An Chéad Léacht (Gníomhartha 8:5-8, 14-17). Chuir siad a lámh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. Tá dhá mhír sa léacht seo, an chéad cheann faoi thiontú mhuintir na Samáire chun creidimh i gCríost agus a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa, agus an dara mír faoi theacht an Spioraid Naoimh orthu. Duine den seachtar déagánach ab ea Pilib a rinne roinnt mhaith oibre leis an soiscéal a chraobhscaoileadh tar éis bhás Stiofáin, ach i gcríocha na nGiúdach. Tugtar soiscéalaí air níos déanaí sa leabhar seo. Rud suntasach faoin léacht seo gur i gcríocha na Samáireach, naimhde do na Giúdaigh, a fógraíodh creideamh Chríost, le toradh thar a bheith fónta. Mar is gnáth leis, luann Lúcás an t-áthas a tháinig leis an gcreideamh i gCríost.

            Tá dhá phointe le tabhairt faoi deara sa dara mír. Ní aspal, ach déagánach, a bhí i bPilib, agus bhí an dea-scéal le leathadh ó Iarúsailéim amach agus faoi stiúir na nAspal. Rud eile ná leathnú thar pobal na nGiúdach a bhí ann anois. Mar sin cuireann na hAspail in Iarúsailéim beirt aspal sinsear, Peadar agus Eoin, go cathair na Samáire, rud a thugann le fios a thugtha a bhí na hAspail sin do aontacht na heaglaise, aontacht leis an mháthair-eaglais in Iarúsailéim. Déantar ceangal anseo idir leagan lámh na n-Aspal agus bronntanas an Spioraid Naoimh. Níorb leor an baisteadh in ainm Íosa amháin. Níl an ceangal sin le feiscint in áiteanna eile sa Tiomna Nua: bronntar an Spiorad sa bhaisteadh. Déantar an ceangal leis na hAspail anseo chun béim a chur ar aontacht na heaglaise leis na hAspail agus leis an chathair naofa Iarúsailéim.

Salm le Freagra (Salm 65). Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.

An Dara Léacht (1 Peadar 3:15-18). Básaíodh é sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad é. Sa chuid seo den litir, i léacht an lae inniu, tá Peadar, an t-údar, ag tabhairt comhairle don chomhthionól Críostaí a bhfuil brú, nó géarleanúint, de shaghas éigin á imirt orthu. Ní fios go beacht cén clúmhilleadh atá i gceist.  Sa litir ó Phlinius Óg, gobharnóir Rómhánach na reigiún céanna sin thart ar an mbliain 110, luaitear go raibh Críostaithe á dtabhairt os comhair na cúirte le líomhaintí éagsúla  á gcur ina leith. Molann an litir seo dóibh bheith réidh dá leithéid, creideamh beo i gCríost a bheith acu agus míníu faoin gcreideamh (“dóchas”) sin a thabhairt go múinte mánla – rud a dhéanann siad de réir na litreach céanna le Plinius. Ba cheart dóibh bheith réidh le fulaingt ar son na maitheasa – más  sin is toil le Dia, ach gan a bheith ar thóir géarleanúna. Tá baint ag ráitis dheiridh na léachta seo leis an teachtaireacht seo go léir: beidh an bua ag an gceart ar an éagóir: fuair Críost bás ina cholainn dhaonna, ach d’aiséirigh sé do bheatha nua sa Spiorad. Tá Críost mar eiseamláir acu. Sa bhaisteadh bronnadh an Spiorad Naomh sin orthu a thugann soilsiú agus uchtach dóibh in éadan géarlanúna agus béadáin.

