FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 1:1-11). Agus iad faire, tógadh suas é.An leabhar seo, Gníomhartha na nAspal, a meastar gurb é Lúcás a scríobh, tá sé tiomnaithe do Theofalas áirithe, nach fios cé hé, ach a luaitear arís ag Lúcás 1:3, saothar eile atá tiomnaithe dó. Léacht an lae inniu tugann sí achoimre ar shaothar Íosa óna thús go dtí a dheascabháil, mar a dhéanann Lúcás ina shoiscéal féin. Mheasfadh duine ón chur síos atá ag Lúcás air ina shoiscéal (Lúcás 24:1-49, 50-51) gur thárla an deascabháil ar Dhomhnach Cásca, lá an aiséirí féin. Sa léacht seo deir Lúcás gur thaispeáin Íosa é féin dá aspail ar feadh dachad lá tar éis aiséirí dó. Níos déanaí sa leabhar (Gníomhartha 13:31), dar le Lúcás, dúirt Pól Aspal gur thaispeáin Íosa é féin tar éis a aiséirí “ar feadh mórán laethanta”. Ag baint úsáide as traidisiún ársa deir Naomh Pól (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispeáin Íosa é féin do Chéafas (Peadar), don Dáréag, do bhreis agus cúig céad bráithre (agus siúracha) in éineacht, do Shéamas agus do na haspail go léir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad lá sin, deir Lúcás, bhí Íosa ag tagairt do ríocht Dé, croílár gach a rinne agus adúirt sé lena bheatha. Ach bhí creatlach smaointe eile seachas ríocht Dé acu siúd a bhí bailithe timpeall ar Íosa, sin ríocht Iosrael, ríocht Dháiví, a chur ar bun arís. B’shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba é freagra Íosa ná gurb faoi Dhia agus stiúir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhchaí — agus sa ré nua ní bheadh ríocht Dé teoranta do Iosrael. Go críocha imigéiniúla an domhain é. Tar éis deascabháil do Íosa dúirt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh Íosa leo i slí nua, tríd an Spiorad Naomh. Tá cur síos i Ghníomhartha na nAspal ar fhorás ríocht Dé go go “críocha imigéiniúla an domhain”, ar dtús go croílár na hImpearachta sa Róimh féin.

Salm le Freagra (Salm 46[47]). Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

Dara Léacht (Eifísigh 1:17-23). Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é. Tá dhá thuiscint ar dheascabáil Chríost le fáil i léachtaí an lae inniu. Sa chéad léacht agus sa soiscéal (an dá cheann ó pheann Lúcáis) tá an “deascabháil staire” againn, deascabháil mar eachtra den stair a fheictear le súile cinn. Ansin amháin atá an léargas sin uirthi le fáil. Don chuid is mó de feictear ar an deascabháil mar rúndiamhair, ionann í i slí agus an t-aiséirí féin, is é sin le rá glóiriú Íosa go deasláimh Dé. Is mar sin atá sa dara léacht inniu. Díreach roimh thús na léachta seo dúirt údar na litreach nár stad sé ach ag gabháil buíochais le Dia ar son na heaglaise a scríobhann sé chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann sé leis an urnái sa léacht seo, impí ar Dhia na glóire, ar Dhia Íosa Críost, urnaí ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. Ní leor tuiscint na aigne daonna inti féin. Ní foláir eagna agus soilsiú ó Dhia le rúndiamhair na deascabhála a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith ar an oidhreacht shaibhir atá acu, agus an dóchas agus meanma ba chóir a bheith acu dá bharr sin. Ionann Críost ar dheasláimh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in éineacht leis.

Tugann an téacs gné eile den deascabháil dúinn, sin le rá cumhacht Dé ag feidhmiú ann nuair a thug sé Íosa ó mhairbh agus ansin go neamh féin sa deascabháil. An chumhacht Dé sin tá sí ag feidhmiú san Eaglais. Críost ar dheis Dé is ardcheann na hEaglaise é. Tá iomláine, láine, ghlóir agus chumhacht Dé i gCríost, agus ó Chríost san Eaglais. Ráiteas deiridh na léachta seo, an Eaglais arb í “láine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í”, is doiligh brí bheacht a bhaint as, ach cuireann sé síos ar ról na hEaglaise le fís agus slánú Dé a léiriú don domhan mór, agus mar rúndiamhair aontaithe le Críost ina dheascabháil ar dheis Dé, ní hamháin sin a léiriú ach a chur i gcrích. Ach mar is eol dúinn go maith, is fada idir fhis, rúndiamhair, agus á cur i gcrích. Ní mór dúinn leanúint le urnaí Phóil go ndéanfaidh Día na glóire, Dia Ár dTiarna Íosa Críost, amhlaidh.

