, fiú cinnteathach, iad. Ní cumadóireacht dhaonna é teagasc na hEaglaise, ach deimhniú agus leanúint ar theachtaireacht Chríost. Ach faoi mar ar leag Pól béim air sa dara léacht inniu, is é Críost aiséirithe ar dheis an Athar croílar na hEaglaise agus na beatha Críostaí.

Recommended Articles

Leave A Comment