An Soiscéal (Eoin 14:15-21). Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Cabhróir eile daoibh. Cuid de aitheasc Íosa ag fágaint slán ag a dheisceabail atá anseo. I gcionn tamaill bhig ní bheidh sé le feiceáil a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (“an saol” mar a thugann an Soiscéal seo air) lena súile cinn. Ach beidh Íosa fós le feiceáil ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I slí, gan Íosa, bheadh na deisceabail mar dhílleachtaí, ach ní mar sin a bheidh, mar tiocfaidh Íosa ar ais chucu i slí nua, le cónaí iontu agus iad a aontú leis an Athair. Geallann Íosa go bhfuil sé chun paraicléid eile a thabhairt dóibh. An focal Gréigise sin parakletos tá bríonna éagsúla ar féidir a bhaint as. An ceann is bunúsaí ná abhcóide, neach a dhéanfadh iad a chosaint i gcúirt dlí nuair a bheadh líomhaintí á ndéanamh ina gcoinne. Nuair a bhí Íosa féin leo ba paraicléid dóibh é. Sin é an fáth go ndeireann sé go bhfuil sé le abhcóide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh atá i gceist ag Íosa. Mar aon leis an bhrí abhcóide, is féidir an focal céanna a thuiscint mar Chosantóir, mar Chabhróir, agus Sólásaí. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhcóide, an Cosantóir, an Cabhróir, an Sólásaí, ag feidhmiú, agus is é “an saol”, lucht an díchreidimh, na cúiseoirí. Leagann Íosa an-bhéim ar an ghrá dó. Ní rud teibí an grá sin. Ionann é agus a aitheanta a choinneáil. Do Shoiscéal seo Eoin tá dhá aithne ag Íosa: creideamh ann agus grá – grá dó agus don chomharsa. Aontaíonn na haitheanta sin an deisceabal le hÍosa agus leis an  Athair – grá a thugann tuiscint ar Íosa, a thaispeánfaidh é féin dó – i gcaidreamh diamhair.

Machnamh: An Spiorad Naomh Ár Stiúrú sa Chreideamh

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh dó (Rómhánaigh 8:14) dúirt Pól: “An mhuintir a bhfuil Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad”. I léachtaí an Domhnaigh seo leagtar béim ar an Spiorad Naomh i saol an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is t leagan lámh na nAspal a tháinig an Spiorad Naomh ar na Críostaithe i gcathair na Samáire. Is é Spiorad Chríost aiséirithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi ghéarleanúint  ar scríobh Peadar chucu. Is á an Spiorad Naomh an paraicléid, an t-abhcóid, an cosantóir, an cabhróir, an sólásaí a gheall Íosa dóibh siúd a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann sé cinnteacht chreidimh in Íosa agus san Athair, san domhan nach bhfeictear. Tugann sé sólás anama, an t-athas agus an tsíocháin anama sin a gheall Íosa dúinn roimh imeacht dó. Stiúrann sé sinn le maireachtáil de réir an tsoiscéil le glaine chroí agus le meon a thógann a threoir ó neamh, ó Íosa agus an eaglais, seachas ó mheon domhain nach gcreideann i saol eile ná i dtreoir uaidh.

            Machnamh eile a eascraíonn ó shoiscéal an lae inniu ná  an choimhlint a bhí le bheith ann, agus atá ann i gcónaí, idir Íosa féin, a chuid, agus an fórsa, na cumhachtaí, ar a dtugann sé “an saol”, sin le rá iad siúd nach raibh réidh a phearsa nó a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bhí, agus a bheadh, ag  maíomh go raibh an bua acu air, go raibh a lá thart agus a phort seinnte lena bhás ar an gcrois. Dúirt Íosa go ndéanfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh sé chucu, deimhin de gurb é a mhalairt a bhí fíor; gur ag Íosa a bhí an bua ar an “saol”. Tá na fórsaí sin ag feidhmiú fós inniu, ach ní gá dul isteach níos doimhne sa scéal anseo, ach a mheabhrú dúinn féin nach coimhlint idir dhá fhórsa amháin atá i gceist, ach go bhfuil Íosa agus a Athair ag cabhrú lena lucht leanúna tríd an Spiorad Naomh, an t-abhcóid, an cabhróir, an sólasaí.

Recommended Articles