Freagra don Chreideamh leis an mBíobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ní mór fís, aisling gheal, leis an bheatha Chríostaí a chothú.

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Íseáia 66:10-14). Cuirfidh mé ag trialll uirthi ina habhainn an tsíochain. Tógtar an sliocht seo as chaibideal deiridh agus clabhsúr leabhair Íseáia. Sa mhír seo den leabhar tá Dia ag tabhairt sóláis agus ag cothú creidimh agus dóchais a phobail  le fís ré glórmhaire le teacht, ré ina mbeidh clabhsúr lei le spéartha nua agus talamh nua á gcruthú ag Dia. Sa léacht seo tá clann Iosrael pearsantaithe mar an chathair naofa Iarúsailéim. Glaoitear ar an bpobal sin lúcháir a bheith orthu ma aon le hIarúsailéim,  agus gairdeas mar gheall uirthi, faoi mar ar chaoineadar a cás i laethanta a dubróin. An tsíocháin agus an séan a ghealltar di tá siad curtha i gcomórtas le tuille abhann. Glóir na gciníocha (pagánacha) a bheidh inti, nó b’fhéidir aici, le saibhreas na gciníocha ag teacht chuici (féach Íseáia 61:6). Tabharfaidh  Máthair Iarúsailéim sólás dá clann, nó ba chirte a rá tabharfaidh Dia Iosrael atá taobh thiar de seo go léir, Dia atá curtha i láthair anseo mar mháthair. Críochnaíonn an léacht le nóta dóchais: beidh an séan agus an sonas ag pobal Dé. Leireofar lámh an Tiarna dá sheirbhísigh.

Salm le Freagra (Salm 65[66]). Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.

An Dara Léacht (Galataigh 6:14-18). Tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar iompar agam ar mo chorp. Tá an léacht seo tógtha as chaibideal deiridh Naomh Phóil chuig na Galataigh, litir ina a raibh air aghaidh a thabhairt ar Chríostaithe Giúdacha a bhí ag iarraidh pobal óg Críostaí a thiontaigh sé ón phagánachas a thabhairt orthu féin timpeallghearradh agus cleachtadh Dhli Mhaoise, á mheas go raibh sin riachtanach don slánú. Ina n-éadan siúd luíonn Pól béim ar fhírinne lárnach an chreidimh  i gCríost, is é sin bás Chríost ar an gcrois agus a aiseirí. Tharraing dílse Phóil don fhírinne lárnach sin géarleanúint air ó thaobhanna éagsúla ar a dtugann sé “an saol”. Ionann “an saol” dó i slí agus laige dhaonna, agus na fórsaí, cúinsaí agus tosca éagsúla a chuireann in aghaidh phlean slánaithe Dé trí bhás Chríost ar an gcrois agus a aiséirí. Sna véarsaí díreach roimh an léacht seo cáineann Pól go géar an bhéim a chuireann na Giudaigh ar thimpeallghearradh na colainne, agus an ghlóir a fhaigheann siad sa cholainn. Ansin i léacht an lae inniu casann Pól ar an gcúis cheart mhaíte, is í sin an chrois ina bhfaigheann Críost bás, agus an rúndiamhair in a bhfaightear an bua ar na fórsaí go léir atá in a naimhde do Chríost (“an saol” i dtéarmaí Phóil). Ag féachtaint ar na cursaí mar seo do Phól, is cuma ann nó as don timpeallghearradh. An t-aon rud a bhfuil tábhacht leis ná cruthú nua i gCríost trí rúndiamhair na croise agus an  aiséirí, gach duine a bheith ina chréatúr úrnua. Cé nach ndeireann Pól anseo cad is brí leis an chruthú nua seo, bheadh sé soileir óna bhfuil scríofa aige faoin bheatha Chríostaí sa litir seo agus ina litreacha eile. Guíonn sé síocháin orthu siúd a ghlacann lena a theagasc agus “ar Iosrael Dé”, briathra ar chiall leo, is dócha, iad siúd a chreideann i gCriost ó Iosrael agus ó na ciníocha (pagánaigh), pobal nua Dé. Maidir leis na “marcanna ár dTiarna Íosa Críost” a luann Pól a bheith ar iompar ar a chorp aige, is docha gurb iad na “marcanna” seo, an cruatan, a fhulaing, sé le linn a sheirbhis don soiscéal, sin go léir in aontacht le Críost céasta.