Malairt Dara Léachta (Eifisigh 4:1-13). Tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide. Déantar an leacht seo a roghnú do liotuirge an lae inniu toisc an tagairt atá inti do dheascabháil Chríost agus na tíolacthaí a thug sé ar an eaglais tar éis deascabháil dó. Is faoin Eaglais an léacht go léir, an glaoch chun aontachta taobh istigh di agus a bheith ag dul chun cinn sa bhfoirfeacht le teacht le bheith cosúil leis an duine foirfe par excellence, Íosa Críost é féin. Ach, ar ndóigh, ní rud teibí í an Eaglais. Tá sí, agus tagann sí le bheith, an rud is dual di trína a cuid ball. Tá na baill aonair sin lag agus éagsúil óna chéile. Ní mór a mheabhrú dóibh na suáilcí atá riachtanach leis an fhís Chríostaí a fhíoradh. Tosaíonn an téacs le gríosadh maireachtáil de réir na fise sin, a éileann orthu a bheith lán d’uirísle, láchas agus d’fhoighne, snaidhmthe le chéile leis an gcarthanacht. Tá béim mhór san aitheasc ar an aontacht agus ar an tsíocháin sin a nascann na baill le chéile. Labhraíonn gach a bhfuil sa Chríostaíocht faoi aontas, aon-tacht, faoin aon: aon chorp (Críost agus an Eaglais), aon Spiorad (Naomh), aon dóchas, aon Tiarna (Íosa), aon bhaisteadh, aon Dia a nascann gach aon le chéile (Athair atá os cionn cách, ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile).

Sa dara cuid den léacht labhraíonn an t-údar ar na tíolacthaí a thug Críost lena Eaglais a shaibhriú agus í a thabhairt don sprioc is dual di. Tosaíonn sé ag rá go bhfuil a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é. Sa mhéid seo tá sé ag caint ar na daoine aonair, nach féidir le rúndiamhair an tslánaithe feidhmiú dá n-uireasa. Na grástaí a luaitear a bheith tugtha ina dhiaidh sin, is buanna riaracháin iad, ach fileann an t-údar ar na daoine aonair níos déanaí. Na buanna seo go léir a luann sé tá siad ceangailte le deascabháil Chríost.

Tosaíonn an dara roinn seo le téacs a mheasfadh duine gur téacs Salm 68(67):19 atá ann. Labraíonn téacs an tsailm le duine sa dara pearsa uatha amhail is á rá gur ghabh sé in airde agus gur ghlac sé tíolacthaí ó dhaoine. Sa téacs sa litir seo, tógtar gurbh é an duine a ghabh in airde ná Críost agus deirtear gur thug sé tíolacthaí do dhaoine. Tá an téacs faoi mar atá sé againn faoi thionchar sean-traidisiuin Giúdaigh a thog gurbh é Maois a ghabh in airde, agus a thug anuas leis ón sliabh bronntanas an Dlí. Cuirtear i láthair an téacs anois faoi Chríost a tháinig anuas ó neamh, san Ionchollú, don an domhan seo (“an domhan íochtarach seo”) agus a chuaigh in airde aris “thar na flaithis” nuair a glóiríodh é ina dheascabháil agus eile. Chuaigh Críost “thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha”, sin le rá an domhan iomlán, rud a dhéanfadh sé tríd an Eaglais agus na ministreachtaí a bheadh aici leis na tíolacthaí a thabharfadh sé di. Déantar iad sin a áireamh faoi mar a bhíodar sa luatheaglais agus in eaglais an údair seo, de réir ord a dtábhachta: aspail, fáithe (le tuiscint níos doimhne den rúndiamhair acu), soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Tá an aidhm chéanna agus an cuspóir céanna ag na tíolacthaí seo go léir, is é sin le rá neartú na hEaglaise, corp Chríost, ionas go sroisfeadh na creidmhigh aontacht ina gcreideamh agus in aontacht eolais ar Íosa Críost, Mac Dé. Is é is cuspóir don dul chun cinn san eolas agus san fhoirfeacht seo don Eaglais ná go sroisfeadh sí an fhoirfeacht féin, a bhfuil Íosa Críost mar eiseamláir di. An rud a deirtear faoin Eaglais is fíor é, ar ndóigh, faoi gach ball aonair san Eaglais: tá an eaglais naofa, nó a mhalairt, trí bheatha a ball aonair.

