Meitheamh  2014 (A) Domhnach Cincíse

Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh – agus an Fhaoistin
  1. A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríost.

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:1-11). Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.

Tá cur síos sa léacht seo ar eachtraí a thárla an lá a dtugaimid air Domhnach Cincíse. Whitsunday a thugtar air as Béarla, sin le rá White Sunday toisc na héadaí a bhíodh á n-iompar acu siúd a bhí tar éis a mbaisteadh an lá sin. Sa Ghréigis a scríobhadh Gníomhartha na nAspal agus is pentecostes, “an caogadú” a tugadh ar an lá ansin, is é sin le rá an caogadú lá tar éis na Cásca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal “caogadú” ná Quinquagesima, agus bhí sin mar theideal ar an fhéile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a tháinig ainm na féile seo isteach sa Ghaeilge – sa Sean-Ghaeilge “cingciges”, a athraigh trí sheimhiu agus chailliúint an “g” deiridh go dtí Cincís na Nua-Ghaeilge. Ceann í de thrí fhéile na nGiúdach an Pentecostes, an Chincís, a bhí le ceiliúradh le sollúntas faoi leith. An chéad cheann díobh ná an Chásc. Féile na Cincíse ag na Giúdaigh i dtús báire is dócha gur féile an fhomhair a bhí ann, agus an t-arbhar aibí. In aimsir Chríost is dealraitheach go raibh bronntanas an Dlí ó Dhia do Mhaois á cheiliúradh ann.

Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabháil Chriost go deaslámh an Athar (a cheiliúramar an Domhnach seo caite), is fírinne, rúndiamhair, é ar féidir a léiriú mar sin, mar rúndiamhair, nó a ríomhadh mar eachtra le h-aireachtáil le céadfaí na colainne. De réir shoiscéil Naomh Eoin (Eoin 20:22, a léitear san Aifreann inniu) bhronn Íosa an Spiorad Naomh ar na deisceabail Domhnach Cásca féin, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa léacht seo inniu tá Lúcás ag cur síos ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chríostaí do na Giúdaigh agus don domhan mór.

Sa léacht áirithe seo inniu tá dhá radharc. Sa chéad cheann deirtear go raibh “siad go léir le chéile ar aon láthair”. Is dócha gurb iad na hAspail, na mná áirithe, maraon le Muire máthair Íosa agus bráithre Íosa, agus iad fós sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nGiúdach, atá i gceist, agus iad ag guí gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall Íosa dóibh roimh imeacht uathu dó. Athraigh cúrsaí go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann Lúcás feidhm as íomhánna traidisiúnta le seo a léiriú: séideán gaoithe móire agus tine. Siombal an labhairt i dteangacha difriúla, b’fhéidir den chumhacht nua chun an dea-scéal a fhógairt. Tabharfadh an Spiorad deimhniú inmheánach dóibh faoi Chríost agus an dulagas a leag sé orthu.

Tógann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. Céad sheanmóireacht an tsoiscéil atá ann agus bunú na hEaglaise. Don fhéile sin bheadh Giúdaigh chráifeacha ó gach ceard den impireacht Rómhánach in Iarúsailéim. Tugann Lúcás liosta díobh ar threo tuathail, ón oirthear siar: Páirtigh agus eile (ón Ioráin agus Ioráic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an t-Iarthar, an Éigipt agus cósta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an Róimh. B’fhéidir go bhfuil Lúcás ag féachaint ar an Chincís sin mar fhreaschur, aisiompú, ar Thúr Bhaibéil, teacht le chéile in ionad scaipeadh. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid tá tús curtha le misean na hEaglaise don domhan mór.

Salm le Freagra (Salm 103[104]. Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus déan aghaidh na talún a athnuachan.

Dara Léacht (1 Coirintigh 12:3-7, 12-13). San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.

