Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

Réamhrá do na léachtaí. Inniu tá Féile Bhaisteadh Ár dTiarna á comóradh againn, baisteadh in uisce na Iordáine, agus tá tá baint leis an eachtra sin ag gach ceann de na léachtaí. Tá cur síos ar an mbaisteadh féin sa sliocht as an Soiscéal de réir Mharcais. Tá an chéad léacht roghnaithe toisc go bhfuil cuireadh ó Dhia ann don phobal, do lucht an íota, teacht go dtí an t-uisce, faoi choinne uisce, iad siúd a bhfuil tart chun Dé orthu. Uisce an tslánaithe atá i gceist, a thugann beatha don anam, mar a mheabhraítear sa Salm le Freagra. Thug an tAthair fianaise dá Mhac ag a bhaisteadh in uisce na Iordáine nuair a thuirling an Spiorad Naomh air. Deir an dara léacht linn go bhfuil triúr a thugann fianaise, an Spiorad, an t-uisce an an fhuil – ar Chailbhire.

An Chéad Léacht (Íseáia 55:1-11). Taraigí faoi choinne uisce agus beidh bhur n-anam saolach. Roghnaítear an léacht seo do Fhéile an lae inniu toisc an chuireadh atá inti teacht faoi choinne uisce, uisce na beatha, atá á ofráil ag Dia saor in aisce, agus mar aon leis sin an rabhadh atá ann Dia a lorg agus maithiúnas a fháil – téamaí a ghabhann le seanmóirearcht Eoin Baiste agus baisteadh Íosa.

            Is fiú dúinn dul thar an comhthéacs liotúirgeach go dtí a shuíomh i Leabhar Íseáia agus ina chúlra staire, is é sin le rá críoch an chaibidil áirithe seo ar an roinn den Leabhar ar a dtugtar de ghnáth an Dara Íseáia (Íseáia 40-55). Tá téamaí éagsúla an leabhair sin le mothú sa chaibideal seo. I dtús an leabhair (40:6-8) cloiseann an fáidh, údar an leabhair seo, guth á rá: “Glaoigh!”, ar a thugann sé an freagra. “Cad a ghlaofaidh mé?”, ar a bhfaigheann sé mar fhreagra: “Tá an uile fheoil mar an féar… feonn an féarr, tréigeann an bláth, ach seasann briathar Dé go deo”. I rith an leabhair tá gealtannais iomadúla faoina a bhfuil le bronnadh ag Dia ar a phobal, agus d’fhéadfadh duine a mheas nach raibh tomhais chreidimh ar bith ag baint leo. Anois meabhraítear nach mar sin atá. Ionann an todhchaí dóibh agus beatha le Dia na glóire. San aitheasc deiridh seo tugann Dia cuireadh mar a rinne an Eagna i stair Iosrael, ag tabhairt cuireadh teacht go tobar na beatha, íota chun Dé a bheith orthu le bheith páirteach sa chóisir atá ullamh ag Dia dá phobal. I rith stair Iosrael roimhe seo is le Dáiví a bhí conradh ag Dia. Ní hamhlaidh feasta. Is le pobal Iosrael féin atá Dia le conradh síorai, buan, le déanamh, agus beidh meas ar Iosrael ag na ciniocha dá bharr. Is é Dia, Neach Naofa Iosrael, a churfidh maise ar Iosrael.

            Is ó Dhia an slánú, agus dá bharr sin ní mór d’Iosrael Dia a lorg anois, nuair atá fáil air. Admhaíonn an téacs go bhfuil coirpigh agus lucht na hurchóide ina measc. Ní mór dóibh siúd aithrí a dhéanamh, agus a mbeatha a thabhairt de réir toil Dé, nach ionann a bhealaí agus a bhearta agus bealaí agus bearta daonna. Cuirtear críoch leis an leabhar mar ar thosaigh sé, le béim ar Bhriathar Dé, a sheasann go deo. An briathar a théann as béal Dé ní fhilleann sé air gan toradh, gan an rud ab áil leis a dhéanamh agus a bheart a chur i gcrích. Ba fhíor sin an chéad uair a scríobh an Dara Íseáia é thart ar chúig chéad bliain roimh Chríost, agus is fíor é i gcónai. Seasann briathar Dé go deo.

