Meán Fomhair 1 2013 (C) Dara Domhnach Fichead Saor

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Luachanna na Ríochta

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Sírach 3:17-20, 28-29).

Ísligh thú féin agus beidh gnaoi an Tiarna ort. Tá a fhios againn cé chum an leabhar as ar tógadh sliocht an lae inniu. Ba é Iesus Ben Sira é, a scríobh an leabhar seo as Eabhrais thart ar an mbliain 180 r. Ch. Tá cur síos ar Ben Sira ag a gharmhac sa bhrollach a chuir sé lena aistriúchán ar an leabhar go Gréigis. Bhí domhainmhachnamh déanta ag Ben Sira ar an Dlí, na Fáithe agus leabhair eile an chanóin agus chinn sé a chuid smaointe a roinnt ar a léitheoirí agus eile. Bhain Ben Sira leis an aos eagnaíochta. Bhí scoil aige in Iarúsailéim do chlann mhac an uasalaicme, nó ar a laghad an mhion-uasalaicme in a roinneadh sé a chuid léinn agus eagnaíochta ar na mic léinn, á mealladh chun machnaimh. Is soiléir ó fhoirceann na léachta seo gur mar sin a bhí: “Déanann croí an tsaoi dianmhachnamh ar pharabail, agus is breá leis an eagnaí cluas aireach”. Sa mhir seo dá leabhar déanann an t-eagnai sin machnamh ar an umhlaíocht agus an uabhar, an t-éirí in airde, agus deireann linn conas a fheachann Dia agus é féin mar eagnaí orthu.

Salm le Freagra (Salm 67[68]). De bharr do chineáltais, a Dhia, rinne tú soláthar do lucht an ghátair.

An Dara Léacht (Eabhraigh 12:18-19, 22-24).

Tá sibh tagtha go dti Sliabh Síón agus cathair Dé bhi. Ag teacht leis an aidhm a bhí ag an údar tríd an litir go léir, is é sin cur ina luí ar lucht a léite agus a éisteachta gan filleadh ó chreideamh Chríost ar an Ghiúdachas agus a liotúirge, tá béim aige nach bhfuil i liotúirge phobal Iosrael ach scáth den fhíor-liotúirge ar neamh, mar a bhfuil an tArdsagart Íosa. Níl cathair bhuan ag pobal Dé anseo ar talamh ach iad ar tóir an Iarúsailéim neamhaí. Sa sliocht seo inniu, a thagann ag críoch na litreach (sórt aguisín le comhairlí tréadacha atá sa chaibideal deiridh) déanann sé codarsnacht idir bhúnú an tSeantiomnna faoi Mhaois agus an Tiomna Nua. Ócáid chreathnach, uaimhneach, a bhí i gcaidreamh phobal Iosrael le Dia ag bunú an chéad chonartha. Cuireann an t-údar síos ar an uafás a bhain leis mar atá sin ríomhtha i leabhair Eacsadas (19:16, 18) agus Deotrainimí (4:11). Tá an t-údar ag caint le creidmhigh fós ar talamh, ach i slí is feidir leo iad féin a mheas bheith ar neamh, i gcomaoin na naomh. Mar a b’áil le traidisiún na hÉireann a lua, bhí “coinne mhuintir neimhe agus talún” ann ina bhfuil na creidmhigh ar talamh go spioradálta ar neamh; mar adeirtear sa léacht seo, mar aon leis na haingil, “comhthionól na gcéadghinte”, sin le rá Críostaíthe, comhoidhrí le hÍosa céadghin óna mairbh, agus “spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta”, is é sin naoimh an tSeantiomna, is dócha, agus Dia féin agus Íosa, idirghabhálaí an Chonartha nua. Is chuig an sprioc sin, an Iarúsailéim, neamhaí, a bhí gach a dúradh sa litir dírithe; deireadh an rása agus gach coimhlinte ar talamh do lucht leanúna Chríost ar talamh é. Ba chóir go dtabharfadh rinnfheitheamh na radhairce neamhaí sin áthas agus uchtach dóibh.

An Soiscéal (Lúcás 14:1, 7-24).

