Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag Faire! Deireadh bliana, Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Seanfhocail 31:10-13, 19-20, 30-31). Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil? Is chuid de dhán aibítreach é seo, dán ina bhfuil fiche dó véarsaí, gach véarsa díobh le litir leantach de aibítir na hEabhraise. Cumadh mar sin é d’aon ghnó le críoch a chur le Leabhar na Seanfhocal, leabhar thar a bheith tábhachtach de litríocht na hEagna sa Bhíobla. Moladh an bhean chéile, an bhean tí, cumasaí, foirfe, is ábhar dó, agus b’fhéidir gur tuigeadh é mar cur síos fáithchiallach, allagóireach, ar an Eagna phearsantaithe. Deirtear gur luachmhaire an bhean sin ná na péarlaí, rud a chuireann i gcuimhne an cur síos ar an Eagna in Iób 28:18: “Ní féidir péarla a chur i gcoimheas lei”. Agus faoi mar a dhéantar chomh maith i litríocht na hEagna, nasctar an bhean le eagla an Tiarna. Cuireann an áit lárnach atá ag an fear chéile sa dán seo as do roinnt ban an lae inniu, amhail as gur fiúntas an bhean chéille dá fear atá dairíre i gceist. Ach bheadh dul amú ar dhuine sa bhreith seo. I gcomparáid le gnáth-theagasc an tSeantiomna, tá áit faoi leith ag an bhean sa dán seo. Is bean chumasach í a bhaineann úsáid as na buanna atá aici sa teach agus taobh amuigh de, mar bhean ghnó agus tráchtála, ach san am céanna le cúram don dream dearóil. Tuilleann a gníomhartha moladh poiblí. Baineann sí úsáid as a cuid buanna, agus is mar sin a roghnaítear an téacs seo le dul le soiscéal an lae inniu, le parabal na dtallann.

Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 5:1-6). Ná tagadh Lá an Tiarna gan fhios oraibh mar a bheadh bithiúnach. Nath iad na focail “an lá agus an uair” a fhaightear i soiscéal Mhatha le cur síos ar théarnamh Íosa agus deireadh an tsaoil. Ina aitheasc deiridh dá dheisceabail thug Íosa rabhadh bheith san airdeall le bheith réidh mar go bhféadfadh   Lá an Tiarna bheith in in achmaireacht, ar an tairseach. Ba choir dóibh bheith ag faire mar ná raibh a fhios acu an lá ná an uair (Matha 25:13). Dúirt Íosa chomh maith nach imeodh an ghlúin sin gan na nithe ar a raibh sé ag caint tagtha chun cinn (Matha 24:34). Mar sin féin bhí ar a chumas a rá díreach ina dhiaidh sin faoin “lá agus an uair” (Matha 24:36) nach raibh a fhios ag duine ar bith faoi, ná ag aingil na bhflaitheas, ná ag an Mac, ach an an Athair amháin. Bhíothas ag feitheamh, agus ag tnúth, le téarnamh, le filleadh, Íosa go luath sa luatheaglais, ach nior chuir sin as do fhógairt an tsoiscéil dóibh. Bhí an creideamh agus an dóchas céanna ag Pól aspal i dtús a chuid mhisinéireachta agus ag eaglais na Teasalóinicé. Ba chuid den chreideamh sin, leis, go raibh Lá an Luain le teacht mar bhithiúnach san oíche. Tugann an focal “Lá” deis do Phól teachtaireacht a thabhairt: bheith réidh dó agus maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an lae, sa solas, seachas sa dorchadas, ag faire, réidh don lá sin.

An Soiscéal (Matha 25:14-30). Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna. Is éasca ceacht an pharabail seo a thuiscint: úsáid a bhaint as na buanna a thug an Tiarna, Dia, dúinn, agus a fhios a bheith againn go mbeidh orainn freagra a thabhairt ar an Tiarna muna mbainimid. Go bunúsach is é a bhí sa tallann ná meáchan, de 80 punt, 36 cileagram. Sa pharabal, mar sin, tuigtear conas a rinne duine amháin poll sa talamh agus gur chuir an tallann i bhfolach. I gcursaí airgid b’ionann tallann agus sé mhíle (6000) denarii, agus an denarius mar gháth-phá d’fhear oibre. Ionann tallann amháin, mar sin, agus pá lae do fhiche bliain oibre don ghnáth-fhear oibre. Baintear as an fhocal “tallann” chomh maith an chiall “bronntanas”, bua nádúrtha. Ceacht an pharabail ná úsáid cheart a bhaint as na tallainn, na buanna nádúrtha, pé mór beag iad, a thug an Tiarna Dia dúinn. Bíodh gur mór an méid cúig, ní fiú dhá, thallann, tugann an Tiarna beagán orthu, agus tugtar cuireadh dóibh siúd a bhain tairbhe cheart astu dul isteach in aoibhneas a mháistir – ionann sin do na creidhmigh agus glóir na bhflaitheas.

Mar pharabal ann féin d’fhéadfadh an ceann seo a bheith in aon chuid de na soiscéil, ach ina chomhthéacs anois is cuid d’aitheasc deiridh Íosa é a bhfuil mar théama aige “Faire”, bheith réidh don “lá agus an uair”. Díreach roimhe tá parabal an Deichniúr Maighdean, leis an téama céanna, agus díreach ina dhiaidh tá aitheasc Íosa faoin Bhreithiúnas Deireanach. Mar sin, oireann an léacht do liotúirge dheireadh bhliain an liotúirge.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ar Faire! Deireadh bliana, Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt.

Go traidisiúnta, ag deireadh bhliain an liotuirge agus roimh thús na hAidbhine bhí béim i liotúirge an Domhnaigh ar na críocha déanacha agus a riachtanaí is atá sé bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna, agus an breithiúnas a ghabhann leis an mbás.

Ní hiondual inniu machnamh a dhéanamh ar an mbás agus a riachtanaí is atá sé bás a fháil i ngrásta Dé, nó fiú machnamh a dhéanamh ar bhriathra Phóil chuig na Teasalónaigh maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an tsolais, de réir an tsoiscéil agus teagasc na hEaglaise. Agus go minic tagann an bás fós mar bhithiúnach san oíche, gan coinne.

Ábhar machnaimh eile dúinn ó liotúirge an lae inniu ná gurb í toil Dé go mbaineann gach duine againn úsáid as na buanna nádúrtha, na tallainn, atá againn, pé mór beag iad, agus sin dár leas féin agus do leas an chomharsa, do leas an phobail.

Ní beag an t-ábhar machnaimh a thugann liotúirge an lae, agus na léachtaí seo, dúinn.

Recommended Articles