Salm le Freagra (Íseáia 12:2-6). Beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe.

An Dara Léacht (1 Eoin 5:1-9). An Spiorad, an t-uisce agus an fhuil. Oireann an léacht seo d’Fhéile seo Bhaisteadh Ár dTiarna toisc go labhraíonn an mhir dheiridh di ar an bhfianaise a thugann an Spiorad, an t-uisce agus an fhuil, fianaise a tugadh ag baisteadh Íosa agus ar an gCrois.

Is deacair brí bheacht cuid dá ndeirear sa sliocht a thuiscint i gceart, tagairtí a bhí níos soiléire do na léitheoirí tosaigh ag deireadh na chéad aoise ná mar atá sé dúinne. Tá téamai éagsúla sa léacht, ach go mór mór dhá cheann. Tosaíonn sí le creideamh gurb é Íosa an Criost, sin le rá Mac Dé. Aontaíonn an creideamh seo an creidmheach le Dia. Is ó Dhia a ghintear an Mac, agus an té a chreideann tugann sé grá don Athair (an té a ghin), do Íosa Mac De, agus do chlann uile Dé. Ionann grá an chomharsa agus grá Dé, agus ionann sin agus comhlíonadh aitheanta Dé. Tá aitheanta éagsúla ann, mar shampla na Deich nAitheanta. Ach do Eoin tá dhá aithne móra ann: creideamh agus grá an chomharsa. Deir an téacs nach tromualach a aitheanta, óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol. Sa mhéid seo tá diagacht agus modh cainte gonta Eoin le sonrú. Gintear ó Dhia tríd an gcreideamh, tríd an ghrásta a thugann lonradh agus neart inmheánach. Tugann an creideamh seo an bua ar an saol, agus ionann an “saol” i dtuiscint seo Eoin agus an domhan, agus gach uile rud, atá naimhdeach do Chríost, dá bhua, agus dá shaothar san eaglais. Ní gníomh daonna den aigne an creideamh seo, ach feidhmiú Íosa, an Spioraid agus an ghrásta sa chroi agus sa choinsias.

Labhraíonn dara mír na léachta faoi fhianaise. Tháinig Íosa le huisce, le fuil agus leis an Spiorad. Ní fios go beacht cad a bhí ina aigne ag an údar anseo. Is dócha gurb é uisce an bhaiste a bhí i gceist agus fuil na croise, ach seans gurb é an chrois amháin agus bás Íosa atá i gceist, nuair a tháinig fuil agus uisce amach as a chliathán. Agus thug an Ceathrú Soiscéalaí fianaise faoi sin. Agus, deir an téacs, go bhfuil an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad. Ar ndóigh, ní fianaise i gcúirt dlí atá i gceist ach fianaise i gcróithe agus i gcoinsias na bhfíréan. Tugann an triúr sin, uisce (Baisteadh), fuil (Eocairist) and an Spiorad Naomh fianase i gcónaí faoi Chríost Mac Dé, agus tugann siad toradh a bheatha, a bháis agus a aiséirí i gcrích.

An Soiscéal (Marcas 1:7-11). Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi. Inniu déanaimid Féile Bhaiste Ár Tiarna a cheiliúradh. Go traidisiúnta sa liotúirge, agus fiú i mbéaloideas na hÉireann, déantar trí ghné de fhoilsiú Íosa don domhan a chomóradh i bhFéile na hEipeafáine, sin le rá nochtadh Íosa do na pagánaigh ag na saoithe ón Oirthear (Eipeafáine), foilsiú Íosa ag an Athair ag a Bhaisteadh (inniu), agus mar a thaispeáin Íosa a ghlóir ag athrú an uisce go fíon ag Cana. Sa sean-liotúirge léadh an sliocht sin de shoiscéal faoin bhainis i gCana san Aifreann an Domhnach tar éis féile Bhaiste Íosa. Sa chúrsa trí bhliana atá anois ann déantar é a léamh ar an tríú bliain (C) den chúrsa, ach tá gnéithe eile de léiriú, fhoilsiú, eipifáine, Íosa le léamh as caibidil tosaigh shoiscéal Eoin.