I gcomhthéacs na litreach seo, is tús léacht seo an lae inniu ar chur síos fada i dtrí chaibideal (caibidil 12-14) ina mhíníonn Pól do na Coirinthigh an áit i saol na heaglaise sa chathair sin atá ag na buanna a fuair siad ón Spiorad Naomh. Tháinig an chuid is mó de bhaill chomhluadair na heaglaise sin díreach ó chúlra pagánach, agus is dócha go raibh baint ag mórán acu le deasghnátha pagánacha sul ar iompaigh siad go creideamh Chríost, agus gach seans go raibh sin ag cur isteach ar a gcleachtadh sa chreideamh nua. Bhí buanna iomadúla ag muintir na heaglaise sin, agus bhí an baol ann go mbeadh meas thar mar ba chóir ar bhuanna áirithe, mar shampla labhairt i dteangacha éagsúla. Is é bunphrionsabal Phóil trína dheireann sé ná gur ón Spiorad Naomh mar bhronntanas na buanna, na tíolacthaí, atá acu agus bronnadh iad go léir ar mhaithe leis an tionól Críostaí, lena neartú sa chreidamh. An creideamh in Íosa féin, a rinneadh leis an leagan cainte “Is é Íosa an Tiarna”, gníomh creidimh é nach féidir a dhéanamh ach tríd an Spiorad Naomh. Gach duine díobh a baisteadh, is san aon Spiorad amháin sin a baisteadh iad, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh (neamh-Ghiúdaigh), idir sclábhaithe agus shaoránaigh, agus fuair siad mar bhronntanas an Spiorad céanna. Mar sin, níl aon difríocht i láthair Dé idir dhuine amháin agus duine eile, agus níor chóir go mbeadh sa chomhluadar Críostaí ach an oiread. De na buanna, tiolacthaí, iomadúla atá acu, níor tugadh aon cheann díobh do leas an duine aonair amháin. Léiríonn Pól an méid a deir sé trí shampla an choirp dhaonna, ina bhfuil mórán ball, gach ceann acu ag feidhmiú do leas an choirp go hiomlán, sampla ar baineadh úsáid as ag scribhneoirí Gréigise agus Laidine. Sampla de Chríost agus den Eaglais an corp daonna agus a bhaill.

An Soiscéal (Eoin 20:19-23). Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.

An lá atá i gceist anseo, “an lá céanna, a chéad lá den tseachtain” is é Domhnach Cásca féin é, an lá ar éirigh Íosa ó na mairbh. I soiscéal Eoin, sa sliocht díreach roimh an ceann seo, tá cur síos ar Íosa á thaispeáint féin do Mháire Mhiaghdiléana an mhaidin sin. Ansin, sa léacht seo, taispeáineann sé é féin dá dheisceabail atá sa seomra agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach. Ag teacht trí na doirse sin taispeánann Íosa go bhfuil corp aiséirithe aige, ach leis an gcorp inar céasadh é, le créachtaí na croise air fós. Tá cuntas an taispeánta seo le fáil chomh maith i soiscéal Lúcás (24:36-49). I leagan Lúcás tugann Íosa aird do na créachtai ina lámha agus ina chosa, leis an leanúnachas idir a shaol ina bheatha aiséirithe agus a a bheatha ar talamh. I Soiscéal Eoin, i sliocht an lae inniu, déanann sé tagairt do na créachtaí ina lámha agus ina chliathán, an créacht a rinne duine de na saighdiúiri le sleá. Thug Soiscéal Eoin comhartha cheana féin go raibh an Spiorad le tabhairt ag bás Íosa (Eoin 19:28-30). Nuair a bhí Iosa ag fáil bháis dúirt sé: “ ‘Tá sé curtha i gcrích’. Chrom sé a cheann agus thug sé uaidh an Spiorad”. An rud a bhí curtha i gcrich ná plean slánaithe an Athar. An Spiorad a bhí i gceist ná an Spiorad a gheall sé féin roimhe sin don eaglais nuair a bheadh sé féin glóirithe, i gcrann na croise (Eoin 7:39; 16:5-7). Siombal do bhronntanas an Spioraid sin ná an chréacht ina chliathán nuair a tholladh é agus gur tháinig fuil agus uisce amach (Eoin 19:34). Nuair a thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail an Domhnach Cásca sin táthar le gealltanas sin an Spioraid a chomhlíonadh. Is tráth solúnta cinniúnach é ina bhfuil Íosa leis an Spiorad a thabhairt do na deisceabail, agus iad a sheoladh amach, amhail mar a sheol an tAthair Íosa féin amach, lena a ndeisceabail siúd a aontú le hÍosa agus leis an Athair, i rúndiamhair dhomhain na Trionóide. Cuid lárnach de rundiamhair seo an aontais le Críost agus leis an Athair ná an naofacht, easpa an pheaca, agus beidh an chumhacht ag na deisceabail agus a gcomharbaí maithiúnas a thabhairt ar na peacaí. 

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Spiorad Naomh, Féiniúlacht chine agus chreidimh – agus an fhaoistin

Cruthaíonn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in Íosa, Íosa féin agus an Athair síos tríd an stair. Tugann sé le tuiscint dóibh gur clann don Athair iad. Foilsíonn sé dóibh glóir Íosa, fís den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann sé an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhféiniúlacht Chríostaí.

