Freagra don Chreideamh leis an mBíobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

  1. B. Aisling Gheal Chroí Dé

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

Réamhrá do na léachtaí. Cuireann léachtaí go léir Aifreann an lae inniu síos ar aisling, ar fhís, shíoraí Dé don chine daonna, a foilsíodh agus a tháinig chun cónaí in Iosrael i slí shealadach agus go buan i gCríost agus san Eaglais.

An Chéad Léacht (Sírach 24:1-2, 8-12). Rinne Eagna Dé cónaí sa phobal naofa. Bhí traidisiún ársa eagnaiochta in Iosrael, ag teacht lena mhacasamhail de liríocht Theagaisc a bhí san Éigipt agus sa Bhaibealóin. I luath-thraidisiún na hEagna in Iosrael ba bhua agus éirim dhaonna an eagnaíocht, bua a bhi ag lucht ealaíona, scríobhaithe agus comhairleoirí. Ba chuid de thraidisiún na heagnaíochta an riarachán agus an phleanáil. Toisc gur fhéacadh ar an eagna mar bhua daonna, agus ar uairibh taobh diúltach ag baint lei, mar shampla gliocas, níor úsáideadh i leith Dé í. Ach de réir sa chéile d’érigh coinceapt na heagna pearsantaithe agus ansin cuireadh i leith Dé í. Bhí Dia eagnai agus bhí plean aige. I sliocht iomráiteach i Leabhar na Seanráite sa Bhíobla canann an Eagna Phearsantaithe a moladh agus a buanna féin. Mar Bhantiarna Eagna tugann sí cuireadh do óganaigh agus daoine leocaileacha teacht go dtí a scoil agus í a leanuint seachas glacadh le cathú mná eile, Bantiarna Baois, a mheallann ógánaigh so-leochaileacha ar strae agus chun dreabhláis. Deireann an Bhantiarna Eagna seo go raibh sí i bhfochair Dé sul ar cruthaíodh an domhan agus í i gcónaí leis an domhan mór agus ag baint áthais as caidreamh daoine. Ní héasca a chinntiú cad í an bhrí bheacht a thabhairt don téarma agus coinceapt “Eagna” anseo. Measann scoláirí áirithe gur brí inmheánach dhomain chruthaithe Dé atá ann, ag glaoch an an gcine daonna freagra cuí a thabhairt ar a guth. Gné amháin de luath-thraidisiún na hEagna in Iosrael ná gur thóg sé mar bhunús dá teagasc an taithí dhaonna seachas an Conradh le Dia nó Dlí Mhaois. Is fíor seo leis don sliocht seo i gceist as Leabhar na Seanráite, a cuireadh le chéile is dócha sa ré iar-Deoraíochta, thart ar an bhliain 500 roimh Chríost nó níos déanaí. Lean forbairt ar choincheap na hEagna ar aghaidh thar na blianta ina dhiaidh sin, agus tugann téacs Ben Sira (Ecclesiasticus), thart ar 180 toimh Chríost, as a bhfuil sliocht an lae inniu tógtha, léiriú álainn air. Arís tá an Eagna á moladh féin agus i dtéasc atá fágtha ar lár i sliocht an lae inniu deir an Eagna gur thaisteal sí críocha uile an domhain ag lorg áit chónaithe, áit a shuíodh sí a campa, nuair a cheap an Tiarna láthair dá both agus a dúirt lei conaí in Iacob, agus Iosrael a bheith aici mar oidhreacht. Tá sé tugtha faoi deara go dtaispeásnann cuid de na leagain abairte sa sliocht seo roimh ré gnéithe áirithe de dhiagacht na Trionóide: mar shampla tá an Eagna gaolta le Dia ach éagsúil leis. An cur síos atá ann ar an Eagna, tá tréithe agus sainchomharthaí a cuirfear i leith an Spioraid agus an Bhriathair (Logos) níos déanaí. Dealraíonn sé gur ceann é de phríomhfhoinsí ionspioráide do Réamhrá (Prológ) an Cheathrú Soiscéil, a léitear inniu, prológ ina chuirtear i leith an Bhriathair, a rinneadh feoil de, mórán de thréithe agus de ghníomhachtaí na hEagna. Ach ná cuireadh seo as do aidhm na léachta seo i liotúirge an lae inniu, a bhfuil mar aidhm aici béim a chur ar fhís, nó aisling, Dé don chine daonna, a cuireadh in iúl leis an Eagna ag teacht chun cónaithe le Iosrael, pobal naofa Dé, agus níos déanaí i bpearsa an Bhriathair ar rinne feoil de, a ghlac nádúr daonna, le teacht chun cónaí inár measc.

Salm le Freagra (Salm 147). Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc.

An Dara Léacht (Eifisigh 1:3-6, 15-18). Leag sé amach ó thús go mbeimisne inár gclann aige tri Íosa. Sa léacht seo tá dhá mhír éagsúil ó thús na litreach chuig na hEifisigh ina dtugtar dhá phointe atá éagsúil óna chéile. Sa chéad cheann gabhann Pól buíochas (“Moladh le Dia”) le Dia faoi na tabharthais ollmhóra a bhronn sé ar na creidhmhigh. Tabhartas spioradålta ó na flaithis, ó neamh, atá iontu sin, tabhartas dilis ó neamh a thabhartar do na creidmhigh ar talamh agus a bheidh acu go hiomlán ar neamh. I dtraidisiún na hEagna, bhí an Eagna le Dia sul ar chinn Dia an domhan a chruthú. I léiriú a ghrá don chine daonna rinne Dia cinneadh eile roimh chruthú an domhain, agus sin gur roghnaigh sé na creidmhigh a scríobhann Pól chucu, agus gach creidmheach, le beatha naofa a chaitheamh, a bheith ina gclann aige tri Íosa Críost. An aidhm a bhí leis sin ná go molfadh na creidmhigh Dia as an mhaitheas (“an grásta”) as cuimse a bhronn sé orthu.