Maidir le léacht an lae inniu tá idir stair agus creideamh ag baint leis. Ba phearsa tábhachtach sa stair é Eoin Baiste. Tá cur síos ar a shaothar agus ar a bhás ag Josephus, staraí Giúdach den chéad tosaigh, faoi mar atá faoina sheanmóireacht ag Marcas sna véarsai díreach roimh an sliocht seo – véarsaí a bhfuil cur síos orthu sna nótaí don Dara Domhnach den Aidbhint sa suíomh idirlín seo. Tosaíonn beatha phoiblí Íosa i gceart lena bhaisteadh. Tháinig sé ón Ghailíl go Eoin d’aon turas le go mbaistfí é. Nuair a chuir Eoin, a bhí ag baisteadh do mhaithiúnas na bpeacaí, ina choinne, níor ghéill Íosa dó. Níorbh fholáir dóibh beirt “an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán”, toil Dé a dhéanamh, agus do Chríost siúl i measc na bpeacach. Ag teacht aníos as an uisce d’Íosa, chonaic Eoin na flaithis ag oscailt ó chéile agus Spiorad Dé mar a bheadh colm ag teacht anuas air.

Ag cruthú an domhain bhí an spiorad ag foluain os cionn na n-uiscí. Sa chruthú nua seo thuirling an Spiorad ar Íosa, agus le cumhacht Spiorad Dé tagann ríocht Dé ar talamh trí Íosa. Tá stair agus rúndiamhair ann i mBaisteadh seo Íosa. Tar éis deascabhála dó seolfaidh Íosa a Spiorad, an Spiorad Naomh, ar an eaglais chun a shaothar slánaithe a bhuanú. Fógraíonn guth (an Athar) ó neamh gur Mac muirneach leis an Athair é Íosa. Osclaíodh na flaithis lena mheabhrú do chách go bhfuil anois teagmháil agus caidreamh idir Dia agus daoine. Meabhraítear sin ag gach baisteadh i rith na staire,

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.

Macnamh. An Baisteadh agus an Spioradáltacht Chríostaí. Ceiliúradh seo bhaiste Íosa, ní eachtra i mbeatha Íosa amháin atá ann nó tús lena bheatha phoiblí. Leagann téacsanna uile an Tiomna béim ar seo gur ungadh Íosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh sé thart ag déanamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Shátain. Ó thús a staire d’fhéach an Eaglais ar an mbaisteadh Críostaí mar cheangal dlúth le hÍosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. Déanann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann Dé sinn, clann mhac agus clann iníonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spioradálta a thugann muinín dúinn sa chreideamh i gCríost agus san eaglais. Feidhmíonn an Spiorad go ciúin san anam ag cabhrú le creidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil de réir spiorad an tsoiscéil. Inniu déantar roinnt mhaith cainte faoin spioradáltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spioradáltach ná an reiligiún, gur measúla ná an creideamh í. Agus cúrsaí mar atá ní dochar ar bith a mheabhrú go mbaintear feidhm as bríonna éagsúla leis an téarma “spioradáltacht”. D’fhéadfadh daonnachtaithe, ar bheagán nó ar dada creidimh i nDia nó sa domhan eile, úsáid a bhaint as. Ionann spioradáltacht dóibh siúd agus tréith nó feidhmiú an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spioradáltacht agus beatha an ghrásta, faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den téarma tá spioradáltacht ag gach creidmheach, bocht nó saibhir, óg agus aosta, léannta nó a mhalairt, díreach mar atá an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas Dé sa bhaisteadh.

Creideamh sna flaithis oscailte. Tá tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh Íosa i ngach ceann de na soiscéil. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhail seo, domhan eile nach bhfuil dúnta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh lais an domhan seo, i dteagmháil díreach, phearsanta. Admháil chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus níl ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar ndóigh ní chreideann aindiachaithe nó daonnachtaithe sa saol eile seo, nó teagmháil idir saol eile más ann dó, agus an saol seo. An chéim dheiridh acu siúd ná gan na páistí a bhaisteadh.

            Cothaítear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmháil leis na sacraimintí. Seo ceann de na teachtaireachtaí atá ag féile seo Bhaiste Ár dTiarna dúinn.

Recommended Articles