Tá féiniúlacht chine ann leis agus ar uairibh ionann í agus féiniúlacht chreidimh, nuair a bhíonn an creideamh céanna ag an cine go léir agus an cine faoi bhrú ón taobh amuigh. I gcás mar sin tógtar an creideamh mar chuid den chine agus ní bhionn aon teannas idir Eaglais agus an stát. Is mar sin a bhí in Éirinn roimh neamhspleáchas dí agus i mblianta tosaigh an stáit nua. Is mar sin atá fós sa Ghréig. Baol mór atá ag gabháil leis seo ná go leigtear i ndearmad gur rúndiamhair go bunúsach í an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine réidh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine nó sa t-sochaí.

In Éirinn anois tá an ré sin thart agus ní mór do phobal na hEaglaise abhus féiniúlacht chreidimh a chothú, eolas níos fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi stiúir an Spioraid Naoimh, an tAbhcóid, Spiorad na fírinne a thabharfaidh glóir do Chríost trí chreideamh beo na hEaglaise.

An Spiorad Naomh, Maithiúnas na bPeacaí agus an Fhaoistin

Sheol Íosa na hAspail, na deisceabail, amach amhail mar a chuir an tAthair Íosa féin amach uaidh, le muintearas rúndiamhrach a bhunú idir na creidmhigh, Íosa agus an Athair, le go mbeadh an tAthair beo iontu faoi mar a bhí sé in Íosa féin. Bac da leithéid de chaidreamh an peaca, agus tugadh do na hAspail agus dá gcomharbaí an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Rud mór i bhféiniúlacht Ghael ná an Fhaoistin agus maithiúnas na bpeacaí. Tá an Fhaoistin titithe in léig in Éirinn le tamall anuas agus tugann soiscéal an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dheanamh ar shacraimint na haithrí san Eaglais agus in Éirinn. Bhí ar an luath-eaglais tuiscint a fháil ar an bpeaca agus conas maithiúnas a thabhairt air. I dtosach níor cuireadh san áireamh mar pheacai ach cinn throma, amhail íoladhradh, dúnmharú nó adhaltranas, agus gearradh pionós trom orthu. Faoistin phoiblí a bhí ann. Ní raibh toradh air seo, gur thug Eíre cleachtadh “príobháideach” isteach, a scaip don eaglais go léir. Mar a deirtear linn i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1447): “I rith an seachtú haois faoi thionchar thraidisiún na manach san Oirthear, thug misinéirí na hÉireann leo isteach ar mhór-roinn na hEorpa cleachtadh ‘príobháideach’ na haithrí, nár éiligh oibreacha aithrí a dhéanamh go poiblí ar feadh achair fhada roimh athmhuintearas leis an Eaglais a fháil. … Is é sin, a bheag nó a mhor, an leagan amach atá ar chleachtadh na haithrí san Eaglais go dtí an lá inniu”.

Tugann sin dúinn ghlaoch le athmhachnamh a dhéanamh ar athnuachan faoi shacraimint na haithrí in Éirinn inniu. Ní raibh Faoistin nó Comaoineach comónta roimh leasú liotúirgeach an Phápa Pius X sa bhlian 1905, agus níos déanaí i gComhairle Vatacain II. Ansin d’éirigh Faoistin an-chomónta in Éirinn. Faoistin dheabhóideach, seachas ar pheacaí troma, a bhí ann. Tír an-deabhóideach i mórán slíte a bhí in Éirinn. Ansin tháinig an t-athrú suntasach atá linn go fóill. Ní gá gur cailliúint chreidimh is bun leis seo. Maidir le dlí na hEaglaise de, níl de oibligeáid dul chun Faoistine ach orthu siúd a bhfuil trompheacaí ar a gcoinsias, agus sin uair sa bhliain. Agus cé nach bhfuil sé riachtanach, molann an Eaglais Faoistin dheadhóide do mhionpheacaí. Ach ag fágaint dlíthe agus aithne na hEaglaise ar leataobh, is ionmholta an rud é an Fhaoistin agus gnáthú shacraimint an athmhuintearais. Coimeádann an deabhóid seo an peaca, agus baol an pheaca, os ár gcomhair agus is fianaise é go gcreidimid go bhfuair Críost bás ar son maithiúnas na bpeacaí, agus aontaíonn sé sinn le rúndiamhair na hEaglaise.

Agus baineann an Fhaoistin le féiniúlacht Ghael.

Recommended Articles

Leave A Comment