Sa dara mír tá achainí, paidir, an Aspail go mbeadh beatha na gcreidmheach de réir uaisleacht na gairme atá acu, gur rúndiamhair dhomhain ghrásta Dé í, rúndiamhair ar ghá creideamh, spiorad na heagna agus na tuisceana, le meas ceart a bheith ag duine uirthi. Urnái bhreá ón aspal é seo go ndéanfadh Dia aigne na gcreideamhach a oscailt don dóchas Críostaí atá acu, agus an saibhreas atá ann agus an ghlóir a thagann leis.

An Soiscéal (Eoin 1:1-18). Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc. Cuireann an léacht seo inár láthair teagasc soiléir faoi dhiagacht Íosa Críost, buaicphointe ar mhachnamh fada agus doimhin ó thaobh na luath-eaglaise ar an ghaol atá ann idir Íosa ó Nazarat agus a Athair ar neamh, idir Íosa agus Dia. I gCéasaráia Philib d’iarr Íosa ar a dheisceabail: “Cé hé a deir sibse mé?” Thar a gceann d’fhreagair Peadar: “Is tú an Críost” (an Meisias). Sin de réir Marcas. De réir Matha d’freagair Peadar: “Is tú an Críost, Mac Dé Bheo”, agus mar fhreagra ar sin dúirt Íosa nach ón nádúr daonna a admhaigh sé é sin, ach gur fhoilsigh a Athair ar neamh dó é. D’fhan an cheist maidir le gaol Íosa leis an Athair, le Dia, tar éis aiséirí agus deascabháil Chríost agus leis an lárphointe creidimnh go raibh sé ina shuí ar dheaslámh Dé. Mar thoradh ar sin, thart ar dheireadh an chéid tosaigh cuireadh i bhfoirmle foirmeálta é gurb Dia é Íosa Críost. Tá an creideamh sin curtha go soiléir i léacht an lae inniu; “Agus ba Dhia an Briathar”, agus arís ag deireadh shoisceal Eoin mar a admhaíonn Tomás amhrasach le hÍosa: “Mo Thiarna agus mo Dhia”. Sa bhrollach seo don Soiscéal tugann Eoin “an Briathar” ar Íosa, i mbroinn an Athar, roimh an Ionchollú. Ag baint úsáide as íomhánna atá le fáil comh maith i litríocht Eagna na nGiúdach, is féidir leis labhairt ar ghníomhaíocht an Bhriathair i gcruthú na cruinne. Leagann sé béim ar ghnéithe de thréithe agus gníomhaíocht an Bhriathair roimh an Ionchollú a bhfuil baint acu lena mhisean mar Shlánaitheoir: beatha agus solas, agus ansin déanann sé an admháil mhór chreidimh: “Rinneadh feoil den Bhriathar, agus chónaigh sé inár measc”. Glóir Íosa a chonnaic na hAspail, ionann í i sli agus a phearsa, an rúndiamhair a bhaineann leis, a theagasc agus gach a bhain leis. I leabhar Ben Sira (Ecclesiasticus), tar éis léacht an lae inniu, deir an t-údar beagnach gur ionann an Eagna agus an Conradh, an Dlí a d’ordaigh Dia do Iosrael. Cuireann an Brollach seo in aghaidh a leithéid de ráiteas. An Dlí amháin a tugadh trí Mhaois. Tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Aisling Gheal Chroí Dé.

Tuigimid inniu an chumhacht dhúisitheach atá ag briathra a bhaineann le fís, le aisling. Tá a fhios againn an t-athrú chun leasa sa bheatha shoisialta a d’eascair ó na ceithre focail shimplí Béarla sin: “I have a dream”. Is cuid de mheon spioradalta na nGael an aisling. Ag cloí leis an bhfocal Béarla, is eol dúinn dán an Phiarsaigh faoin dteideal“The Fool”, an taibhreamh, dream, a bhí aige ina chroí agus an dúil, an cíocras, a bhí aige go bhfíorófaí é sa saol réadach. Chothaigh an Aisling mar ghné fhiliochta, meanmna Gael thar an blianta. Tugann léachtai an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar aisling a bhi i gcroí Dé sul a a raibh aon saol ann agus a léirigh sé thar na cianta, agus a mheabhraigh sé i litríocht na hEagna, a foilsíodh i slí faoi leith i gCríost, agus atá fós á foilsiú san eaglais. Labhair an Eagna Dhiaga, an Bhantiarna Eagna, i slíte éagsúla leis an chine daonna ag iarradh ar dhaoine éisteacht lean guth.

Ach aisling seo Dé ní gnáth-aisling é, ach aisling dhiaga, agus mar sin tá si sacraimintiúil, leis an chumhacht éirim na físe a thabhairt i gcrích, an chumhacht sin ag creidmhigh saol úr a a thabhairt ann ag teacht le plean Eagna Dé. Rúndiamhair í

seo nach dtuigtear ach trí ghrásta an Spioraid Naoimh, mar a mheabhraionn an dara léacht inniu dúinn.

Tá gá ag an duine aonair agus ag saol an lae inniu le fís, le aisling. Is fiú machnamh a dhéanamh ar aisling sin chroí Dé ar a bhfuil cur síos i léachtaí an lae inniu.

Recommended Articles