Soiscéal (Marcas 16:15-20). Tugadh suas ar neamh é, agus chuaigh sé chun suí ar dheasláimh Dé. Glactar leis de ghnáth inniu gur chríochnaigh bunleagan Shoiscéal Marcais ag Marcas 16:8: Tar éis fogairt an aingil go raibh Íosa aiséirithe, agus le sin a fhógairt don na deisceabail, gur theith na mná ón tuama mar go raibh scanradh orthu, agus go bhfuil an foirceann atá leis inniu (Marcas 16:9-20), mar léacht an lae inniu, níos déanaí, ach an-luath agus mar chuid den chanóin. Cumadh í ó théacsanna tógtha ó shoiscéil ghaolmhara (Matha, Lúcás), agus b’fhéidir ó Ghníomhartha na nAspal. An tagairt do thógáil nathracha ina lámha gan dochar don té a thóg, seans gur thagairt dár tharla do Phól (Gníomhartha 28:3-5) atá ann seachas ordú faoi phriacail le tógaint ag creidmhigh. Roghnaítear an léacht seo ó Mharcas, i mbliain liotúirgeach seo B, bliain Mharcais, do fhéile seo na Deascabhála toisc go bhfuil cur síos ann ar dheascabháil Chríost (faoi mar atá i Gníomhartha 1:2,9), é bheith suite ar dheasláimh Dé agus gníomhach san Eaglais ag cabhrú leis na soiscéalaithe.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Deascabháil Ár dTiarna. Tá Dia láidir. Agallamh faoi conas caint faoi Dhia

Tá ábhar domhain machnaimh againn i bhFéile seo Deascabháil Ár dTiarna. Le Pól, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt dúinn. Éilíonn tuiscint orainn greim a fháil ar bhrí na féile seo agus na téarmai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhacánta an méid sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabháil mar rúndiamhair. I dtosach báire bíodh agallamh againn lenár n-anam féin, an teachtaireacht atá ag an rúndiamhair dúinn, agus ina dhiaidh sin is féidir linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.

1. Tá Dia láidir. An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifísigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deaslámh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh. Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidmh atá againn. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na heaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifísigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine. Is iad na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an Eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naoináin feasta dár luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós.

2. Tuiscint ar théarmaí. Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur sios ar an Fhéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla “tógadh Iosa suas ar neamh”, ina shuí ar dheasláimh Dé agus a leithéid. Agus ní sa Bhíobla, ná sa diagacht, amháin atá sin le sonrú. Thugadh Gaeil “An Fear atá inairde” ar Dhia, agus fós cloistear faoin “the Man above”. Bhí, agus fós tá, sort ceannairce i gcoinne a leithéid de théarmaíocht a théann ar uairibh thar cheist téarmaiochta go tuiscint mheitifisiciúil agus chreidimh. Roinnt blianta ó shoin bhí comóradh chaoga bliain den leabhar iomráiteach Honest to God (1963) le John A.T. Robinson againn. Sa leabhar seo iarrtar a leithéid de théarmaíocht agus tuiscint agus “Dia thuas ansin”, “God up there” a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar “bunchloch, dúshraith, ár mbeith ann”, “the Ground of our Being” a thabhairt isteach, nó fiú diagacht shaolta, secular theology, agus “eitic ocáide”, situation ethics. Ní hí seo an áit na ceisteanna seo a phlé, ach is fiú iad a ardú, agus machnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na Féile seo. Is ionmholta iarracht a dhéanamh ar léargais nua agus tuiscintí úra ar an diagacht agus cúrsaí creidimh a thabhairt isteach. ach má táthar le cloí le ceartchreideamh ní mór aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Críostaíochta, agus an aondiachais, an monodiachais, óna thús sa Ghiúdachas anall. Dia pearsanta atá i gceist, ní neach teibí amhail dúshraith. Neach spioradálta é Dia, nach mbaineann áit ar bith, thuas, inairde, nó eile leis. Ní héasca dár gcéadfaí labhairt faoi, ná faoi aon rud seachas rudaí tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid ní mór dúinn úsáid a bhaint as téarmaí dá leithéid, bíodh go dtuigimid an laige atá ag roinnt leo. Le urnaí amháin a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, dúshraith ár mbeith ann, lámh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar rudaí diaga agus saolta.

Recommended Articles