15 Aibreán 2018 An Tríú Domhnach den Cháisc (B)

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Siúil sa solas. Peaca. Aithrí. Maithiúnas na bPeacaí.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 3:13-15, 17-19). Mharaigh sibh údar na beatha, agus thóg Dia ó mhairbh arís é. I laethanta fíor-thosaigh na hEaglaise, tar éis bháis agus aiséirí Chríost, mar cheannaire na nAspal chraobhscaoil Peadar teachtaireacht an tSoiscéil dá phobal fein, na Giúdaigh. Sa mhéid seo bhí sé ag leanúint sampla Chríost féin. Ba í a theachtaireacht ná iarraidh ar na Giúdaigh a admháil an méid a rinneadar agus plean Dé  fheiceáil ann. Fiú ina bhás tragóideach, bhí na tairngreachtaí á gcomhlíonadh ag Íosa. Is seanmóir léacht an lae inniu, agus mar is dual do gach seanmóireacht Chríostaí tá sí dírithe ar an gcaidreamh cuí le Dia agus nuair is gá sin tagairt ann faoi fhilleadh ar Dhia ón bpeaca trí aithrí. Cuid láir i seanmóireacht Chríost, ina bhás agus ina aiséirí ná maithiúnas na bpeacaí – mar a mheabhraíonn Críost fein i mbriathra choisreacan an Aifrinn — fuil Íosa a dhoirfear ar son maithiúnas na bpeacaí.

Salm le Freagra (Salm 4). Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.

 Dara Léacht (1 Eoin 2:1-5). Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. Sa mhír díreach roimh léacht an lae inniu tugann an t-údar comhairle dá léitheoirí siúil sa solas, i bhfírinne an chreidimh Chríostaí, agus páirt a bheith acu lena chéile.  Agus más amhlaidh atá, leanann an t-údar ar aghaidh: “Glanann fuil Chríost ón uile pheaca sinn. Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn. Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn on uile olc. Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn” (1 Eoin 1:7-9). Ní deireann an téacs seo cad iad go beacht na peacaí atá i gceist aige. Sa Confiteor roimh an Aifreann admhaíonn gach duine againn go pearsanta gur pheacaigh muid “go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí”, sa mhéid a rinneamar agus nach ndearnamar. An glaoch, an cuireadh,  Críostaí seo chugainn bheith feasach go bhfuil peacaí ionainn, ní le coimpléacs a chruthú ionainn is aidhm leis. Ní mór an cuireadh seo a thógaint mar aon leis an gcreideamh i mbás agus aiséirí Chríost, a fuair bás le maithiúnas a fháil ar ár bpeacaí, agus atá anois ar dheaslámh an Athar ag déanamh idirghuí ar ár son, mar a dhéanfadh abhcóide. Ionann machnamh ar an bpeaca agus scrúdú coinsiasa, agus téann léacht an lae inniu ar aghaidh le cur síos ar aitheanta Dé. In áiteanna eile sa litir seo cuireann an t-údar síos ach go hairithe ar dhá aithne, go sonrach an creideamh i gCríost agus aithne Chríostaí an ghrá. Ach le aitheanta Dé is féidir linn toil Dé a thuiscint i ngach slí ina leiríonn sé é féin. Tá a thoil don duine aonair agus don chine daonna léirithe ag Dia i gCríost. I gCríost lonraigh an fíorsholas, agus tá an solas sin ag taitneamh i gcónaí. An cruthúnas is fearr ar ghrá an duine do Dhia, ar a aithne agus a eolas ar Dhia faoi mar a léiríodh in Íosa é, ná eolas ar na haitheanta sin agus beart dá réir.

Soiscéal (Lúcás 24:35-48). Is amhlaidh atá sé scríofa, go bhfualaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá. Seo í an uair dheiridh ar thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail tar éis aiséirí dó dar le Lúcás. Níor tháinig creideamh in aiséirí Íosa go héasca agus anois san eachtra seo níorbh fholáir bheith deimhin gurb é Íosa dáiríre a bhí ann agus nach taibhse. Mar a thuigtear go maith, bhí na deisceabail trína chéile nuair a thaispeáin Íosa é féin dóibh. Sa léacht seo déanann Íosa deimhin de gurbh é féin le fíorchorp aiséirthe atá ann, agus nach taibhse nó spiorad. Is le sin a chruthú a itheann sé an blúire d’iasc rósta ina láthair. Ar ndóigh, creideamh úd na ndeisceabal in aiséirí Chríost ba bhronntanas agus  bua chreidimh ó Dhia a bhi ann. Mar fhoirceann ar an léacht tugtar dúinn aidhm bheatha, bhás agus aiséirí Chríost, is é sin le rá a raibh scríofa faoi féin sa scrioptúr a chomhlíonadh, beart shlánaithe Dé ón tús anall i stair Iosrael. Do na deisceabail b’ionann an coinne seo le hÍosa agus tús úr. Bhí saothar Íosa le leanúint, ach anois thar Iosrael amach don domhan mór. Bheadh mar theachtaireacht láir ann aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt, agus glacadh leis an dea-scéal. Bhí an teachtaireacht anois le fógairt do na náisiúin uile, go críocha an domhain mar a deirtear i dtéacsanna eile de na soiscéil. Is fiú a mheabhrú go leagann Pádraig Naofa ina Fhaoistin béim ar na téacsanna seo agus gabhann sé buíochas le Dia a thug an misean dó teachtaireacht an tSoiscéil a thabhairt go “críocha an domhain”, is é sin le rá go hoileán na hÉireann.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae. Siúil sa solas. Peaca. Aithrí. Maithiúnas na bPeacai.