Gach aon duine a ardaíonn féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é. Sa sliocht seo, fiú an giota a fágadh ar lár (véarsaí 2-6), tá na Fairisínigh lárnach ann. Sa ghiota sin tá cur síos ar leigheas a rinne Íosa lá na Sabóide inar chuir sé ceist ar scríobhaithe (dlíodóirí) agus Fairisínigh an raibh sin ceadaithe. D’fhanadar ina dtost – ag aontú leis b’fhéidir. De ghnáth bíonn seasamh frith-Fhairistíneach sna soiscéil, rud nach fíor i gcónaí faoi Lúcas. (Feach Lúcas 7:16 agus an nóta air don 11ú Domhnach saor.) De réir dealraimh fuair Íosa cuireadh chun béile ón bhFairistíneach, agus tá béile mar chúlra dá bhfuil sa léacht seo, agus an téacs a leanann í. Sa bhéile atá i gceist anseo dealraíonn sé gur thógadar síúd a fuair cuireadh áit a thaitin leo, ach cead ag fear an tí áit níos airde a roghnú dóibh. Agus taobh thiar de gach béile, lón, nó féasta bheadh an féasta meisiasach in aigne Ghiúdaigh chráifigh, Fairistíneach agus eile, mar is léir ó chríoch na míre seo agus thús na míre a leanann é, nuair a dúirt duine ar chloisteáil an méid a duirt Íosa: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”. An “parabal”, an teagasc eagnaíochta, a labhair Íosa i léacht an lae inniu bheadh baint aige le ríocht Dé, áit a bhfuil Dia féin mar fhear an tí.

Tagraíonn Íosa don chuireadh a fuair sé. I gcultúr na haimsire sin (agus gach aon aimsir is féidir a rá) freagra ar chuireadh dá leithéid ná cuireadh do bhéile den leibhéal céanna; an comhar a íoc. A mhalairt a mhol Íosa nuair a bheadh fleá nó féasta á ullmhú. Bheadh an cuireadh le tabhairt do na boicht, de shaghasanna éagsúla, dóibh siúd ar an imeall – téama ar gheal le hÍosa, agus a chuireann Lúcás béim air ina shoiscéal. Bheadh cúiteamh le fáil air sin “in aiséirí na bhfíréan” – bhí an t-aiséirí mar alt creidimh ag na Fairistínigh.

Pointe lárnach de theachtaireacht an tSoiscéil a bhí ag Íosa anseo.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Luachanna na Ríochta

Go minic leagtar ar Shainsailéir na Gearmáine Otto von Bismarck (19ú céad) an ráiteas nach féidir le náisiún ar bith a pholasaí eachtrannch a rith de reir na Seanmóra an an Sliabh. Ar an dtaobh eile de, leagtar ar státaire eile mór le rá gur chóir tosú leis an domhan a chur ina cheart tar éis phraiseach an dara chogaidh dhomhanda leis an Seanmóir ar an Sliabh. Tá macallaí na Seanmóra sin, agus luachanna an tsoiscéil, le mothú síos tríd an stair le dha mhíle bliain. Tugann soiscéal an lae inniu deis agus spreagadh dúinn machnamh a dhéanamh ar sin.

Is soiléir, measaim, nach féidir le stát, nó fiú le hOrd Rialta, an méid a deir Íosa sa dara cuid den léacht sin a chur i bhfeidhm maidir leo siúd ar chóir cuireadh chun béile a thabhairt dóibh. Ach maireann ceacht na léachta linn i gcónaí. Is do na boicht sin, de gach saghas, ríocht na bhflaitheas. Is méanar dóibh. Más cairde le Dia iad, cuid lárnach den soiscéal cúram a dhéanamh díobh. I rith na staire spreagann an Spiorad Naomh daoine faoi leith aird a thabhairt dá ndúirt Íosa faoi na boicht and faoin bhochtanas, amhail Naomh Proinsias agus Pápaí dár linne fein.

Agus maidir le umhlaíocht agus simplíocht an tsoiscéil de, tá luachanna na ríochta dulta i bhfeidhm go mór ar theagasc an Tiomna Nua agus na hEaglaise. Spreagann luach na ríochta comhionnanas soisialta. Mar adeir Pól le Críostaíthe na Róimhe (Rómhánaigh 12:16): “Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle”. Tá litreacha Phóil, agus scríbhinní eile an Tiomna Nua, lán den a leithéid de theagasc, le Íosa féin mar eiseamláir agus muinteoir taobh thiar de.

Bhí tionchar mór ag na luachanna sin ar mheon an Iarthair. Is cuid den teagasc Críostaí iad, agus anois nuair nach mian len alán inniu aird a thabhairt ar aon oidhreacht Chríostaí cuid den eitic iad, fiú ag daonnachtaíthe agus lucht an díchreidimh, aindiachaíthe.

 

Recommended Articles

Leave A Comment