An Soiscéal (Lúcás 10:1-12, 17-20). Fanfaidh bhur síocháin aige. Ní dochar a mheabhrú gur cuid an sliocht seo den chuntas ar thuras Íosa ó Chesairáia Philip agus an Ghailíl go Iarúsailéim agus a bhás, a “ardú ón saol”, a ghlóiriú, ar a raibh cur síos i Soiscéal an Domhnaigh seo caite, Turas é go dtí a aiséirí agus ócáid a dheascabhála nuair a dúirt sé a bhriathra deiridh lena aspail nárb fholáir aithrí agus maithiúnas na bpeacaí a fhógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Tá cuntas ag Matha, Marcas agus Lúcás ar mhisean an Dáréag ag Íosa, an Dáréag seolta amach le údarás Íosa fein leis an dea-scéal a fhógairt, spioraid mhíghlana a chaitheamh amach agus na heasláin a leigheas. Is ag Lúcás amháin atá an cuntas faoin “seachtó dó (nó seachtó) eile”, seachas an Dáréag, lena bheag nó a mhór an t-údarás agus an misean céanna acu agus a bhí ag an Dáréag. Tá an uimhir seachtó dó (nó seachtó) roghnaithe d’aon ghnó: sin líon na gciníocha (na náisiún neamh-Ghiúdacha) de réir traidisiún an Bhíobla. Beidh bunús ag misean na hEaglaise ar a rinne Íosa féin. Tugann an misean chun cuimhne a dheacair is atá an misean agus teirce na misinéirí, agus a riachtanaí is atá ata urnaí lena líon a mhéadú. Meabhraítear dóibh na deacrachtaí a bheidh rompu, iad mar uain i meacs faolchon, ag fógairt dea-scéala na síochána agus an athmhuintearais. Ní mór dóibh a gcuid éadaí agus modh beatha  a bheith simplí, a bheith sásta leis an bia a thugtar dóibh sna títhe a chuirtear fáilte rompu iontu, agus gan a bheith ag dul go teach eile ar tóir bia níos fearr. Bhí an teachtaireacht chéanna le bheith acu dóibh siúd a chuir agus nár chuir fáilte rompu: b’sin: Tá ríocht Dé in achmaireacht (achomaireacht), druidte libh, i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh. Bhí ríocht Dé ag feidhmiú cheana féin in Íosa agus a bhua ar na hainspioraid agus sa leigheas a rinne sé. Seo í an uair dheiridh a dhéanfaidh Lúcás tagairt do ríocht Dé a bheith in achmaireacht (achomaireacht) ina Shoiscéal. Bhí a fhios ag Lúcás agus ag a léitheoirí go raibh ré nua tagaithe faoi ríocht Dé le glóiriú Íosa agus teacht an Spioraid Naoimh ar an eaglais.

            Tagann an seachtó dó (nó seachtó) thar nais agus tugann tuarascáil d’Iosa faoi mar ar éirigh leo, le bua ar an hainspioraid ina ainm. Nuair a deir Íosa gur fhaca sé Sátan ag titim ó na flaithis, ní fís faoi leith air sin atá i gceist aige de réir dealraimh, ach gurb ionann bua na misinéirí ar na hainspioraid agus bua ar Shátan. Ionann bua mar sin agus teacht ríocht Dé, cumhacht agus bua ar constaicí éagsúla (curtha go meafarach mar nathracha nimhe agus scairpe) a leanfaidh ar  aghaidh i saothar chraobhscaoileadh an tsoiscéil san eaglais. Cuid de théarmaíocht de litríocht apacailipteach an Bhíobla (Leabhar Dainéil, Apacailiptis Eoin) na h-ainmeacha a bheith scríofa sna  flaithis.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Ní mór fís, aisling gheal, leis an bheatha chríostaí a chothú.

Is mór an chabhair agus an inspioráid chun gnimh do náisiún nó don duine aonar fís faoin ré atá thart nó fós le teacht. Chum impearachtai de aoiseanna i bhfad ó shoin, nó níos gaire dár linn féin, sean-stair fúthu féin, gur ard-litríocht ar uairibh é, stair nó físeanna a chabhraigh leo a gceart chun concais a bhrú ar dhaoine.  Ach ní dul thar ár stair agus ár litríocht féin le tábhacht na físe nó na haislinge a  thuiscint.  Thug an spéirbhean uchtach do phobal faoi bhroid agus dóchas don ré le teacht. Bhain físeanna agus aislingí den samhail seo le réimse  an tsaoil seo, agus tig linn casadh uaidh sin go stair an Bhíobla agus stair an tslánaithe mar a thugann fís ó Dhia na glóire uchtach don saol casta atá linn agus dóchas faoi ré nua le teacht. Ón chéad léacht inniu is féidir linn a fheiscint faoi mar ar thug fís dhiaga, ó Dhia féin, ar ré ghlórmhar le teacht, uchtach do Iosrael i gcora crua an tsaoil. D’fhógair Íosa, agus dúirt sé leis na misinéirí a sheol sé amach a fhógairt, go raibh ríocht Dé in achmaireacht, in aice linn. Dúirt Íosa go raibh an ríocht sin ann cheana féin ina phearsa, cumhacht Dé ag feidhmiu tríd. Tá ríocht Dé ann cheana i slí i gCríost agus san Eaglais, le fís Dé i leith an chine dhaonna, agus leis an grásta, an chumhacht, an fhís sin a thabhairt i gcrích ach aird a bheith tugtha ar a deir Íosa agus an eaglais. Is sacraimint, rúndiamhair, í an eaglais. Ba chóir dúinn inniu fís seo na hEaglaise a athmhúscailt, agus gan ró-aird a thabhairt ar na guthanna iomadúla nach bhfeiceann ach ar a laigí. Is sacraimint uilí an tslánaithe í an eaglais, Ba choir go mbeadh léargas ag an domhan  tríthi ar Dhia agus ar Chríost ag fógairt dea-scéala an tslánaithe do shaol ár linne féin.

Recommended Articles