Tugann léachtaí an lae inniu deis iontach agus cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar aidhm lárnach na hEaglaise agus ar an dteachtaireacht atá ag na léachtaí sin dúinne inniu agus don saol ina mhairimid. Tá an dara léacht tógtha as Chéad Litir Naomh Eoin. Labhraíonn an litir seo, agus an Ceathrú Soiscéal, Soiscéal Eoin, alán faoi shiúil sa solas. Is é Críost an fíorsholas. D’fhoilsigh sé grá an Athar agus toil an Athar. De bhrí gurbh é an solas é,  lonraíonn sé an t-iompar daonna, agus tugann chun solais a bhfuil maith, olc nó idir eatorthu. Tugann sé an peaca chun solais. Labhraíonn Apacailips Eoin faoin Íosa aiséirithe, Mac an Duine, a bheith ag siúil isteach agus amach i measc na gcoinnleoirí, na heaglaisí éagsúla, ag moladh siúd atá go maith, ag gríosadh siúd atá patuar, ag glaoch ar pheacaigh agus orthu siúd a thréig an creideamh aithrí a dhéanamh agus a mbeatha a leasú. Tá críoch ag gach ceann de na litreacha chuig na seacht n-eaglaisí leis an mana seo: “An té a bhfuil cluas air éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí”.

            Mar a mheabhraigh Comhairle na Vatacáine dúinn, tá Críost i láthair ina bhriathar mar is é féin a labhraíonn nuair a léitear na scrioptúir naofa san Eaglais. Mar atá in Apacailips Eoin, tá an Críost aiséirithe ag labhairt i  gcónaí, ag spreagadh, ag tabhairt laigí chun solais, agus mar a oireann ag glaoch chun aithrí. Tá tagairt i ngach ceann de léachtaí an lae inniu ar pheaca agus aithrí agus tugann an soiscéal briathra Chríost dá dheisceabail aithrí agus maithiúnas peacaí ina ainm a fhógairt do na náisiúin uile. Tá glaoch ag Críostaithe siúil sa solas. Agus ni mór solas sin Chríost agus a leanann as a thabhairt os comhair an phobail Chríostaí san Aifreann. Is chuige sin  a deir Bunreacht an Liotúirge de chuid na Comhairle Vatacáin II gur choir, tri homaile in Aifrinn an Domhnaigh agus na Féilte, rúndiamhra an chreidimh agus treoracha don bheatha Chríostai a mhíniú don phobal, bunaithe ar théacs an Bhíobla nó an liotuirge (Vatacáin II, Bunreacht ar an Liotúirge alt 52).

            Le go mbeadh pobal Dé in ann siúil sa solas ní foláir go mbeadh fírinní an chreidimh ar eolas acu. Tá an baol ann maidir le pobal atá Caitliceach go traidisiunta, amhail Éire, gur Caitlicigh ó thaobh “cultúir” líon mór díobh, seachas ó thaobh cleachtadh agus deimhneacht chreidimh. In Éirinn, mar shampla, sa daonáireamh deiridh (2011) shínigh 84% den phobal iad féin ann mar Chaitlicigh Rómhánacha, agus maíonn saineolaithe áirithe gur ionann sin agus 90% nuair a “cheartaíotar” é ón dtaobh eitneach, ciníoch (gan ag cur daoine ón iasacht san áireamh). Ach nuair a chuirtear sin taobh le taobh le fianaise eile, mar shampla freastal ar Aifreann an Domhnaigh, dílse don phósadh agus cursaí gnéis, agus rudaí eile, d’fhéadfadh sé bheith gur Caitliceachas “cultúrtha” seachas dílse do chreideamh Chríost agus na hEaglaise atá i gceist.Agus ní mór aire a tyabhairy do dhaonáireamh 2016 nuair a laighdigh an líon a shíning iad féin mar Chaitlicigh Rómhánacha go 78.32%, agus 9.84% gan reiligiún ar bith. Más mian linn “siúil san fhírinne” ní mór aird a thabhairt ar seo uile. Bíodh cluas anairde againn le cloisint a bhfuil an Spiorad ag rá linn, agus le modhanna a chuardach leis an teachtaireacht Chríostaí a riaradh a slí níos fearr ionas go mbeadh ar chumas bhriathar Dé agus cumhacht an ghrásta sinn go léir agus an Eaglais a thabhairt isteach i seilbh ár n-oidhreachta Críostaí (feic Gníomhartha na nAspal  20:32).

            Cuireann peaca de gach saghas bac ar chomhlíonadh na físe sin, peaca an duine aonair agus peaca an phobail. Tá gairm Íosa linn i gcónaí: Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.

 

Recommended Articles

Leave A Comment